EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R1007

Rialachán (CE) Uimh. 1007/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

IO L 293, 31/10/2008, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 18/06/2013; Arna aisghairm le 32013R0526

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1007/oj

31.10.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1007/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meán Fómhair 2008

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 10 Márta 2004, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 (3) lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (dá ngairfear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta) ar feadh tréimshe cúig bliana.

(2)

An 23 Márta 2007, d'eisigh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta moltaí, tar éis mheastóireacht na Gníomhaireachta, maidir le hathruithe iomchuí ar Rialachán (CE) Uimh. 460/2004.

(3)

I gcomhréir le stráitéis Rialála Níos Fearr an Choimisiúin, thionscain an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar leathnú agus ar thodhchaí na Gníomhaireachta, comhairliúchán a tionóladh ón 13 Meitheamh go dtí an 7 Meán Fómhair 2007.

(4)

Os rud é go n-éagfaidh sainordú na Gníomhaireachta an 13 Márta 2009 agus chun comhsheasmhacht agus leanúnachas a áirithiú, is gá síneadh a ghlacadh d'fhonn go bhféadfar tuilleadh plé a dhéanamh faoin nGníomhaireacht, a léireoidh torthaí phróiseas meastóireachta na Gníomhaireachta, moltaí an Bhoird Bainistíochta agus athbhreithniú leanúnach an chomhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Féadfar tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar threo ginearálta na n-iarrachtaí Eorpacha i leith shlándáil mhéadaithe gréasáin agus faisnéise. Ba cheart go mbeadh síneadh ré na Gníomhaireachta gan dochar do thorthaí an phlé sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, ré na Gníomhaireachta a shíneadh go dtí 13 Márta 2012,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 460/2004

Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 460/2004

‘Airteagal 27

Bunófar an Ghníomhaireacht an 14 Márta 2004 ar feadh tréimhse ocht mbliana.’

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Méan Fómhair 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P. JOUYET


(1)  Tuairim an 13 Feabhra 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2008.

(3)  IO L 77, 13.3.2004, lch. 1.


Top