EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1231

Cinneadh (AE) 2024/1231 Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 12 Aibreán 2024 lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2459 maidir le táille víosa mhéadaithe a chur i bhfeidhm i ndáil leis an nGaimbia

ST/16980/2023/INIT

IO L, 2024/1231, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1231/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 18/04/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1231/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1231

25.4.2024

CINNEADH (AE) 2024/1231 CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Aibreán 2024

lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2459 maidir le táille víosa mhéadaithe a chur i bhfeidhm i ndáil leis an nGaimbia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (1), agus go háirithe Airteagal 25a(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Measadh nach raibh an comhar leis an nGaimbia maidir leis an athligean isteach leordhóthanach i gcomhréir le hAirteagal 25a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. Agus aird á tabhairt ar na bearta arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun feabhas a chur ar an leibhéal comhair, agus ar chaidreamh foriomlán an Aontais leis an nGaimbia, measadh nach raibh an comhar ón nGaimbia i gcúrsaí athligean isteach leordhóthanach agus go raibh gá le gníomhaíocht ón Aontas dá bhrí sin.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 25a(5), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle (2) an 7 Deireadh Fómhair 2021, lena gcuirtear ar fionraí go sealadach cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 i ndáil le náisiúnaigh na Gaimbia.

(3)

Sa mheasúnú a rinneadh ar an gcomhar leis an nGaimbia maidir leis an athligean isteach, tar éis ghlacadh Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781, léiríodh nár tháinig aon fheabhas suntasach ar an gceist, ós rud é go raibh an comhar maidir le sainaithint, eisiúint doiciméad taistil agus oibríochtaí um fhilleadh dúshlánach go fóill. Cé go ndearnadh forbairtí go pointe áirithe, ní raibh an comhar maidir leis an athligean isteach leordhóthanach go fóill, agus bhí gá fós le feabhsuithe suntasacha agus inbhuanaithe. Dá bhrí sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2459 ón gComhairle (3) arna ghlacadh an 8 Nollaig 2022, tugadh isteach táille víosa mhéadaithe i dtaca le náisiúnaigh na Gaimbia.

(4)

Sa mheasúnú leanúnach a rinne an Coimisiún ar an gcomhar ón nGaimbia maidir leis an athligean isteach tar éis Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2459 léirítear go raibh feabhas suntasach agus inbhuanaithe maidir leis an athligean isteach a dhéanamh i ndáil le heitiltí agus oibríochtaí um fhilleadh a eagrú. Dá bhrí sin, ní gá táille víosa mhéadaithe a chur i bhfeidhm a thuilleadh maidir le náisiúnaigh na Gaimbia agus ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2459 a aisghairm.

(5)

Sa mheasúnú leanúnach a rinne an Coimisiún ar an gcomhar ón nGaimbia maidir leis an athligean isteach léirítear freisin nach bhfuil an comhar leis an nGaimbia maidir leis an athligean isteach leordhóthanach go fóill i ndáil leis an gcúnamh a sholáthraítear i dtaca leis na náisiúnaigh na Gaimbia a fhanann go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát uile a shainaithint, i dtaca le heisiúint thráthúil doiciméad taistil, ná i dtaca le hacmhainneacht agus minicíocht eitiltí cairtfhostaithe chun go bhféadfar líon náisiúnach na Gaimbia a fhanann go neamhdhleathach sna Ballstát a laghdú go hinbhuanaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 a choinneáil i bhfeidhm.

(6)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, tá an Danmhairg le cinneadh a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(7)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6).

(9)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8).

(10)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10).

(11)

Is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, agus Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 faoi seach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2459.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Is chuig Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, agus Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. VAN PETEGHEM


(1)   IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur ar fionraí i ndáil leis an nGaimbia (IO L 360, 11.10.2021, lch. 124).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2459 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le táille víosa mhéadaithe a chur i bhfeidhm i ndáil leis an nGaimbia (IO L 321, 15.12.2022, lch. 18).

(4)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(5)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(6)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(7)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(8)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(9)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(10)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1231/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top