This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1814
Council Decision (EU) 2024/1814 of 21 June 2024 establishing the position to be taken on behalf of the European Union regarding the decision of the Participants to the Arrangement on Officially Supported Export Credits on amendments to the Sector Understanding on Export Credits for Climate Change contained in Annex I to that Arrangement
Cinneadh (AE) 2024/1814 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2024 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le cinneadh na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh an Athraithe Aeráide atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Socrú sin
Cinneadh (AE) 2024/1814 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2024 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le cinneadh na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh an Athraithe Aeráide atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Socrú sin
ST/10886/2024/INIT
IO L, 2024/1814, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1814/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1814 |
5.7.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1814 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Meitheamh 2024
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le cinneadh na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh an Athraithe Aeráide atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Socrú sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Maidir leis na treoirlínte atá sa Socrú i ndáil leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) a forbraíodh faoi chuimsiú na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, lena n-áirítear an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh an Athraithe Aeráide, (‘an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide’) atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Socrú, rinneadh iad a thrasuí agus, dá bhrí sin, tá siad ceangailteach ó thaobh dlí san Aontas iad le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
(2) |
Ós rud é go bhfuil na clásail éagtha d’aicmí tionscadail G agus I den Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide le dul in éag an 30 Meitheamh 2024, tá na Rannpháirtithe sa Socrú (‘na Rannpháirtithe’) le teacht ar chomhaontú maidir le leasuithe ar na clásail éagtha sin. |
(3) |
Is chun leasa an Aontais é go bhféadfadh tionscadail a thagann faoi aicmí tionscadail G agus I leanúint de thairbhe a bhaint as téarmaí fabhracha na Tuisceana Earnála maidir leis an Athrú Aeráide, agus go mbeadh an fhéidearthacht ann go fóill teacht ar chomhaontú maidir le critéir do na haicmí tionscadail sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú le clásail athbhreithnithe a chur in ionad na gclásal éagtha, go dtí an 30 Meitheamh 2026. |
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis an gcinneadh ó na Rannpháirtithe i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide, a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ina cheangal ar an Aontas agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart gurbh é an seasamh ón Aontas tacú leis na leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide bunaithe ar an dréacht-téacs a ghabhann leis an gCinneadh seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis an gcinneadh ó Rannpháirtithe an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh an Athraithe Aeráide atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Socrú, tacú leis na leasuithe atá bunaithe ar an dréacht-téacs a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Meitheamh 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. VAN PETEGHEM
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).
IARSCRÍBHINN
Dréachtleasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Socrú (an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide)
Cuirfear an téacs seo a leanas in ionad théacs fhonótaí 6 agus 10 d’Fhoscríbhinn I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Socrú (an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide:
‘Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2026, déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar na caighdeáin idirnáisiúnta a forbraíodh faoin am sin agus cinnfidh siad an ndéanfaidh siad iad a ionchorprú san iontráil seo.’.
Scriosfar fonóta 11 d’Fhoscríbhinn I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Socrú.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1814/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)