This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1298
Decision (EU) 2024/1298 of the European Parliament and of the Council of 24 April 2024 on the mobilisation of the European Globalisation Adjustment Fund for Displaced Workers following an application from Germany — EGF/2023/003 DE/Vallourec
Cinneadh (AE) 2024/1298 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin (EGF/2023/003 DE/Vallourec)
Cinneadh (AE) 2024/1298 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin (EGF/2023/003 DE/Vallourec)
IO L, 2024/1298, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1298/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1298 |
8.5.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1298 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 24 Aibreán 2024
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin (EGF/2023/003 DE/Vallourec)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 9 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe ar cuireadh ar iomarcaíocht iad agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir. |
(2) |
Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 30 mhilliún (praghsanna 2018) faoi mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3). |
(3) |
An 15 Samhain 2023, chuir an Ghearmáin iarratas isteach chun CED a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691, i leith iomarcaíochtaí na n-oibrithe in Vallourec Deutschland GmbH san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoin Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (‘NACE’) (4), Athbhreithniú 2, rannán 24 (Monarú miotal bunúsach) in Düsseldorf (DEA1) na Gearmáine, réigiún de leibhéal 2 d’Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (‘NUTS’). Bhí faisnéis bhreise ann mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, ar faisnéis í a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Meastar go gcomhlíonann an t-iarratas sin na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún sa Togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 2 984 627 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Ghearmáin isteach. |
(5) |
Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2024, slógfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha chun an méid EUR 2 984 627 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 24 Aibreán 2024.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 24 Aibreán 2024,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MICHEL
(1) IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).
(5) COM(2024)0030.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1298/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)