EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1498

Cinneadh (CBES) 2024/1498 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/2444 maidir le misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger)

ST/9299/2024/INIT

IO L, 2024/1498, 28.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1498/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/06/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1498/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1498

28.5.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1498 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Bealtaine 2024

lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/2444 maidir le misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2444 (1) maidir le misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger).

(2)

An 20 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/389 (2), lenar seoladh EUMPM Niger.

(3)

I litir dar dáta an 21 Nollaig 2023, thug Ceannasaí Mhisean an Aontais EUMPM Niger fógra don Choiste Polaitiúil agus Slándála go ndearnadh foireann an Aontais an mhisin sin a ath-imlonnú san Eoraip an 17 Nollaig 2023.

(4)

An 23 Aibreán 2024, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nár cheart síneadh a chur le EUMPM Niger tar éis an 30 Meitheamh 2024 agus gur cheart Cinneadh (CBES) 2022/2444 a aisghairm i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de.

(5)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (3), lena mbunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána, leagtar síos na nósanna imeachta maidir le cuntais mhisean míleata de chuid an Aontais a iniúchadh agus a thíolacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2022/2444 a aisghairm.

2.   Beidh mír 1 den Airteagal seo gan dochar do na nósanna imeachta a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2021/509 maidir le cuntais mhisean míleata an Aontais a iniúchadh agus a thíolacadh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 30 Meitheamh 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Bealtaine 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/2444 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir le misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) (IO L 319, 13.12.2022, lch. 86).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/389 ón gComhairle an 20 Feabhra 2023 lena seolfar misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) (IO L 53, 21.2.2023, lch. 39).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1498/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top