EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2269

Rialachán (AE) 2021/2269 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1091 a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais do staidreamh comhtháite feirme faoi Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/70/2021/INIT

IO L 457, 21/12/2021, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2269/oj

21.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 457/1


RIALACHÁN (AE) 2021/2269 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1091 a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais do staidreamh comhtháite feirme faoi Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), foráiltear go ndéanfaidh na Ballstáit croí-shonraí struchtúracha agus sonraí modúlacha a bhaineann le gabháltais talmhaíochta (“croí-shonraí” agus “sonraí modúlacha”, faoi seach) do na blianta tagartha 2023 agus 2026 a bhailiú agus a sholáthar.

(2)

Chun na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha a dhéanamh agus chun ceanglais an Aontais maidir le faisnéis a chomhlíonadh, tá gá le cistiú nach beag ó Bhallstáit agus ón Aontas.

(3)

Tá na Ballstáit le ranníocaíocht airgeadais uasta de 75 % a fháil ón Aontas i leith na gcostas a bhaineann leis na croí-shonraí agus na sonraí modúlacha a bhailiú do na blianta tagartha 2023 agus 2026, faoi réir na n-uasmhéideanna a shonraítear i Rialachán (AE) 2018/1091.

(4)

Le Rialachán (AE) 2018/1091, leagtar síos an t-imchlúdach airgeadais do thréimhse iomlán an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) ábhartha agus áirítear ann foráil maidir leis an méid a bhunú atá le deonú le haghaidh tuilleadh sonraí a bhailiú faoi CAI ina dhiaidh sin lena gcumhdaítear na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha do na blianta tagartha 2023 agus 2026.

(5)

Le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3), leagadh síos CAI ina dhiaidh sin do na blianta 2021 go 2027.

(6)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1091, tá méid ranníocaíochta an Aontais do staidreamh comhtháite feirme faoi CAI do na blianta 2021 go 2027 le socrú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún tar éis dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.

(7)

Leis an méid atá beartaithe do na blianta 2021 go 2027, ba cheart na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha a rinneadh in 2023 agus in 2026, agus na suirbhéanna sin amháin, a mhaoiniú, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na bunachair sonraí a bhainistiú, a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, ar bunachar sonraí iad a úsáideann an Coimisiún chun na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit a phróiseáil.

(8)

Ina theannta sin, tar éis di tarraingt siar as an Aontas, is iomchuí an tagairt don Ríocht Aontaithe i Rialachán (AE) 2018/1091 a scriosadh.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin Rialachán (AE) 2018/1091 a leasú dá réir sin.

(10)

Chuathas i gcomhairle leis an gCiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a bunaíodh le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(11)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh d’fhonn a áirithiú go bhfaigheann na Ballstáit maoiniú ón Aontas go tráthúil ionas gur féidir lena n-institiúidí staidrimh náisiúnta an bailiú sonraí a ullmhú don bhliain thagartha 2023,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1091 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“I gcás na gcomhchostas a bhaineann le bailiú na gcroí-shonraí agus na sonraí modúlacha do na blianta tagartha 2023 agus 2026, beidh ranníocaíocht an Aontais teoranta do na huasmhéideanna a shonraítear thíos:”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

EUR 2 000 000 an ceann don Bhulgáir, don Ghearmáin, don Ungáir, agus don Phortaingéil;”;

(b)

scriostar mír 5;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   An ranníocaíocht airgeadais ón Aontas le haghaidh na ndeontas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, is é an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta a sholáthróidh í faoi Airteagal 4(2), pointe (d), de Riaalchán (AE) Uimh. 1306/2013 agus, amhail ón 1 Eanáir 2023, faoi Airteagal 5(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).”;"

(2)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Is é EUR 40 000 000 a bheidh i gclúdach airgeadais an Aontais don tréimhse a chumhdaítear le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (*2) chun clár an bhailithe sonraí le haghaidh na mblianta tagartha 2023 agus 2026 a chur chun feidhme, lena n-áirítear na leithreasuithe is gá chun na córais bunachar sonraí a bhainistiú, a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, ar córais iad a úsáidtear laistigh den Choimisiún chun sonraí arna soláthar ag na Ballstáit faoin Rialachán seo a phróiseáil.

(*2)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).”."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 15 Nollaig 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2021

(2)  Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 (IO L 200, 7.8.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).


Top