Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Council Decision (CFSP) 2024/1510 of 27 May 2024 amending Decision 2013/255/CFSP concerning restrictive measures in view of the situation in Syria
Cinneadh (CBES) 2024/1510 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
Cinneadh (CBES) 2024/1510 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
ST/8454/2024/INIT
IO L, 2024/1510, 28.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1510/oj
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1).
(2)
An 25 Bealtaine 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1035 (2) lena gcuirtear síneadh leis na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh 2013/255/CBES go dtí an 1 Meitheamh 2024.
(3)
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2013/255/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 1 Meitheamh 2025.
(4)
Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le cúigear atá éagtha, mar aon leis an iontráil do dhuine amháin eile, a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. Ina theannta sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le 96 dhuine nádúrtha agus eintiteas amháin atá ar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta agus a leasú.
(5)
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:
(1)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:
‘Airteagal 34
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 1 Meitheamh 2025. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Féadfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.’;
(2)
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).
(2) Cinneadh (CBES) 2023/1035 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 139, 26.5.2023, lch. 49)
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:
(1)
i roinn A ‘(Daoine)’,
(i)
scriostar an sé iontráil seo a leanas:
23.
Zoulhima CHALICHE;
41.
Ali DOUBA;
145.
Michel KASSOUHA;
227.
Ahmad AL-HAMU;
289.
Mahir Burhan Eddine AL-IMAM
337.
Mustafa AL-MASALMAH; agus
(ii)
in ionad na 96 iontráil seo a leanas cuirtear an méid seo a leanas:
Ainm
Faisnéis aitheantais
Cúiseanna
Dáta an liostaithe
‘3.
Ali MAMLUK
(ar a dtugtar freisin Ali Mamlouk; Ali Al-Mamlouk; Abu Ayham)
(علي المملوك; أبو أيهم; علي مملوك)
Dáta breithe: 19.2.1946;
Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;
Pas taidhleoireachta Uimh. 983;
Inscne: fireann
Comhairleoir uachtaránachta do ghnóthaí slándála ó mhí Eanáir 2024 i leith. IarLeas-Uachtarán Phoblacht Arabach na Siria do ghnóthaí slándála. IarStiúrthóir den Bhiúró Slándála Náisiúnta. IarCheann Stiúrthóireacht um Fhaisnéis na Siria a raibh baint aige leis an bhforéigean i gcoinne léirsitheoirí.
9.5.2011
9.
Abd al-Fatah (
) QUDSIYAH (
)
Dáta breithe: 4.2.1953;
Áit bhreithe: Hama, an tSiria;
Pas taidhleoireachta Uimh. D0005788;
Inscne: fireann
Oifigeach atá ina Mhaor-Ghinearál ar Fhórsaí Armtha na Siria, sa phost tar éis mhí na Bealtaine 2011.
Leas-Stiúrthóir den Bhiúró Slándála Náisiúnta den Pháirtí Ba'ath. IarCheann Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata na Siria. Bainteach le cur faoi chois le foréigean ar an bpobal sibhialtach sa tSiria.
9.5.2011
14.
an Briogáidireghinearál Mohammed BILAL
(ar a dtugtar freisin Leifteanantchornal Muhammad Bilal)
Dáta breithe: 25.5.1971;
Inscne: fireann
Ina cháil mar oifigeach sinsearach i Seirbhís Faisnéise Aerfhórsa na Siria, tacaíonn sé le réimeas na Siria agus tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean ar an bpobal sibhialtach. Tá baint aige freisin leis an Lárionad Taighde do Staidéir Eolaíocha (SSRC), eintiteas liostaithe.
21.10.2014
16.
Faruq (
) (ar a dtugtar freisin Farouq, Farouk) AL SHAR' (
) (ar a dtugtar freisin Al Char', Al Shara', Al Shara Al Shara)
Dáta breithe: 1.1.1938;
Inscne: fireann
IarLeas-Uachtarán na Siria; bainteach le foréigean i gcoinne an phobail shibhialtaigh.
23.5.2011
20.
Bassam (
) AL HASSAN (
) (ar a dtugtar freisin Al Hasan)
Dáta breithe: 6.3.1962;
Áit bhreithe: Sheen, Homs, an tSiria;
Grád: Maor-Ghinearál;
Inscne: fireann
Comhairleoir Uachtaránachta do Ghnóthaí Straitéiseacha; ceann Ardrúnaíocht na Cosanta Náisiúnta. Bainteach le foréigean i gcoinne an phobail shibhialtaigh.
23.5.2011
31.
Maor-Ghinearál Tawfiq (
) (ar a dtugtar freisin Tawfik) YOUNES (
) (ar a dtugtar freisin Yunes)
Dáta breithe: 5.1.1956;
Inscne: fireann
IarCheann Roinn na Cosanta Náisiúnta den Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Ghinearálta; bainteach le foréigean i gcoinne an phobail shibhialtaigh.
1.8.2011
33.
Ayman JABIR
(ar a dtugtar freisin Aiman Jaber)
(أيمن جابر)
Dáta breithe: 17.1.1967;
Áit bhreithe: Latakia, an tSiria;
Inscne: fireann
Mórphearsa ghnó atá ag feidhmiú sa tSiria, agus a bhfuil baint aige leis na hearnálacha cruach, meán, earraí inchaite agus ola, lena n-áirítear trádáil na n-earraí sin. Tá leas airgeadais aige agus/nó tá poist feidhmiúcháin shinsearacha aige i roinnt cuideachtaí agus eintiteas sa tSiria, go háirithe Al Jazira (ar a dtugtar freisin Al Jazerra; El Jazireh), Dunia TV, agus Sama Satellite Channel.
Trína chuideachta Al Jazira, d’éascaigh Ayman Jabir allmhairiú ola ó Overseas Petroleum Trading chuig an tSiria.
Baineann Ayman Jabir tairbhe as réimeas na Siria agus tugann sé tacaíocht dó trína chuid gníomhaíochtaí gnó. Cuireann sé tacaíocht ar fáil go díreach do ghníomhaíochtaí mílístí atá cleamhnaithe le réimeas ar a dtugtar Shabiha agus/nó Suqur as-Sahraa, agus tá ról lárnach aige sna gníomhaíochtaí sin. Is uachtarán oinigh é ar “Wafa lil-Watan” (dílseacht don tír dhúchais), cumann a thugann cúnamh do theaghlaigh saighdiúirí agus mílístí ón tSiria.
Is comhlach Rami Makhlouf é trína ghníomhaíochtaí gnó, agus is comhlach Maher al-Assad é trína ról i mílístí atá cleamhnaithe leis an réimeas.
27.1.2015
34.
Hayel () AL-ASSAD ()
(ar a dtugtar freisin Hael al-Asad (هاىلالأسد))
Dáta breithe: 8.9.1968;
Inscne: fireann
Ina chúntóir do Maher al-Assad; Ceann aonad póilíneachta míleata 4ú rannán an airm, a bhfuil baint aige leis an gcur faoi chois.
23.8.2011
37.
Maor-Ghinearál Rafiq (
) (ar a dtugtar freisin Rafeeq) SHAHADAH (
) (ar a dtugtar freisin Shahada, Shahade, Shahadeh, Chahada, Chahade, Chahadeh, Chahada)
Dáta breithe: 5.1.1956;
Áit bhreithe: Jablah, cúige Latakia, an tSiria;
Inscne: fireann
Comhalta d’Fhórsaí Armtha na Siria atá ina Mhaor-Ghinearál, sa phost tar éis mhí na Bealtaine 2011. IarCheann Sheirbhís Faisnéise na Siria, (SMI), Craobh 293 (Gnóthaí Inmheánacha), sa Damaisc. Baint go díreach aige leis an gcur faoi chois agus leis an bhforéigean i gcoinne an phobail shibhialtaigh sa Damaisc. Comhairleoir don Uachtarán Bashar al-Assad maidir le ceisteanna straitéiseacha agus faisnéis mhíleata.
23.8.2011
46.
An Briogáidireghinearál Ghassan (
) KHALIL (
) (ar a dtugtar freisin Khaleel)
Dáta breithe: 3.5.1957;
Inscne: fireann
Ceann Chraobh Faisnéise den Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Ghinearálta (GID). Baint go díreach aige leis an gcur faoi chois agus leis an bhforéigean i gcoinne an phobail shibhialtaigh sa tSiria.
23.8.2011
48.
Samir HASSAN
(سمير حسن)
Dáta breithe: 10.8.1953;
Inscne: fireann
Mórphearsa gnó atá ag feidhmiú sa tSiria ag a bhfuil leasanna agus/nó gníomhaíochtaí aige san iliomad earnálacha i ngeilleagar na Siria. Tá leasanna aige agus/nó tá tionchar suntasach aige in Amir Group agus in Cham Holding, dhá ilchuideachta a bhfuil leasanna acu in earnálacha na réadmhaoine, na turasóireachta, an iompair agus an airgeadais. Uachtarán ar Chomhairle Gnó na Siria-na Rúise agus ról nach beag aige sa chaidreamh eacnamaíoch le Cónaidhm na Rúise trí Chomhairle Gnó na Siria-na Rúise.
Tacaíonn Samir Hassan le hiarrachtaí cogaidh réimeas na Siria le tabhartais airgid.
Tá baint ag Samir Hassan le daoine a bhaineann tairbhe as an réimeas nó a thacaíonn leis. Go háirithe, tá baint aige le Rami Makhlouf agus Issam Anbouba, atá ainmnithe ag an gComhairle agus a bhaineann tairbhe as réimeas na Siria.
27.9.2014
49.
Fares () CHEHABI ()
(ar a dtugtar freisin Fares Shihabi; Fares Chihabi)
Mac le Ahmad Chehabi;
Dáta breithe: 7.9.1972;
Inscne: fireann
Uachtarán Chomhlachas Tionscail Aleppo; Cathaoirleach Chónaidhm Comhlachas Tionscail ó 16.12.2018 i leith. Leaschathaoirleach Cham Holding. Tugann sé tacaíocht eacnamaíoch do réimeas na Siria. Feisire de Pharlaimint na Siria ó 2016 i leith.
2.9.2011
51.
Issam (
) ANBOUBA (
)
Uachtarán Anbouba ar Agricultural Industries Co.;
Dáta breithe: 18.3.1952;
Áit bhreithe: Homs, an tSiria;
Inscne: fireann
Mórphearsa gnó atá gníomhach in earnálacha éagsúla de gheilleagar na Siria, amhail talmhaíocht, réadmhaoin agus baincéireacht. Caidreamh airgeadais le hardoifigigh de chuid na Siria. Comhbhunaitheoir Cham Holding.
2.9.2011
56.
Ali (
) Abdullah (
) (ar a dtugtar freisin Abdallah) AYYUB (
) (ar a dtugtar freisin Ayyoub, Ayub, Ayoub, Ayob)
Dáta breithe: 28.4.1952;
Áit bhreithe: Latakia, an tSiria;
Inscne: fireann
IarLeas-Uachtarán ar Chomhairle na nAirí agus iarAire Cosanta.
Oifigeach atá ina Ghinearál in Arm na Siria, sa phost tar éis mhí na Bealtaine 2011. IarCheann ar Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha na Siria. Duine a thacaíonn le réimeas na Siria agus atá freagrach as cur faoi chois agus foréigean i gcoinne an phobail shibhialtaigh sa tSiria.
14.11.2011
58.
Maor-Ghinearál Aous (
) (ar a dtugtar freisin Aws, Aus) “Ali” ASLAN (
)
Dáta breithe: 9.12.1958;
Inscne: fireann
Oifigeach Ardrangaithe. Mór le Maher al-Assad agus leis an Uachtarán Bashar al-Assad. Róil roimhe seo: Ceannasaí an 40ú briogáid (an 4ú Rannán) idir 2011 agus 2014; leas-cheannasaí an 4ú Rannán in 2015; Ceannasaí an dara cór in 2016. Páirteach sa chniogbheartaíocht ar an bpobal sibhialtach ar fud na Siria, lena n-áirítear gabhálacha treallacha, ollmharuithe agus easáitiú éigeantach an phobail shibhialtaigh.
14.11.2011
59.
Ginearál Ghassan (
) BELAL (
) (ar a dtugtar freisin Bilal)
Dáta breithe: 19.9.1966;
Inscne: fireann
Ceann bhiúró slándála an 4ú Rannán, ceann an 555ú reisimint paratrúpa. Comhairleoir do Maher al-Assad agus comhordaitheoir oibríochtaí slándála. Freagrach as an gcniogbheartaíocht a rinneadh ar an bpobal sibhialtach ar fud na Siria agus páirteach i roinnt sáruithe ar shos comhraic in Ghouta.
14.11.2011
64.
Mujahed (
) ISMAIL (
) (ar a dtugtar freisin Ismael)
Dáta breithe: 1.1.1977;
Inscne: fireann
Comhalta d’arm leictreonach na Siria (seirbhís faisnéise an airm críche). Rannpháirteach sa chniogbheartaíocht fhoréigneach agus san iarraidh ar fhoréigean i gcoinne an phobail shibhialtaigh ar fud na Siria.
14.11.2011
66.
Maor-Ghinearál Kifah (
) MOULHEM (
) (ar a dtugtar freisin Moulhim, Mulhem, Mulhim, Milhem)
Dáta breithe: 28.11.1961;
Áit bhreithe: Junaynat Ruslan, cúige Tartous, an tSiria;
Inscne: fireann
Ceann Oifig na Slándála Náisiúnta ó mhí Eanáir 2024 i leith. IarCheann na Stiúrthóireachta um Fhaisnéis Mhíleata a ceapadh i mí an Mhárta 2019. IarCheann an Choiste Slándála i réigiún an Deiscirt agus iar-leascheann na Stiúrthóireachta um Fhaisnéis Mhíleata, a bhí i gceannas ar fheidhmiú an réimis i réigiúin Homs agus Aleppo. Freagrach as an gcniogbheartaíocht a rinneadh ar an bpobal sibhialtach in Deir ez-Zor agus an príomhdhuine a raibh freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne an Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata (Craobh 248) le linn 2011 agus 2012 mar aon le céasadh agus sáruithe tromchúiseacha ar dhaoine faoi choinneáil.
An 14ú Rannán. Oifigeach míleata a raibh baint aige leis an bhforéigean in Homs.
1.12.2011
82.
Mohammad (
) (ar a dtugtar freisin Mohamed, Muhammad, Mohammed) AL-SHAAR (
) (ar a dtugtar freisin al-Chaar, al-Sha'ar, al-Cha'ar)
Dáta breithe: 1.10.1950;
Inscne: fireann
An Rannán Slándála Polaitiúla. Oifigeach míleata a raibh baint aige leis an bhforéigean in Homs.
1.12.2011
87.
Maor-Ghinearál Ramadan (
) Mahmoud (
) RAMADAN (
)
Dáta breithe: 10.3.1962;
Ról: Ceannasaí an 35ú Reisimint de na Fórsaí Speisialta;
Inscne: fireann
D’ordaigh sé do thrúpaí urchair a scaoileadh le hagóidithe in Baniyas agus Deraa.
23.1.2012
89.
Maor-Ghinearál Naim (
) (ar a dtugtar freisin Naaeem, Naeem, Na'eem, Naaim, Na'im) Jasem (
) SULEIMAN (
)
Dáta breithe: 16.2.1954;
Ról: Ceannasaí an 3ú Rannán;
Inscne: fireann
Thug sé orduithe do thrúpaí urchair a scaoileadh le hagóidithe in Douma.
23.1.2012
91.
Maor-Ghinearál Fo'ad (
) (ar a dtugtar freisin Fouad, Fu'ad) HAMOUDEH (
) (ar a dtugtar freisin Hammoudeh, Hammoude, Hammouda, Hammoudah)
Dáta breithe: 3.10.1955;
Ról: Ceannasaí na n-oibríochtaí míleata in Idlib;
Inscne: fireann
Thug sé orduithe do thrúpaí urchair a scaoileadh le hagóidithe ag tús mhí Mheán Fómhair 2011.
23.1.2012
93.
Briogáidireghinearál Ghassan (
) AFIF (
) (ar a dtugtar freisin Afeef)
Dáta breithe: 10.2.1958;
Ról: Ceannasaí an 45ú Reisimint;
Inscne: fireann
Ceannasaí na n-oibríochtaí míleata in Homs, Baniyas agus Idlib.
23.1.2012
99.
Maor-Ghinearálta Mohamed (
) (ar a dtugtar freisin Mohammad, Muhammad, Mohammed) KHADDOR (
) (ar a dtugtar freisin Khaddour, Khaddur, Khadour, Khudour)
Dáta breithe: 13.1.1976;
Ról: Ceannasaí an 106ú Briogáid, Garda an Uachtaráin;
Inscne: fireann
Thug sé orduithe do thrúpaí na hagóidithe a bhualadh le maidí agus iad a ghabháil ina dhiaidh sin. Freagrach as cur faoi chois a dhéanamh ar agóidithe síochánta in Douma.
23.1.2012
102.
Ahmed (
) (ar a dtugtar freisin Ahmad) DIBE (
) (ar a dtugtar freisin Dib, Deeb)
Ceann Chraobh Réigiúnach Deraa (an Stiúrthóireacht Ghinearálta Slándála);
Dáta breithe: 15.11.1961;
Inscne: fireann
Mar Cheann Chraobh Réigiúnach Deraa den Stiúrthóireacht Ghinearálta Slándála, tá sé freagrach as coinneáil threallach agus coinneálaithe a chéasadh in Deraa.
23.1.2012
108.
Mohammad (
) (ar a dtugtar freisin Mohamed, Muhammad, Mohammed) AL-JLEILATI (
)
Dáta breithe: 13.6.1945;
Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;
Inscne: fireann
IarAire Airgeadais, a bhí in oifig go dtí an 9.2.2013. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
1.12.2011
112.
Hussein () (ar a dtugtar freisin Hussain) Mahmoud () FARZAT ()
(ar a dtugtar freisin Hussein Mahmud Farzat)
Dáta breithe: 6.9.1957;
Áit bhreithe: Hama, an tSiria;
Inscne: fireann
IarAire Stáit, a bhí in oifig go dtí 2014 ar a laghad. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
23.3.2012
113.
Mansour () Fadlallah () AZZAM ()
(ar a dtugtar freisin Mansur Fadl Allah Azzam)
Dáta breithe: 15.3.1960;
Áit bhreithe: Cúige Sweida, an tSiria;
Inscne: fireann
Aire Gnóthaí Uachtaránachta. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
27.2.2012
126.
Bouthaina () SHAABAN ()
(ar a dtugtar freisin Buthaina Shaaban)
Dáta breithe: 1.4.1953;
Áit bhreithe: Homs, an tSiria;
Inscne: baineann
Comhairleoir Polaitiúil agus Meán don Uachtarán ó mhí Iúil 2008 i leith agus baint aici, dá réir sin, leis an gcniogbheartaíocht fhoréigneach ar an bpobal.
26.6.2012
127.
Briogáidireghinearál Sha'afiq (
) (ar a dtugtar freisin Shafiq, Shafik) MASA (
) (ar a dtugtar freisin Massa)
Dáta breithe: 5.7.1956;
Áit bhreithe: Al-Zara (Hama), an tSiria;
Inscne: fireann
Ceann Chraobh 215 (an Damaisc) de sheirbhís faisnéise an airm. Freagrach as lucht freasúra a bhí faoi choinneáil a chéasadh. Páirteach i ngníomhaíochtaí ansmachtúla i gcoinne sibhialtach.
24.7.2012
130.
Briogáidireghinearál Muhammad (
) (ar a dtugtar freisin Mohammed) KHALLOUF (
) (ar a dtugtar freisin Abou Ezzat)
Dáta breithe: 2.11.1946;
Inscne: fireann
IarCheann Chraobh 235 (2009-2014), ar a dtugtar freisin “Palestine” (an Damaisc) de sheirbhís faisnéise an airm, atá i gcroílár ghaireas diansmachta an airm. Bainteach go díreach le lucht freasúra a chur faoi chois. Freagrach as lucht freasúra faoi choimeád a chéasadh.
24.7.2012
133.
Briogáidireghinearál Jawdat (
) AL-AHMED (
) (ar a dtugtar freisin Al-Ahmad)
Dáta breithe: 8.2.1958;
Áit bhreithe: Qardaha, cúige Lattakia, an tSiria;
Inscne: fireann
Ceann Chraobh Homs de Sheirbhís Faisnéise Aerfhórsa na Siria. Freagrach as lucht freasúra faoi choimeád a chéasadh mar aon le hagóidithe síochánta a mharú.
24.7.2012
134.
Coirnéal Qusay Ibrahim MIHOUB
(قصي إبراهيم ميهوب)
Dáta breithe: 15.4.1961;
Áit bhreithe: Derghamo, Jableh, Lattakia, an tSiria;
Inscne: fireann
Oifigeach ardrangaithe i Seirbhís Faisnéise Aerfhórsa na Siria. IarCheann chraobh Deraa de sheirbhís faisnéise an aerfhórsa (a seoladh ón Damaisc go Deraa ag tús na léirsithe ansin). Freagrach as lucht freasúra faoi choimeád a chéasadh mar aon le hagóidithe síochánta i réigiún an deiscirt a chur faoi chois le foréigean.
24.7.2012
139.
An Maor-Ghinearál Hussam LUQA
(ar a dtugtar freisin Husam, Housam, Houssam; Louqa, Louca, Louka, Luka)
(حسام لوقا)
Dáta breithe: 20.9.1960;
Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;
Inscne: fireann
IarCheann ar Choiste Slándála Réigiún an Deiscirt ó 2018 go dtí 2020. IarCheann na Stiúrthóireachta Ginearálta Slándála. Maor-Ghinearál. Ó mhí Aibreáin 2012 go dtí an 2 Nollaig 2018, bhí sé ina cheann ar chraobh Homs den Stiúrthóireacht um Shlándáil Pholaitiúil (tháinig i gcomharbas ar an mBriogáidireghinearál Nasr al-Ali). Ón 3 Nollaig 2018, ceann na Stiúrthóireachta um Shlándáil Pholaitiúil. Stiúrthóir ar an Roinn Faisnéise Ginearálta ó 2019 i leith. Freagrach as lucht freasúra faoi choimeád a chéasadh.
24.7.2012
146.
An Ginearál Ghassan Jaoudat ISMAIL
(ar a dtugtar freisin Ismael)
(غسان جودت اسماعيل)
Dáta breithe: 3.1.1959;
Áit bhreithe: Junaynat Ruslan – Darkoush, réigiún Tartous, an tSiria;
Inscne: fireann
IarCheann Sheirbhís Faisnéise Aerfhórsa na Siria. IarLeas-Stiúrthóir Sheirbhís Faisnéise Aerfhórsa na Siria agus a bhí i gceannas ar chraobh misean Sheirbhís Faisnéise Aerfhórsa na Siria, a dhéanann bainistiú, i gcomhar le craobh na n-oibríochtaí speisialta, ar thrúpaí scothaicme sheirbhís faisnéise an aerfhórsa, a mbíonn ról tábhachtach acu sa bhrú faoi chois a dhéanann réimeas na Siria. Mar sin, tá Ghassan Jaoudat Ismail ar cheann de na ceannairí míleata is mó a chuireann chun feidhme go díreach an cur faoi chois foréigneach atá á dhéanamh ag réimeas na Siria ar lucht an fhreasúra chomh maith leis na cleachtais a bhaineann le dul ar iarraidh sibhialtach.
24.7.2012
148.
An Ginearál Mohammed (
) (ar a dtugtar freisin Muhammad, Mohamed, Mohammad) Ali (
) NASR (
) (ar a dtugtar freisin Mohammed Ali Naser)
Dáta breithe: 8.10.1964;
Inscne: fireann
Mór le Maher al-Assad, deartháir óg an Uachtaráin Bashar al-Assad. Chaith sé an chuid is mó dá ghairmréim sa Gharda Poblachtach. In 2010, chuaigh sé isteach i gcraobh inmheánach (Craobh 251) den Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Ghinearálta atá freagrach as an bhfreasúra polaitiúil a chomhrac. Tá an Ginearál Mohammed Ali Nasr ar cheann dá hoifigigh shinsearacha agus tá baint dhíreach aige mar sin leis an gcur faoi chois atá á dhéanamh ar lucht an fhreasúra.
24.7.2012
151.
Samir () (ar a dtugtar freisin Sameer) JOUMAA () (ar a dtugtar freisin Jumaa, Jum'a, Joum'a)
(ar a dtugtar freisin Abou Sami)
Dáta breithe: 8.3.1962;
Inscne: fireann
Ar feadh beagnach 20 bliain, bhí sé ina cheann ar oifig Mohammad Nassif Kheir Bek, duine de phríomhchomhairleoirí slándála Bashar al-Assad (agus bhí sé ina ionadaí oifigiúil don Leas-Uachtarán, Farouk al-Sharaa). I bhfianaise an gharchaidrimh atá ag Shamir Joumaa le Bashar al-Assad agus Mohammed Nassif Kheir Bek, luaitear é leis an gcur faoi chois atá á dhéanamh ag réimeas na Siria i gcoinne an fhreasúra.
24.7.2012
155.
An Dr Mohammad (
) (ar a dtugtar freisin Mohamed, Muhammad, Mohammed) Abdul-Sattar (
) (ar a dtugtar freisin Abd al-Sattar) AL SAYED (
) (ar a dtugtar freisin Al Sayyed)
Dáta breithe: 23.12.1958;
Áit bhreithe: Tartous, an tSiria;
Inscne: fireann
Aire Dearlaicí Reiligiúnacha. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
16.10.2012
158.
Subhi (
) Ahmad (
) AL ABDALLAH (
) (ar a dtugtar freisin al-Abdullah)
Dáta breithe: 17.8.1951;
Inscne: fireann
An t-iarAire Talmhaíochta agus Athchóirithe Talmhaíochta. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
16.10.2012
160.
An Dr Hazwan (
) AL WEZ (
) (ar a dtugtar freisin Al Wazz)
Dáta breithe: 7.3.1962;
Inscne: fireann
IarAire Oideachais, a ceapadh i mí Iúil 2016.
Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
16.10.2012
162.
An Dr Mahmoud (
) Ibraheem (
) (ar a dtugtar freisin Ibrahim) SA'IID (
) (ar a dtugtar freisin Said, Sa'eed, Saeed)
Dáta breithe: 30.5.1953;
Áit bhreithe: Lattakia, an tSiria;
Inscne: fireann
IarAire Iompair a bhí i gcumhacht tar éis mhí na Bealtaine 2011. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
16.10.2012
163.
An Dr Safwan (
) AL ASSAF (
)
Dáta breithe: 13.3.1959;
Inscne: fireann
IarAire Tithíochta agus Forbartha Uirbí. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
16.10.2012
164.
Yasser (
) (ar a dtugtar freisin Yaser) al SIBA'II (
) (ar a dtugtar freisin al-Sibai, al-Siba'i, al Sibaei)
Dáta breithe: 26.3.1951;
Inscne: fireann
IarAire Oibreacha Poiblí. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
16.10.2012
165.
Sa'iid (
) (ar a dtugtar freisin Sa'id, Sa'eed, Saeed) MA'THI
(ar a dtugtar freisin Mu'zi, Mu'dhi, Ma'dhi, Ma'zi, Maazi) Hneidi (
)
Dáta breithe: 5.9.1954;
Inscne: fireann
IarAire Ola agus Acmhainní Mianra. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
16.10.2012
172.
Ali HADAR (ar a dtugtar freisin HAIDAR)
Dáta breithe: 21.7.1962;
Inscne: fireann
Ceann na Gníomhaireachta um Athmhuintearas Náisiúnta agus iarAire Stáit Athmhuintearais Náisiúnta. Cathaoirleach ar an sciathán “Intifada” de Pháirtí Náisiúnach Sóisialach na Siria. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
16.10.2012
188.
Bishr Riyad YAZIGI
Dáta breithe: 13.11.1972;
Inscne: fireann
Comhairleoir don Uachtarán Bashar al-Assad. IarAire Turasóireachta. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
24.6.2014
190.
Hussein ARNOUS (ar a dtugtar freisin Arnus) (حسين عرنوس)
Dáta breithe: 1.1.1953;
Áit bhreithe: Idleb, an tSiria;
Inscne: fireann
An Príomh-Aire. Ceapadh é i mí Lúnasa 2020.
Ina cháil mar Aire Rialtais, tá sé freagrach as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
24.6.2014
193.
Suhayl (ar a dtugtar freisin Sohail, Suhail, Suheil) HASSAN (ar a dtugtar freisin Hasan, al-Hasan, al-Hassan) ar a dtugtar “The Tiger” (ar a dtugtar freisin al-Nimr)
Dáta breithe: 10.6.1970;
Áit bhreithe: Jableh, cúige Lattakia, an tSiria;
Grád: Maor-Ghinearál;
Ról: Ceannasaí Qawat al-Nimr (Rannán 25 Fórsaí Misean Speisialta, ar a dtugtaí roimhe seo “Tiger Forces”);
Inscne: fireann
Oifigeach ar chéim mar Mhaorghinearál in Arm na Siria tar éis mhí na Bealtaine 2011. Ceannasaí rannáin airm ar a dtugtar “Tiger Forces”. Ó mhí Lúnasa 2019 i leith, athainmníodh “Tiger Forces” mar “Rannán 25 Fórsaí Misean Speisialta” agus cuireadh faoi cheannas an airm iad. Freagrach as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean.
23.7.2014
204.
Emad HAMSHO
(ar a dtugtar freisin Imad Hmisho; Hamchu; Hamcho; Hamisho; Hmeisho; Hemasho, حميشو)
(حمشو عماد)
Dáta breithe: 10.8. 1960;
Seoladh: Hamsho Building 31 Baghdad Street, an Damaisc, an tSiria;
Inscne: fireann
Tá post bainistíochta sinsearaí aige in Hamsho Trading. I ngeall ar an bpost sinsearach atá aige in Hamsho Trading, fochuideachta de Hamsho International, atá ainmnithe ag an gComhairle, tugann sé tacaíocht do réimeas na Siria agus tá sé bainteach leis an eintiteas sin.
Tá sé ina leas-uachtarán freisin ar an Syrian Council of Iron and Steel in éineacht le fir ghnó ainmnithe de chuid an réimis amhail Ayman Jabir. I measc shócmhainní Hamsho tá Syrian Metal Industries, gléasra cruach lasmuigh den Damaisc, ar sholáthair Hamsho drámh-mhiotal dó a ghoid mílístí atá ar thaobh an rialtais le linn thréimhse an chogaidh. Is comhlach de chuid an Uachtaráin Bashar al-Assad é freisin.
7.3.2015
206.
Maorghinearál Muhamad (
) (ar a dtugtar freisin Mohamed, Muhammad) MAHALLA (
) (ar a dtugtar freisin Mahla, Mualla, Maalla, Muhalla)
Dáta breithe: 4.6.1959;
Áit bhreithe: Jableh, an tSiria;
Inscne: fireann
Comhalta d’Fhórsaí Armtha na Siria atá ina Mhaorghinearál sa phost tar éis mhí na Bealtaine 2011. Iarcheann ar Sheirbhís Faisnéise na Siria, Craobh 293 (Gnóthaí Inmheánacha), ó mhí Aibreáin 2015 i leith. Tá sé freagrach as brú faoi chois agus as foréigean i gcoinne an phobail sibhialtaigh sa Damaisc agus an ceantar máguaird. IarLeas-Cheann Slándála Polaitiúla (2012), Oifigeach i nGarda Poblachtach na Siria agus Leas-Stiúrthóir na Stiúrthóireachta Slándála Polaitiúla. IarCheann na bPóilíní Míleata, Comhalta den Bhiúró Slándála Náisiúnta.
29.5.2015
207.
Adib SALAMEH
(ar a dtugtar freisin Adib Salamah; Adib Salama; Adib Salame; Mohammed Adib Salameh; Adib Nimr Salameh)
()
Ról: Maor-Ghinearál, Leas-Stiúrthóir na Stiúrthóireachta um Fhaisnéis an Aerfhórsa sa Damaisc;
Dáta breithe: 26.11.1953;
Inscne: fireann
Comhalta de sheirbhísí slándála agus faisnéise na Siria sa phost tar éis mhí an Bealtaine 2011; Leas-Stiúrthóir na Stiúrthóireachta um Fhaisnéis an Aerfhórsa sa Damaisc; Ceann Sheirbhís Faisnéise an Aerfhórsa in Aleppo roimhe seo.
Comhalta d’Fhórsaí Armtha na Siria agus é mar choirnéal, nó rang coibhéiseach nó níos airde aige, agus é sa phost sin tar éis mhí na Bealtaine 2011; is Maor-Ghinearál é.
Freagrach as pobal sibhialtach na Siria a chur faoi chois le foréigean, trí ionsaithe míleata in Aleppo a phleanáil agus trí pháirt a ghlacadh iontu agus údarás aige maidir le sibhialtaigh a ghabháil agus a choinneáil.
28.10.2016
209.
Jawdat Salbi MAWAS
(ar a dtugtar freisin Jawdat Salibi Mawwas; Jawdat Salibi Mawwaz)
()
Ról: Maor-Ghinearál;
Dáta breithe: 4.6.1954;
Inscne: fireann
Ina Mhaor-Ghinearál, oifigeach sinsearach i Stiúrthóireacht um Airtléire agus um Dhiúracáin na Siria de chuid Aerfhórsaí Armtha na Siria, sa phost tar éis mhí na Bealtaine 2011.
Mar oifigeach sinsearach den Stiúrthóireacht um Airtléire agus um Dhiúracáin na Siria, tá sé freagrach as an bpobal sibhialta a chur faoi chois le foréigean, lena n-áirítear diúracáin agus airm cheimiceacha a bheith á n-úsáid ag Briogáidí faoina cheannas i limistéir sibhialtach a raibh daonra mór iontu in Ghouta in 2013.
28.10.2016
210.
Tahir (
) Hamid (
) KHALIL (
) (ar a dtugtar freisin Tahir Hamid Khali; Khalil Tahir Hamid)
Ról: Maor-Ghinearál;
Dáta breithe: 3.7.1955;
Inscne: fireann
Ina Mhaor-Ghinearál, Ceann Stiúrthóireachta um Airtléire agus um Dhiúracáin na Siria, sa phost tar éis mhí na Bealtaine 2011. Mar oifigeach sinsearach de Stiúrthóireacht um Airtléire agus um Dhiúracáin na Siria, tá sé freagrach as an bpobal sibhialta a chur faoi chois le foréigean, lena n-áirítear úsáid diúracán agus arm ceimiceach ag Briogáidí faoina cheannas i limistéir sibhialtach a raibh daonra mór iontu in Ghouta in 2013.
28.10.2016
211.
Hilal HILAL (ar a dtugtar freisin Hilal al-Hilal) (
)
Dáta breithe: 30.6.1966;
Inscne: fireann
Comhalta de mhílístí réimeas-chleamhnaithe ar a dtugtar “Kataeb al-Baath” (mílíste an Pháirtí Baath). Leas-Chathaoirleach an Pháirtí Baath. Tacaíonn sé le réimeas na Siria tríd an ról atá aige maidir le mhílíste an Pháirtí Baath a earcú agus a eagrú.
28.10.2016
213.
Bishr AL-SABBAN
(ar a dtugtar freisin Mohammed Bishr al-Sabban; Bishr Mazin al-Sabban)
Dáta breithe: 18.3.1966;
Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;
Inscne: fireann
Iar-Ghobharnóir na Damaisce, a cheap Uachtarán Bashar al-Assad agus a bhfuil baint aige leis. Tacaíonn sé le réimeas na Siria agus tá sé freagrach as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i gcleachtais idirdhealaitheacha i gcoinne phobail Sunni laistigh den phríomhchathair.
28.10.2016
218.
Hussein MAKHLOUF
(ar a dtugtar freisin Makhluf)
()
Dáta breithe: 1964;
Áit bhreithe: Lattakia, an tSiria;
Inscne: fireann
An tAire Acmhainní Uisce ó mhí na Nollag 2023. An t-iarAire Riaracháin Áitiúil agus Comhshaoil.
IarGhobharnóir Ghobharnóireacht na Damaisce.
Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
Col ceathrar le Rami Makhlouf.
14.11.2016
219.
Ali AL-ZAFIR
()
Dáta breithe: 15.5.1962;
Áit bhreithe: Tartus, an tSiria;
Inscne: fireann
IarAire Cumarsáide agus Teicneolaíochta. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
14.11.2016
221.
Mohammed (ar a dtugtar freisin Mohamed, Muhammad, Mohammad) Ramez TOURJMAN (ar a dtugtar freisin Tourjuman)
()
Dáta breithe: 19.4.1966;
Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;
Inscne: fireann
IarAire Faisnéise. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
14.11.2016
223.
Ali HAMOUD
(ar a dtugtar freisin Hammoud)
()
Dáta breithe: 15.9.1964;
Áit bhreithe: Tartus, an tSiria;
Inscne: fireann
IarAire Iompair.
Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
14.11.2016
225.
Maamoun (ar a dtugtar freisin Ma'moun) HAMDAN
()
Dáta breithe: 27.7.1958;
Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;
Inscne: fireann
IarAire Airgeadais.
Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
14.11.2016
230.
Salwa ABDULLAH
()
Dáta breithe: 1953;
Áit bhreithe: Ouneitra, an tSiria;
Inscne: baineann
An t-iarAire Gnóthaí Sóisialta agus Saothair.
IarAire Stáit.
Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
14.11.2016
234.
Duraid DURGHAM
Dáta breithe: 27.12.1964;
Inscne: fireann
IarGhobharnóir Bhanc Ceannais na Siria.
Is é a bhí freagrach as tacaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a chur ar fáil do réimeas na Siria ina cháil mar Ghobharnóir Bhanc Ceannais na Siria, a liostaítear freisin.
14.11.2016
238.
Badi' MU'ALLA
Dáta breithe: 5.4.1961;
Áit bhreithe: Bistuwir, Jablah, an tSiria;
Grád: Briogáidireghinearál; Ceannasaí an 63ú Briogáid d’Aerfhórsa na Siria;
Inscne: fireann
Ina Bhriogáidireghinearál, oifigeach sinsearach agus Ceannasaí 63ú Rannán d’Aerfhórsa Arabach na Siria, tar éis mhí na Bealtaine 2011.
Gníomhach in earnáil leata na n-arm ceimiceach agus, ina cháil mar Cheannasaí ar an 63ú Briogáid le linn na tréimhse a d'imscrúdaigh an Comhshásra Imscrúdaitheach, tá sé freagrach as an bpobal sibhialtach a chur faoi chois le foréigean nuair a d'úsáid an 63ú Briogáid airm cheimiceacha in Talmenes (an 21 Aibreán 2014), Qmenas (an 16 Márta 2015) agus Sarmin (an 16 Márta 2015).
21.3.2017
240.
Mohammad Samer Abdelrahman AL-KHALIL
Dáta breithe: 31.12.1977;
Inscne: fireann
An tAire Geilleagair agus Trádála Eachtraí. I mí an Mhárta 2017 a ceapadh é.
30.5.2017
246.
Malik HASAN
(ar a dtugtar freisin: Malek Hassan)
()
Grád: Maor-Ghinearál;
Dáta breithe: 1.1.1959;
Inscne: fireann
Ina Mhaor-Ghinearál, oifigeach sinsearach agus Ceannasaí an 22ú Roinn d’Aerfhórsa na Siria, tar éis mhí na Bealtaine 2011.
Ina cháil mar oifigeach sinsearach in Aerfhórsa na Siria agus i slabhra ceannais an 22ú Rannán, is é atá freagrach as an bpobal sibhialtach a chur faoi chois le foréigean, lena n-áirítear airm cheimiceacha a bheith á n-úsáid ag aerárthaí de chuid aerbhunáiteanna atá faoi smacht an 22ú Rannán, amhail an t-ionsaí a rinne héileacaptair de chuid aerbhunáit Hama ar Talmens mar a thuairisc an Comhshásra Imscrúdaitheach a bhunaigh na Náisiúin Aontaithe.
18.7.2017
268.
Ghassan Ahmed GHANNAM
(ar a dtugtar freisin an Maor-Ghinearál Ghassan Ghannan, an Briogáidireghinearál Ghassan Ahmad Ghanem)
Dáta breithe: 2.2.1957;
Grád: Maor-Ghinearál;
Ról: Ceannasaí an 155ú Briogáid Diúracán;
Inscne: fireann
Comhalta d’Fhórsaí Armtha na Siria agus é mar choirnéal, nó rang coibhéiseach nó níos airde aige, agus é sa phost sin tar éis mhí na Bealtaine 2011. Maor-Ghinearál agus Ceannasaí an 155ú Briogáid Diúracán. Bhí baint aige, i ngeall ar an ról a bhí aige sa 155ú Briogáid Diúracán, le Maher al-Assad. Ina cháil mar Cheannasaí ar an 155ú Briogáid Diúracán, tá sé ag tacú le réimeas na Siria agus freagrach as an bpobal sibhialtach a chur faoi chois go foréigneach. Bhí sé freagrach as diúracáin scud a scaoileadh le láithreacha sibhialtacha éagsúla idir mí Eanáir agus mí an Mhárta 2013.
21.10.2014
271.
Khaled AL-ZUBAIDI
(ar a dtugtar freisin (Mohammed) Khaled/Khalid (Bassam) (al-) Zubaidi/Zubedi
(خالد الزبيدي)
Náisiúntacht: Siriach;
Ról: Comhúinéir Zubaidi & Qalei LLC; Stiúrthóir ar Agar Investment Company; Bainisteoir Ginearálta na cuideachta Al Zubaidi agus Al Zubaidi & Al Taweet Contracting Company; Stiúrthóir agus Úinéir Zubaidi Development Company; comhúinéir Enjaz Investment Company;
Dáta breithe: 10.4.1976;
Inscne: fireann
Duine de mhórdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria, le hinfheistíochtaí suntasacha sa tionscal tógála, lena n-áirítear 50 % in Zubaidi and Qalei LLC, atá ag tógáil na só-chathrach turasóireachta Grand Town agus ar dheonaigh an réimeas comhaontú 45 bliana dó ar 19-21 % dá ioncam. Tacaíonn Khaled al-Zubaidi le réimeas na Siria agus/nó baineann sé tairbhe as réimeas na Siria trína ghníomhaíochtaí gnó, go háirithe tríd an leas seo san fhorbraíocht Grand Town.
Shínigh Khaled al-Zubaidi urraíocht (dar luach 350 000 USD) le club peile na Siria “Wihda FC” trí cheann dá chuideachtaí “Hijaz Company”. Comhalta de Chónaidhm Chomhlachais Turasóireachta na Siria ó 2019 i leith. Uachtarán ar chomhairle gnó na Siria-na hAilgéire.
21.1.2019
275.
Maor-Ghinearálta Mohammad Khaled AL-RAHMOUN
Dáta breithe: 1.4.1957;
Áit bhreithe: Idleb, an tSiria;
Inscne: fireann
An tAire Gnóthaí Baile.
Ceapadh é i mí na Samhna 2018.
Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
4.3.2019
276.
Mohammad Rami Radwan MARTINI
Dáta breithe: 31.8.1970;
Áit bhreithe: Aleppo, an tSiria;
Inscne: fireann
An tAire Turasóireachta.
Ceapadh i mí na Samhna 2018 é.
Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
4.3.2019
282.
Anas TALAS
(ar a dtugtar freisin ; Anas Talous/Tals/Tuls/Tlass)
Dáta breithe: 25.3.1975;
Náisiúntacht: Siriach;
Ról: Cathaoirleach Talas Group;
Inscne: fireann
Duine de mhórdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria ag a bhfuil leasanna agus gníomhaíochtaí aige san iliomad earnálacha i ngeilleagar na Siria. Tacaíonn Anas Talas le réimeas na Siria agus/nó baineann sé tairbhe as an réimeas sin trína chuid gníomhaíochtaí gnó agus infheistíochtaí. In 2018, faoi chathaoirleacht Anas Talas, ghlac an Talas Group páirt i gcomhfhiontar dar luach 23 bhilliún de phunt Siriach (SYP) le Damascus Cham Holding chun Marota City, sófhorbraíocht chónaithe agus tráchtála a fhaigheann tacaíocht ón réimeas, a thógáil.
21.1.2019
284.
Mazin AL-TARAZI
(ar a dtugtar freisin ; Mazen al-Tarazi)
(مازن الترزي)
Dáta breithe: 1.9.1962;
Náisiúntacht: Siriach;
Ról: Duine gnó;
Inscne: fireann
Mórphearsa gnó atá ag feidhmiú sa tSiria agus a bhfuil infheistíochtaí móra déanta aige sna hearnálacha tógála agus eitlíochta. Baineann Mazin al-Tarazi tairbhe as réimeas na Siria agus/nó tacaíonn sé leis an réimeas sin trína chuid infheistíochtaí agus gníomhaíochtaí gnó. Go háirithe, tá margadh tugtha i gcrích ag Mazin al-Tarazi le Damascus Cham Holding le haghaidh infheistíocht USD 320 milliún i dtógáil Marota City, sófhorbraíocht chónaithe agus tráchtála a fhaigheann tacaíocht ón réimeas. Deonaíodh ceadúnas dó freisin le haghaidh aerlíne phríobháideach sa tSiria. I Meán Fómhair 2019, chruthaigh sé “al-Dana Group Investments LLC”, cuideachta ar fiú 25 mhilliún de phunt Siriach (SYP) é, a bhfuil baint aige le honnmhairiú-allmhairiú agus le hinfheistíocht in áiseanna turasóireachta agus i gcoimpléisc tráchtála. Is comhalta é Mazin Al-Tarazi de Chomhairle Gnó na Siria-na hIaráine (SIBC) agus d’fhóin sí mar idirghabhálaí do réimeas na hIaráine chun réadmhaoin a cheannach sa tSiria.
21.1.2019
287.
Hussam AL-QATIRJI
(ar a dtugtar freisin Hussam/Hossam Ahmed/Mohammed/Muhammad al-Katerji)
(حسام القطرجي)
Dáta breithe: 1.1.1982;
Áit bhreithe: Raqqa, an tSiria;
Náisiúntacht: Siriach;
Ról: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Katerji Group (ar a dtugtar freisin Al Qatarji, Al Qatarji Company/Qatirji Company/ Khatirji Group/Katerji International Group);
Inscne: fireann
Mórphearsa gnó atá ag feidhmiú sa tSiria agus feisire de Pharlaimint na Siria. Tacaíonn Al Qatarji le réimeas na Siria agus baineann sé tairbhe as freisin trí mhargaí trádála maidir le hola agus cruithneacht leis an réimeas a chumasú agus brabús a dhéanamh astu.
Fuair Hussam Al Qatarji, in éineacht lena theaghlach, ceadúnas chun banc nua a chruthú, an National Islamic Bank. Tá gléasra stroighne nua faighte acu freisin ón rialtas, trí cheann dá gcuideachtaí, Nabd Contracting and Construction. Chuaigh siad isteach san earnáil turasóireachta freisin agus an chuideachta Arman Hotel and Tourist Management LLC á cruthú acu. Chomh maith leis sin, chuaigh siad i mbun comhfhiontar leis an aireacht turasóireachta “Bere Aleppo Private JSC”. Tá mílíste in Aleppo á stiúradh ag Hussam Al Qatarji agus a theaghlach freisin. I mí Dheireadh Fómhair 2021, shínigh BS Company for Oil Services de chuid Qateriji socrú leis an réimeas chun breosla a sholáthar do stáisiúin gháis i limistéir atá i seilbh an réimis.
21.1.2019
290.
Waseem AL-KATTAN
(وسيم القطان)
(ar a dtugtar freisin Waseem, Wasseem, Wassim, Wasim; Anouar; al-Kattan, al-Katan, al-Qattan, al-Qatan; وسيم قطان, وسيم أنوار القطان)
Dáta breithe: 20.6.1976;
Náisiúntacht: Siriach;
Uimhir Aitheantais Náisiúnta na Siria: 10090110187
Ról: Uachtarán Chomhlachais Tráchtála Chúige Dhúiche na Damaisce (Tuaithe);
Gaolta/comhlaigh ghnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc:
Larosa Furniture/Furnishing; Jasmine Fields Company Ltd.; Muruj Cham (Murooj al-Cham) Investment and Tourism Group; Adam and Investment LLC; Universal Market Company LLC; Cisteoir Chónaidhm Chomhlachais Tráchtála na Siria;
Inscne: fireann
Mórphearsa gnó atá ag feidhmiú sa tSiria, atá ag baint tairbhe as an réimeas agus atá ag tacú leis. Úinéir gnólachtaí éagsúla agus cuideachtaí sealbhaíochta a bhfuil leasanna agus gníomhaíochtaí acu in earnálacha eacnamaíocha éagsúla, amhail réadmhaoin, tionscal na n-óstán sóúla agus ionaid tráchtála. Rinne Waseem al-Kattan dul chun cinn tapa mar mhórphearsa gnó trí chánacha a ghearradh ar earraí a smuigleáladh isteach in Oirthear Ghouta a bhí faoi léigear agus tá baint aige anois le cineálacha cliantachais atá chun sochair don réimeas. Baineann Waseem al-Kattan tairbhe airgeadais as rochtain fhabhrach ar thairiscintí poiblí agus ar cheadúnais agus ar chonarthaí arna ndámhachtain ag gníomhaireachtaí rialtais mar thoradh ar na dlúthnaisc atá aige leis an réimeas.
In 2020, toghadh Al Kattan ina chomhalta de Chomhlachas Tráchtála na Siria. I mí na Samhna 2021, cheap Rialtas na Siria Al-Kattan ina rúnaí ar Chónaidhm Chomhlachais Tráchtála na Siria, d’ainneoin gur cailleadh na toghcháin. In 2022, ceapadh Al-Kattan ina Chathaoirleach ar Chomhairle Gnó na Siria Óman.
17.2.2020
292.
Saqr RUSTOM
(ar a dtugtar freisin Saqr, Saqer; As'ad, Asaad, Asad; al-Rustom, al-Rostom; صقررستم, صقرأسعدالرستم)
Náisiúntacht: Siriach;
Ról: Ina cheann ar an bhFórsa Náisiúnta Cosanta in Homs;
Gaolta/comhlaigh ghnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc: Damas Real Estate Development and Investment LLC;
Dáta breithe: 4.12.1947;
Inscne: fireann
Ina cheann ar an mbrainse áitiúil den Fhórsa Náisiúnta Cosanta in Homs (mílíste réimis – Shabiha). Tá sé freagrach as rannpháirtíocht an bhrainse áitiúil sin i gcur faoi chois brúidiúil an phobail sibhialtaigh sa tSiria. Trína mhílíste, tá Saqr Rustom freagrach as scéimeanna éagsúla a dhéanann brabús as an gcogadh agus dá bhrí sin baineann sé tairbhe as réimeas na Siria agus tacaíonn sé leis. Tá baint aige le duine ainmnithe darb ainm Bassam Hassan, a uncail, ar bhunaigh sé Damas Real Estate Development agus Investment LLC leis chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail réadmhaoine.
17.2.2020
294.
Khodr Ali TAHER
(ar a dtugtar freisin. خضر علي طاهر)
Dáta breithe: 15.5.1976;
Náisiúntacht: Siriach;
Ról: Stiúrthóir agus úinéir Ella Media Services; duine de bhunaitheoirí Castle Security and Protection agus Jasmine Contracting Company; Cathaoirleach agus duine de bhunaitheoirí Syrian Hotel Management Company; Bainisteoir agus úinéir Ematel;
Gaolta/comhlaigh ghnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc:
Citadel for Protection; Seirbhísí Slándála agus Garda (Castle Security and protection); Ematel LLC (Ematel Communications); Syrian Hotel Management Company; Jasmine Contracting Company;
Inscne: fireann
Mórphearsa gnó atá ag feidhmiú in iliomad earnálacha i ngeilleagar na Siria, lena n-áirítear an tslándáil phríobháideach, miondíol fón póca, bainistiú ósta, seirbhísí fógraíochta, aistriú airgid intíre, deochanna alcólacha agus neamh-alcólacha.
Tacaíonn sé le réimeas na Siria agus baineann sé tairbhe as trí chomhar ina chuid gníomhaíochtaí gnó agus trína rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí smuigléireachta agus brabúsaíochta. Tá roinnt cuideachtaí faoi úinéireacht Khodr Ali Taher agus chomhbhunaigh sé roinnt eile. Bíonn sé i mbun gnó leis an réimeas, lena n-áirítear dul i gcomhfhiontar leis an Syrian Transport and Tourism Company, a bhfuil a dhá thrian faoi úinéireacht na hAireachta Turasóireachta.
17.2.2020
295.
Adel Anwar AL-OLABI
(ar a dtugtar freisin Adel Anouar el-Oulabi, Adil Anwar al-Olabi)
(عادل أنور العلبي)
Dáta breithe: 10.1.1976;
Náisiúntacht: Siriach;
Ról: Cathaoirleach ar Damascus Cham Holding Company (DCHC); Gobharnóir na Damaisce;
Inscne: fireann
Mórphearsa ghnó atá ag baint tairbhe as réimeas na Siria agus ag tacú leis. Cathaoirleach ar Damascus Cham Holding Company (DCHC), géag infheistíochta de chuid ghobharnóireacht na Damaisce chun maoin ghobharnóireacht na Damaisce a bhainistiú agus tionscadal Marota City a chur i ngníomh.
Anuas air sin, is é Adel Anwaral-Olabi Gobharnóir na Damaisce, arna cheapadh ag Uachtarán Bashar al-Assad i mí na Samhna 2018. Ina cháil mar Ghobharnóir ar an Damaisc agus Cathaoirleach ar DCHC, is é atá freagrach as iarrachtaí chun beartais an réimis a chur chun feidhme maidir le talamh a díshealbhaíodh a fhorbairt sa Damaisc (lena n-áirítear Foraithne Uimh. 66 agus Dlí Uimh. 10), go háirithe trí thionscadal Marota City.
17.2.2020
298.
Darem TABA’A
(دارم طباع)
Dáta breithe: 7.4.1958;
Áit bhreithe: an Damaisc, sa tSiria;
Inscne: Fireann
IarAire Oideachais. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh.
Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
16.10.2020
300.
Tammam RA'AD (ar a dtugtar freisin; Tamam; Raad)
(تمام رعد)
Dáta breithe: 1965;
Áit bhreithe: Al-Qusayr, an tSiria; nó Homs, an tSiria;
Inscne: fireann
IarAire Acmhainní Hiodrálacha/Uisce.
Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
16.10.2020
303.
Bassam TOU'MA (ar dtugtar freisin TU'MA)
(بسام طعمة)
Dáta breithe: 1969
Áit bhreithe: Safita, an tSiria
Inscne: fireann
IarAire ola agus acmhainní mianra.
Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
6.11.2020
305.
Ziyad SABBAGH
(زياد صباغ)
Dáta breithe: 1960
Áit bhreithe: Aleppo, an tSiria
Inscne: fireann
IarAire Tionscail.
Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
6.11.2020
308.
Mohamad (ar dtugtar freisin Mohammad) Fayez BARCHA (ar a dtugtar freisin al-BARSHA, AL-BARSHA)
(محمد فايز برشة)
Dáta breithe: 1955
Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria
Inscne: fireann
IarAire Stáit.
Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
6.11.2020
310.
Mohammad Samir HADDAD
(محمد سمير حداد)
Dáta breithe: 1956;
Áit bhreithe: Tartous, an tSiria;
Inscne: fireann
IarAire Stáit.
Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
6.11.2020
312.
Amr SALEM
(عمرو سالم)
Dáta breithe: Eanáir 1958;
Áit bhreithe: an Damaisc, sa tSiria;
Inscne: fireann
IarAire Trádála Inmheánaí agus Cosanta Tomhaltóirí.
Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.
15.11.2021
318.
Hala Tarif ALMAGHOUT
هلا طريف الماغوط
Dáta breithe: 30.6.1980
Inscne: baineann
Baintreach Mohammed Makhlouf. Duine de mhuintir Makhlouf.
21.2.2022
322.
Sara Mohammed MAKHLOUF
ساره محمد مخلوف
Dáta breithe: 2.9.1980;
Inscne: baineann;
Iníon le Mohammed Makhlouf. Duine de mhuintir Makhlouf.
21.2.2022
329.
Mudar Rifaat AL-ASSAD
ar a dtugtar freisin “Rifa’at”
مضر رفعت الأسد
Dáta breithe: 12.2.1964;
Áit bhreithe: an tSiria;
Náisiúntacht: Siriach;
Inscne: fireann
Is col ochtair le Bashar al-Assad é Mudar Rifaat al-Assad; is duine de mhuintir Assad é, dá bhrí sin.
24.4.2023
335.
Taher AL-KAYALI
طاهر الكيالي
Dáta breithe: 11.7.1960;
Náisiúntacht: Siriach;
Inscne: fireann
Mórphearsa gnó is ea Siriach é Taher Al-Kayali ar leis roinnt cuideachtaí, lena n-áirítear Neptunus LLC.
Trína chuideachtaí tá baint aige le táirgeadh Captagon agus le gáinneáil ar an ndruga, go háirithe ó thaobh é a iompar ó chalafort Latakia. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil in Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.
24.4.2023
336.
Imad Abu ZUREIQ
Emad Abu ZURAIQ
Imad Abu ZREIK
عماد أبو زريق
Dáta breithe: 9.2.1979;
Áit bhreithe: Nasib, Daraa (an tSiria);
Náisiúntacht: Siriach;
An áit a meastar ina bhfuil sé: Daraa, an tSiria;
Inscne: fireann
Is príomhchomhalta é Imad Abu Zureiq de mhílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas in Iardheisceart na Siria a thuairiscíonn go díreach do bhrainse Slándála Míleata réimeas na Siria.
Faoi láthair, déanann a mhílíste brabús ó gheilleagar an chogaidh, lena n-áirítear an gháinneáil ar Captagon. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í an trádáil in Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.
24.4.2023
338.
Hassan Muhammad DAQQOU
حسن محمد دقو
Dáta breithe: 17.1.1978;
Áit bhreithe: Tfail, an Liobáin;
Náisiúntacht: Siriach/Liobánach;
Inscne: fireann
Tá dlúthcheangail ag Hassan Muhammad Daqqou le Ceathrú Rannán Arm na Siria. Tá líonra leathan gáinneála drugaí bunaithe ag Daqqou sa Liobáin agus sa tSiria agus tá monarchana déantúsaíochta Captagon tógtha aige gar don teorainn idir an tSiria agus an Liobáin. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í an trádáil in Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.
24.4.2023
339.
Jihad BARAKAT
جهاد بركات
Dáta breithe: 4.3.1964;
Áit bhreithe: Qardahah/an tSiria;
Náisiúntacht: Siriach;
Inscne: fireann
Tá baint trí phósadh ag Jihad Barakat le muintir Assad.
Tá sé ina cheannaire freisin ar mhílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas agus tá feidhmeanna míleata agus faisnéise éagsúla aige i gcónaí sa réimeas.
24.4.2023
346.
Osama AL-MALIKI
ar a dtugtar freisin Usama
أسامة المالكي
Dáta breithe: 10.2.1963;
Áit bhreithe: an Damaisc, sa tSiria;
Náisiúntacht: Siriach;
Seoladh: Villa 98, Sharqiyat, Jazira al-Khamisa, Qura al-Assad, Dúiche na Damaisce, an tSiria;
Faisnéis eile aitheantais: Athair: Mohammad al-Maliki – محمد المالكي
Inscne: fireann
Is é Osama al-Maliki úinéir tromlaigh Al-Jabal Security and Protection LLC. Feidhmíonn Al-Jabal Security and Protection LLC mar chuideachta chaoch chun go bhféadfar leanúint de ghníomhaíochtaí mhílíste Saraya al-Areen 313, mílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas. Dá bhrí sin, baineann Osama al-Maliki tairbhe as an réimeas agus tacaíonn sé leis.
24.4.2023
348.
Ahmad Ali TAHER
احمد علي طاهر
Dáta breithe: 1.1.1982;
Náisiúntacht: Siriach;
Seoladh: an Damaisc, Mazze, Western Villas, Saraya 36 Building, 3rd Floor;
Daoine aonair comhlachaithe: Deartháir: Khodr Taher;
Eintitis chomhlachaithe: Castle Security and Protection LLC;
Faisnéis eile aitheantais: Athair: Ali Taher;
Inscne: fireann
Tá scaireanna ag Ahmad Ali Taher i Castle Security and Protection LLC, a fheidhmíonn mar chuideachta chaoch don Cheathrú Rannán d’Arm Arabach na Siria, faoi stiúir Maher al-Assad. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.
24.4.2023
350.
Osama RAMADAN
ar a dtugtar freisin Usama
أسامة رمضان
Dáta breithe: 19.12.1973;
Náisiúntacht: Siriach;
Seoladh: an Damaisc, Mazze, Western Villas, Saraya 36 Building, 3rd Floor;
Comhlach gnó: Ahmad Ali TAHER;
Eintitis chomhlachaithe: Castle Security and Protection LLC;
Faisnéis eile aitheantais: Athair: Hassan Ramadan;
Inscne: fireann
Tá scaireanna ag Osama Ramadan i Castle Security and Protection LLC, a fheidhmíonn mar chuideachta chaoch don Cheathrú Rannán d’Arm Arabach na Siria, faoi stiúir Maher al-Assad. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.
24.4.2023
351.
Ali Mhanna SULEIMAN
علي مهنا سليمان
Dáta breithe: 2.3.1987;
Áit bhreithe: Al-Raml, Kherbet Maaza, Tartus, an tSiria;
Náisiúntacht: Siriach;
Seoladh: Tartus, Khirbit Maaza, 36th Estate, Ghaya Estate Area;
Uimhir aitheantais náisiúnta: 10040018920;
Ainm an athar: Mhanna;
Ainm na máthar: Insaf;
Inscne: fireann
Bhí Ali Suleiman ina cheannaire ar Reisimint Sahab de rannán de chuid Arm Arabach na Siria ar a dtugtar “Tiger Forces”. Is dlúthchomhlach le Suhayl Hassan é. Bhí baint aige leis an réimeas a mhaoiniú, lena n-áirítear trí bhreosla a smuigleáil. Baineann sé tairbhe freisin as an mbaint atá aige leis an réimeas, amhail deiseanna i bhforbairt réadmhaoine. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.
24.4.2023
354.
Yasser Hussein Ibrahim
ar a dtugtar freisin Yassar Hussein Ibrahim
يسار حسين إبراهيم
Dáta breithe: 9.4.1983;
Áit bhreithe: an Damaisc, sa tSiria;
Náisiúntacht: Siriach;
Inscne: fireann
Is comhairleoir eacnamaíoch do Bashar al-Assad é Yasser Ibrahim agus feidhmíonn sé sa chomhairle eacnamaíoch atá á reáchtáil ag Asma al-Assad. In éineacht le Ali Najib Ibrahim, oibríonn sé roinnt cuideachtaí caocha, agus ceileann sé gníomhaíochtaí gnó Bashar Al-Assad agus Asma Al-Assad. Dá bhrí sin, tá Yasser Ibrahim ag baint tairbhe as réimeas na Siria agus ag tabhairt tacaíocht dó.
22.1.2024’;
(2)
i Roinn ‘B (Eintitis)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 95:
Ainm
Faisnéis aitheantais
Cúiseanna
Dáta an liostaithe
‘95.
Al-Aqila Company
(ar a dtugtar freisin al-Akila/Al-Aqeela Insurance Company)
Áit chláraithe: an Damaisc, sa tSiria;
Dáta clárúcháin: 2007;
Príomhionad gnó: an tSiria
Is cuideachta árachais sa tSiria é Al-Aqila. Tá an chuideachta faoi úinéireacht agus á feidhmiú ag daoine gnó a bhfuil baint acu le réimeas na Siria, amhail Aji Najib Ibrahim.
Dá bhrí sin, tá Al-Aqila Company ag tabhairt tacaíocht do réimeas na Siria agus ag baint tairbhe as.