This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0039
Commission Implementing Decision (EU) 2022/39 of 12 January 2022 laying down rules on the format and timetables for the submission of national work plans and annual reports on data collection in the fisheries and aquaculture sectors, and repealing Implementing Decisions (EU) 2016/1701 and (EU) 2018/1283
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/39 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2022 lena leagtar síos rialacha maidir leis an bhformáid agus na tráthchláir i dtaca le cur isteach pleananna oibre náisiúnta agus tuarascála bliantúla a bhaineann le bailiú sonraí in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1701 agus (AE) 2018/1283
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/39 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2022 lena leagtar síos rialacha maidir leis an bhformáid agus na tráthchláir i dtaca le cur isteach pleananna oibre náisiúnta agus tuarascála bliantúla a bhaineann le bailiú sonraí in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1701 agus (AE) 2018/1283
C/2022/44
IO L 8, 13/01/2022, p. 142–186
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
13.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 8/142 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/39 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Eanáir 2022
lena leagtar síos rialacha maidir leis an bhformáid agus na tráthchláir i dtaca le cur isteach pleananna oibre náisiúnta agus tuarascála bliantúla a bhaineann le bailiú sonraí in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1701 agus (AE) 2018/1283
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 6(5) agus Airteagal 11(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) ar na Ballstáit bailiú a dhéanamh ar na sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha a theastaíonn le haghaidh bainistiú iascaigh. |
(2) |
De réir Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2017/1004, tá na Ballstáit leis na sonraí sin a bhailiú faoi chuimsiú plean oibre náisiúnta. Na pleananna sin, atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin faoi 15 Deireadh Fómhair na bliana roimh an mbliain óna mbeidh feidhm acu, tá siad le tarraingt suas i gcomhréir le clár ilbhliantúil an Aontais maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe (“clár ilbhliantúil AE”). |
(3) |
Le clár ilbhliantúil AE foráiltear maidir le Cinneadh Tarmligthe (AE) 2021/1167 ón gCoimisiún (3) agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1168 ón gCoimisiún (4). |
(4) |
De réir Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2017/1004, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, le formáid agus le tráthchláir chun na pleananna oibre sin a chur isteach. |
(5) |
Is iomchuí formáid na bpleananna oibre náisiúnta a leagan síos, i gcomhréir leis na ceanglais sonraí a leagtar síos i gclár ilbhliantúil AE. Chun go n-áiritheofar comhlíontacht leis an sprioc-am maidir le cur isteach pleananna oibre náisiúnta is infheidhme i leith na tréimhse ó 2022, is é sin an 15 Deireadh Fómhair 2021, cuireadh an fhormáid dá bhforáiltear sa Chinneadh seo ar fáil do na Ballstáit an 19 Iúil 2021 agus chomhaontaigh na Ballstáit a bpleananna oibre a chur isteach bunaithe ar an bhformáid sin. |
(6) |
Mheaitseáladh tréimhse bhailíochta na bpleananna oibre tréimhse chlár ilbhliantúil AE. Ní rachaidh an clár ilbhliantúil AE atá ann faoi láthair i léig ar dháta ar leith, dá bhrí sin, ba cheart tréimhse bhailíochta na bpleananna oibre náisiúnta a leagan síos sa Chinneadh seo. Ba cheart tréimhse 3 go 6 bliana ag tosú an 1 Eanáir 2022 a chumhdach leis na chéad phleananna oibre náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh seo, chun an chobhsaíocht is gá maidir le bailiú sonraí a sholáthar. Níor cheart an tréimhse iarratais le haghaidh pleananna oibre náisiúnta aonair nó pleananna oibre náisiúnta leanúnacha dul thar an 31 Nollaig 2027, chun ailíniú le clárthréimhse Rialachán (AE) 2021/1139 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (5). |
(7) |
De réir Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2017/1004, tá na Ballstáit le tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin i ndáil le cur chun feidhme a bpleananna oibre náisiúnta um bailiú sonraí in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, le formáidí agus le tráthchláir a bhaineann leis na tuarascálacha sin a chur faoina bhráid agus a fhormheas. |
(8) |
Is iomchuí formáid na dtuarascálacha bliantúla a leagan síos i gcomhréir leis na ceanglais sonraí a leagtar síos i gclár ilbhliantúil AE. Ós rud é go bhfuil tuarascálacha bliantúla agus na pleananna oibre náisiúnta bunaithe ar an bhformáid chéanna, ba cheart do na Ballstáit an fhormáid sin a úsáid chun tuairisciú a dhéanamh i ndáil le cur chun feidhme a bpleananna oibre náisiúnta a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022. |
(9) |
Ós rud é go bhfuil tuarascálacha bliantúla agus na pleananna oibre náisiúnta bunaithe ar an bhformáid chéanna, ba cheart do na Ballstáit an fhormáid ó Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1283 ón gCoimisiún (6) a úsáid chun tuairisciú i ndáil le cur chun feidhme a bpleananna oibre náisiúnta a bheidh i bhfeidhm don bhliain 2021. |
(10) |
Chun gur féidir torthaí na bpleananna oibre náisiúnta a nochtadh go tráthúil agus sonraí a sholáthar go tráthúil d’úsáideoirí deiridh, ba cheart an sprioc-am maidir le tuarascálacha bliantúla a chur isteach a shocrú mar 31 Bealtaine na bliana tar éis na bliana inar cuireadh an plean oibre chun feidhme. |
(11) |
Chuir an Coimisiún san áireamh na moltaí a rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (7). Chuathas i gcomhairle freisin le hionadaithe ó na Ballstáit a tháinig le chéile i sainghrúpaí tiomnaithe. |
(12) |
Le Cinntí Chur Chun Feidhme (AE) 2016/1701 (8) agus (AE) 2018/1283 ón gCoimisiún leagtar síos na rialacha maidir le pleananna oibre náisiúnta agus tuarascálacha bliantúla a chur isteach i gcomhréir le ceanglais sonraí an chláir ilbhliantúil AE a bhí ann roimhe. Ba cheart na Cinntí sin a aisghairm, mar go bhforáiltear sa Cinneadh seo maidir leis na rialacha chun na pleananna agus na tuarascálacha sin a chur isteach i gcomhréir leis na ceanglais sonraí nua. |
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Iascach agus Dobharshaothrú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus tréimhse iarratais na bpleananna oibre
1. Formáid na bpleananna oibre náisiúnta um bailiú i gcomhréir le clár ilbhliantúil de chuid an Aontais maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus san earnáil dobharshaothraithe (“clár ilbhliantúil AE”) a bhunaítear le Cinneadh Tarmligthe (AE) 2021/1167 ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1168 ón gCoimisiún, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
2. Leis na chéad phleananna oibre náisiúnta, cumhdófar íosthréimhse 3 bliana agus uastréimhse 6 bliana, ag tosú an 1 Eanáir 2022 agus ag críochnú, ar a dhéanaí, an 31 Nollaig 2027. Críochnóidh an tréimhse iarratais le haghaidh aon phlean oibre náisiúnta leanúnach ar a dhéanaí, an 31 Nollaig 2027.
Airteagal 2
Ábhar agus sprioc-am chun tuarascálacha bliantúla a chur isteach
1. Cuirfear isteach tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme pleananna oibre um bailiú sonraí i gcomhréir le clár ilbhliantúil AE i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
2. Cuirfidh na Ballstáit isteach, faoin 31 Bealtaine gach bliain, na tuarascálacha bliantúla a bhaineann le cur chun feidhme pleananna oibre um bailiú sonraí sa bhliain féilire roimhe sin.
Airteagal 3
Aisghairm Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1701 agus (AE) 2018/1283
1. Aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1701 agus (AE) 2018/1283.
2. Faoin 31 Bealtaine 2022, cuirfidh na Ballstáit isteach tuarascálacha bliantúla bunaithe ar an bhformáid ó Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1283 ón gCoimisiún.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 157, 20.6.2017, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3) Cinneadh Tarmligthe (AE) 2021/1167 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2021 lena mbunaítear an clár ilbhliantúil Aontais maidir le bailiú agus bainistiú sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha in earnáil an iascaigh agus san earnáil dobharshaothraithe ó 2022 (IO L 253, 16.7.2021, lch. 51).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1168 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2021 lena mbunaítear liosta na suirbhéanna taighde sainordaitheacha ar muir agus na dtairseacha sainordaitheacha mar chuid de chlár ilbhliantúil an Aontais maidir le bailiú agus bainistiú na sonraí in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe ó 2022 (IO L 253, 16.7.2021, lch. 92).
(5) Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (IO L 247, 13.7.2021, lch. 1).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1283 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2018 lena leagtar síos rialacha maidir leis an bhformáid agus na tráthchláir i ndáil leis na tuarascálacha bliantúla um bailiú sonraí a chur isteach in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 242, 26.9.2018, lch. 1).
(7) STECF 19-03, 20-01 tuarascálacha EWG 19-12, 20-16, 20-18 (nasc chuig an bhfoilseachán).
(8) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1701 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2016 lena leagtar síos rialacha maidir leis an bhformáid chun pleananna oibre um bailiú sonraí a chur isteach in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 260, 27.9.2016, lch. 153).
IARSCRÍBHINN
I – Formáid na bpleananna oibre agus na dtuarascálacha bliantúla
I.1 Prionsabail ghinearálta maidir leis an leagan amach agus an dréachtú
Sna pleananna oibre agus sna tuarascálacha bliantúla tá faisnéis arna grúpáil i dtáblaí agus i mboscaí téacs. Liostaítear na táblaí agus na boscaí téacs sin san iarscríbhinn seo, agus tugtar tuairisc inti ar a réimsí.
I gcás nach dtugann Ballstát faoi bhailiú sonraí in earnálacha faoi chumhdach ag táblaí nó ag boscaí téacs áirithe, níl sé d’oibleagáid ar an mBallstát sin na táblaí ná na boscaí téacs comhfhreagracha a chur isteach sa phlean oibre (PO) ná sa tuarascáil bhliantúil (TB). Trí (Y/N) a chur i dtábla achoimre an PO, léireoidh na Ballstáit cé acu táblaí agus boscaí téacs a áirítear (Y) agus cé acu díobh nach n-áirítear (N).
Is leis na tuarascálacha bliantúla amháin a bhaineann na ranna sna táblaí agus sna boscaí téacs atá faoi scáth liath. Baineann na codanna eile leis na pleananna oibre agus ní mór iad a chóipeáil gan athrú a dhéanamh orthu sa tuarascáil bhliantúil ábhartha. Ba cheart colúin ina bhfuil foirmlí a líonadh isteach go huathoibríoch.
I.2 An tuarascáil bhliantúil a thiomsú
Maidir leis an bhfaisnéis ó phleananna oibre na mBallstát a glacadh, déanfaidh na Ballstáit í a aistriú ar dtús chuig gach tábla agus gach bosca téacs comhfhreagrach sa tuarascáil bhliantúil, agus ansin líonfaidh siad isteach na colúin bhreise a bhfuil dath liath orthu.
Agus an tuarascáil bhliantúil á tiomsú ag na Ballstáit, ní dhéanfaidh siad eagarthóireacht ar aon luach i dtáblaí ná i mboscaí téacs a thagann óna bpleananna oibre a bhfuil glacadh leo, cé is moite den mhéid seo a leanas:
— |
Tábla 1.2: féadfar cruinnithe nach n-áirítear sa phlean oibre a chur isteach i ndeireadh an tábla mar rónna breise, iad aibhsithe faoi dhath liath. |
— |
Tábla 1.3: féadfar comhaontuithe nach n-áirítear sa phlean oibre a chur isteach i ndeireadh an tábla mar rónna breise, iad aibhsithe faoi dhath liath. |
— |
Tábla 2.1: féadfar speicis nach n-áirítear sa phlean oibre a chur isteach i ndeireadh an tábla mar rónna breise, iad aibhsithe faoi dhath liath. |
— |
Tábla 2.2: féadfar speicis, paraiméadair nó scéimeanna samplála nua nach n-áirítear sa phlean oibre a chur isteach i ndeireadh an tábla mar rónna breise, iad aibhsithe faoi dhath liath. |
— |
Tábla 2.5: féadfar scéimeanna samplála nó creataí nua nach n-áirítear sa phlean oibre a chur isteach i ndeireadh an tábla mar rónna breise, iad aibhsithe faoi dhath liath. |
Níl feidhm ag Tábla 1.4 ach amháin maidir leis an tuarascáil bhliantúil. Úsáidfidh na Ballstáit é lena shonrú cén obair leantach a dhéanfaidh siad i dtaca leis na moltaí agus leis na comhaontuithe a bhaineann leis na sonraí arna mbailiú faoin gCreat maidir le Bailiú Sonraí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.
I gcás inar gá, tabharfaidh na Ballstáit míniú ar dhiallta ón bplean oibre sna “ráitis TB” ábhartha sna táblaí, agus sna boscaí téacs sa tuarascáil bhliantúil. Sna boscaí téacs, sonrófar na gníomhaíochtaí a dhéanfar sa chaoi nach mbeidh diallta ón bplean oibre ann amach anseo.
I.3 Ainmniú agus códú comhleanúnach, comhlíontacht le coinbhinsiúin
Cuirfidh na Ballstáit ainmniú agus códú comhsheasmhach i bhfeidhm maidir le trealaimh, le speicis, le hiascaigh, agus le láithreacha iascaireachta ar fud tháblaí agus bhoscaí téacs na bpleananna oibre agus na dtuarascálacha bliantúla.
I gcás inarb infheidhme, úsáidfidh na Ballstáit cóid agus ainmneacha ó na táblaí ábhartha sna hiarscríbhinní a ghabhann le cinntí an chláir ilbhliantúil AE agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear na cinn sin a chomhaontaigh grúpaí um chomhordú réigiúnach.
Má oibríonn Ballstát i roinnt réigiún, cuirfidh sé a ghníomhaíochtaí bailithe sonraí isteach in aghaidh an réigiúin, i gcás sonraí bitheolaíocha, agus in aghaidh an réigiúin supra, i gcás sonraí eacnamaíocha. Áirítear an srathú réigiúnach i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1168 ón gCoimisiún. Cuirfidh an Ballstát a ghníomhaíochtaí lasmuigh d’uiscí an Aontais isteach, iad grúpáilte i gcodanna réigiúnacha agus laistigh den réigiún, de réir na heagraíochta réigiúnaí iascaigh (bainistíocht) nó eagraíochta idirnáisiúnta eile. Coinneofar an dealú céanna ar bun ar fud na dtáblaí agus na mboscaí téacs sna pleananna oibre agus sna tuarascálacha bliantúla.
II – Tuairisc ar na táblaí agus na boscaí téacs
1: Faisnéis ghinearálta
Creat maidir le bailiú sonraí ar an leibhéal náisiúnta
Barúil ghinearálta: Úsáid an bosca téacs seo le tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a n-eagraítear bailiú sonraí i do Bhallstát (na hinstitiúidí lena mbaineann, sonraí teagmhála) agus na grúpaí um chomhordú réigiúnach (RCG) ina bhfuil do Bhallstát rannpháirteach. |
Tabhair breac-chuntas ar chreat ginearálta an chláir náisiúnta maidir le bailiú sonraí i ndáil leis na codanna ábhartha den chlár ilbhliantúil AE. Más infheidhme, léirigh athruithe móra modheolaíochta ar an gcur chuige le hais na bliana/na mblianta roimhe sin agus léirigh an roinn nó na ranna a bhfuil feidhm acu maidir leo. Tabhair ainm iomlán, acrainm agus sonraí teagmhála na n-institiúidí uile a chuireann leis na gníomhaíochtaí bailithe sonraí, agus tabhair tuairisc ghairid ar a ról sa phlean oibre. Tabhair nasc chuig an suíomh gréasáin náisiúnta bailithe sonraí, má tá ceann ann. (1 000 focal ar a mhéad) |
Tábla 1.1: Infhaighteacht sonraí
Nóta ginearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 6(3)(e) de Rialachán (AE) 2017/1004. Úsáid an tábla seo chun faisnéis a chur ar fáil maidir le hinfhaighteacht sonraí in aghaidh an tacair sonraí. |
|
Ainm réimse |
Tuairisc |
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an MasterCodeList. |
Réigiún |
Féach “Regions” [Réigiúin] ar an MasterCodeList. Má thagraítear leis an bhfaisnéis do na réigiúin uile, cuir isteach an cód “all regions” [gach réigiún]. |
RFMO/RFO/IO (ERBI/RFO/eagraíocht idirnáisiúnta) |
Cuir isteach acrainm na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh (ERBI), na heagraíochta réigiúnaí iascaigh (RFO) nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta (IO) a bhainistíonn an speiceas/an stoc nó a thugann comhairle maidir leis an speiceas/an stoc. Féach “RFMO/RFO/IO” ar an MasterCodeList. Mura bhfuil RFMO, RFO nó IO infheidhme, úsáid “NA” (ní bhaineann le hábhar). |
Tábla PO |
Léirigh an tábla sonrach sa phlean oibre mar aon le sonraí na sonraí comhfhreagracha. |
Tacar sonraí |
Léirigh an tacar sonraí a dtabharfar faisnéis maidir le hinfhaighteacht ina leith. Féach “Data set” [Tacar sonraí] ar an MasterCodeList. |
Fothacar sonraí |
Léirigh an fothacar a dtabharfar faisnéis ina leith maidir le hinfhaighteacht. Féach “Data subset” [Fothacar sonraí] ar an MasterCodeList. |
Ítim shonrach |
Saorthéacs más gá |
Bliain cur chun feidhme |
Léirigh an bhliain nó na blianta a gcuirfear an plean oibre chun feidhme. |
Bliain tagartha |
Léirigh an bhliain a mbaileofar sonraí ina leith (e.g. “N”, “N-1”). Is í “N” bliain an chur chun feidhme. |
Infhaighteacht na sonraí |
Léirigh cén uair a bheartaítear go mbeidh na sonraí a bailíodh i rith na bliana tagartha ar fáil. Bí chomh cruinn agus is féidir (e.g. “N+1”, “N+1-2nd quarter” [N+1-2ú ráithe] “N+1, specific date” [N+1, dáta sonrach]). |
Barúlacha PO |
Aon bharúil bhreise |
Barúil ghinearálta: Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar maidir le hinfhaighteacht na sonraí in aghaidh an tacair sonraí. Féadfar sonraí nua nach n-áirítear sa phlean oibre a chur isteach i ndeireadh an tábla mar rónna breise, iad aibhsithe faoi dhath liath. |
|
An t-am a bhí na sonraí ar fáil |
Léirigh cathain a cuireadh na sonraí ar fáil. |
Barúlacha TB |
Cuir barúlacha isteach chun aon diall ón bplean oibre a shoiléiriú. |
Tábla 1.2: Comhordú réigiúnach agus idirnáisiúnta a beartaíodh
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 7(2)(c) de Rialachán (AE) 2017/1004. Bain úsáid as an tábla seo chun faisnéis a chur ar fáil maidir leis an rannpháirtíocht bheartaithe de chuid an Bhallstáit i gcruinnithe atá ábhartha maidir le bailiú sonraí faoin gCreat maidir le bailiú sonraí. |
|
Ainm réimse |
Tuairisc |
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an MasterCodeList. |
Acrainm an chruinnithe |
Léirigh acrainm oifigiúil le haghaidh na gcruinnithe a bhfuil sé beartaithe ag do Bhallstát freastal orthu. Léirigh an cruinniú comhordaithe náisiúnta ar a laghad, fiú más rud é gur chinn do Bhallstát gan é a eagrú; gach cruinniú RCG ina bhfuil do Bhallstát rannpháirteach; cruinnithe bliantúla an RCG nach bhfuil do Bhallstát rannpháirteach iontu; an cruinniú Idirchaidrimh; cruinniú na gComhfhreagraithe Náisiúnta. Má tá roinnt cruinnithe nach féidir a phleanáil roimh an am a chuirfear an PO isteach, féadfaidh tú na cruinnithe ar ar fhreastail do Bhallstát a chur leis an TB. Léirigh sa cholún “WP comments” [barúlacha PO] más rud é nach n-eagraíonn do Bhallstát cruinniú náisiúnta nó mura nglacann siad páirt in RCG. |
Ainm an chruinnithe |
Cuir isteach ainm oifigiúil iomlán na gcruinnithe a bhfuil sé beartaithe ag do Bhallstát freastal orthu. Ná fág cealla folmha más rud é gur líon tú an colún “Acrainm an chruinnithe”. Léirigh sa cholún “WP comments” [barúlacha PO] más rud é nach n-eagraíonn tú cruinniú náisiúnta nó mura nglacann siad páirt in RCG. |
RFMO/RFO/IO (ERBI/RFO/IO) |
Cuir isteach acrainm na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh (ERBI), na heagraíochta réigiúnaí iascaigh (RFO) nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta (IO) a bhainistíonn an speiceas/an stoc nó a thugann comhairle maidir leis an speiceas/an stoc. Féach “RFMO/RFO/IO” ar an MasterCodeList. Mura bhfuil RFMO, RFO nó IO infheidhme, úsáid “NA” (ní bhaineann le hábhar). |
Barúlacha faoi PO |
Aon bharúil eile. |
Barúil ghinearálta: Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar maidir leis an líon cruinnithe a bhaineann leis an gCreat maidir le bailiú sonraí ar fhreastal siad orthu. Féadfar cruinnithe nua nach n-áirítear sa phlean oibre a chur isteach i ndeireadh an tábla mar rónna breise, iad aibhsithe faoi dhath liath. |
|
Líon rannpháirtithe BS |
Léirigh an líon rannpháirtithe ó do Bhallstát in aghaidh an chruinnithe. Cuir isteach “0” más rud é nach raibh aon rannpháirtí i láthair ag an gcruinniú. |
Barúlacha TB |
Cuir barúlacha isteach chun aon diall ón bplean oibre a shoiléiriú. |
Tábla 1.3: Comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 6(3)(f) de Rialachán (AE) 2017/1004. Úsáid an tábla seo chun faisnéis a sholáthar faoi chomhaontaithe le Ballstáit eile agus faoin mbealach ina gcomhlíontar oibleagáidí idirnáisiúnta. Ná liostaigh ach na comhaontuithe reatha agus na comhaontuithe a beartaíodh amháin. Más rud é go dtéann comhaontú in éag le linn tréimhse faoi chumhdach ag an PO, marcáil go bhfuil sé “in éag” sna “AR comments” le haghaidh na bliana nach bhfuil sé i bhfeidhm a thuilleadh. |
|
Ainm réimse |
Tuairisc |
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an “MasterCodeList”. Cuir isteach gach Ballstát atá rannpháirteach i gcomhaontú. Il-iontrálacha ar leith le leathstad. |
Ainm an Chomhaontaithe |
Léirigh ainm an chomhaontaithe. Ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann an t-ainm céanna a úsáid le haghaidh an chomhaontaithe chéanna. |
Teagmhálaithe |
Tabhair ainm agus seoladh ríomhphoist an chomhfhreagraí náisiúnta ó gach Ballstát atá rannpháirteach sa chomhaontú. |
Inneachar |
Tabhair tuairisc ghairid ar aidhm agus ar inneachar an chomhaontaithe. Déan tagairt iomlán gan débhrí nó cuir ar fáil nasc bailí chuig doiciméadú an chomhaontaithe, i gcás inarb ábhartha, i gcolún na “WP comments” [barúlacha PO). |
Comhordú |
Tabhair tuairisc ghairid ar an gcaoi a ndéantar an comhordú nó ar an gcaoi a ndéanfar é agus ar an té a dhéanann nó a dhéanfaidh é. |
Tuairisc ar an tsampláil/ar an bprótocal samplála/ar an déine samplála |
Tabhair tuairisc ghairid ar an tsampláil atá le déanamh faoin gcomhaontú. |
Tarchur sonraí |
Léirigh cén Ballstát atá freagrach nó a bheidh freagrach as an tacar sonraí sin a chur isteach. |
Rochtain ar shoithí |
Léirigh le (Y/N) [tuigtear/ní thuigtear] más rud é go dtuigtear ón gcomhaontú aon chineál rochtana ar shoithí comhpháirtithe eile a bheith i gceist. Más rud é go dtuigtear rochtain a bheith i gceist, sonraigh é sin (bordáil, samplaí a roinnt le linn a dtabhairt i dtír etc.) sa cholún “WP comments” [barúlacha PO]. |
Bailíocht |
Léirigh an bhliain ina dtéann an comhaontú in éag nó an bhliain a síníodh an comhaontú nó an bhliain ina síneofar an comhaontú, más rud é go gcuirtear síneadh leis go huathoibríoch gach bliain. |
Barúlacha PO |
Aon bharúil eile. |
Barúil ghinearálta: Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar maidir le hathruithe ar chomhaontuithe leanúnacha. Féadfar comhaontuithe nua nach n-áirítear sa phlean oibre a chur isteach i ndeireadh an tábla mar rónna breise, iad aibhsithe faoi dhath liath. |
|
Barúlacha TB |
Cuir isteach barúlacha más rud é go ndearnadh aon athrú ar na comhaontuithe i rith na bliana cur chun feidhme. Úsáid “ongoing” [leanúnach] má tá an comhaontú oibríochtúil fós; “obsolete” [in éag] mura bhfuil sé i bhfeidhm a thuilleadh; “new” [nua] más rud é gur cuireadh an comhaontú leis. |
Tábla 1.4: Obair leantach a dhéanamh i dtaca le moltaí agus le comhaontuithe
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 6(3)(g) de Rialachán (AE) 2017/1004. Úsáid an tábla seo chun faisnéis a sholáthar ar an mbealach a bhfuil do Bhallstát ag beartú na moltaí agus na comhaontuithe a bhaineann le bailiú sonraí faoin gCreat Um Bailiú Sonraí a chomhlíonadh ar an leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta agus ar an mbealach a gcomhlíontar oibleagáidí Eorpacha agus idirnáisiúnta. |
|
Ainm réimse |
Tuairisc |
MS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an MasterCodeList. |
Réigiún |
Féach “Regions” [Réigiúin] ar an MasterCodeList. Má thagraítear leis an bhfaisnéis do na réigiúin uile, cuir isteach an cód “all regions” [gach réigiún]. |
RFMO/RFO/IO (ERBI/RFO/IO) |
Cuir isteach acrainm na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh (ERBI), na heagraíochta réigiúnaí iascaigh (RFO) nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta (IO) a bhainistíonn an speiceas/an stoc nó a thugann comhairle maidir leis an speiceas/an stoc. Féach “RFMO/RFO/IO” ar an MasterCodeList. Mura bhfuil RFMO, RFO nó IO infheidhme, cuir isteach “NA” (ní bhaineann le hábhar). |
Foinse an mholta/an chomhaontaithe |
Léirigh foinse an mholta mar acrainm de Ghrúpa um Chomhordú Réigiúnach (RCG) ábhartha, de Chruinniú Idirchaidrimh (LM) ábhartha, de Mheitheal Saineolaithe STECF (EWG) ábhartha, e.g. “LM 2020”, “STECF EWG 20-08”. |
Roinn de chuid an chláir ilbhliantúil AE |
Léirigh cén mhír ón Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE lena mbaineann an moladh (e.g. 1. Prionsabail ghinearálta, 5. Sonraí socheacnamaíocha faoi iascaigh, etc.). Más rud é go mbaineann moladh le roinnt rann, léirigh iad go léir. Más rud é go mbíonn feidhm ag moladh maidir le gach roinn de chuid an chláir ilbhliantúil AE, cuir isteach “all” [gach ceann]. |
Topaic |
Cuir in iúl an t-ábhar lena mbaineann an moladh, e.g. “Cáilíocht sonraí”, “Suirbhéanna” etc. |
Uimhir an mholta |
Más infheidhme, léirigh uimhir an mholta ar leith. Seachas sin, cuir isteach “NA”. |
Moladh/Comhaontú |
Ná déan tagairt ach amháin do na moltaí agus do na comhaontuithe is infheidhme maidir le do Bhallstát. Ní gá moltaí ná comhaontuithe a liostú mura mbaineann siad le do Bhallstát (e.g. maidir le Téarmaí Tagartha na ngrúpaí saineolaithe, maidir leis na bearta atá le déanamh ag an gCoimisiún, etc.). Maidir le comhaontuithe, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann an tuairisc chéanna a úsáid le haghaidh an chomhaontaithe chéanna. |
Bearta leantacha |
Tabhair tuairisc ghairid ar na bearta leantacha a rinneadh nó atá le déanamh. |
Barúlacha TB |
Aon bharúil eile. |
Bosca Téacs 1a: Tuairisc ar staidéir tástála
Barúil ghinearálta: Leis an mbosca téacs seo comhlíontar Caibidil II, pointe 1.2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. |
||||||
(900 focal ar a mhéad in aghaidh an staidéir) |
||||||
Tuairisc ghairid ar na torthaí (lena n-áirítear diallta ón bplean agus cúiseanna leis na diallta sin). Na torthaí a measadh a bheadh ar an staidéar a bhaint amach agus murar baineadh amach iad, na cúiseanna leis sin. Torthaí an staidéir a ionchorprú sa tsampláil rialta a dhéanann an mBallstát. (900 focal ar a mhéad in aghaidh an staidéir) |
Bosca Téacs 1b: Gníomhaíochtaí bailithe sonraí eile
Barúil ghinearálta: Úsáid an bosca téacs seo chun faisnéis a thabhairt faoi ghníomhaíochtaí bailithe sonraí eile a bhaineann le do chlár oibríochtúil CEMID agus ar gá iad a áireamh sa phlean oibre agus sa tuarascáil bhliantúil. Tabhair tuairisc ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gCreat um Bailiú Sonraí ach a chomhlíonann cuspóirí faoi thosaíochtaí eile de chuid CEMID, amhail eolas muirí, nó gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gCreat um Bailiú Sonraí, ach nach bhfuil nasc díreach acu le ceanglais shonracha an chláir ilbhliantúil AE ná le táblaí teimpléid PO, amhail iascaigh fionnuisce. Is féidir staidéir shonracha aonuaire a áireamh freisin i dtaca le sainriachtanais úsáideora deiridh, i gcás inar staidéir iad nach mbaineann leis an ngnáthbhailiú sonraí. |
||||||
(900 focal ar a mhéad in aghaidh na gníomhaíochta) |
||||||
Tuairisc ghairid ar na torthaí (lena n-áirítear diallta ón bplean agus cúiseanna leis na diallta sin). Na torthaí a measadh a bheadh ann a bhaint amach agus murar baineadh amach iad, na cúiseanna leis sin. Obair leantach maidir leis na gníomhaíochtaí (cad iad na chéad chéimeanna eile, conas a úsáidfear na torthaí). (900 focal ar a mhéad in aghaidh na gníomhaíochta) |
2: Sonraí bitheolaíocha
Tábla 2.1: Liosta na speiceas/stoc a cheanglaítear
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 5(2)(a), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 2.1(a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá sé beartaithe leis an tábla seo sonrú a dhéanamh ar na sonraí lena mbailiú faoi Thábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Úsáid an tábla seo chun forbhreathnú a thabhairt ar bhailiú sonraí ar leibhéal an limistéir/stoic. Gach aonán a ndéanfar sampláil orthu, déanfar é a aithint ar leibhéal na speiceas agus tógfar a thomhas faid, i gcás inar féidir. Sonraí bitheolaíocha eile seachas an fad, sonraítear iad i dTábla 2.2, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh sonraí arna mbailiú faoi na suirbhéanna ar muir san áireamh iontu. |
|
Ainm réimse |
Tuairisc |
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an “MasterCodeList”. |
Tréimhse thagartha |
Léirigh an bhliain/na blianta dá dtagraíonn na sonraí go hiarbhír. Roghnaigh na 3 bliana ionadaíocha is déanaí roimh an gcéad bhliain den tréimhse PO (ní gá tréimhse thagartha a thabhairt cothrom le dáta laistigh den tréimhse PO) a bhfuil sonraí ar fáil ina leith. Tabhair na blianta tagartha san fhormáid “2018-2020”, mar shampla. I gcás ina bhfuil an tréimhse thagartha éagsúil leis na 3 bliana is déanaí, déan í a shoiléiriú sa cholún dar teideal “WP comments” [barúlacha PO]. |
Réigiún |
Féach “Regions” [Réigiúin] ar an MasterCodeList. Má thagraítear leis an bhfaisnéis do na réigiúin uile, cuir isteach an cód “all regions” [gach réigiún]. |
RFMO/RFO/IO (ERBI/RFO/IO) |
Cuir isteach acrainm na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh (ERBI), na heagraíochta réigiúnaí iascaigh (RFO) nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta (IO) a bhainistíonn an speiceas/an stoc nó a thugann comhairle maidir leis an speiceas/an stoc. Féach “RFMO/RFO/IO” ar an MasterCodeList. Mura bhfuil RFMO, RFO ná IO infheidhme, cuir isteach “NA” (ní bhaineann le hábhar). |
Speicis |
Léirigh ainm eolaíoch na speiceas/stoc ar fad a liostaítear i dTábla 1 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE, le haghaidh gach réigiúin agus limistéir ina mbíonn cabhlach iascaireachta do Bhallstáit ag obair. Nuair is i gcomhréigiún a oibríonn an cabhlach (e.g. an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh), liostaigh gach speiceas le haghaidh an réigiúin sin. Féadfaidh tú rónna breise a chur leis, ag an deireadh, i gcás speiceas nó stoic nach n-áirítear i dTábla 1 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE, ar speicis nó ar stoic iad a dteastaíonn sampláil ó do Bhallstát ina leith, ó do RFMOnna, nó a n-aontaítear sampláil ina leith ar leibhéal an réigiúin mhuirí. Tabhair údar leis an méid sin a bheith curtha san áireamh sa cholún “WP comments” [barúlacha PO]. |
Limistéar |
Léirigh an limistéar le haghaidh an speicis/stoic a luaitear, i gcomhréir le colún 3 de Thábla 1 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. |
Meánlíon na dteagmhas tabhairt i dtír le linn na mblianta tagartha (tonaí) |
Cuir isteach meánlíon na dteagmhas tabhairt i dtír in aghaidh na bliana i dtréimhse thagartha na staidreamh i gcás gach speicis agus stoic. Más rud é nach dtugtar an speiceas i dtír ar chor ar bith, cuir isteach “None” [níl aon cheann] Tabhair líon cruinn na dtonaí gan suímh dheachúla. |
Foinse na sonraí a úsáidtear le haghaidh teacht i dtír meánach náisiúnta |
Cuir isteach foinse na sonraí le haghaidh teacht i dtír meánach náisiúnta. Féach “Data source” [Foinse sonraí] ar an MasterCodeList. |
TAC an Aontais (más ann dó) (%) |
Níl feidhm aige ach amháin maidir le stoic atá faoi réir na rialachán maidir le TAC agus le cuóta. Cuir isteach “None” [Níl aon cheann], mura bhfuil sciar ag do Bhallstát i TAC an Aontais i dtaca leis an stoc lena mbaineann. Cuir isteach céatadán an sciar (luach idir 0 agus 100) más rud é go bhfuil sciar ag do Bhallstát i TAC an Aontais i dtaca leis an stoc lena mbaineann. Más rud é go dtagraíonn an TAC do theaglaim roinnt speiceas, cuir isteach céatadán an sciar den TAC i gcás gach speicis agus léirigh an teaglaim sa cholún “WP comments” [barúlacha PO]. I gcás malartú cuótaí suntasach (níos mó ná 50 % den sciar TAC), léirigh toirt an mhalartaithe sa cholún “WP comments” [Barúlacha PO]. Cuir isteach “NA” [ní bhaineann le hábhar] mura bhfuil an stoc á bhainistiú ag TAC. Sa chás sin, líon isteach an colún “Share (%) in EU landings” [Sciar (%) i dteacht i dtír an Aontais]. |
Sciar (%) i dteacht i dtír an Aontais |
Baineann sé seo leis na stoic uile nach bhfuil TACanna sainithe ina leith (fós). Cuir isteach “None” [Níl aon cheann], mura bhfuil teacht i dtír ag do Bhallstát i dtaca leis an stoc lena mbaineann. Cuir isteach céatadán an sciar (luach idir 0 agus 100) más rud é go bhfuil teacht i dtír ag do Bhallstát i dtaca leis an stoc lena mbaineann. |
Foinse na sonraí a úsáidtear le haghaidh teacht i dtír an Aontais |
Cuir isteach foinse na sonraí le haghaidh teacht i dtír an Aontais. Féach “Data source” [Foinse na sonraí] ar an MasterCodeList. |
Rialacha tairsí a úsáidtear |
Léirigh cé na rialacha tairsí is infheidhme, i gcás nach roghnaítear speiceas lena shampláil. I gcás speiceas a roghnaítear lena sampláil, cuir isteach “None” [Níl aon cheann]. I gcás speicis dhiadromacha, cuir isteach “None” [Níl aon cheann], toisc nach bhfuil feidhm ag aon tairseach maidir leo faoin gclár ilbhliantúil AE. Úsáid an t-ordlathas rialacha: 1) “TAC < 10 %”, 2) “Landings < 10 %” [Teacht i dtír< 10 %], 3) “Landings < 200t” [Teacht i dtír< 200t]. Mura bhfuil aon teacht i dtír/ghabháil ag do Bhallstát i “limistéar*speicis” áirithe, cuir isteach “Landings < 200 t” [Gabhálacha < 200 t]. Féach “Threshold rules used” [Na rialacha tairsí a úsáidtear] ar an MasterCodeList. |
Comhaontú maidir le comhordú réigiúnach ar leibhéal an stoic |
Cuir isteach “Y” (tá) nó “N” (níl) más rud é go bhfuil comhaontú réigiúnach ann maidir leis an stoc a shampláil. Má tá comhaontú réigiúnach ann, déan tagairt d’ainm an chomhaontaithe i dTábla 1.3. Más rud é go bhfuil feidhm ag scéimeanna samplála ilspeiceas éagsúla maidir leis an stoc céanna agus nach bhfuil comhordú réigiúnach déanta ar gach ceann díobh, tabhair míniú air sin sa cholún “WP comments” [barúlacha PO]. |
Faoi chumhdach ag scéim samplála tráchtála le haghaidh faid |
Cuir isteach “Y” (tá) nó “N” (níl) más rud é go bhfuil an speiceas/stoc faoi chumhdach ag sampláil tráchtála le haghaidh faid. Meastar stoc a bheith faoi chumhdach ag sampláil más rud é gur seoladh struchtúir faid chuig úsáideoirí deiridh go rialta le linn na 3 bliana roimhe, nó más rud é go bhfuil sé faoi chumhdach ag Creat samplála nua maille le plean chun an struchtúr faid a sheoladh chuig an RFMO/RFO/IO ábhartha sa todhchaí. |
Roghnaithe lena athróga bitheolaíocha a shampláil |
Cuir isteach “Y” (roghnaíodh) más rud é gur roghnaíodh an speiceas/stoc lena shampláil le haghaidh athróg amháin ar a laghad de Thábla 2.2 den phlean oibre, agus cuir isteach “N” (níor roghnaíodh) murar roghnaíodh é. Cinntigh go bhfuil iontráil i dTábla 2.2 le haghaidh na stoc go léir sa réimse seo atá marcáilte le “Y”. |
Barúlacha PO |
Aon bharúil eile. |
Barúil ghinearálta: Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar faoi líon na n-iasc a thomhaistear maidir le gach speiceas/stoc. Speiceas/stoc nua nach n-áirítear sa phlean oibre, féadfar é a chur isteach mar rónna breise i ndeireadh an tábla, iad aibhsithe faoi dhath liath. |
|
An líon aonán a fuarthas ó shampláil tráchtála lena dtomhas le haghaidh faid ar an leibhéal náisiúnta |
Léirigh líon iomlán na n-iasc arna dtomhas le haghaidh faid ar an leibhéal náisiúnta ó iascaigh thráchtála. |
An líon samplaí a baineadh amach ó shampláil tráchtála le haghaidh faid ar an leibhéal náisiúnta |
Léirigh an líon samplaí (aonaid samplála phríomhúla – PSUnna) ó iascaigh thráchtála óna bhfuarthas an líon aonán. Fiú i gcás nach roghnaítear speiceas le haghaidh samplála, ach ina mbailítear sonraí, cuir an líon samplaí anseo. |
Barúlacha TB |
Cuir isteach barúlacha chun soiléiriú a dhéanamh ar na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith idir an líon a fuarthas le hais an lín a rabhthas ag súil leis bunaithe ar an bprótacal. Más rud é go dtugtar barúlacha mionsonraithe i mBosca Téacs 2.1, léirigh é sin sa cholún seo. Is féidir barúlacha breise a chur isteach. |
Bosca Téacs 2.1: Liosta de na speicis/stoic a cheanglaítear
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5(2)(a), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 2.1(a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá feidhm ag an mbosca téacs seo maidir leis an tuarascáil bhliantúil agus comhlánaíonn sé Tábla 2.1. |
Diallta ón bplean oibre Liostaigh na diallta (más ann dóibh) sa bhailiú sonraí a fuarthas (fad amháin) le hais an mhéid a bhí beartaithe. Ba cheart achoimre a thabhairt sa roinn seo ar na cúiseanna ginearálta le diallta ón bplean oibre maidir leis an mbailiú sonraí a beartaíodh vs an bailiú sonraí a fuarthas, agus ba cheart barúlacha mionsonraithe maidir le diallta i dtaca le speicis/stoic áirithe a áireamh sa cholún “AR comments” [barúlacha TB] i dTábla 2.1. Gníomhaíochtaí chun diallta a sheachaint Tabhair tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bhreithneofar/a rinneadh chun diallta a sheachaint amach anseo agus ar an uair a mheastar a bheidh éifeacht ag na gníomhaíochtaí sin. Murab ann d’aon diall, ní bhaineann an roinn seo le hábhar. (Bosca téacs amháin 1 000 focal ar a mhéad in aghaidh an réigiúin/RFMO/RFO/IO) |
Tábla 2.2: Pleanáil na samplála le haghaidh athróga bitheolaíocha
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 5(2)(a), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 2.1(a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá sé beartaithe leis an tábla seo sonrú a dhéanamh ar shonraí bitheolaíocha (seachas fad) lena mbailiú faoi Thábla 1 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Maidir leis na speicis a liostaítear sa tábla seo, taispeánfar athróga bitheolaíocha (aois, meáchan, cóimheas gnéis, aibíocht agus flúirse) a bhfuil sé beartaithe iad a bhailiú. Áireofar leis an tábla freisin na sonraí a bhailítear faoi na suirbhéanna ar muir a shonraítear i dTábla 2.6 agus ó iascaigh áineasa a shonraítear i dTábla 2.4. I gcás iascaigh thráchtála, ba cheart go mbeadh an tábla seo i gcomhréir le Tábla 2.1. |
|
Ainm réimse |
Tuairisc |
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an “MasterCodeList”. |
Bliain cur chun feidhme |
Léirigh an bhliain a chuirfear an ghníomhaíocht chun feidhme. Cuir isteach ró amháin in aghaidh na bliana cur chun feidhme agus cuir isteach na blianta ar fad i dtréimhse an phlean oibre. |
Réigiún |
Féach “Regions” [Réigiúin] ar an MasterCodeList. Má thagraítear leis an bhfaisnéis do na réigiúin uile, cuir isteach an cód “all regions” [gach réigiún]. |
RFMO/RFO/IO (ERBI/RFO/eagraíocht idirnáisiúnta) |
Cuir isteach acrainm na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh (ERBI), na heagraíochta réigiúnaí iascaigh (RFO) nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta (IO) a bhainistíonn an speiceas/an stoc nó a thugann comhairle maidir leis an speiceas/an stoc. Féach “RFMO/RFO/IO” ar an MasterCodeList. Mura bhfuil RFMO, RFO nó IO infheidhme, úsáid “NA” (ní bhaineann le hábhar). |
Speicis |
Léirigh ainm eolaíoch na speiceas a gceanglaítear sampláil athróg bhitheolaíoch ina leith i gcomhréir le Tábla 1 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE, i gcás gach réigiúin agus gach limistéir ina n-oibríonn cabhlach iascaireachta an Bhallstáit. Ná cuir isteach ach na speicis sin a bhfuil “Y” ag gabháil leo sa cholún “Selected for sampling of biological variables” [Roghnaithe lena shampláil le aghaidh athróg bitheolaíoch] de Thábla 2.1. |
Limistéar |
Léirigh an limistéar le haghaidh an speicis/stoic a luaitear, i gcomhréir le colún 3 de Thábla 1 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Maidir leis na sonraí a bhailítear leis na suirbhéanna ar muir (Tábla 2.6) nó sonraí a bhailítear ó iascaigh áineasa (Tábla 2.4), cuir na limistéir a chumhdaítear sa cholún “WP comments” [Barúlacha PO]. |
Athróg bhitheolaíoch |
Cuir isteach an athróg bhitheolaíoch lena bailiú. Féach “Biological Variable” [Athróg Bhitheolaíoch] ar an MasterCodeList. Ná liostaigh ach na hathróga bitheolaíocha a bhfuil sé beartaithe agat iad a bhailiú in aghaidh an speicis/stoic uair amháin ar a laghad le linn na tréimhse samplála. Mura bhfuil sé i gceist agat athróg a bhailiú ach in aon bhliain amháin, cuir “0” sa cholún “Number of individuals to sampla” [An líon aonán lena sampláil] le haghaidh blianta eile nach bhfuil aon sampláil beartaithe i gcás na hathróige sin. Cuir isteach gach athróg ar líne ar leithligh, agus ná cuir isteach athróga éagsúla sa chill chéanna. Ní fhéadfaidh tú “fad” a chur isteach mar athróg bhitheolaíoch ach i gcás iascaigh áineasa. |
Bailiú sonraí arna iarraidh ag an úsáideoir deiridh |
Léirigh le “Y” (tá) nó le “N” (níl) cé acu atá nó nach bhfuil an bailiú sonraí bunaithe ar iarraidh ón úsáideoir deiridh. Maidir le sonraí atá sainordaitheach faoin gclár ilbhliantúil AE, is féidir a bheith ag súil leis gurb é “Y” an réamhshocrú. I gcás sonraí breise, cuir isteach “Y” (e.g. toisc cineál áirithe bailithe sonraí a bheith á iarraidh ag comhlacht náisiúnta nó ag RCG) nó “N” (e.g. i gcás ina meastar go bhféadfaí úsáid a bhaint as an mbailiú sonraí amach anseo). |
Cineál breathnóireachta |
Léirigh an cineál gníomhaíochta breathnóireachta a úsáidtear chun sonraí a bhailiú le haghaidh an chineáil shonraithe scéime samplála. Féach “Observation type” [Cineál breathnóireachta] ar an MasterCodeList. |
Cineál scéime samplála |
Cuir isteach an cineál scéime samplála a úsáidtear. Féach “Sampling scheme type” [Cineál scéime samplála] ar an MasterCodeList. Ba cheart don tagairt do chineálacha scéime samplála a bheith comhsheasmhach ar fud na dtáblaí ina bhfuil an colún sin. Ba cheart gach cineál scéime samplála a thuairisciú i ró ar leithligh. Maidir le suirbhéanna taighde sainordaitheacha ar muir, ná tuairiscítear ach scéimeanna samplála na bpríomh-spriocspeiceas de réir mar a liostaítear i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE. |
Aitheantóir scéime samplála |
Tabhair ainm uathúil (téacs saor) chun gach teaglaim de “Observation type” [Cineál breathnóireachta] * “Sampling scheme type” [Cineál scéime samplála] a shainaithint. Úsáid an tagairt chéanna sna boscaí téacs agus in Iarscríbhinn 1.1. Maidir le suirbhéanna taighde sainordaitheacha ar muir, úsáid an t-acrainm ó Thábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE – féach “Mandatory survey at sea” [Suirbhé sainordaitheach ar muir] ar an MasterCodeList. Má shamplálann Ballstát eile teacht i dtír do Bhallstáit faoi chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach, cuir ró eile sa tábla seo lena dtagraítear d’aitheantóir scéime samplála an Bhallstáit eile. |
Sampláil faille (O) nó sampláil bheartaithe (P) |
Má bhaineann an líon aonán a ndearnadh sampláil orthu le scéimeanna samplála in 2.4, 2.5 nó 2.6, cuir isteach “O” (“opportunistic” [sampláil faille]) agus ná cuirtear aon fhigiúr (“N/A”) sa cholún “Number of individuals to sampla” [An líon aonán lena sampláil]. Má bhaineann an líon aonán a ndearnadh sampláil orthu le scéim samplála ar leith le haghaidh athróga bitheolaíocha, cuir isteach “P” (“planned” [sampláil bheartaithe]) agus tabhair figiúr sa cholún “Number of individuals to sampla” [An líon aonán lena sampláil]. |
An líon aonán lena sampláil |
Cuir isteach “N/A” i gcás Sampláil faille (“O”), agus cuir isteach figiúr beartaithe i gcás Sampláil bheartaithe (“P”). Cuir isteach “0” i gcás nach bhfuil bailiú beartaithe le haghaidh bliain ar leith. |
Ainm an phlean oibre réigiúnaigh |
Tabhair ainm an phlean oibre réigiúnaigh atá i bhfeidhm más ann dó. Úsáid acrainm más ann do cheann. Cuir isteach “N” (níl) mura bhfuil aon phlean oibre réigiúnach i bhfeidhm. |
Barúlacha PO |
Aon bharúil eile. I gcás comhaontú déthaobhach nó iltaobhach maidir leis an athróg*stoic seo, léirigh ainm an chomhaontaithe mar atá sé i dTábla 1.3. |
Barúil ghinearálta: Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar faoin líon iasc a thomhaistear maidir le gach speiceas, limistéar, athróg bhitheolaíoch, agus scéim samplála. Speicis/athróga/scéimeanna nua nach n-áirítear sa phlean oibre, féadfar iad a chur leis mar rónna breise i ndeireadh an tábla, iad aibhsithe faoi dhath liath. |
|
An líon aonán lena sampláil a fuarthas ar an leibhéal náisiúnta |
Léirigh an líon iomlán aonán a ndearnadh sampláil orthu ar an leibhéal náisiúnta. Cuir isteach “0” mura ndearnadh aon sampláil sa bhliain tuairiscithe. I gcás sampláil faille ó shuirbhéanna taighde ar muir, féadfaidh tú “NA” a chur isteach. |
An líon samplaí a baineadh amach |
Léirigh an líon samplaí (PSU mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn 1.1) óna bhfuarthas an líon aonán. Cuir isteach “0” mura ndearnadh aon sampláil sa bhliain tuairiscithe. I gcás suirbhéanna taighde ar muir, cuir isteach “NA”. |
% d’aonáin a ndearnadh sampláil orthu ar an leibhéal náisiúnta |
Líontar an colún seo isteach go huathoibríoch le foirmle: 100 * (“Achieved number of sampled individuals at national level” [An líon aonán lena sampláil a fuarthas ar an leibhéal náisiúnta])/(“Number of individuals to sampla” [An líon aonán lena sampláil]) Ciallaíonn “N/A” [ní bhaineann le hábhar] sampláil faille nó athróg ar leith nach ndearnadh sampláil orthu. |
Léiriú má tá gá le barúlacha TB maidir leis an % d’aonáin a ndearnadh sampláil orthu a fuarthas |
Comhlánaítear an colún seo go huathoibríoch más rud é gur lú ná 90 % nó gur mó ná 150 % an neamhréiteach idir na tomhais a fuarthas agus na tomhais a beartaíodh. Marcáiltear luachanna lasmuigh den raon sin le “x” agus iarrtar ar an mBallstát barúil a sholáthar sa cholún “AR comments” [Barúlacha TB]. Féadfaidh tú an colún “AR comments” [Barúlacha TB] a chomhlánú gan an tásc freisin. Léiríonn “N/B” sampláil faille. |
Barúlacha TB |
Cuir tuairimí isteach le soiléiriú a dhéanamh ar aon diall ón bplean oibre, go háirithe má léirítear neamhréireacht i gcolún T. Má cuireadh roinnt speiceas lena sampláil sa bhliain cur chun feidhme, tabhair míniú gairid ar an gcúis. Más rud é go dtugtar barúlacha mionsonraithe i mBosca Téacs 2.2, léirigh é sin sa cholún seo. Is féidir barúlacha breise a chur isteach. |
Bosca Téacs 2.2: Sampláil a bheartú le haghaidh athróga bitheolaíocha
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5(2)(a), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 2.1(a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá feidhm ag an mbosca téacs seo maidir leis an tuarascáil bhliantúil agus comhlánaíonn sé Tábla 2.2. |
Diallta ón bplean oibre Liostaigh na diallta (má fuarthas) sa bhailiú shonraí bitheolaíocha a fuarthas (seachas faid), le hais a raibh beartaithe. Ba cheart achoimre a thabhairt sa roinn seo ar na cúiseanna ginearálta le diallta ón bplean oibre maidir leis an mbailiú sonraí a beartaíodh vs an bailiú sonraí a fuarthas, agus ba cheart barúlacha mionsonraithe maidir le diallta i dtaca le speicis/stoic áirithe a áireamh sa cholún “AR comments” [barúlacha TB] i dTábla 2.2. Gníomhaíochtaí chun diallta a sheachaint Tabhair tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bhreithneofar/a rinneadh chun diallta a sheachaint amach anseo agus ar an uair a mheastar a bheidh éifeacht ag na gníomhaíochtaí sin. Murab ann d’aon diall, ní bhaineann an roinn seo le hábhar. (Bosca téacs amháin 1 000 focal ar a mhéad in aghaidh an réigiúin/RFMO/RFO/IO) |
Tábla 2.3: Sonraí a bhailiú i dtaca le speicis dhiadromacha san fhionnuisce
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 5(2)(a), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 2.1(b) agus pointe 2.3 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Úsáid an tábla seo chun forbhreathnú a thabhairt ar na sonraí atá le bailiú ó iascaigh thráchtála agus áineasa fionnuisce agus ó iascaigh thráchtála agus áineasa intíre le haghaidh bradán, bric gheala agus eascann. Cuir isteach forbhreathnú ar na sonraí atá le bailiú ó shuirbhéanna taighde ar bhradáin, ar bhric gheala agus ar eascanna san fhionnuisce agus ar eascanna in aon ghnáthóg ábhartha, lena n-áirítear uiscí cósta. Úsáid Táblaí 2.1, 2.2 agus 2.5 chun cur síos a dhéanamh ar bhailiú sonraí maidir le speicis dhiadromacha ó iascaigh thráchtála ar muir. |
|
Ainm réimse |
Tuairisc |
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an “MasterCodeList”. |
Bliain cur chun feidhme |
Léirigh na blianta a chuirfear an ghníomhaíocht chun feidhme. Cuir isteach ró amháin in aghaidh na bliana cur chun feidhme agus cuir isteach na blianta ar fad i dtréimhse an phlean oibre. |
Réigiún |
Féach “Regions” [Réigiúin] ar an MasterCodeList. Má thagraítear leis an bhfaisnéis do na réigiúin uile, cuir isteach an cód “all regions” [gach réigiún]. |
ERBI/RFO/IO |
Cuir isteach acrainm na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh (ERBI), na heagraíochta réigiúnaí iascaigh (RFO) nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta (IO) a bhainistíonn an speiceas/an stoc nó a thugann comhairle maidir leis an speiceas/an stoc. Féach “RFMO/RFO/IO” ar an MasterCodeList. Mura bhfuil RFMO, RFO nó IO infheidhme, úsáid “NA” (ní bhaineann le hábhar). |
Speicis |
Léirigh ainm eolaíoch na speiceas. Liostaigh na speicis go léir i dTábla 3 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE, fiú i gcás nach bhfuil speiceas le fáil sa Bhallstát. |
Aonad bainistíochta/Abhainn |
Maidir le bradáin agus bric gheala, léirigh an abhainn. Maidir le heascanna, léirigh an tAonad Bainistíochta Eascann (EMU). |
Dobharlach |
Cuir isteach ainm na habhann (i gcás bradáin agus bric gheala) nó ainm an dobharlaigh eile (i gcás eascanna). |
Speicis atá le fáil sa Bhallstát |
Léirigh le “Y” (tá) nó le “N” (níl) más rud é go bhfuil an speiceas sa Bhallstát, fiú mura ndéantar é a shampláil. |
Cineál breathnóireachta |
Léirigh an cineál gníomhaíochta breathnóireachta a úsáidtear chun sonraí a bhailiú le haghaidh an chineáil shonraithe scéime samplála. Féach “Observation type” [Cineál breathnóireachta] ar an MasterCodeList. |
Cineál scéime samplála |
Cuir isteach an cineál scéime samplála a úsáidtear. Féach “Sampling scheme type” [Cineál scéime samplála] ar an MasterCodeList. Ba cheart don tagairt do chineálacha scéime samplála a bheith comhsheasmhach ar fud na dtáblaí ina bhfuil an colún sin. Ba cheart gach cineál scéime samplála a thuairisciú i ró ar leithligh. |
Aitheantóir scéime samplála |
Tabhair ainm uathúil (téacs saor) chun gach teaglaim de “Observation type” [Cineál breathnóireachta] * “Sampling scheme type” [Cineál scéime samplála] a shainaithint. Úsáid an tagairt chéanna sna boscaí téacs agus in Iarscríbhinn 1.1. |
Na cúiseanna nach ndearnadh speiceas a shampláil |
Má tá gá leis an speiceas a áireamh de réir Thábla 3 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE nó más rud é gur roghnaíodh é ar an leibhéal réigiúnach ach nár bailíodh é, léirigh an chúis/na cúiseanna nach ndearnadh an speiceas sin a shampláil, le tagairtí sonracha agus le fianaise eolaíoch nuair is iomchuí (e.g. speicis nach bhfuil sa limistéar, rialacháin/dlíthe sa tír etc.). |
Céim an tsaoil |
Léirigh cén chéim saoil de chuid an speicis (e.g. gloine, buí, airgead, muóg, brainlín, iasc fásta, etc.). Féach “Life stage” [Céim an tsaoil] ar an MasterCodeList. |
Comhaontaithe ag RCG |
Maidir le hainmniú aibhneacha agus dobharlaigh eile a bhfuil faireachán le déanamh orthu le haghaidh eascanna, bradáin agus bric gheala, déanfar sin a chomhaontú ar leibhéal RCG agus cuirfear i bhfeidhm é ar an leibhéal náisiúnta. Léirigh le “Y” (tá) nó le “N” (níl) maidir lena bhfuil moladh RCG nó comhaontú réigiúnach ann chun sampláil a dhéanamh ag láithreáin samplála sonraithe. |
Bailiú sonraí iascaigh/neamhspleách |
Léirigh cé acu is ó ghabhálacha tráchtála nó áineasa (F = iascach) nó ó fhoinsí eile a thagann na sonraí (I = neamhspleách). |
Athróg dhiadromach |
Léirigh na hathróga lena mbailiú. Samplaí: flúirse earcaithe (eascann ghloine), flúirse an stoic ina sheasamh (eascann bhuí), an líon, meáchan agus cóimheas gnéis na n-eascann airgid imirce, flúirse brainlíní, muóg agus an líon aonán ardaitheacha in aibhneacha i gcás na mbradán fásta agus na mbreac geal. Más rud é nach mbailítear athróga go díreach ach go ndéantar iad a mheas, tabhair tuairisc ghairid ar an modh meastacháin i mBosca Téacs 2.3. Cuir isteach gach athróg i rónna ar leithligh. Féach “Diadromous variable” [athróg dhiadromach] ar an MasterCodeList. |
Modhanna |
Léirigh na modhanna a úsáidfear (e.g. gaistí, leictriascaireacht, áiritheoir, logleabhair etc. nó aon teaglaim de na modhanna sin) agus óna ndéanfar na sonraí a dhíorthú. Tabhair tuairisc ghairid ar an modh samplála/an straitéis samplála atá sa doiciméad cáilíochta freisin (Iarscríbhinn 1.1). |
Aonad |
I gcás gach modha, léirigh an t-aonad tuairiscithe sonraí a beartaíodh (líon, suíomhanna, an líon, etc.). |
An t-íoslíon aonad a beartaíodh |
Léirigh an t-íoslíon a beartaíodh le haghaidh an aonaid atá roghnaithe. (e.g. an líon gaistí, an líon áiritheoirí, an líon laithreán leictriascaireachta, etc.). |
Minicíocht |
Léirigh an mhinicíocht samplála a beartaíodh. Féach “Frequency” [Minicíocht] ar an MasterCodeList. Má chuireann tú isteach “Other” [Eile], léirigh an mhinicíocht sa cholún “WP comments” [barúlacha PO]. |
Barúlacha PO |
Aon bharúil eile. |
Barúil ghinearálta: Ba cheart faisnéis a chur ar fáil sa tábla seo faoin líon a fuarthas maille le téacsanna gearra chun míniú a thabhairt ar aon diall ón bplean oibre. |
|
An líon aonán a fuarthas |
Léirigh an líon aonad a fuarthas. |
% na n-aonad a fuarthas |
Céatadán na n-aonad a fuarthas. Líontar isteach an colún seo go huathoibríoch le foirmle: 100 * (“Achieved number of units” [an líon aonán a fuarthas])/(“Planned minimum number of units” [an t-íoslíon aonad atá beartaithe]). |
Léiriú má tá gá le barúlacha TB maidir leis an líon aonán a fuarthas |
Comhlánaítear an colún seo go huathoibríoch más lú ná 90 % an neamhréiteach idir an líon aonad a beartaíodh agus an líon aonad a fuarthas nó más mó é ná 150 %. Marcáiltear luachanna lasmuigh den raon sin le “x” agus iarrtar ar an mBallstát barúil a sholáthar sa cholún “AR comments” [barúlacha TB]. Féadfaidh tú an colún “AR comments” [barúlacha TB] a chomhlánú gan an tásc freisin. |
Barúlacha TB |
Barúlacha a chur isteach chun aon diall ón bplean oibre a shoiléiriú, go háirithe má tá neamhréireacht idir an “Achieved number of units” [An líon aonán a fuarthas] agus “Planned number of units” [An líon aonad a beartaíodh]. Más rud é go dtugtar barúlacha mionsonraithe i mBosca Téacs 2.3, léirigh é sin sa cholún seo. Is féidir barúlacha breise a chur isteach. |
Bosca Téacs 2.3: Sonraí a bhailiú i dtaca le speicis dhiadromacha san fhionnuisce
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5(2)(a), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 2.1(b) agus pointe 2.3 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Úsáid an bosca téacs seo chun forbhreathnú a thabhairt ar an modheolaíocht a úsáideadh chun sonraí a bhailiú ó iascaigh thráchtála agus áineasa fionnuisce agus ó iascaigh thráchtála agus áineasa intíre le haghaidh bradán, bric gheala agus eascann. Cuir isteach forbhreathnú ar na sonraí atá le bailiú ó shuirbhéanna taighde ar bhradáin, ar bhric gheala agus ar eascanna san fhionnuisce agus ar eascanna in aon ghnáthóg ábhartha, lena n-áirítear uiscí cósta. |
An modh a roghnaíodh chun sonraí a bhailiú. Tabhair tuairisc ghairid ar an modh lenar bailíodh na sonraí a cuireadh i dTábla 2.3. Tá tuairiscí mionsonraithe le háireamh in Iarscríbhinn 1.1. Más rud é nach mbailítear athróga go díreach ach go ndéantar iad a mheas, ba cheart tuairisc a thabhairt ar an modh meastacháin anseo. (250 focal ar a mhéad in aghaidh an speicis agus an limistéir) |
An bhfuarthas an líon a bhí beartaithe? Fuarthas/Ní bhfuarthas Más “No” [ní bhfuarthas] an freagra, tabhair míniú ar an bhfáth, agus ar cad iad na bearta a rinneadh chun neamh-chomhréireacht a sheachaint. (500 focal ar a mhéad in aghaidh an speicis agus an limistéir) |
Tábla 2.4: Iascaigh áineasa
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 5(2)(a), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 2.2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá sé beartaithe leis an tábla seo sonrú a dhéanamh ar na sonraí lena mbailiú faoi Chaibidil II, pointe 2.2 den iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Tarmligthe. Bain úsáid as an tábla seo chun sonrú a dhéanamh ar na sonraí lena mbailiú faoi Thábla 4 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE, lena n-áirítear gabhálacha áineasa mara agus fionnuisce. I gcás speicis dhiadromacha fionnuisce, úsáid Tábla agus Bosca Téacs 2.3. |
|
Ainm réimse |
Tuairisc |
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an “MasterCodeList”. |
Bliain cur chun feidhme |
Léirigh an bhliain a chuirfear an ghníomhaíocht chun feidhme. Cuir isteach ró amháin in aghaidh na bliana cur chun feidhme agus cuir isteach na blianta ar fad i dtréimhse an phlean oibre. |
Réigiún |
Féach “Regions” [Réigiúin] ar an MasterCodeList. Má thagraítear leis an bhfaisnéis do na réigiúin uile, cuir isteach an cód “all regions” [gach réigiún]. |
RFMO/RFO/IO (ERBI/RFO/IO) |
Cuir isteach acrainm na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh (ERBI), na heagraíochta réigiúnaí iascaigh (RFO) nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta (IO) a bhainistíonn an speiceas/an stoc nó a thugann comhairle maidir leis an speiceas/an stoc. Féach “RFMO/RFO/IO” ar an MasterCodeList. Mura bhfuil RFMO, RFO ná IO infheidhme, cuir isteach “NA” (ní bhaineann le hábhar). |
Speicis |
Léirigh ainm eolaíoch na speiceas/na stoc a bhfuil sampláil iascaigh áineasa le déanamh orthu. Léirigh na speicis ó Thábla 4 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE maidir le Sásra Maoirseachta Ilbhliantúil ar a laghad, ach amháin más rud é gur comhaontaíodh liosta malartach ar an leibhéal réigiúnach. Áirigh freisin speicis a shainaithnítear trí staidéir phíolótacha agus/nó trí riachtanais bhainistíochta an iascaigh áineasa agus/nó riachtanais a chomhaontaítear ar an leibhéal réigiúnach, fiú i gcás nach ann do speiceas sa Bhallstát. Liostaigh ealásmabrainciaigh agus speicis mhórimirceacha ICCAT ina n-aonar (líne amháin in aghaidh an speicis). I gcás scéimeanna samplála ilspeiceas, amhail suirbhéanna teileafóin nó suirbhéanna scagtha, féadfaidh tú “All species” [Na speicis uile] a chur isteach. |
Limistéir faoi chumhdach |
Léirigh na limistéir ar beartaíodh iad a chumhdach leis an iascaireacht agus/nó leis an tsampláil. Is éard a bheidh sa limistéar cuid de limistéar, nó más infheidhme, limistéar iomlán, mar a léirítear i dTábla 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE, le haghaidh na speiceas a liostaítear sa tábla sin. Úsáid Tábla 2.3 le haghaidh iascaireacht áineasa eascann, bradán agus breac geal san fhionnuisce. |
Speicis atá le fáil sa Bhallstát |
Léirigh le “Y” (tá) nó le “N” (níl) más rud é go bhfuil an speiceas le fáil sa Bhallstát fiú mura ndéantar sampláil air. |
Ceadúnas |
Léirigh cé acu atá nó nach bhfuil gá ag údarás tarmligthe le ceadúnas ginearálta, le ceadúnas a bhaineann le speiceas ar leith, le ceadúnas a bhaineann le trealamh ar leith, nó nach dteastaíonn aon cheadúnas ó údarás tarmligthe. Féach “License” [Ceadúnas] ar an MasterCodeList. |
Na cúiseanna nach ndearnadh sampláil ar speiceas] |
Má tá gá leis an speiceas de réir Thábla 4 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE nó más rud é go roghnaítear é ar an leibhéal réigiúnach ach nach mbailítear é, léirigh an chúis/na cúiseanna nach ndearnadh an speiceas sin a shampláil, le tagairtí sonracha agus le fianaise eolaíoch nuair is iomchuí (e.g. speicis nach bhfuil le fáil sa limistéar, rialacháin/dlíthe sa tír etc.). |
Comhaontaithe ag RCG |
Déanfar ainmniú na speiceas is ábhar spéise a chomhaontú ar an leibhéal réigiúnach. Léirigh le “Y” (tá) nó le “N” (níl) maidir lena bhfuil moladh RCG nó comhaontú réigiúnach ann chun an tsampláil faoi seach a dhéanamh. |
Ar beartaíodh meastachán bliantúil ar an ngabháil iomlán? |
Léirigh le “Y” (beartaíodh) nó “N” (níor beartaíodh) maidir lenar bheartaigh do Bhallstát meastachán a dhéanamh ar an ngabháil de réir speicis (meáchan agus/nó líon), i gcás an speicis atá luaite. |
Ar beartaíodh meastachán a dhéanamh ar chéatadán bliantúil na gabhála a scaoileadh saor? |
Léirigh le “Y” (beartaíodh) nó “N” (níor beartaíodh) maidir lenar bheartaigh do Bhallstát meastachán a dhéanamh ar an ráta iasc a scaoiltear saor in aghaidh an speicis le haghaidh an speicis atá luaite. Tabhair míniú sa doiciméad cáilíochta (Iarscríbhinn 1.1) ar an gcaoi a ríomhtar na meastacháin sin. |
Ar beartaíodh athróga bitheolaíochta a bhailiú? |
Léirigh le “Y” (beartaíodh) nó le “N” (níor beartaíodh) maidir lenar bheartaigh do Bhallstát comhdhéanamh na gabhála a mheas (e.g. fad, struchtúr aoise) i gcás na speiceas atá luaite. |
An bhfuil tairseach réigiúnach ann le haghaidh na n-athróg bitheolaíoch a bhaineann le stoic a bhailiú? |
Léirigh le “Y” (tá) nó le “N” (níl) maidir lena bhfuil feidhm ag tairseach, i gcás na speiceas atá luaite, maidir le bailiú sonraí bitheolaíocha ó ghabhálacha áineasa, tairseach a chomhaontaítear agus a chomhordaítear ar leibhéal réigiúin na mara bunaithe ar riachtanais úsáideoirí deiridh. Ní líonfar an colún seo ach amháin i gcás ina léirítear “Y” sa cholún roimhe seo (“Is the collection of biological variables planned?” [ar beartaíodh athróga bitheolaíoch a bhailiú?]). |
Cineál breathnóireachta |
Léirigh an cineál gníomhaíochta breathnóireachta a úsáidtear chun sonraí a bhailiú le haghaidh an chineáil shonraithe scéime samplála. Féach “Observation type” [Cineál breathnóireachta] ar an MasterCodeList. |
Cineál scéime samplála |
Cuir isteach an cineál scéime samplála a úsáidtear. Féach “Sampling scheme type” [Cineál scéime samplála] ar an MasterCodeList. Ba cheart don tagairt do chineálacha scéime samplála a bheith comhsheasmhach ar fud na dtáblaí ina bhfuil an colún sin. Ba cheart gach cineál scéime samplála a thuairisciú i ró ar leithligh. |
Aitheantóir scéime samplála |
Tabhair ainm uathúil (téacs saor) chun gach teaglaim de “Observation type” [Cineál breathnóireachta] * “Sampling scheme type” [Cineál scéime samplála] a shainaithint. Úsáid an tagairt chéanna sna boscaí téacs agus in Iarscríbhinn 1.1. |
Minicíocht |
Léirigh an mhinicíocht samplála a beartaíodh. Féach “Regions” [Réigiúin] ar an MasterCodeList. Má chuireann tú isteach “Other” [Eile], léirigh an mhinicíocht sa cholún “WP comments” [barúlacha PO]. |
Barúlacha PO |
Aon bharúil bhreise |
Barúil ghinearálta: Ba cheart faisnéis a sholáthar sa tábla seo maidir leis an meastachán ar chainníochtaí gabhála agus ar chéatadán scaoilte na gabhála, agus maidir le bailiú sonraí maidir le comhdhéanamh gabhála le haghaidh iascaigh áineasa arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit. |
|
Cainníochtaí gabhála bliantúla measta de réir speicis |
Léirigh le “Y” (tá) nó le “N” (níl) cé acu, i gcás gach speicis atá luaite, atá meáchan bliantúil na gabhála (tonaí) measta le haghaidh na bliana samplála nó nach bhfuil. |
Eisiúint céatadán bliantúil measta |
Léirigh le “Y” (tá) nó le “N” (níl), cé acu, i gcás gach speicis atá luaite, atá céatadán scaoilte bliantúil le haghaidh na bliana samplála measta nó nach bhfuil. |
Bailiú sonraí bitheolaíocha |
Léirigh le “Y” (bailítear) nó le “N” (ní bhailítear) cé acu, i gcás gach speicis atá luaite, a bhailítear na sonraí bitheolaíocha le haghaidh na bliana samplála nó nach mbailítear. |
Arna measúnú ag saineolaithe/comhlachtaí seachtracha |
Léirigh le “Y” (déanann) nó le “N” (ní dhéanann) más rud é go ndéanann saineolaithe/comhlachtaí seachtracha meastóireacht ar an suirbhé nó nach ndéantar. Más “Y” an freagra, déan an meastóir (e.g. WGRFS, ICCAT) a shainaithint agus tabhair sonraí breise faoi na meastóireachtaí (bliain, cuid den suirbhé, dul chun cinn etc.) sa cholún “AR comments” [barúlacha TB]. |
Barúlacha TB |
Cuir barúlacha isteach chun aon diall ón bplean oibre a shoiléiriú. |
Bosca Téacs 2.4: Iascaigh áineasa
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5(2)(a), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 2.2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Úsáid an bosca téacs seo chun forléargas a thabhairt ar an modheolaíocht a úsáideadh chun sonraí a bhailiú maidir le gabhálacha áineasa mara agus fionnuisce. I gcás speicis dhiadromacha fionnuisce, úsáid Tábla agus Bosca Téacs 2.3. |
Tuairisc ar an scéim samplála/suirbhé de réir Thábla 2.4. (900 focal ar a mhéad in aghaidh an réigiúin) |
Diallta ón bplean oibre Liostaigh an Ballstát na diallta (más ann dóibh) sa bhailiú sonraí a fuarthas le hais ar beartaíodh sa phlean oibre agus tabhair míniú ar na cúiseanna leis na diallta sin. Gníomhaíochtaí chun diallta a sheachaint Tabhair tuairisc ghairid ar na gníomhaíochtaí a bhreithneofar/a rinneadh chun diallta a sheachaint amach anseo agus ar an uair a mheastar a bheidh éifeacht ag na gníomhaíochtaí sin. (900 focal ar a mhéad in aghaidh an réigiúin) |
Tábla 2.5: Tuairisc ar an bplean samplála maidir le sonraí bitheolaíocha
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 5(2)(a), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 2.1(a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tagraíonn an tábla seo do shonraí atá le bailiú faoi Thábla 1 agus faoi rialacháin a shonraítear i dTábla 2 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Úsáid an tábla seo chun na scéimeanna samplála tráchtála ar fad atá spleách ar an iascach sa Bhallstát a shainaithint. Liostóidh an Ballstát na creata samplála laistigh den scéim, cineál an aonaid samplála phríomhúil (PSU) agus an líon PSUnna a beartaíodh agus a bheidh ar fáil i mbliain a dtíolactha. Maidir le gach creat samplála, is é an Ballstát a dhéanfaidh taifead ar an líon PSUnna a bhfuil sé beartaithe aige a chur ar bun. |
|
Ainm réimse |
Tuairisc |
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an “MasterCodeList”. |
Tréimhse thagartha |
Léirigh an bhliain/na blianta dá dtagraíonn na sonraí go hiarbhír. Roghnaigh na 3 bliana ionadaíocha is déanaí roimh an gcéad bhliain den tréimhse PO (ní gá tréimhse thagartha a thabhairt cothrom le dáta laistigh den tréimhse PO), agus beidh na sonraí ar fáil. Léirigh na blianta tagartha san fhormáid “2018-2020”, “2017-2019”, mar shampla. I gcás ina bhfuil an tréimhse thagartha éagsúil leis na 3 bliana is déanaí, déan í a shoiléiriú sa cholún dar teideal “WP comments” [barúlacha PO]. |
Bliain cur chun feidhme |
Léirigh na blianta a chuirfear an ghníomhaíocht chun feidhme. Cuir isteach ró amháin in aghaidh na bliana cur chun feidhme agus cuir isteach na blianta ar fad i dtréimhse an phlean oibre. |
Réigiún |
Féach “Regions” [Réigiúin] ar an MasterCodeList. Má thagraítear leis an bhfaisnéis do na réigiúin uile, cuir isteach an cód “all regions” [gach réigiún]. |
RFMO/RFO/IO (ERBI/RFO/IO) |
Cuir isteach acrainm na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh (ERBI), na heagraíochta réigiúnaí iascaigh (RFO) nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta (IO) a bhainistíonn an speiceas/an stoc nó a thugann comhairle maidir leis an speiceas/an stoc. Féach “RFMO/RFO/IO” ar an MasterCodeList. Mura bhfuil RFMO, RFO nó IO infheidhme, úsáid “NA” (ní bhaineann le hábhar). |
Observation type [Cineál breathnóireachta] |
Léirigh an cineál gníomhaíochta breathnóireachta a úsáidtear chun sonraí a bhailiú le haghaidh an chineáil shonraithe scéime samplála. Féach “Observation type” [Cineál breathnóireachta] ar an MasterCodeList. |
Cineál scéime samplála |
Cuir isteach an cineál scéime samplála a úsáidtear. Féach “Sampling scheme type” [Cineál scéime samplála] ar an MasterCodeList. Ba cheart don tagairt do chineálacha scéime samplála a bheith comhsheasmhach ar fud na dtáblaí ina bhfuil an colún sin. Ba cheart gach cineál scéime samplála a thuairisciú i ró ar leithligh. |
Cumhdach speiceas |
Léirigh más rud é go gcumhdaíonn “observation type” [cineál breathnóireachta]* an chineáil scéime samplála an speiceas ar fad nó cuid de. Féach ar “Species coverage” [Cumhdach speiceas] ar an MasterCodeList. Má chuireann tú isteach “speicis/stoic atá roghnaithe”, tabhair sonraí sonracha sa doiciméad cáilíochta (Iarscríbhinn 1.1). |
Aitheantóir scéime samplála |
Tabhair ainm uathúil (téacs saor) chun gach teaglaim de “Observation type” [Cineál breathnóireachta] * “Sampling scheme type” [Cineál scéime samplála] * “Species coverage” [cumhdach speiceas] a shainaithint. Úsáid an tagairt chéanna sna boscaí téacs agus in Iarscríbhinn 1.1. Má shamplálann Ballstát eile gabhálacha do Bhallstáit faoi chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach, cuir ró eile sa tábla seo lena dtagraítear d’aitheantóir scéime samplála an Bhallstáit eile. Cuir isteach ró “out-of-frame” [lasmuigh den chreat] in aghaidh na haitheantóra scéime samplála, fiú má chumhdaítear an pobal samplála uile. Sa chás sin, cuir isteach “0” le haghaidh an líon PSUnna a beartaíodh) agus cóipeáil na sonraíochtaí eile (e.g. cineál breathnóireachta, minicíocht, cineál PSU). |
Aitheantóir creata samplála |
Léirigh cód nó ainm uathúil (téacs saor in aisce) chun gach creat samplála laistigh den scéim samplála a shainaithint. Úsáid an tagairt chéanna i mboscaí téacs. Chun léargas a thabhairt ar chumhdach iarbhír an deartha samplála, cuir isteach sraith amháin ar a laghad in aghaidh gach “Region” [réigiún] * “RFMO” * “Sampling scheme identifier” [aitheantóir scéime samplála] le haghaidh codanna den phobal atá lasmuigh den chreat. Moltar na teaglamaí uile a úsáid, ach ba cheart ar a laghad é a chur ar fáil i gcás na dteaglamaí sin ina bhfuil “Sampling scheme type” [cineál aitheantóir scéime samplála] = “commercial fishing trip” [turas iascaireachta tráchtála]. |
Tuairisc ar an gcreat samplála |
Tabhair tuairisc ghairid (saorthéacs) ar an gcreat samplála (e.g. trálaeir in GSA 22; Soithí peas-saighne an chósta Thiar; calafoirt limistéar an Iarthuaiscirt, etc.). Más gá, cuir tuairisc níos mionsonraithe i mBosca Téacs 2.5. |
Cumhdach spáis an chreata samplála |
Léirigh cumhdach spáis an chreata samplála (e.g. limistéar ICES, an FLG, limistéar NAFO, limistéir samplála ICCAT, etc.). Déanann na Ballstáit cinneadh neamhspleách maidir leis an gcreat samplála. |
Minicíocht |
Léirigh an mhinicíocht samplála a beartaíodh. Féach “Frequency” [Minicíocht] ar an MasterCodeList. Má chuireann tú isteach “Unknown” [Anaithnid] nó “Other” [Eile], mínigh sa cholún “WP comments” [barúlacha PO] nó i mBosca Téacs 2.5. |
Cineál PSU |
Léirigh an t-aonad samplála príomha (PSU) laistigh de gach creat samplála. D’fhéadfadh sé gurb éard a bheadh i gceist le PSUnna turas iascaireachta, soitheach iascaireachta, lá iascaireachta, calafort, turas, *trip [turas] soithí, *week [seachtain] soithí, *day [lá] calafoirt, *week [seachtain] calfoirt, *month [mí] calafoirt, etc. |
An modh chun PSU a roghnú |
Léirigh an modh/na modhanna chun an t-aonad samplála príomhúil (PSU) a roghnú. Féach “PSU Selection” [modh roghnaithe PSU] ar an MasterCodeList. |
Codán gabhála |
Léirigh an codán den ghabháil atá le cumhdach ag an tsampláil. Féach “Catch fraction” [Codán gabhála] ar an MasterCodeList. Má chuireann tú isteach “Other” [Eile], tabhair tuairisc ghairid ar an gcodán sa cholún “WP comments” [barúlacha PO]. |
Meánlíon PSUnna le linn na tréimhse tagartha |
Cuir isteach meánlíon bliantúil na PSUanna sa tréimhse thagartha. Cuir isteach na PSUnna uile, ní hamháin na cinn a sampláladh. |
An líon PSUnna a beartaíodh |
Léirigh an líon PSUanna a beartaíodh lena sampláil gach bliain le haghaidh na bliana nó na mblianta cur chun feidhme. I gcás go gcumhdaíonn an scéim samplála an pobal iomlán ar díríodh air, cuir isteach “0” sa ró “out-of-frame” [lasmuigh den chreat]. |
Breathnadóireacht ar PETS a chumhdaítear sa scéim samplála |
Cuir isteach “Y” (cumhdaítear) nuair a chumhdaítear breathnóireacht ar speicis atá cosanta, i mbaol, faoi bhagairt agus íogair (PETS) faoi chumhdach aitheantóir scéime samplála, agus “N” (ní chumhdaítear) mura bhfuil sé san áireamh. |
An bhfágann an prótacal samplála gur féidir iarracht bhreathnóireachta PETS a chainníochtú? |
Cuir isteach “Y” (fágann) más féidir iarracht bhreathnóireachta PETS a chainníochtú. D’fhéadfaí turas iomlán, nó cuid de thuras a chumhdach leis an iarracht bhreathnóireachta. D’fhéadfadh codán aitheanta dolaí, sórtáil/próiseáil nó gabháil a bheith mar chuid den bhreathnóireacht pháirteach ar thuras. |
Ainm an phlean oibre réigiúnaigh |
Tabhair ainm an phlean oibre réigiúnaigh atá i bhfeidhm más ann dó. Úsáid acrainm más ann do cheann. Cuir isteach “N” (níl) mura bhfuil aon phlean oibre réigiúnach i bhfeidhm. |
Barúlacha PO |
Aon bharúil bhreise, nó faisnéis bhreise a éilítear más rud é gur úsáideadh “other” [eile] i gcolúin roimhe seo. I gcás comhaontú déthaobhach nó iltaobhach maidir leis an scéim samplála seo, léirigh ainm an chomhaontaithe mar atá sé i dTábla 1.3. |
Barúil ghinearálta: Ba cheart faisnéis a sholáthar maidir leis an leibhéal samplála a bhain na Ballstáit amach sa tábla sin agus freisin maidir lena ndearnadh faireachán ar ghabhálacha de thaisme de speicis (PETS) atá cosanta, i mbaol, faoi bhagairt nó íogair. Scéim/creat nua nach n-áirítear sa phlean oibre, is féidir é a chur isteach ina rónna breise i ndeireadh an tábla, é aibhsithe faoi dhath liath. |
|
Líon iomlán na PSUnna sa bhliain cur chun feidhme |
Cuir isteach líon iomlán na PSUnna a bhí ar fáil lena roghnú le haghaidh an chreat samplála shonraithe sa bhliain cur chun feidhme. |
An líon PSUnna a fuarthas sa bhliain cur chun feidhme |
Cuir isteach an líon PSUnna ónar bailíodh sonraí le haghaidh an chreata samplála shonraithe sa bhliain cur chun feidhme. |
% PSUnna a fuarthas |
Céatadán PSUnna a fuarthas sa bhliain tuairiscithe. Líontar an colún seo isteach go huathoibríoch le foirmle: 100 * (“Achieved number of PSUs in the implementation year” [An líon PSUnna a fuarthas sa bhliain cur chun feidhme])/(“Planned number of PSUs in the implementation year” [An líon PSUnna a beartaíodh sa bhliain cur chun feidhme]) |
Éagsúlacht (%) na bliana cur chun feidhme le hais na tréimhse thagartha |
An éagsúlacht de réir céatadáin maidir leis an mbliain cur chun feidhme vs an tréimhse thagartha. Líontar an colún seo isteach go huathoibríoch le foirmle: 100 * (“Total number of PSUs in the implementation year” [An líon iomlán PSUnna sa bhliain cur chun feidhme])/(“Average number of PSUs during the statistics reference period” [An meánlíon PSUnna le linn na tréimhse tagartha staidrimh]) Leis an gcéatadán sin tugtar toisí na héagsúlachta idir an staid reatha nuair a ceapadh pleanáil agus an fhíorstaid i rith na bliana samplála. |
Léiriú má tá gá le barúlacha TB maidir leis an líon PSUnna a fuarthas |
Comhlánaítear an colún seo go huathoibríoch más lú ná 90 % an neamhréiteach idir an líon PSUnna a beartaíodh agus an líon samplaí a baineadh amach nó más mó é ná 150 %. Marcáiltear luachanna lasmuigh den raon sin le “x” agus iarrtar ar an mBallstát barúil a sholáthar sa cholún “AR comments” [barúlacha TB]. Féadfaidh tú an colún “AR comments” [barúlacha TB] a chomhlánú gan an tásc freisin. |
An líon soithí gníomhacha uathúla sa chreat samplála |
Cuir isteach an líon soithí gníomhacha uathúla le linn na bliana cur chun feidhme le haghaidh an chreata samplála shonraithe agus úsáid á baint as an sainmhíniú ar “soitheach gníomhach” i gCaibidil 1 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. An fhaisnéis sin a thuairisciú nuair is féidir an creat samplála a nascadh le soithí iascaireachta, lena n-áirítear sampláil ar an mórthír. |
An líon soithí uathúla a ndearnadh sampláil orthu |
Cuir isteach an líon soithí uathúla a ndearnadh sampláil orthu le linn na bliana cur chun feidhme le haghaidh na scéime samplála agus an chreata shonraithe. An fhaisnéis sin a thuairisciú nuair is féidir samplaí a nascadh le soithí, lena n-áirítear sampláil ar an mórthír. |
An líon turas iascaireachta sa chreat samplála |
Cuir isteach líon iomlán na dturas iascaireachta le haghaidh na scéime samplála agus an chreata shonraithe. An fhaisnéis sin a thuairisciú nuair is féidir samplaí a nascadh le soithí, lena n-áirítear sampláil ar an mórthír. |
An líon turas iascaireachta a ndearnadh sampláil orthu |
Cuir isteach an líon turas iascaireachta a ndearnadh sampláil orthu le haghaidh na scéime samplála agus an chreata shonraithe. An fhaisnéis sin a thuairisciú nuair is féidir samplaí a nascadh le soithí, lena n-áirítear sampláil ar an mórthír. |
Céatadán na dturas iascaireachta a ndearnadh sampláil orthu inar ghlac an breathnóir an t-am le taifead a dhéanamh ar fhoghabháil PETS |
Léirigh céatadán na dturas samplála i gcás ina ndearna an breathnóir breathnóireacht tiomnaithe PETS. Áirítear leis an mbreathnóireacht sin freisin cásanna inar taifeadadh foghabháil nialasach PETS, a fhad a bhí an breathnóir ag lorg eiseamail fhoghabhtha. Más rud é nach bhfuil an iarracht bhreathnóireachta dírithe ach ar roinnt cineálacha PETS (mamaigh, reiptílí etc.), léirigh é sin sa cholún “AR comments” [barúlacha TB], agus más gá, i mBosca Téacs 4.2. |
An líon turas iascaireachta a ndearnadh sampláil orthu le gaireas maolaithe PETS |
Cuir isteach an líon turas iascaireachta a ndearnadh sampláil orthu i gcás inar úsáideadh gaireas maolaithe PETS, le haghaidh na scéime samplála agus le haghaidh an chreata shonraithe. |
An líon speiceas a bhfuil tomhais faid ina leith |
Cuir isteach an líon speiceas a ndearnadh taifead de thomhais faid ina leith. Ní hionann é seo agus na speicis a bhfuil sonraí bitheolaíocha bailithe ina leith. |
Barúlacha TB |
Cuir isteach barúlacha chun aon diall ón bplean oibre a shoiléiriú, go háirithe idir “Planned number of PSUs” [An líon PSUnna a beartaíodh] agus an “Achieved number of PSUs in the sampling year” [An líon PSUnna a fuarthas sa bhliain samplála]. Más rud é go dtugtar barúlacha mionsonraithe i mBosca Téacs 2.5, léirigh é sin sa cholún seo. Is féidir barúlacha breise a chur isteach. |
Bosca Téacs 2.5: Tuairisc ar an bplean samplála maidir le sonraí bitheolaíocha
Nóta ginearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5(2)(a) agus (b), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil 2 pointe 2.1(a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Comhlánaítear Tábla 2.5 leis an mbosca téacs seo. |
Comhlánaítear leis an mbosca téacs seo an fhaisnéis faoi na scéimeanna samplála a sholáthraítear sa doiciméad cáilíochta (Iarscríbhinn 1.1). Cuireann sé béim ar fhaisnéis bhreise faoi scéimeanna samplála agus faoi chreataí samplála a mheasann an Ballstát a bheith úsáideach chun tuiscint a fháil ar an dearadh samplála a beartaíodh le haghaidh an réigiúin agus na bliana nó na mblianta cur chun feidhme. Faisnéis bhreise faoi scéimeanna samplála Féadfaidh tú faisnéis shonrach chomhthéacsúil a bhaineann le réigiún nó le blianta cur chun feidhme a chur isteach, mar shampla, faisnéis lena gcuirtear i dtábhacht forbairtí nach sonraítear sa doiciméad cáilíochta, oiriúnú réigiúnach agus/nó dearcthaí le haghaidh an todhchaí. Cuir isteach an fhaisnéis faoin aitheantóir scéime samplála céanna agus atá i dTábla 2.5. Tuairisc bhreise ar chreataí samplála Féadfaidh tú tuairisc chomhlántach a chur leis an méid a áirítear leis an gcolún “Sampling frame description” [Tuairisc ar an gcreat samplála] i dTábla 2.5. Cuir an fhaisnéis faoin aitheantóir agus faoin ainm céanna atá sna colúin “Sampling frame identifier” [Aitheantóir creata samplála] agus “Sampling frame description” [Tuairisc ar an gcreat samplála] i dTábla 2.5 agus cuir san ord céanna iad (aitheantóir creata samplála + tuairisc ar an gcreat samplála). (Bosca téacs amháin 1 000 focal ar a mhéad in aghaidh an réigiúin/RFMO/RFO/IO) |
Diallta ón bplean oibre Liostaigh diallta (más ann dóibh) sa bhailiú sonraí a fuarthas le hais ar beartaíodh sa phlean oibre agus tabhair míniú ar na cúiseanna leis na diallta sin. Gníomhaíochtaí chun diallta a sheachaint Tabhair tuairisc ghairid ar na gníomhaíochtaí a bhreithneofar/a rinneadh chun diallta a sheachaint amach anseo agus ar an uair a mheastar a bheidh éifeacht ag na gníomhaíochtaí sin. Murab ann d’aon diall, ní bhaineann an roinn seo le hábhar. (Bosca téacs amháin 1 000 focal ar a mhéad in aghaidh an réigiúin/RFMO/RFO/IO) |
Tábla 2.6: Suirbhéanna taighde ar muir
Nóta ginearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 5(1)(b), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán 2017/1004 agus Caibidil I agus II pointe den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá sé beartaithe leis an tábla seo sonrú a dhéanamh ar cé na suirbhéanna taighde ar muir atá leagtha amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE agus cé na suirbhéanna breise a chuirfidh an Ballstát i gcrích. |
|||||||||||
Ainm réimse |
Tuairisc |
||||||||||
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an “MasterCodeList”. |
||||||||||
Bliain cur chun feidhme |
Léirigh na blianta a chuirfear an ghníomhaíocht chun feidhme. Cuir isteach ró amháin in aghaidh na bliana cur chun feidhme agus cuir isteach na blianta ar fad i dtréimhse an phlean oibre. |
||||||||||
Réigiún |
Féach “Regions” [Réigiúin] ar an MasterCodeList. Má thagraítear leis an bhfaisnéis do na réigiúin uile, cuir isteach an cód “all regions” [gach réigiún]. |
||||||||||
RFMO/RFO/IO (ERBI/RFO/IO) |
Cuir isteach acrainm na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh (ERBI), na heagraíochta réigiúnaí iascaigh (RFO) nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta (IO) a bhainistíonn an speiceas/an stoc nó a thugann comhairle maidir leis an speiceas/an stoc. Féach “RFMO/RFO/IO” ar an MasterCodeList. Mura bhfuil RFMO, RFO nó IO infheidhme, úsáid “NA” (ní bhaineann le hábhar). |
||||||||||
Ainm an tsuirbhé taighde |
Cuir isteach ainm an tsuirbhé taighde ar muir. I gcás suirbhéanna sainordaitheacha, úsáidtear an t-ainm atá i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE. Féach an colún “Description” [Tuairisc] in “Mandatory survey at sea” [Suirbhé sainordaitheach ar muir] ar an MasterCodeList. Liostaigh, ar a laghad:
Féadfaidh tú suirbhéanna taighde neamhshainordaitheacha a liostú. Léirigh ainmneacha na suirbhéanna sin i gcomhréir le hainmneacha an tsuirbhé náisiúnta. |
||||||||||
Acrainm an tsuirbhé taighde |
Cuir isteach acrainm an tsuirbhé taighde ar muir. I gcás suirbhéanna sainordaitheacha, úsáidtear an t-acrainm atá i dTábla 1 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an AE. Féach “Mandatory survey at sea” [Suirbhé sainordaitheach ar muir] ar an MasterCodeList. Na hacrainmneacha suirbhé a úsáidtear sa tábla seo, ba cheart go mbeidís comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa cholún “Aitheantóir scéime samplála” i dTábla 2.2. |
||||||||||
Suirbhé taighde sainordaitheach |
Cuir isteach “Y” (áirítear) más rud é go n-áirítear an suirbhé taighde ar muir i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil; seachas sin, cuir isteach “N” (ní áirítear). |
||||||||||
Rialacha tairsí a úsáidtear |
Léirigh cé na rialacha tairsí is infheidhme, más ann dóibh, maidir le do Bhallstát gan rannchuidiú leis an suirbhé. Féach “Threshold rules used” [Rialacha tairsí a úsáidtear] ar an MasterCodeList. Maidir le suirbhéanna sainordaitheacha, cuir isteach ceann de na roghanna seo a leanas:
Maidir le suirbhéanna neamhshainordaitheacha, cuir isteach “None” [Níl aon cheann]. |
||||||||||
Ainm an phlean oibre réigiúnaigh |
Tabhair ainm an phlean oibre réigiúnaigh atá i bhfeidhm más ann dó. Úsáid acrainm más ann do cheann. Cuir isteach “N” (níl aon cheann) mura bhfuil aon phlean oibre réigiúnach i bhfeidhm. |
||||||||||
Comhaontú maidir le comhroinnt costas a shínigh an Ballstát |
Cuir isteach “Y” (shínigh) más rud é gur shínigh do Bhallstát comhaontú maidir le comhroinnt costas; murar shínigh, cuir isteach “N” (níor shínigh). Más rud é go bhfuil feidhm le comhaontú comhroinnt costas, déan tagairt don chomhaontú i dTábla 1.3. |
||||||||||
Cineál rannpháirtíochta an Bhallstáit |
Léirigh an cineál rannpháirtíochta a luaitear in “Type of MS participation” [Cineál rannpháirtíochta an Bhallstáit] ar an MasterCodeList. Líon isteach an colún seo le haghaidh gach suirbhé taighde ar muir a dhéanann do Bhallstát, beag beann ar aon chomhaontú ar an leibhéal réigiúnach. Baineann “Type of MS participation” [Cineál rannpháirtíochta an Bhallstáit] i suirbhé ar leith leis an suirbhé foriomlán le haghaidh na mBallstát uile ní hamháin na limistéir a chumhdaíonn do Bhallstát.
I gcás cineálacha eile rannpháirtíochta seachas “Airgeadas”, tabhair tuairisc níos mionsonraithe ar an gcineál rannpháirtíochta, agus/nó ar a cúlra faoi cheist 4 i mBosca Téacs 2.6. |
||||||||||
Limistéir faoi chumhdach |
Léirigh na limistéir ar beartaíodh iad a chumhdach. Maidir le suirbhéanna sainordaitheacha, is éard a bheidh sa limistéar cuid den limistéar nó, más infheidhme, an limistéar iomlán a léirítear i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE. |
||||||||||
Tréimhse (mí) |
Luaigh an tréimhse ama (míonna féilire in uimhreacha agus camóga eatarthu) a bheidh le cumhdach ag do Bhallstát. |
||||||||||
Minicíocht |
Léirigh minicíocht an tsuirbhé. Féach “Frequency” [Minicíocht] ar an MasterCodeList. Má chuireann tú isteach “Unknown” [Anaithnid] nó “Other” [Eile], tabhair míniú air sin sa cholún “WP comments” [Barúlacha PO]. |
||||||||||
Grúpa pleanála idirnáisiúnta ábhartha |
Cuir isteach acrainm an ghrúpa idirnáisiúnta ábhartha atá i gceannas ar an suirbhé taighde ar muir a phleanáil agus ar a RFMO/RFO/IO comhfhreagrach (e.g. IBTSWG-ICES nó GCFM). Féach “RFMO/RFO/IO” ar an MasterCodeList. Úsáid acrainm an ghrúpa pleanála i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún ainmniúcháin laistigh den RFMO/RFO/IO. Mura bhfuil grúpa pleanála, RFMO, RFO ná EI freagrach as pleanáil an tsuirbhé, cuir isteach “NA” (ní bhaineann le hábhar). Má tá leathanach gréasáin ar fáil ar a bhfuil tuilleadh faisnéise faoi ghrúpa pleanála an tsuirbhé, tabhair nasc chuige. |
||||||||||
Na laethanta ar muir a beartaíodh |
Cuir isteach an líon laethanta ar muir a beartaíodh leis an suirbhé taighde a dhéanamh. Más rud é go bhfuil an suirbhé faoi réir comhaontú maidir le comhroinnt costas agus mura n-áirítear am loinge i rannpháirtíocht do Bhallstáit (“Type of MS participation” [Cineál rannpháirtíochta an Bhallstáit]), déan tagairt do phlean oibre náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an suirbhé á phleanáil agus á sheoladh aige. |
||||||||||
Cineál gníomhaíochtaí samplála |
Léirigh an cineál príomhghníomhaíochtaí samplála. Comhaontaítear príomhghníomhaíochtaí samplála sa ghrúpa ábhartha atá i gceannas ar phleanáil an tsuirbhé. Féadfaidh tú gníomhaíochtaí samplála breise a chinn do Bhallstát a lua chomh maith. Úsáid líne ar leith do gach cineál gníomhaíochta samplála i suirbhé, líne ar a luaitear an fhaisnéis ó na colúin roimhe seo an athuair. Úsáid na catagóirí seo a leanas: tarluithe tráil, hidreagrafaíocht, tarluithe planctóin, próifílí fuaimiúla, tarluithe bruscair, samplaí inveirteabracha beantacha, faireachán ar ghrinneall na farraige, etc. Más rud é go bhfuil an suirbhé faoi réir comhaontú maidir le comhroinnt costas agus mura n-áirítear am loinge i rannpháirtíocht do Bhallstáit (“Type of MS participation” [Cineál rannpháirtíochta an Bhallstáit]), déan tagairt do phlean oibre náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an suirbhé á phleanáil agus á sheoladh aige. |
||||||||||
An líon gníomhaíochtaí samplála a beartaíodh |
Léirigh an líon gníomhaíochtaí samplála a beartaíodh. Má tá an suirbhé faoi réir comhaontú maidir le comhroinnt costas agus mura n-áirítear am loinge i rannpháirtíocht do Bhallstáit (“Type of MS participation” [Cineál rannpháirtíochta an Bhallstáit]), tagair do phlean oibre náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an suirbhé á phleanáil agus á sheoladh aige. |
||||||||||
Bunachar sonraí do shuirbhéanna taighde |
Cuir isteach ainm an bhunachair sonraí ina stóráiltear na sonraí a bailíodh, bíodh sin náisiúnta nó idirnáisiúnta. Má tá sé ar fáil, cuir an nasc chuig an mbunachar sonraí leis. Murab ann do bhunachar sonraí, cuir isteach “None” [Níl aon cheann]. Más rud é go stóráiltear na sonraí i mbunachair sonraí náisiúnta agus idirnáisiúnta, ná cuir isteach ach an bunachar sonraí idirnáisiúnta. Tabhair do d’aire: tá feidhm ag an gcolún seo maidir le bunachar sonraí a bheith ann chun na sonraí a stóráil. |
||||||||||
Nasc chuig an lámhleabhar suirbhé |
Léirigh cá bhfuil lámhleabhar an tsuirbhé taighde le fáil. I gcás suirbhéanna sainordaitheacha agus suirbhéanna comhordaithe idirnáisiúnta, tabhair nasc chuig an lámhleabhar idirnáisiúnta, fiú i gcás go bhfuil lámhleabhar náisiúnta i bhfeidhm freisin. I gcás suirbhéanna neamhshainordaitheacha, is roghnach é an nasc chuig an lámhleabhar náisiúnta (idirnáisiúnta). Mura bhfuil aon nasc ar fáil, cuir isteach “No link available” [Níl nasc ar fáil]. Mura bhfuil aon lámhleabhar ar fáil, cuir isteach “No manual available” [Níl an lámhleabhar ar fáil]. |
||||||||||
Barúlacha PO |
Aon bharúil bhreise |
||||||||||
I gcás rannpháirtíocht airgeadais, an ndearnadh an íocaíocht? |
I gcás rannpháirtíocht airgeadais i suirbhé taighde mar chuid de chomhaontú comhroinnt costas, léirigh le “Y” (rinneadh) nó le “N” (ní dhearnadh) cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an íocaíocht. Mura bhfuil aon chomhaontú maidir le comhroinnt costas i bhfeidhm, cuir isteach “NA” (ní bhaineann le hábhar). |
||||||||||
Laethanta ar muir a rinneadh |
Cuir isteach an líon laethanta ar muir a rinneadh le linn an tsuirbhé taighde. Más rud é go bhfuil an suirbhé faoi réir comhaontú maidir le comhroinnt costas agus mura n-áirítear am loinge i rannpháirtíocht do Bhallstáit (“Type of MS participation” [Cineál rannpháirtíochta an Bhallstáit]), féach tuarascáil bhliantúil an Bhallstáit a dhéanann an suirbhé. |
||||||||||
An líon gníomhaíochtaí samplála a rinneadh |
Luaigh an líon spriocaonad sa cholún “Number of sampling activities planned” [An líon gníomhaíochtaí samplála a beartaíodh] a rinneadh le linn an tsuirbhé. Más rud é go bhfuil an suirbhé faoi réir comhaontú maidir le comhroinnt costas agus mura n-áirítear am loinge i rannpháirtíocht do Bhallstáit (“Type of MS participation” [Cineál rannpháirtíochta an Bhallstáit]), féach tuarascáil bhliantúil an Bhallstáit a dhéanann an suirbhé. |
||||||||||
Sonraí eile a chur isteach |
Cuir isteach “Y” (cuirtear) i gcás ina gcuirtear na sonraí loma faoi bhráid comhlachtaí eolaíocha eile seachas an bunachar sonraí ábhartha, agus “N” (ní chuirtear) i gcás nach gcuirtear. |
||||||||||
An ndearnadh an tsampláil laistigh de na tréimhsí a beartaíodh? |
Cuir isteach “Y” (rinneadh) más rud é go ndearnadh an suirbhé taighde laistigh den tréimhse oifigiúil suirbhé, agus “N” (ní dhearnadh) mura ndearnadh. Más rud é go bhfuil an suirbhé faoi réir comhaontú maidir le comhroinnt costas agus mura n-áirítear am loinge i rannpháirtíocht do Bhallstáit (“Type of MS participation” [Cineál rannpháirtíochta an Bhallstáit]), féach tuarascáil bhliantúil an Bhallstáit a dhéanann an suirbhé. |
||||||||||
An ndearnadh an tsampláil laistigh de na limistéir a beartaíodh? |
Cuir isteach “Y” (rinneadh) más rud é go ndearnadh an suirbhé taighde laistigh den limistéar suirbhé oifigiúil, agus “N” (ní dhearnadh) mura ndearnadh. Má tá an suirbhé faoi réir comhaontú maidir le comhroinnt costas agus mura n-áirítear am loinge i rannpháirtíocht do Bhallstáit (“Type of MS participation” [Cineál rannpháirtíochta an Bhallstáit]), féach tuarascáil bhliantúil an Bhallstáit a dhéanann an suirbhé. |
||||||||||
Léiriú má tá gá le barúlacha AR maidir leis an líon samplaí a fuarthas |
Comhlánaítear an colún seo go huathoibríoch má tá an neamhréiteach idir an líon samplaí a beartaíodh agus an líon samplaí a fuarthas níos lú ná 90 % nó níos mó ná 150 %. Marcáiltear luachanna lasmuigh den raon sin le “x” agus iarrtar ar an mBallstát barúil a sholáthar sa cholún “AR comments” [barúlacha TB]. Féadfaidh tú an colún “AR comments” [barúlacha TB] a chomhlánú gan an tásc freisin. |
||||||||||
Léiriú má tá gá le barúlacha TB maidir le cumhdach ama agus spáis |
Comhlánaítear an colún seo go huathoibríoch mura gcomhlíontar an cumhdach spáis nó an cumhdach ama. Más rud é go dtuairiscítear “N” i gceann amháin de na colúin, marcáiltear le “x” é agus iarrtar ar an mBallstát barúil a chur sa cholún “AR comments” [barúlacha TB]. Féadfaidh tú an colún “AR comments”[barúlacha TB] a chomhlánú gan an tásc freisin. |
||||||||||
Barúlacha TB |
Cuir isteach barúlacha chun aon diall ón bplean oibre a shoiléiriú, i gcás go léirítear neamhréireacht i gcolúin AB agus AC go háirithe. Más rud é go dtugtar barúlacha mionsonraithe i mBosca Téacs 2.6, léirigh é sin sa cholún seo. Is féidir barúlacha breise a chur isteach. |
Bosca Téacs 2.6: Suirbhéanna taighde ar muir
Nóta ginearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5(1)(b), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil I agus II den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá sé beartaithe leis an mbosca téacs seo sonrú a dhéanamh ar cé na suirbhéanna taighde ar muir, mar atá leagtha amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE. Sonróidh na Ballstáit an bhfuil an suirbhé taighde san áireamh i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE nó an suirbhé breise é. |
||||||||
(Bain úsáid as bosca téacs amháin in aghaidh an tsuirbhé) Ainm an tsuirbhé taighde
(450 focal ar a mhéad in aghaidh an tsuirbhé) |
||||||||
(450 focal ar a mhéad in aghaidh an tsuirbhé) |
3: sonraí maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta:
Tábla 3.1: Straitéis bailithe sonraí maidir le hathróga gníomhaíochta iascaireachta
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 5(2)(c), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán 2017/1004 agus Caibidil II pointe 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá sé beartaithe leis an tábla seo na hathróga a shonraítear i dTábla 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE a chumhdach, seachas na hathróga a bhaineann le huiscí intíre (eascanna), agus tá sé beartaithe freisin tuairisc a thabhairt ar an modh a úsáidtear chun meastacháin a dhéanamh ar shamplaí ionadaíocha i gcás nach bhfuil sonraí le taifeadadh faoin Rialachán um Rialú (CE) Uimh. 1224/2009 nó i gcás nach bhfuil na sonraí a bhailítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ar an leibhéal ceart comhiomlánaithe le haghaidh na húsáide eolaíche a beartaíodh. Níor cheart Tábla 3.1 a chomhlánú ach amháin má bheartaítear sonraí comhlántacha a bhailiú. |
|||||||
Ainm réimse |
Tuairisc |
||||||
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an MasterCodeList. |
||||||
Bliain cur chun feidhme |
Léirigh an bhliain nó an raon blianta ina gcuirfear an ghníomhaíocht chun feidhme, úsáid an leagan amach “202X” nó “202X-202X”. |
||||||
Réigiún supra |
Úsáid an gnás ainmniúcháin ó Thábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE. Más do na réigiúin supra uile a thagraítear leis an bhfaisnéis, cuir isteach “all supra regions” [na réigiúin supra uile]. Féach “Supra region” [Réigiún supra] ar an MasterCodeList. |
||||||
Geotháscaire |
Leis an “Geo Indicator” [Geotháscaire], déantar idirdhealú idir ranna cabhlaigh a oibríonn sna réigiúin is forimeallaí agus ranna cabhlaigh nach n-oibríonn ach in uiscí nach bhfuil san Aontas (uiscí idirnáisiúnta + comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh le tríú tíortha). Mura bhfuil Geotháscaire ábhartha maidir le roinn cabhlaigh, úsáid an cód “NGI”. Féach “Geo Indicator” [Geotháscaire] ar an MasterCodeList. |
||||||
Réigiún |
Féach “Regions” [Réigiúin] ar an MasterCodeList. Más do na réigiúin uile a thagraítear leis an bhfaisnéis uile, cuir isteach an cód “all regions” [na réigiúin uile]. |
||||||
RFMO/RFO/IO |
Cuir isteach acrainm na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh (RFMO), na heagraíochta réigiúnaí iascaigh (RFO) nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta (IO) inniúla a bhainistíonn an speiceas/an stoc agus a thugann comhairle maidir leis. Féach “RFMO/RFO/IO” ar an MasterCodeList. Mura bhfuil RFMO, RFO nó IO infheidhme, úsáid “NA” [ní bhaineann le hábhar]. |
||||||
Táscaire gníomhaíochta |
Úsáid na táscairí gníomhaíochta seo a leanas: “Low active” [Ísealghníomhach]; “Active” [Gníomhach]; agus “NA [Ní bhaineann le hábhar]”. Más rud é go ndéanann tú cabhlach a roinnt ina leibhéil dhifriúla ghníomhaíochta, úsáid “L” le haghaidh na soitheach ísealghníomhach agus “A” le haghaidh na soitheach gnáthghníomhaíochta eacnamaíche. Ba cheart go mbeadh suim an lín soitheach a bhíonn ag plé le gníomhaíochtaí “L” agus “A” cothrom le pobal iomlán na roinne sin. Soláthraítear an mhodheolaíocht chun an leibhéal gníomhaíochta a chur i bhfeidhm i Moladh 5 de PGECON 2018. Mura gcuirtear leibhéal gníomhaíochta i bhfeidhm, úsáid “NA” [Ní bhaineann le hábhar]. Féach “Activity indicator” [Táscaire gníomhaíochta] ar an MasterCodeList. |
||||||
Ainm roinne nó braisle |
Cuir isteach ainm roinne nó braisle, i gcás braisliú. Úsáid an gnás ainmniúcháin ó Thábla 8 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Cuir réiltín isteach más rud é go ndearnadh an roinn a bhraisliú le ranna eile chun críoch bailithe sonraí agus tuairiscithe, e.g. “Beam trawlers 0-< 6 m*” [Trálaeir bhíoma 0-< 6 m*]. Féach treoir PO maidir le Bosca Téacs 5.2, pointe 1. Féach na cóid “Fishing technique” [Teicníc iascaireachta] agus “Length class” [Aicme faid] ar an MasterCodeList. Ní cheart ach na ranna a thuairiscítear i dTábla 5.1 a áireamh le Tábla 3.1. |
||||||
Athróg gníomhaíochta iascaireachta |
Úsáid an gnás ainmniúcháin ó Thábla 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Cuir isteach athróga, seachas grúpaí athróg. Féach “Fishing Activity variable” [Athróg gníomhaíochta iascaireachta] ar an MasterCodeList. |
||||||
Foinse sonraí |
Léirigh na foinsí sonraí a úsáidtear. Déan foinsí difriúla sonraí a dheighilt óna chéile le “;”. Féach “Data source” [Foinse sonraí] ar an MasterCodeList. |
||||||
Scéim bailithe sonraí |
Cuir isteach cód na scéime bailithe sonraí (C - Census [Áireamh]; PSS - Probability Sample Survey [Suirbhé Samplála Dóchúlachta]; NPS - Non-Probability Sample Survey [Suirbhé Samplála Neamhdhóchúlachta]; IND - Indirect survey [Suirbhé indíreach], i gcás nach mbailítear an athróg go díreach ach ina dtugtar meastachán uirthi nó ina ndéantar í a dhíorthú.). Féach “Data collection scheme” [Scéim bailithe sonraí] ar an MasterCodeList. |
||||||
Ráta samplála a beartaíodh (%) |
I gcás gach foinse sonraí, léirigh an céatadán (%) cumhdaigh a beartaíodh, bunaithe ar an líon soithí faoi réir sonraí comhlántacha a bhailiú.
|
||||||
Barúlacha faoin bplean oibre |
Aon bharúil eile. |
||||||
Bliain tagartha TB |
Cuir isteach an bhliain a bailíodh na sonraí lena haghaidh |
||||||
Líon soithí |
Cuir isteach an líon soithí atá faoi réir bailithe sonraí comhlántacha. Tá an pobal bunaithe ar an líon soithí gníomhacha agus neamhghníomhacha atá cláraithe i gClár Cabhlaigh Iascaireachta an Aontais mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 31 Nollaig den bhliain tuairiscithe agus ar shoithí nach bhfuil ar an gClár ar an dáta sin ach a rinne iascaireacht ar feadh aon lae amháin ar a laghad le linn na bliana tuairiscithe. |
||||||
Líon samplaí a beartaíodh |
Líontar an colún seo go huathoibríoch leis an líon soithí a beartaíodh le haghaidh bailiú sonraí comhlántacha. “Planned sample number” [Líon samplaí a beartaíodh] = “Number of vessels” [Líon soithí] * “Planned sample rate” [An ráta samplála a beartaíodh] |
||||||
An líon freagraí a fuarthas |
Cuir isteach an líon freagraí a fuarthas le haghaidh an bhailiúcháin sonraí comhlántacha i gcás gach ceann de na foinsí sonraí agus de na hathróga. |
||||||
Response rate [Ráta freagartha] (%) |
An líon freagraí/Méid sampla “Response rate (%)” [Ráta freagartha] = (“Achieved response number” [An líon freagraí a fuarthas]/“Planned sample number” [Líon samplaí a beartaíodh]) % |
||||||
Cumhdach a baineadh amach (%) |
Cumhdach a baineadh amach leis an líon soithí atá faoi réir sonraí comhlántacha a bhailiú. “Achieved coverage (%)” [Cumhdach a baineadh amach] = (“Achieved response number” [An líon freagraí a fuarthas]/“Number of vessels under complementary data collection” [Líon soithí faoi réir sonraí comhlántacha a bhailiú]) % |
||||||
Barúlacha TB |
Cuir barúlacha isteach chun aon diall ón bplean oibre a shoiléiriú. |
Bosca Téacs 3.1: Straitéis bailithe sonraí maidir le hathróga gníomhaíochta iascaireachta
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5(2)(c), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán 2017/1004 agus Caibidil II pointe 3.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Beartaítear leis tuairisc a thabhairt ar an modh a úsáidtear chun meastacháin a dhéanamh ar shamplaí ionadaíocha i gcás nach bhfuil sonraí le taifeadadh faoin Rialachán um Rialú (CE) Uimh. 1224/2009 nó i gcás nach bhfuil na sonraí a bhailítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ar an leibhéal ceart comhiomlánaithe le haghaidh na húsáide eolaíche a beartaíodh. Níor cheart Bosca Téacs 3.1 a chomhlánú ach amháin má tá sé beartaithe sonraí comhlántacha a bhailiú. |
Tabhair míniú ar na cúiseanna leis an mbailiú sonraí comhlántacha a chur chun feidhme Tá faisnéis maidir leis na scéimeanna samplála ar fáil sa doiciméad cáilíochta (Iarscríbhinn 1.2). Mar sin féin, iarrtar ar an mBallstát faisnéis bhreise a thabhairt faoi scéimeanna samplála agus faoi chreataí samplála a mheastar is gá chun an dearadh samplála a beartaíodh do na blianta cur chun feidhme a thuiscint. (900 focal ar a mhéad) |
Diallta ón bplean oibre Liostaigh na hathruithe ar an bplean oibre (más ann dóibh) agus tabhair míniú ar na cúiseanna atá leo. Gníomhaíochtaí chun diallta a sheachaint Tabhair tuairisc ghairid ar na gníomhaíochtaí a bhreithneofar/a rinneadh chun diallta a sheachaint amach anseo agus ar an uair a mheastar a bheidh éifeacht ag na gníomhaíochtaí sin. Murab ann d’aon diall, ní bhaineann an roinn seo le hábhar. (900 focal ar a mhéad) |
Bosca Téacs 3.2: Straitéis bailithe sonraí maidir le hathróga gníomhaíochta iascaireachta (le haghaidh iascaigh thráchtála intíre eascann)
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5(2)(c), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 3.2 den Chinneadh Tarmligthe EU MAP. Beartaítear leis tuairisc a thabhairt ar na modhanna agus ar na foinsí sonraí a úsáidtear chun acmhainn iascaireachta, iarracht agus sonraí faoi theacht i dtír a mheas. |
Tabhair tuairisc ar shonraí a bhailiú faoi theacht i dtír, faoi iarracht agus faoi acmhainn iascach tráchtála intíre eascann. Liostaigh, mar shampla, an líon eintiteas iascaireachta, na modhanna iascaireachta agus an líon aonad gaolmhar a úsáidtear, nó tabhair tuairisc ar na nithe sin. (900 focal ar a mhéad) |
Diallta ón bplean oibre Liostaigh na hathruithe ar an bplean oibre (más ann dóibh) agus tabhair míniú ar na cúiseanna atá leo. Gníomhaíochtaí chun diallta a sheachaint Tabhair tuairisc ghairid ar na gníomhaíochtaí a bhreithneofar/a rinneadh chun diallta a sheachaint amach anseo agus ar an uair a mheastar a bheidh éifeacht ag na gníomhaíochtaí sin. Murab ann d’aon diall, ní bhaineann an roinn seo le hábhar. (900 focal ar a mhéad) |
4: Tionchar a imríonn iascach ar acmhainní bitheolaíochta na mara
Tábla 4.1 Sampláil ghoile agus anailís ghoile
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 5(2)(b), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán 2017/1004 agus Caibidil II pointe 4.3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá sé beartaithe leis an tábla seo sonrú a dhéanamh ar an bplean samplála chun inneachar goile a bhailiú agus a anailísiú. |
|
Ainm réimse |
Tuairisc |
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an MasterCodeList. |
Bliain cur chun feidhme |
Léirigh an bhliain a chuirfear an ghníomhaíocht chun feidhme. Cuir isteach ró amháin in aghaidh na bliana cur chun feidhme agus cuir isteach na blianta ar fad i dtréimhse an phlean oibre. |
Réigiún |
Féach “Regions” [Réigiúin] ar an MasterCodeList. Más do na réigiúin uile a thagraítear leis an bhfaisnéis uile, cuir isteach an cód “all regions” [na réigiúin uile]. |
RFMO/RFO/IO |
Cuir isteach acrainm na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh (RFMO), na heagraíochta réigiúnaí iascaigh (RFO) nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta (IO) a bhainistíonn an speiceas/an stoc agus a thugann comhairle maidir leis. Féach “RFMO/RFO/IO” ar an MasterCodeList. Mura bhfuil RFMO, RFO nó IO infheidhme, úsáid “NA” [ní bhaineann le hábhar]. |
Limistéir a chumhdaítear |
Léirigh na limistéir ar beartaíodh iad a chumhdach. Maidir le suirbhéanna sainordaitheacha, beidh an limistéar mar a chéile leis an limistéar a shonraítear i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE. |
Cineál breathnóireachta |
Léirigh an cineál gníomhaíochta breathnóireachta a úsáidtear chun sonraí a bhailiú le haghaidh an chineáil shonraithe scéime samplála. Féach “Observation type” [Cineál breathnóireachta] ar an MasterCodeList. |
Cineál scéime samplála |
Cuir isteach an cineál scéime samplála a úsáidtear. Féach “Sampling scheme type” [Cineál scéime samplála] ar an MasterCodeList. Ba cheart an tagairt do chineálacha scéime samplála a bheith comhsheasmhach ar fud na dtáblaí ina bhfuil an colún sin. Ba cheart gach cineál scéime samplála a thuairisciú i ró ar leithligh. |
Aitheantóir scéime samplála |
Tabhair ainm uathúil (téacs saor) chun gach teaglaim de “Observation type” [Cineál breathnóireachta] * “Sampling scheme type” [Cineál scéime samplála] a shainaithint. Úsáid an tagairt chéanna sna boscaí téacs agus in Iarscríbhinn 1.1. Maidir le suirbhéanna sainordaitheacha taighde ar muir, úsáid an t-acrainm ó Thábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE - féach “Mandatory survey at sea” [Suirbhé sainordaitheach ar muir] ar an MasterCodeList. |
Ainm an phlean oibre réigiúnaigh |
Léirigh ainm an phlean oibre réigiúnaigh atá i bhfeidhm más ann dó. Úsáid acrainm más ann do cheann. Cuir isteach “N” (no) mura bhfuil aon phlean oibre réigiúnach i bhfeidhm. |
Tréimhse (ráithe) |
Léirigh an tréimhse (ráithí, cuir camóg eatarthu más rud é go bhfuil níos mó ná ceann amháin ann) ar bheartaigh do Bhallstát í a chumhdach. Má tá feidhm ag plean réigiúnach um shampláil ghoile, féach an plean sin. |
Speicis le haghaidh sampláil ghoile |
Léirigh ainm eolaíoch an speicis ar beartaíodh sampláil ghoile a dhéanamh air. Úsáid ainmneacha speiceas ó Thábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. |
Líon goilí a mheastar a bheidh ann |
Cuir isteach an líon goilí a mheastar a bheidh ann bunaithe ar an bprótacal samplála. (e.g. más rud é go luaitear cúig iasc in aghaidh aicme faid le haghaidh speicis sa phrótacal, tabhair meastachán ar an líon aicmí faid faoinar féidir a mheas go mbeidh sé ann le haghaidh an speicis sin bunaithe ar na blianta roimhe sin agus iolraigh faoi chúig é). Mura bhfuil feidhm ag aon phrótacal samplála goile, tabhair údar leis an líon goilí a mheastar a bhaileofar sa cholún “WP comments” [Barúlacha faoin bplean oibre]. |
Nasc chuig an bprótacal samplála goile |
Léirigh an áit ar féidir an prótacal samplála goile a fháil. Tabhair nasc chuig an lámhleabhar idirnáisiúnta, fiú i gcás go bhfuil lámhleabhar náisiúnta ann freisin. Cuir “N” isteach mura bhfuil aon phrótacal samplála goile ar fáil. |
Teicnící meitegéanómaíocha |
Cuir “Y” (úsáidtear) isteach más rud é go n-úsáidtear teicnící meitegéanómaíocha sa tsampláil ghoile nó cuir “N” (No/ní úsáidtear) isteach mura n-úsáidtear). |
Barúlacha faoin bplean oibre |
Aon bharúil bhreise |
Líon goilí a ndearnadh sampláil orthu |
Léirigh an líon goilí a bailíodh. |
An ndearnadh an tsampláil laistigh de na tréimhsí a beartaíodh? |
Cuir isteach “Y” (rinneadh) nó “N” (ní dhearnadh) chun a thabhairt le fios cibé a rinneadh an tsampláil ghoile taobh istigh den tréimhse a beartaíodh nó nach ndearnadh. |
An ndearnadh an tsampláil laistigh de na limistéir a beartaíodh? |
Cuir isteach “Y” (rinneadh) nó “N” (ní dhearnadh) chun a thabhairt le fios cibé a rinneadh an tsampláil ghoile laistigh de na limistéir a beartaíodh nó nach ndearnadh. |
Léiriú má tá gá le barúlacha TB maidir leis an líon samplaí a baineadh amach |
Comhlánaítear an colún seo go huathoibríoch más lú an neamhréiteach idir an líon samplaí a beartaíodh agus an líon samplaí a baineadh amach ná 90 % nó más mó é ná 150 %. Marcáiltear luachanna lasmuigh den raon sin le “x” agus iarrtar ar an mBallstát barúil a sholáthar sa cholún “AR comments” [Barúlacha TB]. Féadfaidh tú an colún “AR comments” [Barúlacha TB] a chomhlánú gan an léiriú freisin. |
Léiriú má tá gá le barúlacha TB maidir le clúdach ama agus spáis |
Comhlánaítear an colún seo go huathoibríoch mura gcomhlíontar an cumhdach spáis agus ama. Más rud é go dtuairiscítear “N” i gceann amháin de na colúin, marcáiltear le “x” é agus iarrtar ar an mBallstát barúil a chur sa cholún “AR comments” [Barúlacha TB]. Féadfaidh tú an colún “AR comments” [Barúlacha TB] a chomhlánú gan an léiriú freisin. |
Barúlacha TB |
Cuir barúlacha isteach chun aon diall ón bplean oibre a shoiléiriú, go háirithe má tá neamhréiteach ann idir na colúin P agus Q. Léirigh sa cholún seo más rud é go dtugtar barúlacha mionsonraithe i mBosca Téacs 4.1. Is féidir barúlacha breise a chur isteach. |
Bosca téacs 4.2: Foghabhálacha speiceas íogair
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5(2)(a) agus (b), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil 2 pointe 4.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Comhlánaítear Tábla 2.5 leis an mbosca téacs seo. |
||||||||||||||
Comhlánaítear leis an mbosca téacs seo an fhaisnéis faoi na scéimeanna samplála a sholáthraítear sa doiciméad cáilíochta (Iarscríbhinn 1.1). Sa bhosca téacs, cuirtear i dtábhacht an fhaisnéis faoi scéimeanna samplála agus faoi chreataí samplála a bhaineann le foghabhálacha speiceas íogair. Faisnéis bhreise faoi bhreathnóireacht ar fhoghabhálacha speiceas íogair a bheartú (más rud é gur tugadh an fhaisnéis cheana in Iarscríbhinn 1.1, léirigh an áit inar féidir teacht uirthi):
Faisnéis bhreise faoi phrótacail bhreathnóra (más rud é gur tugadh an fhaisnéis cheana in Iarscríbhinn 1.1, léirigh an áit inar féidir teacht uirthi):
Faisnéis bhreise faoi scéimeanna samplála Féadfaidh tú faisnéis shonrach chomhthéacsúil a bhaineann le réigiún nó le blianta cur chun feidhme a chur isteach, mar shampla, faisnéis lena gcuirtear i dtábhacht forbairtí nach sonraítear sa doiciméad cáilíochta, oiriúnú réigiúnach agus/nó dearcthaí le haghaidh na todhchaí. Cuir an fhaisnéis faoin aitheantóir scéime samplála céanna agus atá i dTábla 2.5. Tuairisc bhreise ar chreataí samplála Féadfaidh tú tuairisc chomhlántach a chur leis an méid a áirítear sa cholún “Sampling frame description” [Tuairisc ar an gcreat samplála] i dTábla 2.5. Cuir an fhaisnéis faoin aitheantóir agus faoin ainm céanna atá sna colúin “Sampling frame identifier” [Aitheantóir creata samplála] agus “Sampling frame description” [Tuairisc ar an gcreat samplála] i dTábla 2.5 agus cuir san ord céanna iad (aitheantóir creata samplála + tuairisc ar an gcreat samplála). (Bosca téacs amháin 1 000 focal ar a mhéad in aghaidh an réigiúin/RFMO/RFO/IO) |
||||||||||||||
Torthaí Tabhair faisnéis bhreise, más ann di, sa bhosca téacs seo. Mar shampla, faisnéis achoimre faoin líon ainmhithe aonair a a ndearnadh taifead díobh mar fhoghabháil in aghaidh an speicis, an ghrúpa trealaimh agus an mhodha faireacháin agus faisnéis faoi staid na n-ainmhithe (i.e. ar scaoileadh saor beo nó marbh iad nó ar bailíodh iad lena sampláil). Diallta ón bplean oibre Liostóidh an Ballstát na diallta (más ann dóibh) sa bhailiú sonraí a rinneadh i gcomparáid lenar beartaíodh sa phlean oibre agus míneoidh sé na cúiseanna leis na diallta sin. Gníomhaíochtaí chun diallta a sheachaint Tabharfaidh an Ballstát tuairisc ghairid ar na gníomhaíochtaí a bhreithneofar/a rinneadh chun diallta a sheachaint amach anseo agus ar an uair a mheastar a bheidh éifeacht ag na gníomhaíochtaí sin. Murab ann d’aon diall, ní bhaineann an roinn seo le hábhar. (Bosca téacs amháin 1 000 focal ar a mhéad in aghaidh an réigiúin/RFMO/RFO/IO) |
Bosca Téacs 4.3: Tionchar iascaigh ar ghnáthóga mara
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5 míreanna 2(a) agus 2(b), Airteagal 6 míreanna 3(a), 3(b) agus 3(c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil 2, pointe 4.2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá faisnéis ann faoi staidéir bhreise ar an tionchar a imríonn iascach ar ghnáthóga mara. |
||||||
(900 focal ar a mhéad in aghaidh an staidéir) |
||||||
Tuairisc ghairid ar na torthaí (lena n-áirítear diallta ón bplean agus cúiseanna leis na diallta sin). Na torthaí a measadh a bheadh ann a bhaint amach agus murar baineadh amach iad, na cúiseanna leis sin. Obair leantach i dtaca leis na gníomhaíochtaí (cad iad na chéad chéimeanna eile, conas a úsáidfear na torthaí). (900 focal ar a mhéad in aghaidh an staidéir) |
5: Sonraí eacnamaíocha agus sóisialta san iascach
Tábla 5.1: Pobal iomlán cabhlaigh agus braisliú
Barúil ghinearálta: Tá sé beartaithe sa tábla seo go dtabharfaí méid na ranna cabhlaigh agus na scéimeanna braislithe. Áireofar leis an bpobal an líon soithí gníomhacha agus neamhghníomhacha atá cláraithe i gClár Cabhlaigh Iascaireachta an Aontais mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 31 Nollaig den bhliain tuairiscithe agus áireofar soithí nach bhfuil ar an gClár ar an dáta sin ach a rinne iascaireacht ar feadh aon lae amháin ar a laghad le linn na bliana tuairiscithe. |
|
Ainm réimse |
Tuairisc |
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an MasterCodeList. |
Bliain cur chun feidhme |
Léirigh an bhliain nó an raon blianta ina gcuirfear an ghníomhaíocht chun feidhme, úsáid an leagan amach “202X” nó “202X-202X”. |
Réigiún supra |
Úsáid an gnás ainmniúcháin ó Thábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE. Más do na réigiúin supra uile a thagraítear leis an bhfaisnéis, cuir isteach “all supra regions” [na réigiúin supra uile]. Féach “Supra region” [Réigiún supra] ar an MasterCodeList. |
Geotháscaire |
Leis an “Geo Indicator” [Geotháscaire], déantar idirdhealú idir ranna cabhlaigh a oibríonn sna réigiúin is forimeallaí agus na ranna cabhlaigh nach n-oibríonn ach in uiscí nach bhfuil san Aontas (uiscí idirnáisiúnta + comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh le tríú tíortha). Mura bhfuil Geotháscaire ábhartha maidir le roinn cabhlaigh, úsáid an cód “NGI”. Féach “Geo Indicator” [Geotháscaire] ar an MasterCodeList. |
Táscaire gníomhaíochta |
Úsáid na táscairí gníomhaíochta seo a leanas: “Low active” [Ísealghníomhach]; “Active” [Gníomhach]; agus “NA [Ní bhaineann le hábhar]”. Más rud é go ndéanann tú cabhlach a roinnt ina leibhéil dhifriúla ghníomhaíochta, úsáid “L” le haghaidh na soitheach ísealghníomhach agus “A” le haghaidh na soitheach gnáthghníomhaíochta eacnamaíche. Ba cheart go mbeadh suim an lín soitheach a bhíonn ag plé le gníomhaíochtaí “L” agus “A” cothrom le pobal iomlán na roinne sin. Soláthraítear an mhodheolaíocht chun an leibhéal gníomhaíochta a chur i bhfeidhm i Moladh 5 de PGECON 2018. Más rud é nach gcuirtear leibhéal gníomhaíochta i bhfeidhm, úsáid “NA” [ní bhaineann le hábhar]. Féach “Activity indicator” [Táscaire gníomhaíochta] ar an MasterCodeList. |
Teicníc iascaireachta |
Úsáid an gnás ainmniúcháin ó Thábla 8 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Féach “Fishing technique” [Teicníc iascaireachta] ar an MasterCodeList. |
Aicme faid |
Úsáid an gnás ainmniúcháin ó Thábla 8 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Cuir réiltín isteach más rud é go ndearnadh an roinn a bhraisliú le ranna eile chun críoch bailithe sonraí. Féach “Length Class” [Aicme faid] ar an MasterCodeList. |
Ainm Roinne nó Braisle |
Cuir isteach ainm roinne nó braisle, i gcás braisliú. Úsáid an gnás ainmniúcháin ó Thábla 8 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Cuir réiltín isteach más rud é go ndearnadh an roinn a bhraisliú le ranna eile chun críoch bailithe sonraí agus tuairiscithe, e.g. “Beam trawlers 0-< 6 m*” [Trálaeir bhíoma 0-< 6 m*]. Féach treoir PO maidir le Bosca Téacs 5.2, pointe 1. Féach na cóid “Fishing technique” [Teicníc iascaireachta] agus “Length class” [Aicme faid] ar an MasterCodeList. |
Pobal iomlán (PO) |
Cuir isteach an líon soithí mar a shainítear i gCaibidil II, pointe 5.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil tráth a chuirtear PO isteach. |
Barúlacha faoin bplean oibre |
Aon bharúil eile. |
Bliain tagartha TB |
Cuir isteach an bhliain a bailíodh na sonraí lena haghaidh. |
Pobal iomlán (TB) |
Áireofar leis an bpobal an líon soithí gníomhacha agus neamhghníomhacha atá cláraithe i gClár Cabhlaigh Iascaireachta an Aontais mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 31 Nollaig den bhliain tuairiscithe agus áireofar soithí nach bhfuil ar an gClár ar an dáta sin ach a rinne iascaireacht ar feadh aon lae amháin ar a laghad le linn na bliana tuairiscithe. |
Barúlacha TB |
Aon bharúil eile. |
Tábla 5.2: Athróga eacnamaíocha agus sóisialta le haghaidh straitéis bailithe sonraí don iascachiascaireachta
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 5(2)(d), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá sé beartaithe leis an tábla seo sonrú a dhéanamh ar na sonraí atá le bailiú faoi Tháblaí 7 agus 9 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Úsáid an tábla seo chun forbhreathnú a thabhairt ar an bpobal le haghaidh sonraí eacnamaíocha agus sóisialta in earnáil an iascaigh. |
|||||
Ainm réimse |
Tuairisc |
||||
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an MasterCodeList. |
||||
Bliain cur chun feidhme |
Léirigh an bhliain nó an raon blianta ina gcuirfear an ghníomhaíocht chun feidhme, úsáid an leagan amach “202X” nó “202X-202X”. |
||||
Réigiún supra |
Úsáid an gnás ainmniúcháin ó Thábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE. Más do na réigiúin supra uile a thagraítear leis an bhfaisnéis, cuir isteach “all supra regions” [na réigiúin supra uile]. Féach “Supra region” [Réigiún supra] ar an MasterCodeList. |
||||
Geotháscaire |
Leis an “Geo Indicator” [Geotháscaire], déantar idirdhealú idir ranna cabhlaigh a oibríonn sna réigiúin is forimeallaí agus na ranna cabhlaigh nach n-oibríonn ach in uiscí nach bhfuil san Aontas (uiscí idirnáisiúnta + comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh le tríú tíortha). Mura bhfuil Geotháscaire ábhartha, úsáid an cód “NGI”. Féach “Geo Indicator” [Geotháscaire] ar an MasterCodeList. |
||||
Táscaire gníomhaíochta |
Úsáid na táscairí gníomhaíochta seo a leanas: Low active [Ísealghníomhach]; Active [Gníomhach] agus NA [ní bhaineann le hábhar]. Más rud é go ndéanann tú cabhlach a roinnt ina leibhéil dhifriúla ghníomhaíochta, úsáid “L” le haghaidh na soitheach ísealghníomhach agus “A” le haghaidh na soitheach gnáthghníomhaíochta eacnamaíche. Ba cheart go mbeadh suim an lín soitheach a bhíonn ag plé le gníomhaíochtaí “L” agus “A” cothrom le pobal iomlán na roinne sin. Soláthraítear an mhodheolaíocht chun an leibhéal gníomhaíochta a chur i bhfeidhm i Moladh 5 de PGECON 2018. Más rud é nach gcuirtear leibhéal gníomhaíochta i bhfeidhm, úsáid “NA”. Féach “Activity indicator” [Táscaire gníomhaíochta] ar an MasterCodeList. |
||||
Cineál athróg (E/S) |
Cuir isteach an catagóir lena mbaineann na hathróga: “E” (economic/eacnamaíoch) nó “S” (social/sóisialta). Féach an colún “Description” [Tuairisc] le haghaidh “Economic and Social Variables” [Athróga Eacnamaíocha agus Sóisialta] ar an MasterCodeList. |
||||
Ainm roinne nó braisle |
Cuir isteach ainm roinne nó braisle, i gcás braisliú. Úsáid an gnás ainmniúcháin ó Thábla 8 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Cuir réiltín isteach más rud é go ndearnadh an roinn a bhraisliú le ranna eile chun críoch bailithe sonraí agus tuairiscithe, e.g. “Beam trawlers 0-< 6 m*” [Trálaeir bhíoma 0-< 6 m*]. Féach treoir PO maidir le Bosca Téacs 5.2, pointe 1. Féach na cóid “Fishing technique” [Teicníc iascaireachta] agus “Length class” [Aicme faid] ar an MasterCodeList. Maidir le sonraí sóisialta a bhailiú, féadfaidh tú an cód “All segments” [Na ranna uile] ón liosta “Segment or cluster name” [Ainm roinne nó braisle] ar an MasterCodeList a úsáid. |
||||
Athróga eacnamaíocha agus sóisialta |
Úsáid an gnás ainmniúcháin i gcolún 2 de Thábla 7 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE le haghaidh athróga eacnamaíocha agus Tábla 9 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE le haghaidh athróga sóisialta. Féach an colún “Description” [Tuairisc] le haghaidh an liosta “Economic and Social Variables” [Athróga Eacnamaíocha agus Sóisialta] ar an MasterCodeList. |
||||
Foinse sonraí |
Léirigh na foinsí sonraí a úsáidtear. Murar beartaíodh aon bhailiú sonraí le haghaidh athróga áirithe, cuir isteach “NA” (“ní bhaineann le hábhar”). Déan foinsí difriúla sonraí a dheighilt óna chéile le “;”. Féach “Data source” [Foinse sonraí] ar an MasterCodeList. |
||||
Scéim bailithe sonraí |
Cuir isteach cód na scéime bailithe sonraí (C - Census [Áireamh]; PSS - Probability Sample Survey [Suirbhé Samplála Dóchúlachta]; NPS - Non-Probability Sample Survey [Suirbhé Samplála Neamhdhóchúlachta]; IND - Indirect survey [Suirbhé indíreach], i gcás nach mbailítear an athróg go díreach ach ina dtugtar meastachán uirthi nó ina ndéantar í a dhíorthú.). Murar beartaíodh aon bhailiú sonraí le haghaidh athróga áirithe, cuir isteach “NA” (“ní bhaineann le hábhar”). Féach “Data collection scheme” [Scéim bailithe sonraí] ar an MasterCodeList. |
||||
Ráta samplála a beartaíodh (%) |
Léirigh an ráta samplála a beartaíodh (%) bunaithe ar an bpobal. Murar beartaíodh aon bhailiú sonraí le haghaidh athróga áirithe, cuir isteach “N” (níor beartaíodh).
Má bhaineann an “Data source” [Foinse sonraí] leis an Rialachán um Rialú, is féidir neamhaird a thabhairt ar na figiúir chomhfhreagracha (mar go gcaithfidh 100 % a bheith i gceist i ngach aon chás). |
||||
Barúlacha faoin bplean oibre |
Léirigh cé acu a chros-seiceálann do Bhallstát na foinsí sonraí a úsáidtear i gcomhar leis an bpríomhfhoinse sonraí nó nach cros-seiceálann agus tabhair tuairisc ar an bpróiseas in Iarscríbhinn 1.2. Aon bharúil eile. |
||||
Bliain tagartha TB |
Cuir isteach an bhliain a bailíodh na sonraí lena haghaidh. |
||||
Total population |
Cuir isteach an líon iomlán pobail. Ba cheart dó a bheith comhsheasmhach leis an gcolún “Total population (AR)” [Pobal iomlán (TB)] i dTábla 5.1. |
||||
An ráta samplála a beartaíodh arna nuashonrú (%) |
Cuir isteach an ráta samplála (%), arna nuashonrú le linn an phróisis samplála (bunaithe ar fhaisnéis nuashonraithe). |
||||
An líon samplaí a beartaíodh arna nuashonrú |
Comhlánaítear an colún seo go huathoibríoch le slánuimhreacha (ní cheadaítear codáin). “Updated planned sample number” [An líon samplaí a beartaíodh arna nuashonrú] = “Total population” [Pobal iomlán] *“Updated planned sample rate (%)” [An ráta samplála a beartaíodh arna nuashonrú] |
||||
An líon freagraí a fuarthas |
Cuir isteach an líon freagraí a fuarthas |
||||
Ráta freagartha (%) |
An líon freagraí/Méid sampla “Response rate (%)” [Ráta freagartha] = (“Achieved response number” [An líon freagraí a fuarthas]/“Updated planned sample number” [An líon samplaí a beartaíodh arna nuashonrú]) % |
||||
Cumhdach a baineadh amach (%) |
“Achieved coverage (%)” [Cumhdach a baineadh amach] = (“Achieved response number” [An líon freagraí a fuarthas]/“Total population (AR)” [Pobal iomlán (TB)]) % |
||||
An ráta samplála a beartaíodh arna nuashonrú/An ráta samplála a beartaíodh (%) |
“Updated planned sample rate (%)” [An ráta samplála a beartaíodh arna nuashonrú]/“Planned sample rate” [An ráta samplála a beartaíodh] (%) |
||||
Barúlacha TB |
Cuir barúlacha isteach chun aon diall ón bplean oibre a shoiléiriú. |
Bosca Téacs 5.2: Athróga eacnamaíocha agus sóisialta le haghaidh straitéis bailithe sonraí don iascachiascaireachta
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5(2)(d), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá sé beartaithe leis an mbosca téacs seo sonrú a dhéanamh ar na sonraí atá le bailiú faoi Tháblaí 7, 8 agus 9 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. |
||||||||||||||||||||||||
1. Tuairisc ar an mbraisliú I gcásanna inar lú ná 10 soitheach atá i roinn cabhlaigh:
Ba cheart tuairisc a thabhairt ar an mbraisliú agus ba cheart faisnéis a thabhairt faoi na ranna a braislíodh. Is mar seo a leanas ba cheart don Bhallstát idirdhealú a dhéanamh idir na ranna a breithníodh lena mbraisliú:
Ba cheart measúnú a dhéanamh ar thábhacht na ranna cabhlaigh i dtéarmaí teacht i dtír (luach agus toirt) agus/nó iarrachta. Ba cheart cosúlacht a léiriú trí úsáid a bhaint as saineolas ar phatrúin iascaireachta nó ar shonraí atá ar fáil maidir le teacht i dtír agus/nó le hiarracht. I gcás gach ceann de na cásanna a dtugtar tuairisc orthu, ba cheart don Bhallstát na cuir chuige seo a leanas a chur i bhfeidhm lena mbraisliú de réir thréithe difriúla na ranna cabhlaigh:
2. Tuairisc ar tháscaire gníomhaíochta Má úsáideann an Ballstát táscaire gníomhaíochta chun an roinn cabhlaigh a roinnt ar leibhéil dhifriúla ghníomhaíochta, úsáid “L” le haghaidh na soitheach ísealghníomhaíochta agus “A” le haghaidh na soitheach gnáthghníomhaíochta eacnamaíche. Soláthair tuairisc ar an modheolaíocht gníomhaíochta a úsáidtear, le do thoil. 3. Diallta ó shainmhínithe RCG ECON (ex. PGECON) Tabhair tuairisc ar aon diall ó shainmhínithe athróg mar a liostaítear in “EU MAP Guidance Document” (Doiciméad treorach an chláir ilbhliantúil AE) ar shuíomh gréasáin DCF iad agus tabhair údar leis na diallta sin. I gcás nach n-úsáidtear PIM, mínigh modhanna malartacha agus tabhair údar lena gcur i bhfeidhm. (900 focal ar a mhéad) |
||||||||||||||||||||||||
Diallta ón bplean oibre Liostaigh na hathruithe ar PO (más ann dóibh) agus tabhair míniú ar na cúiseanna atá leo. Gníomhaíochtaí chun diallta a sheachaint Tabhair tuairisc ghairid ar na gníomhaíochtaí a bhreithneofar/a rinneadh chun diallta a sheachaint amach anseo agus ar an uair a mheastar a bheidh éifeacht ag na gníomhaíochtaí sin. Murab ann d’aon diall, ní bhaineann an roinn seo le hábhar. (900 focal ar a mhéad) |
6: Sonraí eacnamaíocha agus sóisialta sa dobharshaothrú
Tábla 6.1: Athróga eacnamaíocha agus sóisialta le haghaidh straitéis bailithe sonraí dobharshaothraithe
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 5(2)(e), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá sé beartaithe leis an tábla seo sonrú a dhéanamh ar na sonraí atá le bailiú faoi Tháblaí 9, 10 agus 11 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Úsáid an tábla seo chun forbhreathnú a thabhairt ar bhailiú sonraí eacnamaíocha agus sóisialta ón earnáil dobharshaothraithe. Ná líon isteach Tábla 6.1 má tá táirgeacht dobharshaothraithe do Bhallstáit níos lú ná an tairseach 1 % san Aontas. Úsáid Bosca téacs 6.1 chun an tairseach a cuireadh i bhfeidhm a léiriú agus údar a thabhairt léi. |
|||||
Ainm réimse |
Tuairisc |
||||
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an MasterCodeList. |
||||
Bliain cur chun feidhme |
Léirigh an bhliain nó an raon blianta ina gcuirfear an ghníomhaíocht chun feidhme, úsáid an leagan amach “202X” nó “202X-202X”. |
||||
Teicnící dobharshaothraithe |
Cuir isteach na sonraí deighilte de réir speicis agus teicníce i gcás an dobharshaothraithe, mar a luaitear i dTábla 11 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Le haghaidh sainmhínithe ar theicnící feirmeoireachta, féach Rialachán (CE) Uimh. 762/2008. Ní den bhunriachtanas é sonraí a bhailiú má tá siad faoin tairseach a chuireann an Ballstát i bhfeidhm. Féach na liostaí “Aquaculture technique” [Teicníc dhobharshaothraithe] agus “Aquaculture species group” [Grúpa speicis dobharshaothraithe] ar an MasterCodeList. |
||||
Grúpa speicis dobharshaothraithe |
Cuir isteach na sonraí deighilte de réir speicis agus teicníce i gcás an dobharshaothraithe, mar a luaitear i dTábla 11 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Le haghaidh sainmhínithe ar theicnící feirmeoireachta, féach Rialachán (CE) Uimh. 762/2008. Ní den bhunriachtanas é sonraí a bhailiú má tá siad faoi thairseach a chuireann an Ballstát i bhfeidhm. Féach na liostaí “Aquaculture technique” [Teicníc dhobharshaothraithe] agus “Aquaculture species group” [Grúpa speicis dobharshaothraithe] ar an MasterCodeList. |
||||
Cineál athróg (E/S) |
Cuir isteach an catagóir lena mbaineann na hathróga: “E” (economic/eacnamaíoch) nó “S” (social/sóisialta). Féach an colún “Description” [Tuairisc] le haghaidh “Economic and Social Variables” [Athróga Eacnamaíocha agus Sóisialta] ar an MasterCodeList. |
||||
Athróga eacnamaíocha agus sóisialta |
Úsáid an gnás ainmniúcháin i gcolún 2 de Thábla 10 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE le haghaidh athróga eacnamaíocha agus Tábla 9 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE le haghaidh athróga sóisialta. Féach “Economic and Social Variables” [Athróga Eacnamaíocha agus Sóisialta] ar an MasterCodeList. |
||||
Foinse sonraí |
Léirigh na foinsí sonraí a úsáidtear. Déan foinsí difriúla sonraí a dheighilt óna chéile le “;”. Féach “Data source” [Foinse sonraí] ar an MasterCodeList. |
||||
Scéim bailithe sonraí |
Cuir isteach cód na scéime bailithe sonraí (C - Census [Áireamh]; PSS - Probability Sample Survey [Suirbhé Samplála Dóchúlachta]; NPS - Non-Probability Sample Survey [Suirbhé Samplála Neamhdhóchúlachta]; IND - Indirect survey [Suirbhé indíreach], i gcás nach mbailítear an athróg go díreach ach ina dtugtar meastachán uirthi nó ina ndéantar í a dhíorthú.). Féach “Data collection scheme” [Scéim bailithe sonraí] ar an MasterCodeList. |
||||
Tairseacha dobharshaothraithe |
Léirigh an tairseach a chuirtear i bhfeidhm de réir Chaibidil II, pointe 7 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE. Féach “Aquaculture thresholds” [Tairseacha dobharshaothraithe] ar an MasterCodeList. |
||||
Ráta samplála a beartaíodh (%) |
Léirigh an ráta samplála a beartaíodh (%) bunaithe ar an bpobal, mar a shainítear i gCaibidil II, pointe 6.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Más rud é nár beartaíodh aon bhailiú sonraí le haghaidh athróga áirithe, cuir isteach “N” (níor beartaíodh).
|
||||
Barúlacha faoin bplean oibre |
Léirigh cé acu a chros-seiceálann do Bhallstát na foinsí sonraí a úsáidtear i gcomhar leis an bpríomhfhoinse sonraí nó nach cros-seiceálann agus tabhair tuairisc ar an bpróiseas in Iarscríbhinn 1.2. Aon bharúil eile. |
||||
Bliain tagartha TB |
Cuir isteach an bhliain a bailíodh na sonraí lena haghaidh. |
||||
An líon fiontar |
Cuir isteach an líon fiontar sa roinn. |
||||
An ráta samplála a beartaíodh arna nuashonrú (%) |
Cuir isteach an ráta samplála (%), arna nuashonrú le linn an phróisis samplála (bunaithe ar fhaisnéis nuashonraithe). |
||||
An líon samplaí a beartaíodh arna nuashonrú |
Comhlánaítear an colún seo go huathoibríoch le slánuimhreacha (ní cheadaítear codáin). “Updated planned sample number” [An líon samplaí a beartaíodh arna nuashonrú] = “Number of enterprises” [An líon fiontar] * “Updated planned sample rate (%)” [An ráta samplála a beartaíodh arna nuashonrú] |
||||
An líon freagraí a fuarthas |
Cuir isteach an líon freagraí a fuarthas. |
||||
Ráta freagartha (%) |
An líon freagraí/Méid sampla “Response rate (%)” [Ráta freagartha] = (“Achieved response number” [An líon freagraí a fuarthas]/“Updated planned sample number” [An líon samplaí a beartaíodh arna nuashonrú]) % |
||||
Cumhdach a baineadh amach (%) |
“Achieved coverage (%)” [Cumhdach a baineadh amach] = (“Achieved response number” [An líon freagraí a fuarthas]/“Number of enterprises” [An líon fiontar]) % |
||||
An ráta samplála a beartaíodh arna nuashonrú/An ráta samplála a beartaíodh (%) |
“Updated planned sample rate (%)” [An ráta samplála a beartaíodh arna nuashonrú]/“Planned sample rate” [An ráta samplála a beartaíodh] (%) |
||||
Barúlacha TB |
Cuir barúlacha isteach chun aon diall ón bplean oibre a shoiléiriú. |
Bosca Téacs 6.1: Athróga eacnamaíocha agus sóisialta le haghaidh straitéis bailithe sonraí don dobharshaothrú
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5(2)(e), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá sé beartaithe leis an mbosca téacs sonrú a dhéanamh ar na sonraí atá le bailiú faoi Tháblaí 10 agus 11 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. |
1. Tuairisc ar an tairseach a chur i bhfeidhm Tabhair céatadán le haghaidh táirgeacht an Bhallstáit ón táirgeacht dobharshaothraithe AE is déanaí a tuairiscíodh do Eurostat. Tabhair tuairisc ar na tairseacha a cuireadh i bhfeidhm agus tabhair údar leo.2. Diallta ó shainmhínithe RCG ECON (ex. PGECON) Tabhair tuairisc ar aon diall ó shainmhínithe athróg mar a liostaítear in “EU MAP Guidance Document” (Doiciméad treorach an chláir ilbhliantúil AE) ar shuíomh gréasáin DCF agus tabhair údar leis. (900 focal ar a mhéad) |
Diallta ón bplean oibre Liostaigh na hathruithe ar PO (más ann dóibh) agus tabhair míniú ar na cúiseanna atá leo. Gníomhaíochtaí chun diallta a sheachaint Tabhair tuairisc ghairid ar na gníomhaíochtaí a bhreithneofar/a rinneadh chun diallta a sheachaint amach anseo agus ar an uair a mheastar a bheidh éifeacht ag na gníomhaíochtaí sin. Murab ann d’aon diall, ní bhaineann an roinn seo le hábhar. (900 focal ar a mhéad) |
7: Sonraí eacnamaíocha agus sóisialta sa phróiseáil éisc
Tábla 7.1: Athróga eacnamaíocha agus sóisialta le haghaidh straitéis bailithe sonraí próiseála éisc
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an tábla seo Airteagal 5(2)(f), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 7 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Tá sé beartaithe leis an tábla seo sonrú a dhéanamh ar na sonraí atá le bailiú faoin Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE chun sonraí comhlántacha a bhailiú. Úsáid an tábla seo chun forbhreathnú a thabhairt ar bhailiú sonraí eacnamaíocha agus sóisialta ón tionscal próiseála. Sonraigh bailiú sonraí i gcás athróga nach gcumhdaítear le Eurostat nó ar gá sampláil bhreise a dhéanamh lena n-aghaidh. Féadfar sonraí eacnamaíocha agus sóisialta a bhailiú le haghaidh fiontair próiseála éisc ina bhfostaítear níos lú ná deichniúr, fiontair inar gníomhaíocht thánaisteach í an phróiseáil éisc agus athróga nach gcumhdaítear le Eurostat. Féadfar bailiú sonraí comhlántacha maidir leis an bpróiseáil éisc a chur chun feidhme ar bhonn deonach. |
|||||
Ainm réimse |
Tuairisc |
||||
BS |
Úsáid cód ISO 3166-1 alpha-3 e.g. “DEU”. Féach “MS” [BS] ar an MasterCodeList. |
||||
Bliain cur chun feidhme |
Léirigh an bhliain nó an raon blianta ina gcuirfear an ghníomhaíocht chun feidhme, úsáid an leagan amach “202X” nó “202X-202X”. |
||||
Roinn próiseála éisc |
Úsáid an líon daoine a fhostaítear mar chritéir dheighilte, i gcomhréir le deighilt Eurostat: cuideachtaí <= 10; cuideachtaí 11-49; cuideachtaí 50-249; cuideachtaí > 250. Cuir isteach “NA” mura gcuirtear aon deighilt i bhfeidhm. Féach “Fish processing segment” [Roinn próiseála éisc] ar an MasterCodeList. |
||||
Cineál athróg (E/S) |
Cuir isteach an catagóir lena mbaineann na hathróga: “E” (eacnamaíoch) nó “S” (sóisialta). Féach an colún “Description” [Tuairisc] le haghaidh “Economic and Social Variables” [Athróga Eacnamaíocha agus Sóisialta] ar an MasterCodeList. |
||||
Athróga eacnamaíocha agus sóisialta |
Úsáid cóid ó “Economic and Social Variables” [Athróga Eacnamaíocha agus Sóisialta] ar an MasterCodeList, i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann le tuarascáil PGECON 2020. |
||||
Gníomhaíocht próiseála éisc |
Úsáid cóid ó “Fish processing activity” [Gníomhaíocht próiseála éisc] ar an MasterCodeList. |
||||
Foinse sonraí |
Léirigh na foinsí sonraí a úsáidtear. Déan foinsí difriúla sonraí a dheighilt óna chéile le “;”. Féach “Data source” [Foinse sonraí] ar an MasterCodeList. |
||||
Scéim bailithe sonraí |
Cuir isteach cód na scéime bailithe sonraí (C - Census [Áireamh]; PSS - Probability Sample Survey [Suirbhé Samplála Dóchúlachta]; NPS - Non-Probability Sample Survey [Suirbhé Samplála Neamhdhóchúlachta]; IND - Indirect survey [Suirbhé indíreach],i gcás nach mbailítear an athróg go díreach ach ina dtugtar meastachán uirthi nó ina ndéantar í a dhíorthú.). Féach “Data collection scheme” [Scéim bailithe sonraí] ar an MasterCodeList. |
||||
Ráta beartaithe samplála (%) |
D’fhéadfadh sé go dtagrófaí leis an bpobal do na fiontair sin a shainmhínítear a bpríomhghníomhaíocht de réir shainmhíniú Eurostat faoi chód NACE 15.20: “Processing and preserving of fish and fish products” [iasc agus táirgí éisc a phróiseáil agus a leasú] agus dóibh siúd ar gníomhaíocht dá gcuid nach príomhghníomhaíocht í an phróiseáil éisc.
|
||||
Barúlacha faoin bplean oibre |
Léirigh cé acu a chros-seiceálann do Bhallstát na foinsí sonraí a úsáidtear i gcomhar leis an bpríomhfhoinse sonraí nó nach cros-seiceálann agus tabhair tuairisc ar an bpróiseas in Iarscríbhinn 1.2. Aon bharúil bhreise. |
||||
Bliain tagartha TB |
Cuir isteach an bhliain a bailíodh na sonraí lena haghaidh. |
||||
An líon fiontar |
Cuir isteach an líon fiontar sa roinn. |
||||
An ráta samplála a beartaíodh arna nuashonrú (%) |
Cuir isteach an ráta samplála a nuashonraíodh le linn an phróisis samplála (bunaithe ar fhaisnéis nuashonraithe). |
||||
An líon samplaí a beartaíodh arna nuashonrú |
Comhlánaítear an colún seo go huathoibríoch le slánuimhreacha (ní cheadaítear codáin). “Updated planned sample number” [An líon samplaí a beartaíodh arna nuashonrú] = “Number of enterprises” [An líon fiontar] * “Updated planned sample rate (%)” [An ráta samplála a beartaíodh arna nuashonrú] |
||||
An líon freagraí a fuarthas |
Cuir isteach an líon freagraí a fuarthas. |
||||
Ráta freagartha (%) |
Líon freagraí/Méid sampla “Response rate (%)” [Ráta freagartha] = (“Achieved response number” [An líon freagraí a fuarthas]/“Updated planned sample number” [An líon samplaí a beartaíodh arna nuashonrú]) % |
||||
Cumhdach a baineadh amach (%) |
“Achieved coverage (%)” [Cumhdach a baineadh amach] = (“Achieved response number” [An líon freagraí a fuarthas]/“Number of enterprises” [An líon fiontar]) % |
||||
An ráta samplála a beartaíodh arna nuashonrú/ráta samplála a beartaíodh (%) |
“Updated planned sample rate (%)” [An ráta samplála a beartaíodh arna nuashonrú]/“Planned sample rate” [An ráta samplála a beartaíodh] (%) |
||||
Barúlacha TB |
Cuir nótaí isteach chun aon diall ón bplean oibre a shoiléiriú. |
Bosca Téacs 7.1: Athróga eacnamaíocha agus sóisialta le haghaidh straitéis bailithe sonraí próiseála éisc
Barúil ghinearálta: Comhlíontar leis an mbosca téacs seo Airteagal 5(2)(f), Airteagal 6(3)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1004 agus Caibidil II pointe 7 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. |
||||
(900 focal ar a mhéad) |
||||
Diallta ón bplean oibre Liostaigh na hathruithe ar PO (más ann dóibh) agus tabhair míniú ar na cúiseanna atá leo. Gníomhaíochtaí chun diallta a sheachaint Tabhair tuairisc ghairid ar na gníomhaíochtaí a bhreithneofar/a rinneadh chun diallta a sheachaint amach anseo agus ar an uair a mheastar a bheidh éifeacht ag na gníomhaíochtaí sin. Murab ann d’aon diall, ní bhaineann an roinn seo le hábhar. (900 focal ar a mhéad) |
III – Tuarascálacha cáilíochta sna pleananna oibre agus sna tuarascálacha bliantúla
Áireofar leis na pleananna oibre agus leis na tuarascálacha bliantúla iarscríbhinní ina mbeidh tuarascálacha cáilíochta. Liostaítear na teimpléid le haghaidh na n-iarscríbhinní sin thíos. Comhlánófar réimsí bána le haghaidh an phlean oibre, is maidir leis an tuarascáil bhliantúil atá feidhm ag réimsí liatha.
“ANNEX 1.1 - Quality report for biological data sampling scheme” [IARSCRÍBHINN 1.1 - Tuarascáil cháilíochta maidir leis an scéim samplála sonraí bitheolaíocha]
Úsáid an iarscríbhinn seo chun a chur in iúl cé acu is ann do phróiseas bailithe sonraí (dearadh, sampláil a chur chun feidhme, sonraí a ghabháil, sonraí a stóráil, samplaí a stóráil agus sonraí a phróiseáil) nó nach ann dó agus chun áit a shainaithint inar féidir an doiciméadacht sin a fháil. Tabhair tuairiscí gairide i gcás ina n-iarrtar iad, fiú más féidir an doiciméadacht a fháil i mBéarla. Beidh ainmneacha na scéimeanna samplála agus stratam mar a chéile leis na cinn i dTáblaí 2.2, 2.3, 2.4, 2.5, 2.6 agus 4.1 de PO/TB. Maidir le faisnéis cháilíochta faoi shuirbhéanna eolaíocha, úsáid an t-acrainm suirbhé mar aitheantóir scéime samplála. Maidir le suirbhéanna sainordaitheacha, féach Tábla 1 san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE, féach “Mandatory survey at sea” (Suirbhé sainordaitheach ar muir) ar an MasterCodeList freisin.
BS: |
Réigiún: |
Aitheantóir scéime samplála: |
Cineál scéime samplála: |
Cineál breathnóireachta: |
Tréimhse bhailíochta: ó phointe ama go pointe eile ama |
Tuairisc ghairid (100 focal ar a mhéad): e.g. scéim samplála a bhfuil sé d’aidhm aige samplaí faid a bhailiú ó theacht i dtír tráchtála ar tír i gcás na speiceas ar fad a liostaítear i dTábla 1 san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. Cumhdaítear leis an scéim an mhórthír agus na réigiúin is forimeallaí uile (“RUP”sa Fhraincis, sa Phortaingéilis agus sa Spáinnis). |
Tuairisc ar an bpobal |
Pobal ar díríodh air: Sonraigh na haonaid samplála phríomhúla (PSUnna), e.g. na laethanta calafoirt* náisiúnta uile (faisnéis ar fáil i sean-Tábla 4B). I gcás suirbhéanna taighde: sonraigh na príomhspeicis a bhfuiltear ag díriú orthu ó thaobh an tsuirbhé de (murab ionann agus Tábla 1 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme) agus príomhréimse an tsuirbhé. Pobal a ndearnadh sampláil orthu: Sonraigh an chuid den phobal sprice a ndéanfar sampláil orthu agus sonraigh an chuid den phobal sprice nach féidir teacht air lena shampláil nó a chuirtear as an áireamh ar chúis éigin, e.g. calafoirt mhóra á liostú mar cheantanna seachas na calafoirt bheaga uile agus ní dhéantar sampláil ag an deireadh seachtaine. I gcás suirbhéanna taighde ar muir, tabhair tuairisc ar speicis sprice i suirbhéanna aon speicis amháin nó ar chomhpháirteanna éiceachórais (e.g. speicis ghrinnill, speicis pheiligeacha) i suirbhéanna ilspeiceas. Srath: Tabhair míniú ar an loighic a bhí leis an bpobal a shrathú agus ar an líon stratam a gineadh, e.g. srathaítear an pobal ina thrí bheart thíreolaíocha (ó A go B, ó B go C agus ó C go D). Srathaítear gach beart ansin trí bhíthin ceant. |
Barúil TB: Léirigh aon diall. |
Dearadh agus prótacail samplála |
Tuairisc ar an dearadh samplála: Tabhair tuairisc ar an gcaoi a sainítear an leithdháileadh samplála; an chaoi a roghnaítear PSUnna agus SSU lena sampláil; léirigh cén codán gabhála a bhfuil feidhm ag an scéim samplála maidir leis. An bhfuil an dearadh samplála i gcomhréir leis an bprionsabal 4S?: Y/N/NA (NA maidir le suirbhéanna agus scéimeanna samplála diadromaí agus áineasa e.g.) Comhordú réigiúnach: Leirigh cé acu a forbraíodh an dearadh agus na prótacail samplála mar chuid de chomhaontú réigiúnach nó iltaobhach nó nár forbraíodh agus más rud é gur forbraíodh, déan tagairt don chomhaontú (tábla 1.3) agus liostaigh na Ballstáit rannpháirteacha uile. Nasc chuig doiciméadacht maidir leis an dearadh samplála: Tabhair nasc chuig leathanach gréasáin ar ar féidir an doiciméadacht a fháil. Mura bhfuil aon nasc ar fáil ach más ann don doiciméadacht, tabhair tagairt don litríocht (údair, bliain agus cineál foilseacháin - e.g. tuarascáil inmheánach). Murab ann do dhoiciméadacht maidir leis an dearadh samplála, tabhair roinnt sonraí sa bhosca téacs. Comhlíontacht le moltaí idirnáisiúnta: Cuir isteach “Y” (tá) má tá an dearadh samplála i gcomhréir le moltaí idirnáisiúnta agus cuir isteach “N” mura bhfuil. Murab ann do ghrúpaí saineolaithe nó comhordaithe, ba cheart míniú gairid a thabhairt sa téacs ar an dearadh samplála agus ba cheart sin a chur ar fáil arna iarraidh sin ag na meastóirí. Nasc chuig doiciméadacht maidir leis an bprótacal samplála: Tabhair nasc chuig leathanach gréasáin ar ar féidir an doiciméadacht a fháil. Más rud é nach bhfuil aon nasc ar fáil ach más ann don doiciméadacht, tabhair tagairt don litríocht (údair, bliain agus cineál foilseacháin - e.g. tuarascáil inmheánach). Murab ann do dhoiciméadacht maidir leis an bprótacal samplála, tabhair sonraí sa bhosca téacs seo faoin bprótacal samplála. |
Barúil TB: Léirigh aon diall. |
Sampláil a chur chun feidhme |
Taifead a dhéanamh den ráta diúltaithe: Cuir isteach “Y” (rinneadh), “N” (ní dhearnadh), nó “NA” (ní bhaineann le hábhar, i gcás suirbhéanna taighde). Má chuireann tú isteach “N” (ní dhearnadh), cuir in iúl an tráth (bliain) a bheidh an doiciméadacht ar fáil. Faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn samplála laistigh den bhliain samplála: Léirigh an chaoi a gcoigeartaítear leithdháiltí samplála (más gá) agus an chaoi a ndéantar obair leantach ina dhiaidh sin. Cé na sásraí atá i bhfeidhm chun fadhbanna a réiteach agus chun bearta maolaithe a dhéanamh le linn na bliana samplála? |
Barúil TB: Léirigh aon diall. |
Sonraí a ghabháil |
Modh gafa sonraí: Tuairisc ghairid (+ grianghraf roghnach). Léirigh an modh a úsáidtear chun na sonraí a bhailiú e.g. scálaí, clár tomhais, bogearraí tiomnaithe, etc. Doiciméadacht maidir le sonraí a ghabháil: Tabhair nasc chuig leathanach gréasáin ar ar féidir an doiciméadacht a fháil. Más rud é nach bhfuil aon nasc ar fáil ach más ann don doiciméadacht, tabhair tagairt don litríocht (údair, bliain agus cineál foilseacháin - e.g. tuarascáil inmheánach). Murab ann do dhoiciméadacht maidir le sonraí a ghabháil (e.g. prótacail tomhais, céimniú aibíochta, lámhleabhar maidir le sonraí a ghabháil, etc), tabhair roinnt sonraí sa bhosca téacs. Doiciméadacht maidir le seiceálacha cáilíochta: Cuir isteach “Y” (tá) nó “N” (níl). Má chuireann tú isteach “N” (ní dhearnadh), cuir in iúl an tráth (bliain) a bheidh an doiciméadacht ar fáil. Tabhair nasc chuig leathanach gréasáin ar ar féidir an doiciméadacht a fháil. Más rud é nach bhfuil aon nasc ar fáil ach más ann don doiciméadacht, tabhair tagairt don litríocht (údair, bliain agus cineál foilseacháin - e.g. tuarascáil inmheánach). Murab ann do dhoiciméadacht maidir leis na seiceálacha cáilíochta, tabhair roinnt sonraí sa bhosca téacs. |
Barúil TB: Cuir aon diall in iúl. |
Sonraí a stóráil |
Bunachar sonraí náisiúnta: Tabhair ainm an bhunachair sonraí náisiúnta, más infheidhme. Murach sin, cuir isteach “NA” (ní bhaineann le hábhar). Tabhair nasc má tá an bunachar sonraí inrochtana trí bhíthin suíomh gréasáin. Bunachar sonraí idirnáisiúnta: Tabhair ainm na mbunachar sonraí idirnáisiúnta agus ainm na heagraíochta a óstálann an bunachar sonraí, más infheidhme. Murach sin, cuir isteach “NA” (ní bhaineann le hábhar). Tabhair nasc má tá an bunachar sonraí inrochtana trí bhíthin suíomh gréasáin. Seiceálacha cáilíochta agus doiciméadacht maidir le sonraí a bhailíochtú: Tabhair nasc chuig leathanach gréasáin ar ar féidir an doiciméadacht a fháil. Murach sin, tabhair sonraí sa bhosca téacs. |
Barúil TB: Cuir aon diall in iúl. |
Samplaí a stóráil |
Tuairisc ar an stóráil: Léirigh na cineálacha fíochán bog agus codanna crua a stóráiltear (e.g. struchtúir aoise, goile, planctón, géinitic) agus an suíomh a úsáidtear chun samplaí a stóráil; an fad a stóráiltear na samplaí; an chaoi a n-eagraítear samplaí a chaomhnú agus a chothabháil mar aon le rochtain ar na samplaí; cé acu a stóráiltear na samplaí faoi choimirce/faoi fhreagracht eagraíochta idirnáisiúnta nó nach stóráiltear agus má stóráiltear, cé acu ceann. Tabhair nasc chuig an bhfaisnéis faoi chainníochtaí na samplaí a stóráiltear de réir speicis/stoic, foréigiúin gheografaigh agus de réir bliana. Anailís ar shamplaí: Tabhair tuairisc ghairid nó tagairtí do dhoiciméid, lena n-áirítear naisc chuig leathanaigh ghréasáin (e.g. lámhleabhar maidir le haois a léamh, tuarascálacha EG agus prótacail) más iomchuí, i gcás ina dtugtar faisnéis faoi shamplaí a phróiseáil. |
Barúil TB: Léirigh aon diall. |
Sonraí a phróiseáil |
Evaluation of data accuracy (bias and precision): Cuir isteach “Y” (tá) nó “N” (níl). Má chuireann tú isteach “N” (ní dhearnadh), cuir in iúl an tráth (bliain) a bheidh an doiciméadacht ar fáil. Tabhair nasc chuig leathanach gréasáin ar ar féidir an doiciméadacht a fháil. Mura bhfuil aon nasc ar fáil ach más ann don doiciméadacht, tabhair tagairt don litríocht (údair, bliain agus cineál foilseacháin - e.g. tuarascáil inmheánach). Murab ann do dhoiciméadacht maidir leis an meastóireacht ar chruinneas sonraí, tabhair roinnt sonraí sa bhosca téacs. Modhanna eagarthóireachta agus iontrála barúlaí: Cuir isteach “Y” (tá) nó “N” (níl). Má chuireann tú isteach “N” (ní dhearnadh), cuir in iúl an tráth (bliain) a bheidh an doiciméadacht ar fáil. Tabhair nasc chuig leathanach gréasáin ar ar féidir an doiciméadacht a fháil. Más rud é nach bhfuil aon nasc ar fáil ach más ann don doiciméadacht, tabhair tagairt don litríocht (údair, bliain agus cineál foilseacháin - e.g. tuarascáil inmheánach). Murab ann do dhoiciméadacht maidir leis na modhanna eagarthóireachta agus iontrála barúlaí, tabhair roinnt sonraí sa bhosca téacs. Doiciméad cáilíochta a bhaineann le tacar sonraí: Ar cruthaíodh aitheantóir oibiachta digití (DOI) le haghaidh an fhoilseacháin? An bhfuil doiciméad ann ina dtugtar achoimre ar an bpróiseas meastacháin a úsáideadh? An tacar sonraí críochnaitheach a bhailíochtú: Conas a dhéantar na tacair sonraí a bhailíochtú (a sheiceáil ó thaobh cáilíochta de) sula soláthraítear don úsáideoir deiridh iad? |
Barúil TB: Léirigh aon diall. |
Barúil TB: Úsáid an bosca téacs seo chun nótaí breise a sholáthar, más gá. |
“ANNEX 1.2 - Quality report for socioeconomic data sampling scheme” [IARSCRÍBHINN 1.2 - Tuarascáil cháilíochta maidir leis an scéim samplála sonraí socheacnamaíocha]
Úsáid an iarscríbhinn seo chun tuairisc a thabhairt ar ghnéithe cáilíochta den phróiseas bailithe sonraí (dearadh, sampláil a chur chun feidhme, sonraí a ghabháil, a stóráil agus a phróiseáil, etc.). Líon isteach an iarscríbhinn le haghaidh gach scéime samplála. I gcás inarb infheidhme, úsáid an lámhleabhar maidir le dearadh samplála (Sprioc Insoláthartha 2.1 ó staidéar MARE/2016/22 SECFISH).
Tabhair faisnéis faoi gach pointe sna ranna uile. Ná scrios aon téacs ar an teimpléad.
Sonraíochtaí suirbhé |
||||||||
“Sector name” [Ainm roinne] lena dtagraítear do shonraí socheacnamaíochta faoin iascach, faoin dobharshaothrú agus faoi aon bhailiú sonraí comhlántacha maidir le gníomhaíocht iascaireachta agus próiseáil, mar atá san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. “Sampling scheme” [Scéim samplála] lena dtagraítear don teicníc shuirbhéireachta: trí bhíthin áireamh, sampláil, idir an tsampláil randamach agus neamhrandamach, ar bhealach eile (agus míniú). Más sampláil atá i gceist, tabhair breac-chuntas ar an dearadh samplála. “Variables” [Athróga] lena dtagraítear do Tháblaí 7, 9 agus 10 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Tarmligthe an chláir ilbhliantúil AE. “Supra region” [Réigiún supra] lena dtagraítear do Thábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an chláir ilbhliantúil AE. Más ionann an scéim samplála sna réigiúin supra uile, cuir isteach “All supra regions” [Na réigiúin supra uile]. |
||||||||
Ainmneacha roinne: |
||||||||
Scéim samplála: |
||||||||
Athróga: |
||||||||
Réigiúin supra: |
||||||||
Suirbhé a bheartú |
||||||||
|
||||||||
Barúil TB: Léirigh aon diall. |
||||||||
Dearadh suirbhé agus straitéis |
||||||||
|
||||||||
Barúil TB: Léirigh aon diall. |
||||||||
Dearadh an mheastacháin |
||||||||
|
||||||||
Barúil TB: Léirigh aon diall. |
||||||||
Seiceálacha earráide |
||||||||
|
||||||||
Barúil TB: Léirigh aon diall. |
||||||||
Sonraí a stóráil agus doiciméadacht |
||||||||
|
||||||||
Barúil TB: Léirigh aon diall. |
||||||||
Athbhreithniú |
||||||||
|
||||||||
Barúil TB: Léirigh aon diall. |
||||||||
Rúndacht |
||||||||
|
||||||||
Barúil TB: Léirigh aon diall. |
Barúil TB: Úsáid an bosca téacs seo chun nótaí breise a sholáthar, más gá. |