Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0601

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/601 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2021 maidir le clár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Aontais le haghaidh 2022, 2023 agus 2024 d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainneacha iarmhar lotnaidicídí agus chun neamhchosaint tomhaltóirí ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus ar bhia de bhunadh plandaí agus ainmhíoch a mheas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/2396

    IO L 127, 14/04/2021, p. 29–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/08/2023; Arna aisghairm le 32022R0741

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/601/oj

    14.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 127/29


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/601 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Aibreán 2021

    maidir le clár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Aontais le haghaidh 2022, 2023 agus 2024 d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainneacha iarmhar lotnaidicídí agus chun neamhchosaint tomhaltóirí ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus ar bhia de bhunadh plandaí agus ainmhíoch a mheas

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasteorainneacha iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), go háirithe Airteagal 29(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1213/2008 ón gCoimisiún (2) bunaíodh céadchlár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Comhphobail, lenar cumhdaíodh na blianta 2009, 2010 agus 2011. Lean an clár sin faoi Rialacháin chomhleanúnacha ón gCoimisiún. Ba é Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/585 ón gCoimisiún an rialachán ba dheireanaí (3).

    (2)

    Is idir 30 agus 40 earra bia a bhíonn i mbunús an aiste bia san Aontas Eorpach. Ós rud é go mbíonn athruithe suntasacha le sonrú ar úsáidí lotnaidicídí i gcaitheamh tréimhse 3 bliana, ba cheart faireachán a dhéanamh ar lotnaidicídí sna hearraí bia sin i gcaitheamh sraith timthriallta 3 bliana chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint na dtomhaltóirí agus cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais.

    (3)

    Chuir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuarascáil eolaíoch isteach maidir le measúnú ar dhearadh an chláir um monatóireacht lotnaidicídí. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil sin go bhféadfaí ráta sáraithe uasteorann iarmhar (MRL) os cionn 1 % a mheas le corrlach earráide 0,75 % trí 683 aonad shamplacha a roghnú i gcás íosmhéid 32 earra bia éagsúla (4). Ba cheart bailiú na samplaí sin a chionroinnt idir na Ballstáit de réir an lín daonra, le híosmhéid 12 shampla in aghaidh an táirge agus in aghaidh na bliana.

    (4)

    Cuireadh torthaí anailísí ó chláir rialaithe oifigiúla an Aontais roimhe sin san áireamh chun a áirithiú go mbeidh an raon lotnaidicídí a chumhdaítear leis an gclár rialaithe ionadaíoch ar na lotnaidicídí a bheidh in úsáid.

    (5)

    Foilsíodh treoir maidir le nósanna imeachta anailíseacha um rialú cáilíochta agus bailíochtú i gcomhair iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha a anailísiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (5).

    (6)

    I gcás ina n-áirítear substaintí gníomhacha eile, meitibilítí agus/nó táirgí dianscaoilte nó imoibriúcháin sa sainmhíniú ar iarmhar i gcás lotnaidicíde, ba cheart na comhdhúile sin a thuairisciú ar leithligh a mhéid a thomhaistear ar bhonn indibhidiúil iad (6).

    (7)

    Chomhaontaigh na Ballstáit, an Coimisiún agus an tÚdarás bearta cur chun feidhme chun torthaí anailíse ar iarmhair lotnaidicídí a chur isteach amhail leagan 2 den Tuairisc Chaighdeánach ar Shamplaí (SSD2) agus an Treoirlíne maidir le Faireachán ar Cheimiceáin a Thuairisciú, a bhaineann le faisnéis á cur isteach ag na Ballstáit.

    (8)

    Maidir leis na nósanna imeachta samplála, is Treoir 2002/63/CE ón gCoimisiún (7), ina n-ionchorpraítear modhanna samplála agus nósanna imeachta arna moladh ag an gCoimisiún Codex Alimentarius, ba cheart a fheidhmiú.

    (9)

    Is gá a mheas an bhfuil uasteorainneacha iarmhar á n-urramú maidir le bia do naíonáin agus leanaí óga dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Threoir 2006/141/CE ón gCoimisiún (8), in Airteagal 7 de Threoir 2006/125/CE ón gCoimisiún (9) agus in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún (10), agus gan ach na sainmhínithe ar iarmhair mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 iad á gcur san áireamh.

    (10)

    Maidir le modhanna d’iarmhair aonair, d’fhéadfadh na Ballstáit a bheith in ann a n-oibleagáidí anailíse a chomhlíonadh trí dhul i muinín saotharlann oifigiúil a bhfuil na modhanna riachtanacha bailíochtaithe acu cheana féin.

    (11)

    Ba cheart, faoin 31 Lúnasa gach bliain, go ndéanfadh na Ballstáit an fhaisnéis a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin a chur isteach.

    (12)

    D’fhonn aon mhearbhall a sheachaint, ag éirí as forluí idir cláir ilbhliantúla as a chéile, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/585 a aisghairm ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil. Ba cheart go mbeadh sé i bhfeidhm i gcónaí, áfach, i gcás samplaí a tástáladh in 2021.

    (13)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    I rith na mblianta 2022, 2023 agus 2024, glacfaidh na Ballstáit (*1) samplaí i gcás na dteaglamaí lotnaidicídí/táirgí, arna leagan amach in Iarscríbhinn I, agus déanfaidh siad anailís orthu.

    Beidh an líon samplaí de gach táirge, lena n-áirítear bianna do naíonáin agus do leanaí óga agus táirgí de thionscnamh na feirmeoireachta orgánaí, amhail a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

    Airteagal 2

    1.   Is go randamach a roghnófar an bhaisc a bheidh le sampláil.

    Beidh an nós imeachta samplála, lena n-áirítear an líon aonad, i gcomhlíonadh Threoir 2002/63/CE.

    2.   Déanfar anailís ar gach sampla, lena n-áirítear samplaí de bhianna do naíonáin agus do leanaí óga agus táirgí de thionscnamh na feirmeoireachta orgánaí, le haghaidh na lotnaidicídí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na sainmhínithe ar iarmhair arna leagan amach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

    3.   Maidir le bianna a bheartaítear a sholáthar do naíonáin agus leanaí óga, déanfar na samplaí a mheas maidir leis na táirgí amhail a bheartaítear iad a chaitheamh nó mar bhianna athdhéanta i gcomhréir le treoracha na monaróirí, agus na MRLanna a leagtar amach i dTreoracha 2006/125/CE agus 2006/141/CE agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 á gcur san áireamh. I gcás inar féidir bianna den sórt sin a chaitheamh mar bhia arna dhíol agus mar bhia athdhéanta araon, is ar an táirge neamh-athdhéanta arna dhíol a dhéanfar na torthaí a thuairisciú.

    Airteagal 3

    Cuirfidh na Ballstáit torthaí na hanailíse ar na samplaí a tástáladh in 2022, 2023 agus 2024 isteach faoin 31 Lúnasa 2023, 2024 agus 2025 faoi seach. Cuirfear na torthaí sin isteach san fhormáid tuairiscithe leictreonach arna leagan amach ag an Údarás.

    I gcás ina n-áirítear níos mó ná comhdhúil amháin (substaint ghníomhach agus/nó meitibilít nó táirge dianscaoilte nó imoibriúcháin) sa sainmhíniú ar iarmhar i gcás lotnaidicíde, tuairisceoidh na Ballstáit torthaí na hanailíse i gcomhréir leis an sainmhíniú ar iomlán an iarmhair. Ina theannta sin, déanfar torthaí na n-anailítí uile ar cuid den sainmhíniú ar iarmhar iad a chur isteach ar leithligh, a mhéid a dhéantar iad a thomhas ar bhonn aonair.

    Airteagal 4

    Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/585.

    Maidir le samplaí a tástáladh in 2021, áfach, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige go dtí an 1 Meán Fómhair 2022.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1213/2008 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2008 maidir le clár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Comhphobail do 2009, 2010 agus 2011 chun comhlíonadh uasteorainneacha iarmhar a áirithiú agus chun neamhchosaint tomhaltóirí ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus ar bhia de bhunadh plandaí agus ainmhíoch a mheas (IO L 328, 6.12.2008, lch. 9).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/585 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2020 maidir le clár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Aontais le haghaidh 2021, 2022 agus 2023 chun comhlíonadh uasteorainneacha lotnaidicídí a áirithiú agus chun neamhchosaint tomhaltóirí ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus ar bhia de bhunadh plandaí agus ainmhíoch a mheas (IO L 135, 29.4.2020, lch. 1).

    (4)  An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; clár um monatóireacht lotnaidicídí: measúnú ar dhearadh. Iris EFSA 2015;13(2):4005.

    (5)  Doiciméad Uimh. SANTE/12682/2019.

    https: //ec.europa.eu/food/sites/food/files/plant/docs/pesticides_mrl_guidelines_wrkdoc_2019-12682.pdf sa leagan is déanaí de.

    (6)  SANCO/12574/2014, Doiciméad Oibre maidir le teorainneacha cainníochtaithe (LOQanna) a achoimriú i gcás sainmhínithe ar iarmhair choimpléascacha.

    (7)  Treoir 2002/63/CE ón gCoimisiún an 11 Iúil 2002 lena mbunaítear modhanna samplála Comhphobail chun iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí agus de bhunadh ainmhíoch, nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, a rialú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 79/700/CEE (IO L 187, 16.7.2002, lch. 30).

    (8)  Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach agus lena leasaítear Treoir 1999/21/CE (IO L 401, 30.12.2006, lch. 1).

    (9)  Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2006 maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga (IO L 339, 6.12.2006, lch. 16).

    (10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais shonracha chomhdhéanaimh agus faisnéise le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach agus maidir leis na ceanglais um fhaisnéis a bhaineann le beathú naíonán agus leanaí (IO L 25, 2.2.2016, lch. 1).

    (*1)  De bhun Airteagal 5(4) agus Roinn 24 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, ar cuid dhílis í den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus léitear tagairtí do Bhallstáit mar thagairtí a fholaíonn an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann a fhad a bheidh an Prótacal sin i bhfeidhm.


    IARSCRÍBHINN I

    Cuid A: Táirgí de bhunadh plandaí  (1) le sampláil in 2022, 2023 agus 2024

    2022

    2023

    2024

    (c)

    (a)

    (b)

    Úlla (2)

    Oráistí  (2)

    Fíonchaora boird (2)

    Sútha talún (2)

    Piorraí (2)

    Bananaí (2)

    Péitseoga, lena n-áirítear neachtairíní agus hibridí comhchosúla  (2)

    Torthaí cíobhaí (2)

    Seadóga (2)

    Fíon (dearg nó bán) a rinneadh as fíonchaora (i gcás nach bhfuil aon fhachtóirí próiseála sonracha ar fáil le haghaidh fíona, tuairisceoidh na Ballstáit na fachtóirí próiseála fíona a úsáideadh).

    Cóiliseacha (2)

    Ubhthorthaí (2)

    Leitísí (2)

    Oinniúin (2)

    Brocailí (2)

    Cabáistí cinn (2)

    Cairéid (2)

    Mealbhacáin (2)

    Trátaí (2)

    Prátaí (2)

    Fungais shaothraithe (2)

    Spionáistí (2)

    Pónairí (triomaithe) (2)

    Piobair mhilse/piobair bhile (2)

    Grán coirce  (3)  (4)

    Grán seagail (4)

    Grán cruithneachta  (4)

    Grán eorna (4)  (5)

    Rís dhonn (rís scilte), arna sainiú mar rís nuair a bhaintear an crotal de rís gan scilligeadh  (6)

    Ola olóige íon (i gcás nach bhfuil aon fhachtóir sonrach próiseála ola ar fáil, tuairisceoidh na Ballstáit na fachtóirí próiseála a úsáideadh).

    Cuid B: Táirgí de bhunadh ainmhíoch (7) atá le sampláil in 2022, 2023 agus 2024

    2022

    2023

    2024

    (e)

    (f)

    (d)

    Bainne bó  (8)

    Saill éanlaithe clóis (9)  (10)

    Saill buaibheach (9)  (10)

    Saill muc (9)  (10)

    Ae buaibheach (9)

    Uibheacha sicín (9)  (11)

    Cuid C: Teaglamaí lotnaidicídí/táirgí a bhfuil faireachán le déanamh orthu i dtáirgí de bhunadh plandaí nó ar na táirgí sin

     

    2022

    2023

    2024

    Tráchtanna

    2,4-D

    (c)

    (a)

    (b)

    Is i leitisí, spionáistí agus trátaí agus orthu, amháin, a dhéanfar anailís air in 2022; in oráistí, cóiliseacha, rís dhonn agus pónairí triomaithe, agus orthu, in 2023; i seadóga, fíonchaora boird, ubhthorthaí agus brocailí, agus orthu, in 2024.

    2-Feinilfeanól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Abaimeictin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Aclóinifein

     

    (a)

     

    Is i gcairéid agus ar chairéid, amháin, a dhéanfar anailís uirthi in 2023

    Aicéafáit

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Aicéatamíprid

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Aicrinitrin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Aildíocarb

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Aildrin agus dé-eildrin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Aimeatochtraidin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Aisíonfos-meitil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Asocsastróibin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Défheintrin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Défheinil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Déthreasanól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Boscailid

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Ian bróimíde

    (c)

    (a)

    (b)

    Is i leitísí agus trátaí, agus orthu, amháin, a dhéanfar anailís air in 2022; i rís dhonn agus ar rís dhonn in 2023; i bpiobair mhilse agus ar phiobair mhilse in 2024.

    Brómapróipioláit

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Búipireamáit

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Búpróifisin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Captan

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Carbairil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Cairbeandaisim agus beinimil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Carbafúrán

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Clórantrainileapról

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Clóirfeinipir

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Clóirmequat

    (c)

    (a)

    (b)

    Is i dtrátaí, coirce agus eorna, agus orthu, amháin, a dhéanfar anailís air in 2022; i gcairéid, piorraí, seagal agus rís dhonn, agus orthu, in 2023; in ubhthorthaí, fíonchaora boird, fungais shaothraithe agus cruithneacht, agus orthu, in 2024.

    Clóratailinil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Clórprófam

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Clóirpireafos

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Clóirpireafos-meitil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Clóifeintisín

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Clóitiainídin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Ciantrainileapról

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Ciasófaimid

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Ciaflufeanimíd

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Ciafluaitrin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Ciamocsainil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Cipirmeitrin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Cyproconazole

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Ciopróidinil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Crómisín

    (c)

    (a)

    (b)

    Is i leitísí agus i dtrátaí, agus orthu, amháin, a dhéanfar an anailís in 2022; i bprátaí, oinniúin agus cairéid, agus orthu, in 2023; in ubhthorthaí, piobair mhilse, mealbhacáin agus fungais shaothraithe, agus orthu, in 2024.

    Deiltemheitrin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Dé-aisionón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Déchlórvos

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Déchlórán

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Déchófól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Dé-eatofeancarb

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Défeanacónasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Défhluibeansúrón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Démheatóáit

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Démheatamorf

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Déníoconasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Défheiniolaimín

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Déthianon

    (c)

    (a)

    (b)

    Is in úlla agus péitseoga, agus orthu, amháin, a dhéanfar anailís air in 2022; i bpiorraí agus rís dhonn, agus orthu, in 2023; i bhfíonchaora boird agus orthu in 2024.

    Déthiacarbamáití

    (c)

    (a)

    (b)

    Déanfar anailís orthu sna tráchtearraí liostaithe uile, agus orthu, cé is moite de bhrocailí, cóilíseacha, cabáistí cinn, ola olóige, fíon agus oinniúin.

    Dodine

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Beansóáit emamfheictin B1a, arna léiriú mar emamectin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Ionsulfán

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Eapocsaconasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Eiteafón

    (c)

    (a)

    (b)

    Is in úlla. péitseoga, trátaí agus fíon, agus orthu, amháin, a dhéanfar anailís air in 2022; in oráistí agus piorraí, agus orthu, in 2023; i bpiobair mhilse, cruithneacht agus fíonchaora boird, agus orthu, in 2024.

    Eitión

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Eitireamól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Eatafeanprocs

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Eatocsasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Famocsadón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feanaimíodón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feanaimíofos

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feanaramól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feanasacuin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feanbúconasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Ocsaíd feintircíneach

    (c)

    (a)

    (b)

    Is in úlla, sútha talún, péitseoga, trátaí agus fíon, agus orthu, amháin a dhéanfar anailís uirthi in 2022; in oráistí agus piorraí, agus orthu, in 2023; in ubhthorthaí, seadóga, piobair mhilse agus fíonchaora boird, agus orthu, in 2024.

    Feanheacsaimíd

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feinítritión

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feanocsacarb

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feanprópáitrin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feanpróipidin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feanprópamorf

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feinpiorasaimín

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feinpiorocsamáit

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feintión

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Feanvailéaráit

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Fiprinil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Floiniocaimíd

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Fluasafop-P

    (c)

    (a)

    (b)

    Is i sútha talún, cabáistí cinn, leitísí, spionáistí agus trátaí, agus orthu, amháin, a dhéanfar anailís air in 2022; i gcóiliseacha, pónairí triomaithe, prátaí agus cairéid, agus orthu, in 2023; in ubhthorthaí, brocailí, piobair mhilse agus cruithneacht, agus orthu, in 2024.

    Fluibeindé-aimíd

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Fluidhé-ocsainil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Fluifeanocsúrón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Fluaipicilíd

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Fluaipioram

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Flucuineonasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Fluisiolasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Flutriafól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Floscaipiorocsad

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Foilpéad

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Foirmeiteanáit

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Foiseitil-Al

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Foistiasáit

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Gliofosáit

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Amóiniam glufosinate

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Halocsafop lena n-áirítear halocsafop-P

    (c)

    (a)

    (b)

    Is i sútha talún agus cabáistí cinn, agus orthu, amháin, a dhéanfar anailís air in 2022; i bpónairí triomaithe agus orthu in 2023; i mbrocaili, seadóga, piobair mhilse agus cruithneacht, agus orthu, in 2024.

    Heicseaconasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Heicsitiasocs

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Iomasailil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Imíodaclóiprid

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Iondocsacarb

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Iopróidhé-ón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Iopróvalacarb

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Isocarbofos

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Isoprothiolane

     

    (a)

     

    Ní dhéanfar anailís ar an tsubstaint in aon táirge ná ar aon táirge in 2022 agus in 2024. Is i rís dhonn agus ar rís dhonn, amháin, a dhéanfar anailís air in 2023.

    Creasocsaim-meitil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Lambda-ciahalaitrin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Lionúrón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Lúifeanúrón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Malathion

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Mandipropaimíd

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Meapainipirim

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Mepiocuat

    (c)

    (a)

    (b)

    Is in eorna agus coirce agus orthu, amháin, a dhéanfar anailís air in 2022; i bpiorraí, seagal agus rís dhonn agus orthu in 2023; i bhfungais shaothraithe agus cruithneacht agus orthu in 2024.

    Metaflumizone

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Meatalacsail agus meatalacsail-M

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Meataimídeafos

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Meitíodaitión

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Meitiacarb

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Meitimil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Meatocsaifeinisíd

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Meitrifeanón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Monacrótafos

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Míoclóbútainil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Óimeatóáit

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Ocsáidicsil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Ocsaimil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Ocsaidhémheatón-meitil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Paclobutrazole

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Paraitión meitil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Peanconasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Peinciocúrón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Peindémheatailin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Sármheitrin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Foismeit

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Pirimeacarb

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Pirimeafos-meitil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Próclóras

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Prócimiodón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Próifeanafos

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Própamacarb

    (c)

    (a)

    (b)

    Is i sútha talún, cabáistí cinn, spionáistí, leitísí, trátaí agus eorna agus orthu, amháin, a dhéanfar anailís air in 2022; i gcairéid, cóilíseacha, oinniúin agus prátaí, agus orthu, in 2023; i bhfíonchaora boird, mealbhacáin, ubhthorthaí, brocailí, piobair mhilse agus cruithneacht agus orthu in 2024.

    Própairgít

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Própacanasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Próipiosaimíd

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Proquinazid

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Prósulfacarb

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Próitiaconasól

    (c)

    (a)

    (b)

    Is i gcabáistí cinn, leitísí, trátaí, coirce agus eorna, agus orthu, amháin a dhéanfar anailís air in 2022; i gcairéid, oinniúin, seagal agus rís dhonn agus orthu in 2023; i bpiobair mhilse agus cruithneacht agus orthu in 2024.

    Pimeatraisín

    (c)

     

    (b)

    Is i gcabáistí cinn, leitísí, sútha talún, spionáistí agus trátaí agus orthu, amháin, a dhéanfar anailís air in 2022; in ubhthorthaí, mealbhacáin agus piobair mhilse agus orthu, amháin, in 2024. Ní dhéanfar anailís ar an tsubstaint in aon táirge ná ar aon táirge in 2023.

    Pireaclóstróibin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Piridibein

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Pireadailil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Pirimeatanail

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Pireaprocsaifein

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Cuineocsaifein

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Spinosad

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Spinetoram

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Spiridhéchlóifein

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Beirmisifen

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Spiorocsaimín

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Spiriteitreamat

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Sulfocsaflór

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Tó-fluvailionáit

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Teabúconasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Teabúifeanóisíd

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Teabúifeinpiorad

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Teafluibeansúrón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Teafluitrin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Tríbhúitiolaisín

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Teitreaconasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Teitridhéfhón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Tiaibeandasól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Tiaclóiprid

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Tiaimeatocsam

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Tiafanáit-meitil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Tolclófos-meitil

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Tríadimeafon

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Tri-aidhémheanól

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Tiaidhécharb

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Tri-asafos

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Tríchioglasól

     

    (a)

     

    Is i rís dhonn agus ar rís dhonn, amháin, a dhéanfar anailís air in 2023.

    Trífhlocsastróibin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Trífhlumúrón

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Fíoncleasóilin

    (c)

    (a)

    (b)

     

    Cuid D: Teaglamaí lotnaidicídí/táirgí a bhfuil faireachán le déanamh orthu i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch nó ar na táirgí sin

     

    2022

    2023

    2024

    Tráchtanna

    Aildrin agus dé-eildrin

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Défheintrin

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Clórdán

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Clóirpireafos

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Clóirpireafos-meitil

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Cipirmeitrin

    (e)

    (f)

    (d)

     

    DDT

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Deiltemheitrin

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Dé-aisionón

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Ionsulfán

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Famocsadón

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Feanvailéaráit

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Fiprinil

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Gliofosáit

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Amóiniam glufosinate

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Heipteaclór

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Heicseaclóraibeinséin

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Hexachlorcyclohexan (HCH, Alfa-Isiméir)

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Hexachlorcyclohexan (HCH, Béite-Isiméir)

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Iondocsacarb

    (e)

     

     

    Is i mbainne agus ar bhainne amháin a dhéanfar anailís air in 2022.

    Liondán

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Meatocsaclór

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Paraitión

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Peindémheatailin

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Sármheitrin

    (e)

    (f)

    (d)

     

    Pirimeafos-meitil

    (e)

    (f)

    (d)

     


    (1)  I gcás na n-amhearraí a bhfuil anailís le déanamh orthu, is ar chodanna na dtáirgí a bhfuil feidhm ag uasteorainneacha iarmhar (MRLanna) ina leith a dhéanfar anailís maidir le príomhtháirge an ghrúpa nó an fhoghrúpa arna liostú i gcuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/62 mura sonraítear a mhalairt.

    (2)  Déanfar anailís ar tháirgí neamhphróiseáilte. I gcás táirgí a sampláladh i staid reoite, tuairisceofar fachtóir próiseála, más infheidhme.

    (3)  Mura mbeidh aon samplaí leordhóthanacha de ghráinní coirce ar fáil, is féidir an chuid den líon samplach a theastaíonn i gcás gráinní coirce nach bhféadfaí a ghlacadh a chur leis an líon samplach i gcás gráinní eorna, rud a d’fhágfadh líon samplach laghdaithe i gcás gráinní coirce agus líon samplach breisithe dá réir i gcás gráinní eorna.

    (4)  Mura mbeidh aon samplaí leordhóthanacha de ghráinní seagail, cruithneachta, coirce nó eorna ar fáil, d’fhéadfaí anailís a dhéanamh ar phlúr slánghráinneach seagail, cruithneachta, coirce nó eorna freisin agus tuairisceofar fachtóir próiseála.

    (5)  Mura mbeidh aon samplaí leordhóthanacha de ghráinní eorna ar fáil, is féidir an chuid den líon samplach a theastaíonn i gcás gráinní eorna nach bhféadfaí a ghlacadh a chur leis an líon samplach i gcás gráinní coirce, rud a d’fhágfadh líon samplach laghdaithe i gcás gráinní eorna agus líon samplach breisithe dá réir i gcás gráinní coirce.

    (6)  Is féidir grán ríse snasta a anailísiú freisin, i gcás inarb iomchuí. Tuairisceofar don Údarás cibé acu an rís scilte nó rís snasta a anailísíodh. Más rís snasta a anailísíodh, tuairisceofar fachtóir próiseála.

    (7)  I gcás na n-amhearraí a bhfuil anailís le déanamh orthu, is ar chodanna na dtáirgí a bhfuil feidhm ag uasteorainneacha iarmhar (MRLanna) ina leith a dhéanfar anailís maidir le príomhtháirge an ghrúpa nó an fhoghrúpa arna liostú i gcuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/62 mura sonraítear a mhalairt.

    (8)  Déanfar anailís ar bhainne úr (neamhphróiseáilte), lena n-áirítear bainne reoite, paistéartha, téite, steirilithe nó scagtha.

    (9)  Déanfar anailís ar tháirgí neamhphróiseáilte. I gcás táirgí a sampláladh i staid reoite, tuairisceofar fachtóir próiseála, más infheidhme.

    (10)  Féadfar feoil a shampláil freisin i gcomhréir le Tábla 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/63/CE.

    (11)  Is uibheacha iomlána gan an sliogán a anailíseofar.


    IARSCRÍBHINN II

    An líon samplaí dá dtagraítear in Airteagal 1

    (1)   

    Leagtar amach i bpointe (5) an líon samplaí le glacadh i gcás gach tráchtearra ar leith agus le hanailísiú i leith na lotnaidicídí a liostaítear in Iarscríbhinn I.

    (2)   

    De bhreis ar na samplaí a cheanglaítear i gcomhréir le pointe (5), déanfaidh gach Ballstát 10 sampla de bhianna do naíonáin agus do leanaí óga cé is moite de bhainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach agus bia próiseáilte gránachbhunaithe do naíonáin, a ghlacadh agus a anailísiú in 2022.

    De bhreis ar na samplaí a cheanglaítear i gcomhréir le pointe (5), déanfaidh gach Ballstát cúig shampla de bhainne foirmle do naíonáin agus cúig shampla de bhainne foirmle leantach a ghlacadh agus a anailísiú in 2023.

    De bhreis ar na samplaí a cheanglaítear i gcomhréir le pointe (5), déanfaidh gach Ballstát 10 sampla de bhia próiseáilte gránachbhunaithe do naíonáin a ghlacadh agus a anailísiú in 2024.

    (3)   

    I gcomhréir le pointe (5), glacfar samplaí ó thráchtearraí a thagann ó fheirmeoireacht orgánach, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, i gcomhréir leis an sciar den mhargadh a bheidh ag na tráchtearraí sin i ngach Ballstát ar leith, sampla amháin ar a laghad.

    (4)   

    Maidir le Ballstáit a úsáideann modhanna iliarmhair, féadfaidh siad modhanna scagtha cáilíochtúla a úsáid ar suas le 15 % de na samplaí a bheidh le glacadh agus le hanailísiú i gcomhréir le pointe (5). I gcás ina mbeidh modhanna scagtha cáilíochtúla in úsáid, déanfar fuílleach an lín samplaí a anailísiú le modhanna cainníochtúla iliarmhair.

    I gcás ina dtabharfaidh an scagadh cáilíochtúil torthaí dearfacha, déanfaidh na Ballstáit gnáthmhodh sprice a úsáid chun na torthaí a chainníochtú.

    (5)   

    Íosmhéid samplaí in aghaidh na bliana in aghaidh an tráchtearra:

    BE

    15

    LT

    12

    BG

    15

    LU

    12

    CZ

    15

    HU

    15

    DK

    12

    MT

    12

    DE

    106

    NL

    20

    EE

    12

    AT

    15

    IE

    12

    PL

    51

    EL

    15

    PT

    15

    ES

    55

    RO

    22

    FR

    78

    SI

    12

    HR

    12

    SK

    12

    IT

    75

    FI

    12

    CY

    12

    SE

    15

    LV

    12

    An Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann (1)

    12

    AN LÍON IOMLÁN SAMPLAÍ: 683


    (1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i dteannta Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.


    Top