This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32019L1159
Directive (EU) 2019/1159 of the European Parliament and of the Council of 20 June 2019 amending Directive 2008/106/EC on the minimum level of training of seafarers and repealing Directive 2005/45/EC on the mutual recognition of seafarers' certificates issued by the Member States (Text with EEA relevance.)
Treoir (AE) 2019/1159 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2008/106/CE maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/45/EC maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))
Treoir (AE) 2019/1159 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2008/106/CE maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/45/EC maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))
PE/39/2019/REV/1
IO L 188, 12/07/2019, p. 94–105
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
12.7.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
94 |
TREOIR (AE) 2019/1159 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meitheamh 2019
lena leasaítear Treoir 2008/106/CE maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/45/EC maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun ardleibhéal sábháilteachta muirí agus coiscthe truaillithe ar muir a chothabháil agus chun féachaint lena fheabhsú, tá sé bunriachtanach leibhéal eolais agus scileanna mharaithe an Aontais a chothabháil agus, b'fhéidir, a fheabhsú trí oiliúint agus deimhniú muirí a fhorbairt i gcomhréir le rialacha idirnáisiúnta agus leis an dul chun cinn teicneolaíoch, agus gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun bonn scileanna muirí na hEorpa a fheabhsú. |
(2) |
Déantar oiliúint agus deimhniú na maraithe a rialáil ar leibhéal idirnáisiúnta le Coinbhinsiúin Idirnáisiúnta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, 1978, arna leasú (“Coinbhinsiún STCW”) a ndearnadh athbhreithniú mór air in 2010. Glacadh leasuithe ar Choinbhinsiún STCW in 2015 i ndáil le ceanglais oiliúna agus cháilíochta do mharaithe atá ag obair ar bord longa atá faoi réir an Chóid Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí íseal-splancphointe eile (“Cód IGF”). In 2016, glacadh leasuithe ar Choinbhinsiún STCW i dtaca le hoiliúint agus cáilíocht maraithe atá ag obair ar bord longa paisinéirí agus ar bord longa a oibríonn in uiscí polacha. |
(3) |
Le Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), déantar Coinbhinsiún STCW a ionchorprú i ndlí an Aontais. Is sínitheoirí le Coinbhinsiún STCW na Ballstáit uile agus dá bhrí sin déanfar cur chun feidhme comhchuibhithe a ngealltanas idirnáisiúnta a bhaint amach trí rialacha an Aontais maidir le hoiliúint agus deimhniú maraithe a ailíniú le Coinbhinsiún STCW. Dá bhrí sin, ba cheart roinnt forálacha de Threoir 2008/106/EC a leasú d'fhonn go léireofaí ann na leasuithe is déanaí ar Choinbhinsiún STCW maidir le hoiliúint agus cáilíocht maraithe atá ag obair ar bord longa a thagann faoi Chód IGF, ar bord longa paisinéirí agus ar bord longa a oibríonn in uiscí polacha. |
(4) |
Tá treoir sa Chód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire, a glacadh le Rún 2 de Chomhdháil Páirtithe STCW 1995, ina leagan cothrom le dáta (“Cód STCW”) cheana maidir le tuirse a chosc (Roinn B-VIII/1) agus maidir le feidhmiúlacht le haghaidh dualgais (Cuid A-VIII/1). Ar mhaithe le sábháilteacht, is den riachtanas go ndéantar ceanglais Airteagal 15 de Threoir 2008/106/CE a fhorfheidhmiú agus a leanúint gan eisceacht agus go ndéantar aird chuí a thabhairt ar an treoir sin. |
(5) |
Tá sé ar cheann de chuspóirí an chomhbheartais iompair i réimse an mhuiriompair gluaiseacht maraithe laistigh den Aontas a éascú. Cuidíonn an ghluaiseacht sin, i measc rudaí eile, le hearnáil muiriompair an Aontais a dhéanamh tarraingteach do na glúine atá le teacht, agus ar an gcaoi sin go seachnaítear staid ina mbeidh easpa foirne inniúla a mbeadh an meascán ceart de scileanna agus inniúlachtaí acu ar an mbraisle mhuirí Eorpach. Is fíor-riachtanach aitheantas frithpháirteach na ndeimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit chun saorghluaiseacht na maraithe a éascú. I bhfianaise an chirt chun dea-riaracháin, ba cheart gur bunaithe ar chúiseanna a bheadh infhionnta ag an maraí lena mbaineann a bheadh cinntí na mBallstát i ndáil le glacadh le deimhnithe oilteachta arna n-eisiúint chuig maraithe ag Ballstáit eile chun críche deimhnithe náisiúnta inniúlachta a eisiúint. |
(6) |
Ina theannta sin, tá córas láraithe i dTreoir 2008/106/CE chun aitheantas a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha. Tá sé léirithe ag meastóireacht an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) gur baineadh amach laghdú suntasach ar chostais do na Ballstáit ó tugadh isteach an córas láraithe. Nochtadh sa mheastóireacht freisin, áfach, maidir le roinnt de na tríú tíortha aitheanta, nár eisigh na Ballstáit ach líon thar a bheith teoranta d'fhormhuinithe lena bhfianaítear aitheantas do dheimhnithe i dtaca le deimhnithe inniúlachta nó deimhnithe oilteachta arna n-eisiúint ag na tríú tíortha sin. Dá bhrí sin, d'fhonn na hacmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, ba cheart an nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha a bheith bunaithe ar anailís ar an ngá atá leis an aitheantas sin, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do léiriú ar líon measta na máistrí, na n-oifigeach agus na n-oibritheoirí raidió de thionscnamh na tíre sin is dóigh a bheidh ag fónamh ar bord longa a bhfuil bratacha na mBallstát ar foluain orthu. Ba cheart an anailís sin a thíolacadh lena scrúdú ag an gCoiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS). |
(7) |
I bhfianaise na taithí a fuarthas agus an nós imeachta maidir le haitheantas tríú tíortha á chur i bhfeidhm, léirigh meastóireacht REFIT nach gcuirtear san áireamh leis an tréimhse ama reatha 18 mí a chasta atá an próiseas, lena n-áirítear cigireacht ar an láthair arna déanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí. Teastaíonn tuilleadh ama leis na socruithe taidhleoireachta is gá a dhéanamh chun na cigireachtaí sin a phleanáil agus a chur i gcrích. Anuas air sin, níl an tréimhse ama 18 mí leordhóthanach nuair a bhíonn ar an tríú tír bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme agus athruithe dlí a dhéanamh ina chóras d'fhonn ceanglais Choinbhinsiún STCW a chomhlíonadh. Ar na forais sin, ba cheart an spriocdháta le haghaidh ghlacadh an chinnidh ón gCoimisiún a fhadú ó 18 mí go 24 mhí, agus, i gcás ina gcaithfidh an tríú tír bearta ceartaitheacha nach beag a chur chun feidhme, lena n-áirítear leasuithe ar fhorálacha dlíthiúla, ba cheart an sprioc a shíneadh go 36 mhí. Anuas air sin, an rogha atá ag an mBallstát iarrthach aitheantas sealadach a thabhairt do chóras an tríú tír le haghaidh caighdeáin oiliúna, deimhniúchán agus faire do mharaithe, ba cheart an rogha sin a choimeád d'fhonn solúbthacht an nós imeachta aitheantais a choinneáil. |
(8) |
D'fhonn a áirithiú go mbeidh an ceart ag gach maraí fostaíocht chuibhiúil a fháil agus d'fhonn saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a theorannú, ba cheart breithniú, agus aitheantas á thabhairt do thríú tíortha amach anseo, ar dhaingnigh na tríú tíortha sin an Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006. |
(9) |
D'fhonn éifeachtúlacht an chórais láraithe maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha a mhéadú a thuilleadh, ba cheart athmheasúnú ar na tríú tíortha a sholáthraíonn líon beag maraithe do longa a bhfuil bratacha na mBallstát ar foluain orthu a dhéanamh ag eatraimh rialta níos faide ba cheart a fhadú go 10 mbliana. Ba cheart, áfach, an tréimhse is faide athmheasúnaithe sin ar chóras na dtríú tíortha sin a chomhcheangal le critéir thosaíochta lena gcuirfí san áireamh ceisteanna sábháilteachta, agus cothromú a dhéanamh idir an gá le héifeachtúlacht agus sásra coimirce éifeachtach i gcás go dtiocfadh meath ar chaighdeán na hoiliúna do mharaithe arna cur ar fáil sna tríú tíortha ábhartha. |
(10) |
Tá faisnéis faoi na maraithe atá fostaithe agus arb as tríú tíortha dóibh ar fáil anois ar leibhéal an Aontais mar go gcuireann na Ballstáit in iúl an fhaisnéis ábhartha atá ina gcláir náisiúnta maidir leis na deimhnithe agus na formhuinithe atá eisithe acu. Ba cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha staidrimh agus ceapadh beartais, go háirithe chun éifeachtúlacht an chórais láraithe maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha a fheabhsú. Bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit, ba cheart athscrúdú a dhéanamh ar aitheantas na dtríú tíortha nach bhfuil maraithe soláthartha acu do longa a bhfuil bratacha na mBallstát ar foluain orthu le 8 mbliana anuas ar a laghad. Ba cheart a chumhdach le próiseas an athscrúdaithe an fhéidearthacht go gcoinneofaí nó go dtarraingeofaí siar aitheantas an tríú tír ábhartha. Chomh maith leis sin, ba cheart an fhaisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit a úsáid freisin d'fhonn tús áite a thabhairt d'athmheasúnú ar na tríú tíortha aitheanta. |
(11) |
Chun forbairtí ar leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh agus chun a áirithiú gur féidir rialacha an Aontais a oiriúnú go tráthúil do na forbairtí sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Choinbhinsiún STCW agus ar Chuid A de Chód STCW a ionchorprú trí na ceanglais theicniúla i ndáil le hoiliúint agus deimhniú maraithe a nuashonrú agus trí fhorálacha ábhartha Threoir 2008/106/CE a ailíniú i dtaca leis na deimhnithe digiteacha do mharaithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (4). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(12) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha na Treorach seo i dtaca le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
(13) |
Maidir leis na forálacha i ndáil le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla a leagtar amach i dTreoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), níl siad infheidhme i dtaca le haitheantas a thabhairt do dheimhnithe maraithe faoi Threoir 2008/106/CE. Le Treoir 2005/45/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) rinneadh an t-aitheantas frithpháirteach do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit a rialáil. Tá na sainmhínithe ar dheimhnithe maraithe dá dtagraítear i dTreoir 2005/45/EC imithe i léig, áfach, i bhfianaise leasuithe 2010 ar Choinbhinsiún STCW. Dá bhrí sin, ba cheart scéim an aitheantais fhrithpháirtigh do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit a leasú d'fhonn na leasuithe idirnáisiúnta agus na sainmhínithe ar dheimhnithe maraithe a áirítear i dTreoir 2008/106/EC a léiriú. Ina theannta sin, ba cheart na deimhnithe maraithe arna n-eisiúint faoi údarás na mBallstát a áireamh sa scéim maidir le haitheantas frithpháirteach. Chun débhríocht agus baol neamhréireachtaí idir Treoracha 2005/45/CE agus 2008/106/CE a bhaint, ba cheart aitheantas frithpháirteach do dheimhnithe maraithe a rialáil le Treoir 2008/106/CE agus leis an Treoir sin amháin. Ina theannta sin, d'fhonn an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú, ba cheart córas leictreonach a thabhairt isteach chun cáilíochtaí maraithe a thíolacadh ach leasuithe ábhartha ar Choinbhinsiún STCW a bheith glactha. |
(14) |
Tá an digitiú sonraí de dhlúth agus d'inneach sa dul chun cinn teicneolaíoch i réimse an bhailithe agus na cumarsáide sonraí d'fhonn cabhrú le costais a laghdú agus le húsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní daonna. Ba cheart don Choimisiún bearta a bhreithniú d'fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht an rialaithe Stáit ar chalafoirt, lena n-áirítear, inter alia, meastóireacht ar indéantacht agus ar luach breise i ndáil le bunachar sonraí lárnach de dheimhnithe maraithe a chur ar bun agus a bhainistiú, a bheadh nasctha leis an mbunachar sonraí cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 24 de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), a mbeidh na Ballstáit ar fad nasctha leis. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis ar fad a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2008/106/CE maidir le deimhnithe inniúlachta agus formhuinithe lena bhfianaítear aitheantas ar dheimhnithe oilteachta arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialacháin V/1-1 agus V/1-2 de Choinbhinsiún STCW sa bhunachar lárnach sin. |
(15) |
Ba cheart tacaíocht a thabhairt d'oideachas agus d'oiliúint maraithe Eorpacha mar mháistrí agus mar oifigigh trí mhalartuithe mac léinn idir institiúidí oideachais agus oiliúna muirí ar fud an Aontais. Chun scileanna agus cáilíochtaí maraithe faoi bhratach Eorpach a chothú agus a fhorbairt, tá gá le malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit. Ba cheart d'oideachas agus d'oiliúint maraithe leas iomlán a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le clár Erasmus +. |
(16) |
Ba cheart don Choimisiún idirphlé a bhunú le comhpháirtithe sóisialta agus na Ballstáit chun tionscnaimh oiliúna muirí a fhorbairt de bhreis ar an íosleibhéal oiliúna do mharaithe arna chomhaontú go hidirnáisiúnta, tionscnaimh a d'fhéadfadh na Ballstáit a aithint go frithpháirteach mar Dhioplómaí Eorpacha Barr Feabhais Muirí. Ba cheart na tionscnaimh sin a bhunú ar agus a fhorbairt i gcomhréir leis na moltaí ó na treoirthionscadail atá ar siúl faoi láthair agus na straitéisí i dTreoirphlean an Choimsiúin um chomhar earnála maidir le scileanna. |
(17) |
D'fhonn soiléireacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart Treoir 2005/45/EC a aisghairm. |
(18) |
Ba cheart Treoir 2008/106/CE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2008/106/CE
Leasaítear Treoir 2008/106/CE mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 1, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5a: “Airteagal 5a Faisnéis don Choimisiún Chun críocha Airteagal 20(8) agus Airteagal 21(2) agus go heisiach chun go n-úsáidfidh na Ballstáit agus an Coimisiún iad chun críocha ceaptha beartais agus chun críocha staidrimh, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, ar bhonn bliantúil, an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo maidir le deimhnithe inniúlachta agus formhuinithe lena bhfianaítear aitheantas arna thabhairt do dheimhnithe inniúlachta. Féadfaidh siad a sholáthar freisin, ar bhonn deonach, faisnéis maidir le deimhnithe oilteachta arna n-eisiúint le haicmigh chabhlaigh i gcomhréir le Caibidlí II, III agus VII den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún STCW, amhail an fhaisnéis a léirítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo.”. |
(5) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 5b Aitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit 1. Glacfaidh gach Ballstát le deimhnithe oilteachta agus le fianaise dhoiciméadach arna n-eisiúint ag Ballstát eile, nó faoina údarás, i gcóip chrua nó i bhformáid dhigiteach, chun ligean do mharaithe fónamh ar longa a bhfuil a bhratach ar foluain orthu. 2. Tabharfaidh gach Ballstát aitheantas do dheimhnithe inniúlachta arna n-eisiúint ag Ballstát eile nó do dheimhnithe oilteachta arna n-eisiúint ag Ballstát eile chuig máistrí agus oifigigh i gcomhréir le Rialacháin V/1-1 agus V/1-2 d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, trí na deimhnithe sin a fhormhuiniú le fianú go dtugtar aitheantas dóibh. Na formhuinithe lena bhfianaítear an t-aitheantas, beidh siad teoranta d'acmhainneachtaí, feidhmeanna agus leibhéil inniúlachta nó oilteachta a fhorordaítear iontu. Ní eiseofar an formhuiniú ach amháin má comhlíonadh gach ceanglas de Choinbhinsiún STCW, i gcomhréir le Rialachán I/2, mír 7, de Choinbhinsiún STCW. Is í foirm an fhormhuinithe a úsáidfear an ceann a leagtar amach i Roinn A-I/2, mír 3, de Chód STCW. 3. Glacfaidh gach Ballstát le deimhnithe leighis arna n-eisiúint faoi údarás Ballstáit eile i gcomhréir le Airteagal 11, chun ligean do mharaithe fónamh ar longa a bhfuil a bhratach ar foluain orthu. 4. Áiritheoidh na Ballstáit óstacha go ndéanfar na cinntí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a eisiúint laistigh de thréimhse réasúnta ama. Áiritheoidh na Ballstáit óstacha freisin go mbeidh sé de cheart ag maraithe achomharc a dhéanamh i gcoinne aon diúltú deimhniú bailí a fhormhuiniú nó a ghlacadh, nó i gcoinne gan aon fhreagra a bheith faighte, i gcomhréir le reachtaíocht agus nósanna imeachta náisiúnta agus go dtabharfar comhairle agus cúnamh leordhóthanach do mharaithe maidir leis na hachomhairc sin i gcomhréir le reachtaíocht agus nósanna imeachta náisiúnta bunaithe. 5. Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit óstaigh srianta breise a chur ar acmhainneachtaí, feidhmeanna agus leibhéil inniúlachta nó oilteachta maidir le muiraistir gar don chósta, dá dtagraítear in Airteagal 7, nó deimhnithe malartacha arna n-eisiúint faoi Rialachán VII/1 d'Iarscríbhinn I. 6. Gan dochar do mhír 2, féadfaidh Ballstát óstach, i gcás inar gá, ligean do mharaí fónamh, ar feadh tréimhse nach faide ná 3 mhí ar bord long a bhfuil a bhratach ar foluain uirthi, agus deimhniú iomchuí bailí aige arna eisiúint agus arna fhormhuiniú ag Ballstát eile, ach nár fhormhuinigh an Ballstát óstach lena mbaineann le haghaidh aitheantais go fóill é. Beidh fianaise dhoiciméadach gur cuireadh iarratas ar fhormhuiniú faoi bhráid na n-údarás inniúil le go mbeidh sí ar fáil go réidh. 7. Áiritheoidh Ballstát óstach go bhfuil an t-eolas iomchuí ar rialacháin mhuirí an Bhallstáit sin a bhaineann leis na feidhmeanna a cheadaítear dóibh a dhéanamh ag maraithe a chuireann isteach ar dheimhnithe aitheantais le haghaidh feidhmeanna ar an leibhéal bainistíochta.” |
(6) |
Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
(7) |
In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: “2. Maidir le Ballstát a bhfuil rún aige aitheantas a thabhairt, trí fhormhuiniú, do na deimhnithe inniúlachta nó do na deimhnithe oilteachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna n-eisiúint ag tríú tír chuig máistir, oifigeach nó oibreoir raidió, le haghaidh fónamh ar longa a bhfuil a bhratach ar foluain orthu, cuirfidh an Ballstát sin iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar aitheantas don tríú tír sin, agus réamhanailís ag gabháil leis ar cheanglais Choinbhinsiún STCW a bheith á gcomhlíonadh ag an tríú tír tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a bhailiú. Mar thaca lena iarraidh, cuirfidh an Ballstát breis faisnéise ar fáil sa réamhanailís sin ar na cúiseanna le haitheantas a thabhairt don tríú tír. Tar éis do Bhallstát iarraidh den sórt sin a thíolacadh, próiseálfaidh an Coimisiún gan mhoill an iarraidh sin agus déanfaidh sé cinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2), maidir le tús a chur leis an measúnú ar an gcóras oiliúna agus deimhnithe sa tríú tír laistigh de thréimhse réasúnta ama agus aird iomchuí á tabhairt ar an teorainn ama a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo. Nuair a ghlacfar cinneadh dearfach chun tús a chur leis an measúnú, baileoidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, agus le ról féideartha an Bhallstáit atá ag tíolacadh na hiarrata, chomh maith le haon Bhallstáit leasmhara eile, baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis Treoir seo agus déanfaidh sé measúnú ar na córais oiliúna agus deimhnithe sa tríú tír ar tíolacadh an iarraidh ar aitheantas ina leith, chun a fhíorú go gcomhlíonann an tír sin ceanglais uile Choinbhinsiún STCW agus go ndearnadh na bearta iomchuí chun eisiúint deimhnithe calaoiseacha a chosc agus chun a bhreithniú ar dhaingnigh sí an Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006. 3. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, de thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, go bhfuil na ceanglais sin ar fad á gcomhlíonadh, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos a chinneadh maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tír. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2), laistigh de 24 mhí ó thíolacadh na hiarrata ag an mBallstát dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. I gcás inar gá don tríú tír lena mbaineann mórbhearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear leasuithe a dhéanamh ar a reachtaíocht, a córas oideachais, oiliúna agus deimhniúcháin d'fhonn ceanglais Choinbhinsiún STCW a chomhlíonadh, glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo laistigh de 36 mhí ón iarraidh a bheith curtha isteach ag an mBallstát dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh an Ballstát atá ag tíolacadh na hiarrata sin a chinneadh aitheantas a thabhairt don tríú tír go haontaobhach go dtí go nglacfar gníomh cur chun feidhme faoi bhun na míre seo. I gcás ina dtugtar an t-aitheantas aontaobhach sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún líon na bhformhuinithe lena bhfianaítear aitheantas a eisíodh i dtaca le deimhnithe inniúlachta agus deimhnithe oilteachta dá dtagraítear i mír 1, arna n-eisiúint ag an tríú tír go dtí go nglacfar an gníomh cur chun feidhme maidir le haitheantas na tríú tíre sin.”. |
(8) |
In Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “8. Mura bhfuil aon fhormhuinithe ann lena bhfianaítear aitheantas arna eisiúint ag Ballstát i dtaca le deimhnithe inniúlachta nó deimhnithe oilteachta, dá dtagraítear in Airteagal 19(1), arna n-eisiúint ag tríú tír le haghaidh tréimhse is faide ná 8 mbliana, déanfar an t-aitheantas do dheimhnithe na tíre sin a athscrúdú. Tar éis an athscrúdaithe sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2), tar éis fógra a thabhairt do na Ballstáit agus don tríú tír lena mbaineann sé mhí roimh ré ar a laghad.”. |
(9) |
In Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: “1. Maidir leis na tríú tíortha ar tugadh aitheantas dóibh faoin nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 19(3), lena n-áirítear na tíortha sin dá dtagraítear in Airteagal 19(6), déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú orthu, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, ar bhonn rialta agus laistigh de 10 mbliana ar a laghad ó rinneadh athmheasúnú go deireanach orthu, chun a fhíorú go bhfuil na critéir ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II á gcomhlíonadh acu agus an ndearnadh na bearta iomchuí chun cosc a chur ar dheimhnithe calaoiseacha a eisiúint. 2. Déanfaidh an Coimisiúin, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, an t-athmheasúnú ar na tríú tíortha bunaithe ar chritéir thosaíochta. Áireofar na nithe seo a leanas sna critéir thosaíochta sin:
I gcás nach gcomhlíonann tríú tír ceanglais Choinbhinsiún STCW i gcomhréir le hAirteagal 20 den Treoir seo, tabharfar tús áite don athmheasúnú ar an tríú tír sin le hais na dtríú tíortha eile.” |
(10) |
In Airteagal 25a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a chur in iúl don Choimisiún chun críocha Airteagal 20(8) agus Airteagal 21(2) agus le gur féidir leis na Ballstáit agus an Coimisiún í a úsáid i gcomhair ceapadh beartas.” |
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26: “Airteagal 26 Tuarascáil mheastóireachta Tráth nach déanaí ná an 2 Lúnasa 2024, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle tuarascáil mheastóireachta, lena n-áireofar moltaí i ndáil le gníomhartha leantacha a bheidh le déanamh i bhfianaise na meastóireachta sin. Sa tuarascáil mheastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún anailís ar chur chun feidhme na scéime maidir le haitheantas frithpháirteach do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit, agus ar aon fhorbairtí maidir le deimhnithe digiteacha do mharaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin ar aon fhorbairtí i ndáil le breithniú na nDioplómaí Eorpacha Barr Feabhais Muirí amach anseo, agus na moltaí ó na comhpháirtithe sóisialta mar bhonn aige.” |
(12) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27: “Airteagal 27 Leasuithe 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 27a, lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus na forálacha gaolmhara den Treoir seo d'fhonn an Iarscríbhinn sin agus na forálacha sin a ailíniú leis na leasuithe ar Choinbhinsiún STCW agus ar Chuid A de Chód STCW. 2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 27a, lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo maidir le hábhar sonrach ábhartha agus sonraí sonracha ábhartha na faisnéise is gá do na Ballstáit a thuairisciú ar an gcoinníoll nach bhfuil i gceist leis na gníomhartha sin ach na leasuithe ar Choinbhinsiún STCW agus ar Chuid A de Chód STCW a chur san áireamh agus na coimircí do chosaint sonraí a urramú. Ní athróidh na gníomhartha tarmligthe sin na forálacha maidir le hanaithnidiú sonraí a leagtar amach in Airteagal 25a(3).”. |
(13) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27a: “Airteagal 27a An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(13) agus in Airteagal 27, a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 1 Lúnasa 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(13) agus Airteagal 27 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(13) agus Airteagal 27 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”. |
(14) |
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/106/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo. |
Airteagal 2
Aisghairm
Aisghairtear Treoir 2005/45/CE.
Airteagal 3
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 2 Lúnasa 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar an tagairt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 110, 22.3.2019, lch. 125.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Meitheamh 2019.
(3) Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (IO L 323, 3.12.2008, lch. 33).
(4) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(6) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).
(7) Treoir 2005/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus lena leasaítear Treoir 2001/25/CE (IO L 255, 30.9.2005, lch. 160).
(8) Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/106/CE, leasaítear Caibidil V mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rialachán V/2: “Rialachán V/2 Íoscheanglais éigeantacha maidir le hoiliúint agus cáilíochtaí máistrí, oifigeach, aicmeach cabhlaigh agus pearsanra eile ar longa paisinéirí
|
(2) |
Cuirtear na Rialacháin seo a leanas léi: “Rialachán V/3 Íoscheanglais éigeantacha maidir le hoiliúint agus cáilíochtaí máistrí, oifigeach, aicmeach cabhlaigh agus pearsanra eile ar longa atá faoi réir Chód IGF
Rialachán V/4 Íoscheanglais éigeantacha maidir le hoiliúint agus cáilíochtaí máistrí agus oifigeach deice ar longa a oibríonn in uiscí polacha
|