EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1753

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1753 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coibhéis na gceanglas maoirseachta agus rialála tríú tíortha áirithe agus tríú críocha áirithe chun críocha risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/7011

IO L 349, 04/10/2021, p. 31–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1753/oj

4.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 349/31


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1753 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Deireadh Fómhair 2021

maidir le coibhéis na gceanglas maoirseachta agus rialála tríú tíortha áirithe agus tríú críocha áirithe chun críocha risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagail 107(4), 114(7), 115(4), 116(5), 142(2) agus Airteagal 391, an dara mír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ceanglais chaipitil le comhlíonadh ag institiúidí ar bhealach a léirítear go leordhóthanach na rioscaí a dtéann na hinstitiúidí sin fúthu, lena n-áirítear riosca creidmheasa, ag féachaint do na comhthéacsanna geografacha éagsúla ina n-oibríonn siad. Agus gach ní eile mar a chéile, is de réir cháilíocht an chreata rialála ábhartha agus na maoirseachta ábhartha a chuirtear i bhfeidhm ar na heintitis sin sa tríú tír ábhartha a chinntear an riosca creidmheasa arna thabhú ag institiúidí a bhaineann le risíochtaí ar eintitis atá lonnaithe lasmuigh den Aontas.

(2)

Ina theannta sin, tá a risíochtaí ar chliaint aonair le teorannú ag institiúidí chun neamhchosaint ar riosca comhchruinnithe iomarcach a sheachaint. Agus a risíochtaí ar chliaint aonair á ríomh ag institiúidí, féadfar cead a thabhairt dóibh cineálacha áirithe risíochtaí ar institiúidí a fhágáil as an ríomh sin. Nuair is lasmuigh den Aontas atá cliaint lonnaithe, áfach, is ar cháilíocht an chreata rialála ábhartha agus na maoirseachta ábhartha a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na heintitis sin sa tríú tír ábhartha, is ar cháilíocht na rudaí sin freisin a bhraitheann sé cibé acu is féidir nó nach féidir caitheamh leo mar institiúidí.

(3)

Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tugadh isteach, inter alia, in Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 foráil lena dtugtar cumhacht don Choimisiún cinntí cur chun feidhme a ghlacadh i dtaobh an gcuirtear i bhfeidhm i dtríú tír ceanglais stuamachta mhaoirseachta agus rialála atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, chun láimhseáil risíochtaí faoi Chuid 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chinneadh. Dá bhrí sin, ba cheart liosta a bhunú de thríú tíortha agus de thríú críocha a meastar na ceanglais stuamachta mhaoirseachta agus rialála iontu a bheith coibhéiseach leis na cinn a chuirtear i bhfeidhm san Aontas chun críocha Airteagal 391 den Rialachán sin. Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil agus an chomhsheasmhacht, is gá na forálacha uile maidir le coibhéis na gceanglas maoirseachta agus rialála tríú tíortha agus tríú críocha chun risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur san áireamh in aon Chinneadh amháin. Is gá, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2014/908/AE ón gCoimisiún (3) a aisghairm agus a ionadú.

(4)

Le hAirteagal 107(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ní féidir le hinstitiúidí risíochtaí ar ghnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa agus malartáin tríú tír a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí ach amháin más rud é go gcuirtear i bhfeidhm sa tríú tír ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta maidir leis an eintiteas lena mbaineann, atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

(5)

Leagtar síos le hAirteagal 114(7), Airteagal 115(4) agus Airteagal 116(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ualaí sonracha riosca is infheidhme maidir le risíochtaí ar rialtais láir, bainc cheannais, rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla, agus eintitis earnála poiblí atá lonnaithe i dtríú tíortha ina gcuirtear socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na socruithe maoirseachta agus rialála sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

(6)

Leagtar síos in Airteagal 153 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhoirmle chun méideanna na risíochtaí ualaithe ó thaobh riosca a ríomh le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus bainc cheannais faoin gcur chuige atá bunaithe ar rátálacha inmheánacha (IRB) agus sonraítear ann na paraiméadair atá le húsáid le haghaidh an ríomha sin, lena n-áirítear an chomhéifeacht chomhghaolúcháin. Socraítear in Airteagal 153(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an chomhéifeacht chomhghaolúcháin is infheidhme maidir le mór-eintitis earnála airgeadais. De bhun Airteagal 142(1), pointe (4)(b), den Rialachán sin, chun go measfar gur “mór-eintiteas earnála airgeadais” é, beidh an t-eintiteas earnála airgeadais nó ceann dá fhochuideachtaí faoi réir dlíthe tríú tír ina gcuirtear ceanglais stuamachta mhaoirseachta i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

(7)

Le hAirteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceadaítear d’institiúidí atá bunaithe san Aontas risíocht ar ghnóthas príobháideach nó poiblí de chuid tríú tír a láimhseáil mar risíocht ar institiúid chun críocha Chuid 4 den Rialachán sin, ar choinníoll go measfaí gur “institiúid” é an gnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (3), den Rialachán sin, dá mba rud é go raibh sé bunaithe san Aontas, agus ar choinníoll go bhfuil sé údaraithe i dtríú tír ina gcuirtear ceanglais stuamachta mhaoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

(8)

Chun na risíochtaí iomchuí atá ualaithe ó thaobh riosca a chinneadh chun ceanglais chaipitil maidir leis an riosca creidmheasa a ghabhann le risíochtaí ar chatagóirí áirithe eintiteas atá lonnaithe i dtríú tíortha a ríomh, chomh maith le contrapháirtithe a láimhseáil go hiomchuí chun críocha Chuid 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar choibhéis na socruithe maoirseachta agus rialála tríú tíortha leis na socruithe comhfhreagracha maoirseachta agus rialála san Aontas.

(9)

Cinneadh an choibhéis trí anailís bunaithe ar thorthaí a dhéanamh ar shocruithe stuamachta, rialála agus maoirseachta an tríú tír, ar anailís í lena ndéantar tástáil ar a cumas na cuspóirí ginearálta céanna a bhaint amach agus atá ag socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an Aontais. Tagraítear sna cuspóirí sin go háirithe do chobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais intíre agus an chórais airgeadais dhomhanda araon ina n-iomláine; d’éifeachtacht agus leordhóthanacht cosaint taisceoirí agus tomhaltóirí eile seirbhísí airgeadais; don chomhar idir gníomhaithe éagsúla an chórais airgeadais, lena n-áirítear rialtóirí agus maoirseoirí; do neamhspleáchas agus éifeachtacht na maoirseachta; agus do chur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach na gcaighdeán ábhartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta. Chun na cuspóirí ginearálta céanna agus atá ag socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an Aontais a bhaint amach, ba cheart do shocruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an tríú tír sraith caighdeán oibríochtúil, eagraíochtúil agus maoirseachta a chomhlíonadh lena léirítear na gnéithe bunriachtanacha de cheanglais mhaoirseachta agus rialála an Aontais is infheidhme maidir le catagóirí ábhartha institiúidí airgeadais.

(10)

Chun críocha Airteagal 114, Airteagal 115 agus Airteagal 116 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ba cheart an choibhéis a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do na socruithe maoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa ós rud é gur gnách go socraítear leis na socruithe sin na hualaí riosca chun ceanglais chaipitil le haghaidh riosca creidmheasa a ríomh.

(11)

Chun críocha Airteagal 142 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart an choibhéis a theorannú do na socruithe maoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le gnóthais tríú tír a bhfuil príomhghnó acu atá inchomparáide le gnó institiúide creidmheasa nó gnólachta infheistíochta, i gcomhréir leis na sainmhínithe in Airteagal 4(1), pointe (27), den Rialachán sin, agus an sainmhíniú in Airteagal 4(1), pointe (3), de á chur san áireamh.

(12)

Chun críocha Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart an choibhéis a theorannú do na socruithe maoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le gnóthais tríú tír a bhfuil príomhghnó acu atá inchomparáide le gnó institiúide creidmheasa nó gnólachta infheistíochta i gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 4(1), pointe (3), den Rialachán sin.

(13)

Agus measúnuithe neamhspleácha ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, amhail measúnuithe arna ndéanamh ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar shocruithe maoirseachta agus rialála tríú tíortha áirithe is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta agus malartáin. Leis an anailís sin, cuireadh ar a chumas don Choimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE a ghlacadh lena leagtar síos liosta tosaigh de thríú tíortha agus de thríú críocha a mheastar a bheith coibhéiseach ó thaobh socruithe maoirseachta agus rialála de, chun cinneadh a dhéanamh ar láimhseáil na gcatagóirí ábhartha risíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 107, 114, 115, 116 agus 142 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(14)

Ní raibh sé i gceist go mbeadh liosta na dtíortha coibhéiseacha a sainaithníodh i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE uileghabhálach ná cinntitheach. Ar bhonn faireachán tráthrialta ar éabhlóid na socruithe maoirseachta agus rialála tríú tíortha agus tríú críocha chun measúnú a dhéanamh ar a gcoibhéis le socruithe maoirseachta agus rialála an Aontais, leasaíodh an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin ina dhiaidh sin le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2016/230 (4), (AE) 2016/2358 (5), (AE) 2019/536 (6) agus (AE) 2019/2166 (7) ón gCoimisiún. Leis na Cinntí sin, leathnaíodh na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a mheastar a bheith coibhéiseach, agus na foinsí faisnéise a bhí ar fáil á gcur san áireamh, lena n-áirítear an measúnú arna dhéanamh ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) ina dhiaidh sin.

(15)

Ó glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2166, tá faireachán leanúnach á dhéanamh ag an gCoimisiún ar fhorbairtí ábhartha i gcreataí stuamachta, maoirseachta agus rialála tríú tíortha, agus na foinsí faisnéise atá ar fáil á gcur san áireamh, lena n-áirítear measúnuithe arna ndéanamh ag ÚBE. Mar thoradh ar mheasúnú amháin den sórt sin, mhol ÚBE gur cheart na creataí stuamachta, maoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa Mhacadóin Thuaidh a mheas a bheith coibhéiseach le creat dlíthiúil an Aontais chun críocha Airteagail 107(4), 114(7), 115(4), 116(5), 142(2) agus Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(16)

Aithníonn an Coimisiún gur institiúidí creidmheasa amháin arna n-údarú faoin dlí náisiúnta faoi seach a cumhdaíodh sa mheasúnú a rinne ÚBE ar an gcreat stuamachta, maoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le hinstitiúidí sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa Mhacadóin Thuaidh. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le heintitis eile atá bunaithe sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa Mhacadóin Thuaidh.

(17)

Agus moladh ÚBE á chur san áireamh, agus ar bhonn a mheasúnaithe féin, chinn an Coimisiún go bhfuil ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus ag an Macadóin Thuaidh socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála i bhfeidhm lena gcomhlíontar sraith caighdeán oibríochtúil, eagraíochtúil agus maoirseachta lena léirítear na gnéithe bunriachtanacha de shocruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. Dá bhrí sin, is iomchuí a mheas na creataí stuamachta, maoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus sa Mhacadóin Thuaidh a bheith coibhéiseach leis na creataí sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas chun críocha Airteagail 107(4), 114(7), 115(4), 116(5), 142(2) agus Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(18)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Mhacadóin Thuaidh a áireamh sna liostaí ábhartha de thríú tíortha agus de thríú críocha a meastar a gceanglais agus a socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála a bheith coibhéiseach le córas an Aontais chun críoch risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(19)

Tar éis na measúnuithe a rinneadh go dtí seo, chinn an Coimisiún go bhfuil ag an Airgintín, an Astráil, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, Oileáin Fharó, an Ghraonlainn, Geansaí, Hong Cong, an India, Oileán Mhanann, an tSeapáin, Geirsí, Meicsiceo, Monacó, an Nua-Shéalainn, an Mhacadóin Thuaidh, an Araib Shádach, an tSeirbia, Singeapór, an Afraic Theas, an Chóiré Theas, an Eilvéis, an Tuirc agus SAM, socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála i bhfeidhm lena gcomhlíontar sraith caighdeán oibríochtúil, eagraíochtúil agus maoirseachta lena léirítear na gnéithe bunriachtanacha de shocruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. Dá bhrí sin, is iomchuí a mheas na ceanglais stuamachta, mhaoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá lonnaithe sna tíortha sin a bheith coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas chun críocha Airteagail 107(4), 114(7), 115(4), 116(5), 142(2) agus Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(20)

Tar éis na measúnuithe a rinneadh go dtí seo, chinn an Coimisiún go bhfuil ag an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, Hong Cong, an Indinéis, an tSeapáin (teoranta d’Oibreoirí Gnó Ionstraimí Airgeadais de Chineál I), Meicsiceo, an Chóiré Theas, an Araib Shádach, Singeapór, an Afraic Theas agus SAM, socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála i bhfeidhm lena gcomhlíontar sraith caighdeán oibríochtúil, eagraíochtúil agus maoirseachta lena léirítear na gnéithe bunriachtanacha de shocruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. Dá bhrí sin, is iomchuí a mheas gur coibhéiseach ar a laghad iad na ceanglais mhaoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta sna tríú tíortha sin leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas chun críocha Airteagail 107(4), 114(7), 115(4), 116(5), 142(2) agus Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(21)

Tar éis na measúnuithe a rinneadh go dtí seo, chinn an Coimisiún go bhfuil ag an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, an India, an Indinéis, an tSeapáin, Meicsiceo, an Chóiré Theas, an Araib Shádach, Singeapór, an Afraic Theas, agus SAM, socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála i bhfeidhm lena gcomhlíontar sraith caighdeán oibríochtúil, lena léirítear na gnéithe bunriachtanacha de shocruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an Aontais is infheidhme maidir le malartáin. Dá bhrí sin, is iomchuí a mheas gur coibhéiseach ar a laghad iad na ceanglais mhaoirseachta agus rialála is infheidhme sna tríú tíortha sin maidir le malartáin leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 teoranta do risíochtaí ar mhalartáin atá lonnaithe sna tríú tíortha sin.

(22)

Ní uileghabhálach do na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a mheastar a bheith coibhéiseach chun críocha fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Le cúnamh ón Údarás Baincéireachta Eorpach, leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh go tráthrialta ar fhorbairt na socruithe maoirseachta agus rialála tríú tíortha agus tríú críocha d’fhonn na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a leagtar amach sa Chinneadh seo a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí agus gach 5 bliana ar a laghad, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar fhorbairtí i socruithe maoirseachta agus rialála, san Aontas agus ar an leibhéal domhanda, agus i bhfianaise foinsí nua faisnéise ábhartha a bheidh ar fáil.

(23)

Maidir leis an athbhreithniú tráthrialta ar na ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta is infheidhme sna tríú tíortha agus sna tríú críocha a liostaítear in Iarscríbhinní I go VI a ghabhann leis an gCinneadh seo, ba cheart dó a bheith gan dochar don fhéidearthacht don Choimisiún athbhreithniú sonrach, a bhaineann le tríú tír nó tríú críoch aonair, a dhéanamh tráth ar bith lasmuigh den athbhreithniú ginearálta i gcás ina dtabharfaidh forbairtí ábhartha ar an gCoimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an aitheantas a dheonaítear leis an gCinneadh seo. D’fhéadfadh sé go dtarraingeofaí siar aitheantas na coibhéise de thoradh athmheasúnú den sórt sin.

(24)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Baincéireachta Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Coibhéis na gceanglas a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meastar go gcuireann na tríú tíortha agus na tríú críocha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, go gcuireann siad socruithe maoirseachta agus rialála i leith institiúidí creidmheasa i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 2

Coibhéis na gceanglas a chuirtear i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meastar go gcuireann na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, go gcuireann siad socruithe maoirseachta agus rialála i leith gnólachtaí infheistíochta i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 3

Coibhéis na gceanglas a chuirtear i bhfeidhm maidir le malartáin chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meastar go gcuireann na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo, go gcuireann siad socruithe maoirseachta agus rialála i leith malartán i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 4

Coibhéis na gceanglas a chuirtear i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar rialtais láir, bainc cheannais, rialtais áitiúla agus eintitis earnála poiblí chun críocha Airteagal 114, Airteagal 115 agus Airteagal 116 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Chun críocha Airteagal 114(7), Airteagal 115(4) agus Airteagal 116(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meastar go gcuireann na tríú tíortha agus na tríú críocha a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh seo, go gcuireann siad socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm i leith institiúidí creidmheasa san Aontas.

Airteagal 5

Coibhéis na gceanglas a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta chun críocha Airteagal 142 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Chun críocha Airteagal 142(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meastar go gcuireann na tríú tíortha agus na tríú críocha a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh seo, go gcuireann siad socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 6

Coibhéis na gceanglas a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí chun críocha Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Chun críocha Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meastar go gcuireann na tríú tíortha agus na tríú críocha a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh seo, go gcuireann siad socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 7

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 2014/908/AE. Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, le riosca creidmheasa an chontrapháirtí, leis an riosca margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, le risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, le risíochtaí móra, le ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2014 maidir le coibhéis na gceanglas maoirseachta agus rialála tríú tíortha áirithe agus tríú críocha áirithe chun risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 359, 16.12.2014, lch. 155).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/230 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2016 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE maidir leis na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a meastar a gceanglais mhaoirseachta agus rialála a bheith coibhéiseach chun críocha risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 41, 18.2.2016, lch. 23).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2358 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE maidir leis na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a meastar a gceanglais mhaoirseachta agus rialála a bheith coibhéiseach chun críocha risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 21.12.2016, lch. 75).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/536 ón gCoimisiún an 29 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE maidir leis na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a meastar a gceanglais mhaoirseachta agus rialála a bheith coibhéiseach chun críocha risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 92, 1.4.2019, lch. 3).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2166 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2019 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE maidir leis an tSeirbia an Chóiré Theas a áireamh sna liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a meastar a gceanglais mhaoirseachta agus rialála a bheith coibhéiseach chun críocha risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 18.12.2019, lch. 84).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE THRÍÚ TÍORTHA AGUS DE THRÍÚ CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1 (INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA)

(1)

An Airgintín

(2)

An Astráil

(3)

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

(4)

An Bhrasaíl

(5)

Ceanada

(6)

An tSín

(7)

Oileáin Fharó

(8)

An Ghraonlainn

(9)

Geansaí

(10)

Hong Cong

(11)

An India

(12)

Oileán Mhanann

(13)

An tSeapáin

(14)

Geirsí

(15)

Meicsiceo

(16)

Monacó

(17)

An Nua-Shéalainn

(18)

An Mhacadóin Thuaidh

(19)

An Araib Shádach

(20)

An tSeirbia

(21)

Singeapór

(22)

An Afraic Theas

(23)

An Chóiré Theas

(24)

An Eilvéis

(25)

An Tuirc

(26)

SAM


IARSCRÍBHINN II

LIOSTA DE THRÍÚ TÍORTHA AGUS DE THRÍÚ CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2 (GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA)

(1)

An Astráil

(2)

An Bhrasaíl

(3)

Ceanada

(4)

An tSín

(5)

Hong Cong

(6)

An Indinéis

(7)

An tSeapáin (teoranta d’Oibreoirí Gnó Ionstraimí Airgeadais de Chineál I)

(8)

Meicsiceo

(9)

An Chóiré Theas

(10)

An Araib Shádach

(11)

Singeapór

(12)

An Afraic Theas

(13)

SAM


IARSCRÍBHINN III

LIOSTA DE THRÍÚ TÍORTHA AGUS DE THRÍÚ CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3 (MALARTÁIN)

(1)

An Astráil

(2)

An Bhrasaíl

(3)

Ceanada

(4)

An tSín

(5)

An India

(6)

An Indinéis

(7)

An tSeapáin

(8)

Meicsiceo

(9)

An Chóiré Theas

(10)

An Araib Shádach

(11)

Singeapór

(12)

An Afraic Theas

(13)

SAM


IARSCRÍBHINN IV

LIOSTA DE THRÍÚ TÍORTHA AGUS DE THRÍÚ CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4 (INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA)

(1)

An Airgintín

(2)

An Astráil

(3)

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

(4)

An Bhrasaíl

(5)

Ceanada

(6)

An tSín

(7)

Oileáin Fharó

(8)

An Ghraonlainn

(9)

Geansaí

(10)

Hong Cong

(11)

An India

(12)

Oileán Mhanann

(13)

An tSeapáin

(14)

Geirsí

(15)

Meicsiceo

(16)

Monacó

(17)

An Nua-Shéalainn

(18)

An Mhacadóin Thuaidh

(19)

An Araib Shádach

(20)

An tSeirbia

(21)

Singeapór

(22)

An Afraic Theas

(23)

An Chóiré Theas

(24)

An Eilvéis

(25)

An Tuirc

(26)

SAM


IARSCRÍBHINN V

LIOSTA DE THRÍÚ TÍORTHA AGUS DE THRÍÚ CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5 (INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA AGUS GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA)

Institiúidí creidmheasa:

(1)

An Airgintín

(2)

An Astráil

(3)

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

(4)

An Bhrasaíl

(5)

Ceanada

(6)

An tSín

(7)

Oileáin Fharó

(8)

An Ghraonlainn

(9)

Geansaí

(10)

Hong Cong

(11)

An India

(12)

Oileán Mhanann

(13)

An tSeapáin

(14)

Geirsí

(15)

Meicsiceo

(16)

Monacó

(17)

An Nua-Shéalainn

(18)

An Mhacadóin Thuaidh

(19)

An Araib Shádach

(20)

An tSeirbia

(21)

Singeapór

(22)

An Afraic Theas

(23)

An Chóiré Theas

(24)

An Eilvéis

(25)

An Tuirc

(26)

SAM

Gnólachtaí infheistíochta is comhionann le “hinstitiúid” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

(1)

An Astráil

(2)

An Bhrasaíl

(3)

Ceanada

(4)

An tSín

(5)

Hong Cong

(6)

An Indinéis

(7)

An tSeapáin (teoranta d’Oibreoirí Gnó Ionstraimí Airgeadais de Chineál I)

(8)

Meicsiceo

(9)

An Chóiré Theas

(10)

An Araib Shádach

(11)

Singeapór

(12)

An Afraic Theas

(13)

SAM


IARSCRÍBHINN VI

LIOSTA DE THRÍÚ TÍORTHA AGUS DE THRÍÚ CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6 (INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA AGUS GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA)

Institiúidí creidmheasa:

(1)

An Airgintín

(2)

An Astráil

(3)

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

(4)

An Bhrasaíl

(5)

Ceanada

(6)

An tSín

(7)

Oileáin Fharó

(8)

An Ghraonlainn

(9)

Geansaí

(10)

Hong Cong

(11)

An India

(12)

Oileán Mhanann

(13)

An tSeapáin

(14)

Geirsí

(15)

Meicsiceo

(16)

Monacó

(17)

An Nua-Shéalainn

(18)

An Mhacadóin Thuaidh

(19)

An Araib Shádach

(20)

An tSeirbia

(21)

Singeapór

(22)

An Afraic Theas

(23)

An Chóiré Theas

(24)

An Eilvéis

(25)

An Tuirc

(26)

SAM

Gnólachtaí infheistíochta is comhionann le “hinstitiúid” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

(1)

An Astráil

(2)

An Bhrasaíl

(3)

Ceanada

(4)

An tSín

(5)

Hong Cong

(6)

An Indinéis

(7)

An tSeapáin (teoranta d’Oibreoirí Gnó Ionstraimí Airgeadais de Chineál I)

(8)

Meicsiceo

(9)

An Chóiré Theas

(10)

An Araib Shádach

(11)

Singeapór

(12)

An Afraic Theas

(13)

SAM


IARSCRÍBHINN VII

TÁBLA COMHGHAOIL

An Cinneadh seo

Cinneadh 2014/908/AE

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

-

Airteagal 7

-

Airteagal 8

-


Top