This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1164
Decision (EU) 2022/1164 of the European Parliament and of the Council of 23 June 2022 on the mobilisation of the European Globalisation Adjustment Fund for Displaced Workers following an application from France (EGF/2022/001 FR/Air France)
Cinneadh (AE) 2022/1164 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón bhFrainc (EGF/2022/001 FR/Air France)
Cinneadh (AE) 2022/1164 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón bhFrainc (EGF/2022/001 FR/Air France)
IO L 179, 06/07/2022, p. 45–46
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
6.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 179/45 |
CINNEADH (AE) 2022/1164 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Meitheamh 2022
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón bhFrainc (EGF/2022/001 FR/Air France)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 9 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is iad cuspóirí an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, sin agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir. |
(2) |
Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018) faoi mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3). |
(3) |
An 21 Eanáir 2022, chuir an Fhrainc iarratas isteach chun CED a shlógadh, iarratas i leith iomarcaíochtaí oibrithe in Air France sa Fhrainc. Bhí faisnéis bhreise ann mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Comhlíontar san iarratas sin na coinníollacha le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 17 742 607 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Fhrainc isteach. |
(5) |
Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2022, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh chun méid EUR 17 742 607 a sholáthar ina leithreasuithe i gcomhair gealltanas agus ina leithreasuithe íocaíochta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 23 Meitheamh 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meitheamh 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
F. RIESTER
(1) IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).