Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0349

    Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending certain regulations relating to the common commercial policy as regards the granting of delegated powers for the adoption of certain measures

    /* COM/2011/0349 final - COD 2011/0153 */

    52011PC0349

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh /* COM/2011/0349 final - COD 2011/0153 */


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.           Réamhrá

    Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tá athruithe suntasacha tagtha ar an gcreat chun gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh agus chun beartas trádála a sheoladh.

    Maidir le gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, déantar idirdhealú soiléir idir gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "an Conradh" anseo feasta).

    – I bhforálacha an Chonartha maidir le gníomhartha tarmligthe, atá leagtha amach in Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déantar foráil go ndéanfaidh an reachtóir feidhmiú chumhachtaí an Choimisiúin a rialú trí cheart chun cúlghairm a dhéanamh agus/nó trí cheart agóide.

    – I bhforálacha an Chonartha maidir le gníomhartha cur chun feidhme, atá leagtha amach in Airteagal 291, ní fhoráiltear go bhfuil aon ról ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle maidir le rialú ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin. Is iad na Ballstáit amháin ar féidir leo rialú den sórt sin a fheidhmiú. Tá creat dlíthiúil lena mbunaítear meicníochtaí an rialaithe sin leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[1].

    Maidir le beartas trádála, foráiltear i gConradh Liospóin go bhfuil feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach, rud a chiallaíonn go bhfuil Parlaimint na hEorpa comhlachtaithe go hiomlán le beartas trádála a sheoladh den chéad uair.

    I ndáil le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a ghlacadh rinne an Coimisiún an ráiteas seo a leanas:

    "Tabharfaidh an Coimisiún faoi scrúdú ar na gníomhartha reachtacha uile atá i bhfeidhm agus nár oiriúnaíodh don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú roimh do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, chun a mheasúnú an gá na hionstraimí sin a oiriúnú do chóras na ngníomhartha tarmligthe a tugadh isteach le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Coimisiún na tograí is iomchuí a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná na dátaí a luaitear san fhéilire táscach atá san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas seo"[2].

    Tagann an togra seo as an scrúdú a rinne an Coimisiún ar na gníomhartha reachtacha i réimse an bheartais trádála. San am atá thart ní dhearnadh an reachtaíocht i réimse an bheartais trádála a oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú.

    Tá an togra seo ag gabháil le céad togra ón gCoimisiún maidir le beartas trádála. Sa togra sin (COIM(2011) 82 leagan deireanach an 7 Márta 2011 – dá dtagraítear mar "Trade Omnibus I[3]) leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le nósanna imeachta ina raibh baint ag an gComhairle le cinnteoireacht, ar nósanna imeachta iad nach raibh bunaithe ar Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[4]. Moltar sa togra go dtiontófar na nósanna imeachta sin ina ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh nó ina ngníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291.

    Sa togra reatha déantar na nósanna imeachta cinnteoireachta uile atá fágtha sa reachtaíocht maidir le beartas trádála a scrúdú chun iad a oiriúnú, nuair is iomchuí, don chóras le haghaidh gníomhartha tarmligthe atá leagtha síos in Airteagal 290. I bprionsabal is nósanna imeachta cinnteoireachta iadsan atá bunaithe ar Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle. Tráth déanta an ráitis a bhaineann le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a ghlacadh chuir an Coimisiún liosta gníomhartha ar fáil i bhfoirm iarscríbhinne. Maidir le beartas trádála, rinne an Coimisiún na gníomhartha seo a leanas a liostú[5]:

    – Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha.

    – Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile maidir le hallmhairí.

    – Rialachán (CE) Uimh. 2248/2001 ón gComhairle an 19 Samhain 2001 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cróite den pháirt eile, a chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Cróite a chur i bhfeidhm, mar atá leasaithe

    – Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 chun sraonadh trádála príomhchógas áirithe isteach san Aontas Eorpach a sheachaint,

    – Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an 25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá.

    – Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2006 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine den pháirt eile, a chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine a chur i bhfeidhm

    – Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe ag bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin

    – Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún

    – Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 ón gComhairle an 19 Samhain 2007 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a chur i bhfeidhm

    – Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2008 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile, a chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile, a chur i bhfeidhm

    – Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an 22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim um fhabhair taraife ghinearálaithe i bhfeidhm don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 552/97, Rialachán (CE) Uimh. 1933/2006, agus Rialachán (CE) Uimh. 1100/2006 ón gCoimisiún agus Rialachán Uimh. 964/2007 ón gCoimisiún

    – Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

    – 1342/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 maidir le srianta áirithe ar allmhairí táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar,

    – Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008 ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le trádáil i dtáirgí áirithe cruach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Casacstáine[6]

    Tá an Coimisiún tar éis na rialacháin seo go léir a scrúdú. Nuair is iomchuí, molann sé go dtiontófar nósanna imeachta áirithe ina ngníomhartha tarmligthe. Sa chéad roinn eile mínítear an cur chuige a mholann an Coimisiún do gach rialachán.

    2.           anailís ar na nósanna imeachta atá ann cheana

    – Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha.

    Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa rialachán seo a scrúdú go cúramach. Measann sé gur cheart na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 2(6), 6(2), 8, 10, 10a(3), 13(3), 15(3), 15(5), 19, 4(3) d’Iarscríbhinn IV agus 2, 3(1), 3(3) d'Iarscríbhinn VII a thiontú ina nósanna imeachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Tugann sé dá aire go dtagraíonn roinnt de na hairteagail sin do nósanna imeachta cinnteoireachta chun bearta cosanta a ghlacadh. Measann an Coimisiún gur ceart a mheas de ghnáth gur bearta cur chun feidhme iad na bearta sin, ach amháin, mar is amhlaidh sa chás seo, i gcás ina bhféadfadh leasuithe ar iarscríbhinní ábhartha an rialacháin a theacht astu agus dá bhrí sin ina dtarlódh sé go heisceachtúil go measfaí gur gníomhartha tarmligthe iad.

    Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta cinnteoireachta eile go léir dá bhforáiltear sa Rialachán seo a scrúdú, agus baineann sé de thátal as gur ceart na nósanna imeachta sin a choimeád mar ghníomhartha tarmligthe. Is mar seo a leanas liosta na n‑Airteagal ina bhfuil na nósanna imeachta sin: Airteagail 2(8), 12, 15(1) agus Airteagail 10, 14 agus 21 d'Iarscríbhinn III.

    – Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile maidir le hallmhairí.

    Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa rialachán seo a scrúdú go cúramach. Measann sé gur ceart na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 3(3), 5(2), 12(3), 13, 16 agus 28 a thiontú ina nósanna imeachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Tugann sé dá aire go dtagraíonn roinnt de na hairteagail sin do nósanna imeachta cinnteoireachta chun bearta cosanta a ghlacadh. Measann an Coimisiún gur ceart a mheas de ghnáth gur bearta cur chun feidhme iad na bearta sin, ach amháin, mar is amhlaidh sa chás seo, i gcás ina bhféadfadh leasuithe ar iarscríbhinní ábhartha an rialacháin a theacht astu agus dá bhrí sin ina dtarlódh sé go heisceachtúil go measfaí gur gníomhartha tarmligthe iad.

    Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta cinnteoireachta eile go léir dá bhforáiltear sa Rialachán seo a scrúdú, agus baineann sé de thátal as gur ceart na nósanna imeachta sin a choimeád mar ghníomhartha tarmligthe. Is mar seo a leanas liosta na n‑Airteagal ina bhfuil na nósanna imeachta sin: Airteagail 6(2), 6(3), 7(1), 8(2), 11, 15, 17(3), 17(6), 20, 21(2), 21(3), 21(4), 21(5) agus 23.

    – Rialachán (CE) Uimh. 2248/2001 ón gComhairle an 19 Samhain 2001 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cróite den pháirt eile, a chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Cróite a chur i bhfeidhm, mar atá leasaithe

    Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 2, 4, 7 agus 7f den Rialachán a scrúdú go cúramach. Bhain sé de thátal as nach dtagann gníomhartha a fhorlíonann nó a leasaíonn an gníomh bunaidh as aon cheann de na nósanna imeachta sin agus nach gá na nósanna imeachta a thiontú ina ngníomhartha tarmligthe ar an ábhar sin.

    – Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 chun sraonadh trádála príomhchógas áirithe isteach san Aontas Eorpach a sheachaint,

    Sa rialachán seo foráiltear go bhféadfar an iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán a leasú chun táirgí cisealphraghsáilte a chur leis an liosta san iarscríbhinn. Ba cheart an nós imeachta seo a thiontú ina chóras gníomhartha tarmligthe.

    – Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an 25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá.

    Sa rialachán seo foráiltear go bhféadfar an iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán a leasú chun na dleachtanna custaim a chuirtear i bhfeidhm agus na táirgí a bhfuil feidhm ag na dleachtanna maidir leo a choigeartú. Ba cheart an nós imeachta seo a thiontú ina chóras gníomhartha tarmligthe.

    – Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2006 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine den pháirt eile, a chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine a chur i bhfeidhm

    Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 2, 4, agus 11 den Rialachán a scrúdú go cúramach. Bhain sé de thátal as nach dtagann gníomhartha a fhorlíonann nó a leasaíonn an gníomh bunaidh as aon cheann de na nósanna imeachta sin agus nach gá na nósanna imeachta a thiontú ina ngníomhartha tarmligthe ar an ábhar sin.

    – Rialachán 1342/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 maidir le srianta áirithe ar allmhairí táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar

    In Airteagal 5 dearbhaítear gur ceart na hiarscríbhinní a ghabhann leis an rialachán a mhodhnú mar atá sonraithe sa chomhaontú ábhartha le Cónaidhm na Rúise. In Airteagal 6(3) foráiltear gur féidir na hiarscríbhinní a mhodhnú i gcás imchéimniúcháin. Ceadaítear don Choimisiún athruithe dá leithéidí a dhéanamh agus ní shonraítear aon nós imeachta sonrach. Le hAirteagal 12 ceadaítear freisin modhnú na nIarscríbhinní, agus tuigtear go bhfuil sé ag ceadú don Choimisiún na hiarscríbhinní a mhodhnú. Measann an Coimisiún gur ceart na nósanna imeachta sin a thiontú ina gcumhachtaí tarmligthe. Féachann an Coimisiún ar na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 14 agus Airteagal 15 mar ghníomhartha cur chun feidhme.

    – Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe ag bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin

    Sa rialachán seo déantar foráil maidir le cumhachtaí in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 23 chun leasuithe a dhéanamh ar Iarscríbhinn II i dtaca le rialacha tionscnaimh agus ar an rialachán ina iomláine i gcásanna nach luíonn sé le comhaontuithe idirnáisiúnta. Ba cheart na nósanna imeachta sin a thiontú ina nósanna imeachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Sa rialachán tá roinnt eile nósanna imeachta atá faoi réir Rialachán 182/2011 faoi láthair a measann an Coimisiún gur cheart iad a choimeád mar ghníomhartha cur chun feidhme. Is éard atá sna nósanna imeachta sin cinntí i dtaca le bainistiú rialacha tionscnaimh (Airteagal 4(3)), sochair a fhionraí i gcás calaoise (Airteagal 5), rialacha mionsonraithe maidir le cuótaí rátaí taraife do shiúcra agus rís a chur chun feidhme agus a bhainistiú (Airteagal 6 Airteagal agus 7)[7] an mheicníocht chosanta eatramhach do shiúcra (Airteagal 9), an mheicníocht faireachais eatramhach do tháirgí talmhaíochta próiseáilte (Airteagal 10), cinntí maidir le carnadh chun críoch rialacha tionscnaimh (Airteagal 6 d'Iarscríbhinn II) agus maoluithe ó fhorálacha Iarscríbhinn II maidir le rialacha tionscnaimh (Airteagal 36 d'Iarscríbhinn II).

    – Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún

    In Airteagal 7 foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún leasuithe agus coigeartuithe teicniúla a dhéanamh tar éis leasuithe a dhéanamh ar an Ainmníocht Chomhcheangailte nó tar éis comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích. Measann an Coimisiún gur ceart an nós imeachta sin a thiontú ina chumhacht tharmligthe. Ba cheart do na nósanna imeachta eile fanacht ina ngníomhartha cur chun feidhme.

    – Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 ón gComhairle an 19 Samhain 2007 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a chur i bhfeidhm

    Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 2, 4, agus 11 den Rialachán a scrúdú go cúramach. Bhain sé de thátal as nach dtagann gníomhartha a fhorlíonann nó a leasaíonn an gníomh bunaidh as aon cheann de na nósanna imeachta sin agus nach gá na nósanna imeachta a thiontú ina ngníomhartha tarmligthe ar an ábhar sin.

    – Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2008 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile, a chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile, a chur i bhfeidhm

    Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 2, 4, agus 11 den Rialachán a scrúdú go cúramach. Bhain sé de thátal as nach dtagann gníomhartha a fhorlíonann nó a leasaíonn an gníomh bunaidh as aon cheann de na nósanna imeachta sin agus nach gá na nósanna imeachta a thiontú ina ngníomhartha tarmligthe ar an ábhar sin.

    – Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an 22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim um fhabhair taraife ghinearálaithe i bhfeidhm don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 552/97, Rialachán (CE) Uimh. 1933/2006, agus Rialachán (CE) Uimh. 1100/2006 ón gCoimisiún agus Rialachán Uimh. 964/2007 ón gCoimisiún

    Sa rialachán seo foráiltear go leasófar na hiarscríbhinní a ghabhann leis i gcás roinnt cuspóirí sonraithe mar atá leagtha amach in Airteagal 25 de. Is iomchuí an córas lena ndéantar na leasuithe sin a thiontú ina chóras gníomhartha tarmligthe. Ag an tráth céanna, ceanglaítear leis an rialachán freisin, in Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(8) go ngabhfadh cinntí arna nglacadh de bhun an nós imeachta scrúdúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 roimh roinnt de na leasuithe sin. Níl sé inmhianaithe, i dtéarmaí soiléire dlí, a cheangal go mbeadh an cinneadh substainteach céanna faoi réir dhá nós imeachta cinnteoireachta dhifriúla, agus an baol ann go dtig toradh difriúil as an dá nós imeachta sin. Dá thoradh sin, molann an Coimisiún go ndéanfar na nósanna imeachta sin a aontú i gcóras gníomhartha tarmligthe. Ba cheart na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11(7) a mheas mar ghníomhartha cur chun feidhme agus mar sin ní gá iad a thiontú i gcóras gníomhartha tarmligthe.

    – Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008 ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le trádáil i dtáirgí áirithe cruach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Casacstáine

    In Airteagal 5(3) foráiltear gur féidir na hiarscríbhinní a mhodhnú i gcás imchéimniúcháin. Ceadaítear don Choimisiún athruithe dá leithéidí a dhéanamh agus níl aon nós imeachta sonrach leagtha amach. Measann an Coimisiún gur ceart an nós imeachta sin a thiontú ina chumhacht tharmligthe. Ba cheart do na nósanna imeachta eile fanacht ina ngníomhartha cur chun feidhme.

    – Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

    In Airteagal 7 foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún leasuithe agus coigeartuithe teicniúla a dhéanamh tar éis leasuithe a dhéanamh ar an Ainmníocht Chomhcheangailte nó tar éis comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích. Measann an Coimisiún gur ceart an nós imeachta sin a thiontú ina chumhacht tharmligthe. Ba cheart do na nósanna imeachta eile fanacht ina ngníomhartha cur chun feidhme.

    3.           Conclúid

    Is é an toradh a bheidh ar ghlacadh an dá thogra a ghlac an Coimisiún maidir le nósanna imeachta cinnteoireachta i mbeartas trádála líon suntasach leasuithe ar na gníomhartha i dtrácht. D'fhonn inléiteacht na ngníomhartha lena mbaineann a fheabhsú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leaganacha leasaithe a chur in ionad abairtí nó míreanna iomlána fiú nuair nach bhfuil ach líon teoranta focal le leasú san abairt nó sa mhír i ndáiríre. Beartóidh an Coimisiún go ndéanfar códú ar na gníomhartha a ghasta agus is féidir tar éis an dá thogra chothrománacha a ghlacadh.

    Tugann an Coimisiún dá aire freisin i gcás rialachán áirithe, go háirithe Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha agus Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile maidir le hallmhairí ina bhfuil forálacha lena gcruthaítear nósanna imeachta chun gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlacadh sna hiarscríbhinní féin. Cé go meastar anois nach bhfuil an modh dréachtaithe seo sásúil a thuilleadh, ní bheadh sé iomchuí, i dtogra le raon feidhme teoranta amhail an togra seo, athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr na reachtaíochta.

    2011/0153 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)       I roinnt rialacha bunaidh a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála foráiltear go nglacfar gníomhartha ar bhonn na nósanna imeachta atá leagtha amach i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[8].

    (2)       Ní foláir na gníomhartha reachtacha a bhí i bhfeidhm agus nár oiriúnaíodh don nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin a scrúdú chun comhsheasmhacht leis na forálacha a tugadh isteach tríd an gConradh sin a áirithiú. Is iomchuí, i gcásanna áirithe, na gníomhartha sin a leasú chun cumhachtaí tarmligthe a thabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    (3)       Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacháin seo a leanas a leasú dá réir sin:

    – Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha[9],

    – Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí[10],

    – Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 chun sraonadh trádála príomhchógas áirithe isteach san Aontas Eorpach a sheachaint[11],

    – Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an 25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá[12].

    – 1342/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 maidir le srianta áirithe ar allmhairí táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar[13],

    – Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe ag bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin[14],

    – Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún[15]

    – Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an 22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim um fhabhair taraife ghinearálaithe i bhfeidhm don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 552/97, Rialachán (CE) Uimh. 1933/2006, agus Rialachán (CE) Uimh. 1100/2006 ón gCoimisiún agus Rialachán Uimh. 964/2007 ón gCoimisiún[16],

    – Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008 ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le trádáil i dtáirgí áirithe cruach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Casacstáine[17]

    – Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis[18].

    (4)       Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá nach ndéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh arna dtionscnamh ach nach bhfuil críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo déantar na rialacháin a liostaítear san Iarscríbhinn a oiriúnú, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn, d'Airteagal 290 den Chonradh.

    Airteagal 2

    Forléireofar tagairtí d'fhorálacha na n‑ionstraimí san Iarscríbhinn mar thagairtí do na forálacha sin arna n‑oiriúnú leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear sna Rialacháin san Iarscríbhinn arna dtionscnamh ach nach bhfuil críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán                                               An tUachtarán […]                                                                […]

    IARSCRÍBHINN

    Liosta na Rialachán a thig faoin gcomhbheartas tráchtála agus a oiriúnaíodh d'Airteagal 290 den Chonradh.

    1.           Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha[19].

    Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93, chun feidhmiú iomchuí an chórais do bhainistiú allmhairí táirgí áirithe teicstíle a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na n‑athruithe is gá ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe.

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 mar seo a leanas:

    1.           In Airteagal 2 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    "6.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun na sainmhínithe ar theorainneacha cainníochtúla atá leagtha síos in Iarscríbhinn V a oiriúnú agus na catagóirí táirgí a bhfuil feidhm acu maidir leo, i gcás inar gá a leithéid chun a áirithiú nach dtiocfadh aon laghdú ar na teorainneacha cainníochtúla sin as aon leasú iardain ar an ainmníocht chomhcheangailte (AC) nó as aon chinneadh lena leasaítear aicmiú na dtáirgí sin."

    2.           In Airteagal 6 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    "2.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun na hiarscríbhinní a leasú chun an scéal dá dtagraítear i mír 1 a leigheas, agus urraim chuí á tabhairt do na téarmaí agus na coinníollacha atá sna comhaontuithe déthaobhacha ábhartha.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo"

    3.           Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

    (a)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    "Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun deiseanna breiseanna a dheonú le haghaidh allmhairí le linn cuótabhliana áirithe, i gcás ina gceanglaítear, faoi dhálaí áirithe, allmhairí de bhreis ar na hallmhairí dá dtagraítear in Iarscríbhinn V i leith catagóire amháin táirgí nó níos mó.";

    (b)     Cuirtear an mhír seo a leanas isteach tar éis na chéad mhíre:

    "I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus go n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na chéad mhíre. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de 15 lá oibre ón iarraidh a fháil ó Bhallstát.";

    (c)     Scriostar an mhír leathdheireanach

    4.           Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

    (a)     I mír 7, scriostar pointe (b);

    (b)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

    "13.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a maidir leis na bearta dá bhforáiltear i míreanna 3 agus 9.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh a fháil ó Bhallstát."

    5.           Leasaítear Airteagal 10a mar seo a leanas:

    (a)     Scriostar mír 2a;

    (b)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a maidir le bearta dá bhforáiltear i mír 1, cé is moite d'oscailt na gcomhairliúchán dá bhforáiltear i mír 1(a).

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo"

    6.           Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

    (a)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 3:

    "Cinnfidh an Coimisiún córas faireachais a priori nó a posteriori a thabhairt isteach. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a maidir leis an gcóras faireachais a priori a fhorchur.";

    (b)     Cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

    "I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an dara fomhír."

    7.           Leasaítear Airteagal 15 mar seo a leanas:

    (a)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3.     Má theipeann ar an Aontas agus ar an tír is soláthróir teacht ar réiteach sásúil laistigh den tréimhse a ordaítear in Airteagal 16 agus má thugann an Coimisiún dá aird go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le himchéimniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16a chun méid comhionann táirgí de thionscnamh na tíre is soláthróir lena mbaineann a bhaint de na teorainneacha cainníochtúla.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo.";

    (b)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    "5.     Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil fianaise ann go bhfuil baint ag críocha tríú tíortha atá ina mball de EDT (WTO) ach nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn V, leis seo, iarrfaidh an Coimisiún comhairliúcháin leis an tríú tír nó tríú tíortha lena mbaineann i gcomhréir leis an nós imeachta a thuairiscítear in Airteagal 16 d'fhonn gníomh iomchuí a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun teorainneacha cainníochtúla a thabhairt isteach in aghaidh an tríú tír nó tríú tíortha lena mbaineann nó chun gníomhú in aghaidh na staide dá dtagraítear i mír 1.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo"

    8.           Cuirtear isteach an tAirteagal 16a agus an tAirteagal 16b seo a leanas:

                "Airteagal 16a

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.      Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.      Maidir le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 2(6), 6(2), 8, 10(13), 10a(3), 13(3), 15(3) agus (5) agus 19 den Rialachán seo agus in Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV agus in Airteagail 2, 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo, tabharfar é don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

    3.      Maidir le tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2(6), 6(2), 8, 10(13), 10a(3), 13(3), 15(3) agus (5) agus 19 den Rialachán seo agus in Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV agus in Airteagail 2, 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo, is féidir le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.      A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5.      Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 2(6), 6(2), 8, 10(13), 10a(3), 13(3), 15(3) agus (5) agus 19 den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV agus Airteagail 2, 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 16b

    An nós imeachta práinne

    1.      Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    2.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh."

    9.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

    "Airteagal 19

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun na hIarscríbhinní ábhartha a leasú nuair is gá chun conclúid, leasú nó dul in éag comhaontuithe, prótacal nó comhshocraíochtaí eile arna ndéanamh le tríú tíortha nó leasuithe ar rialacha Aontais maidir le staidreamh, comhshocraíochtaí custaim nó comhrialacha maidir le hallmhairí a chur san áireamh".

    10.         Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV:

    "3.     I gcás ina suítear gur sáraíodh forálacha an Rialacháin seo, agus i gcomhaontú leis an tír nó na tíortha is soláthróir lena mbaineann, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a den Rialachán seo maidir le leasú na n‑Iarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán seo, de réir mar is gá chun atarlú an tsáraithe sin a chosc.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo."

    11.         In Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    "Airteagal 2

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a den Rialachán seo chun ath‑allmhairí nach gcumhdaítear san Iarscríbhinn seo a chur faoi réir theorainneacha cainníochtúla sonracha, ar choinníoll go bhfuil na táirgí lena mbaineann faoi réir na dteorainneacha cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 2 den Rialachán seo.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo."

    12.         In Iarscríbhinn VII, leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

    (a)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    "1.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a den Rialachán seo chun aistrithe idir chatagóirí a dhéanamh agus chun réamhúsáid nó iompar ar aghaidh codanna de theorainneacha cainníochtúla sonracha a chur i gcrích ó bhliain amháin go bliain eile.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo.";

    (b)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a den Rialachán seo chun na teorainneacha cainníochtúla sonracha a choigeartú i gcás inar gá allmhairí breise.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo.";

    2.           Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí[20]

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 517/94, chun feidhmiú iomchuí an chórais do bhainistiú allmhairí táirgí áirithe teicstíle, nach gcumhdaítear le comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná le rialacha sonracha eile Aontais maidir le hallmhairí, a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na n‑athruithe is gá ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe.

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 517/94 mar seo a leanas:

    1.           In Airteagal 3 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3.     Maidir le haon táirge teicstíle dá dtagraítear in Iarscríbhinn V agus de thionscnamh na dtíortha a léirítear ansin, féadfar é a allmhairiú isteach san Aontas ar choinníoll go mbunaíonn an Coimisiún teorainn chainníochtúil bhliantúil. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na hIarscríbhinní ábhartha a leasú i gcomhréir le hAirteagal 25a maidir le bunú na dteorainneacha cainníochtúla bliantúla sin."

    2.           In Airteagal 5 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    "2.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a maidir leis na bearta is gá chun Iarscríbhinní III go VII a oiriúnú."

    3.           In Airteagal 12 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a maidir leis na bearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2."

    4.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

    "Airteagal 13

    I gcás ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne nuair a chinneann an Coimisiún ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) agus (2) agus ina measann sé gur cheart catagóir áirithe táirgí arna liostú in Iarscríbhinn I, nach bhfuil faoi réir aon teorainneacha cainníochtúla, a chur faoi réir teorainneacha cainníochtúla nó réamhbheart nó beart cúlghabhálach faireachais, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25b chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus (2) a fhorchur."

    5.           Leasaítear Airteagal 16 mar seo a leanas:

    (a)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

    "Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a maidir leis na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír.";

    (b)     Cuirtear an mhír seo a leanas isteach tar éis an tríú mír:

    "I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an tríú fomhír."

    6.           Leasaítear Airteagal 25 mar seo a leanas:

    (a)     Sa chéad abairt de mhír 3, cuirtear na focail "Airteagail 12(3), 13 agus 16" in ionad na bhfocal "Airteagal 13".

    (b)     Scriostar mír 4.

    7.           Cuirtear isteach an tAirteagal 25a agus an tAirteagal 25b seo a leanas:

    "Airteagal 25a

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.      Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.      Déanfar an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(3), 5(2), 12(3), 13, 16 agus 28 a bhronnadh ar an gCoimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

    3.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(3), 5(2), 12(3), 13, 16 agus 28 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.      A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5.      Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(3), 5(2), 12(3), 13, 16 agus 28 i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 25b

    An nós imeachta práinne

    1.      Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    2.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh."

    8.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

    "Airteagal 28

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a chun na hIarscríbhinní ábhartha a leasú nuair is gá chun conclúid, leasú nó dul in éag comhaontuithe, prótacal nó comhshocraíochtaí eile arna ndéanamh le tríú tíortha nó leasuithe ar do rialacha Aontais maidir le staidreamh, comhshocraíochtaí custaim nó comhrialacha maidir le hallmhairí a chur san áireamh".

    3.           Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 chun sraonadh trádála príomhchógas áirithe isteach san Aontas Eorpach a sheachaint[21]

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 953/2003, chun táirgí a chur le liosta na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe.

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 mar seo a leanas:

    1.           Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

    (a)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun a chinneadh an gcomhlíonann táirge na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo nó nach gcomhlíonann.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5a maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo.";

    (b)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    "4.     I gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun an táirge lena mbaineann a chur le hIarscríbhinn I ag an gcéad uasdátú eile. Cuirfear an t‑iarratasóir ar an eolas faoi chinneadh an Choimisiúin laistigh de 15 lá oibre.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5a maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo.";

    (c)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

    "9.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun Iarscríbhinní II, III agus IV a choigeartú nuair is gá i bhfianaise, inter alia, na taithí a fuarthas óna chur i bhfeidhm nó chun freagairt do ghéarchéim sláinte.

              I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5a maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo."

    2.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

    "Airteagal 5

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.      Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.      Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

    3.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.      A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5.      Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle."

    3.           Cuirtear isteach Airteagal 5a mar seo a leanas:

    "Airteagal 5a

    An nós imeachta práinne

    1.      Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    2.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh."

    4.           In Airteagal 11 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    "2.     Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go tráthrialta maidir le méideanna arna n‑onnmhairiú faoi réir chisealphraghsanna, lena n‑áirítear na méideanna arna n‑onnmhairiú faoi chuimsiú comhaontú comhpháirtíochta arna gcomhaontú idir an monaróir agus rialtas tíre cinn scríbe. Sa tuarascáil scrúdófar scóip tíortha agus galar agus critéir ghinearálta chun Airteagal 3 a chur chun feidhme."

    4.           Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an 25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá[22].

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 673/2005, chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na gcoigeartuithe sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe.

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 mar seo a leanas:

    1.           In Airteagal 3 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 chun coigeartuithe agus leasuithe a dhéanamh faoin Airteagal seo.

    Más rud é, i gcás coigeartuithe agus leasuithe ar na hiarscríbhinní, go n‑éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 4a maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo."

    2.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    "Airteagal 4

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.      Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.      Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

    3.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.      A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5.      Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle."

    3.           Cuirtear isteach Airteagal 4a mar seo a leanas:

    "Airteagal 4a

    An nós imeachta práinne

    1.      Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    2.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh."

    5.           1342/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 maidir le srianta áirithe ar allmhairí táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar[23]

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007, chun gur féidir riar éifeachtach a chur i gcrích trí choigeartuithe ar na srianta ar allmhairí táirgí áirithe cruach a ghlacadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimsiún i leith leasuithe ar Iarscríbhinn V. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh sé i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe.

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007 mar seo a leanas:

    1.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

    "Airteagal 5

    Chun críocha Airteagal 3(3) agus (4) agus an dara fomhír d'Airteagal 10(1) den Chomhaontú a chur i bhfeidhm, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31a den Rialachán seo chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na teorainneacha cainníochtúla a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 31b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail seo."

    2.           In Airteagal 6 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3.     Má theipeann ar an Aontas agus ar Chónaidhm na Rúise teacht ar réiteach sásúil agus má thugann an Coimisiún dá aird go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le himchéimniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31a maidir le coigeartuithe ar Iarscríbhinn V chun na críche méid comhionann táirgí de thionscnamh Chónaidhm na Rúise a bhaint de na teorainneacha cainníochtúla.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 31b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo."

    3.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

    "I gcás ina mbaineann cinneadh maidir le haicmiú arna ghlacadh i gcomhréir le nósanna imeachta an Aontais atá i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 11, le grúpa táirgí atá faoi réir teorann cainníochtúla, tionscnóidh an Coimisiún, nuair is gá, comhairliúcháin gan mhoill i gcomhréir le hAirteagal 9, chun teacht ar chomhaontú maidir le haon choigeartuithe is gá ar na teorainneacha cainníochtúla comhfhreagracha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31a a bhaineann le coigeartuithe ar Iarscríbhinn V chun na críche sin."

    4.           Cuirtear isteach na hAirteagail 31a agus 31b seo a leanas tar éis cheannteideal Chaibidil IV:

    "Airteagal 31a

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.      Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.      Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 5, 6(3) agus 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

    3.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6(3) agus 12 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.      A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5.      Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 5, 6(3) agus 12 i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle."

    Airteagal 31b

    An nós imeachta práinne

    1.      Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    2.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 31a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh."

    6.           Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe lena mbunaítear na Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin[24]

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007, chun oiriúnuithe teicniúla a dhéanamh ar na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) a dhéanamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe teicniúla ar an Rialachán sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe.

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 mar seo a leanas:

    1.           Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

    (a)     Scriostar an dara habairt de mhír 3;

    (b)     Cuirtear isteach an mhír 4 agus an mhír 5 a leanas:

    "4.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal [cuir isteach uimhir an Airteagail/na nAirteagal lena leagtar síos an nós imeachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, arb iad Airteagal 24a go 24c de thogra COIM(2011) 82 leagan deireanach iad faoi láthair] maidir le leasuithe teicniúla ar Iarscríbhinn II ar gá iad de thoradh an Iarscríbhinn sin a chur i bhfeidhm.

    5.       Féadfar cinntí maidir le bainistiú Iarscríbhinn II a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 247 agus Airteagal 247a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92(*).”

    ___________________

    (*)          IO L 302, 19.10.1992, lch. 1."

    2.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

    "Airteagal 23

    Oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal [cuir isteach uimhir an Airteagail/na nAirteagal lena leagtar síos an nós imeachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, arb iad Airteagal 24a go 24c de thogra COIM(2011) 82 leagan deireanach iad faoi láthair] maidir le leasuithe teicniúla ar Airteagail 5 agus 8 go 22, chun aon leasuithe teicniúla is gá a dhéanamh de thoradh difríochtaí idir an Rialachán seo agus comhaontuithe arna síniú le cur i bhfeidhm go sealadach nó arna gcur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh leis na réigiúin nó na stáit a liostaítear in Iarscríbhinn I."

    7.           Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún[25]

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 55/2008, chun coigeartú an Rialacháin a cheadú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe is gá i bhfianaise athruithe ar chóid chustaim nó chun comhaontuithe leis an Moldóiv a chur i gcrích. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe.

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 mar seo a leanas:

    1.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

    "Airteagal 7

    Cumhachtaí a thabhairt

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8b chun na leasuithe agus coigeartuithe is gá a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo, mar thoradh ar:

    (a)     leasuithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC;

    (b)     chomhaontuithe eile a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Mholdóiv."

    2.           Cuirtear isteach an tAirteagal 8b seo a leanas:

    "Airteagal 8b

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.      Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.      Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

    3.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.      A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5.      Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    8.           Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an 22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim um fhabhair taraife ghinearálaithe i bhfeidhm don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 552/97, Rialachán (CE) Uimh. 1933/2006, agus Rialachán (CE) Uimh. 1100/2006 ón gCoimisiún agus Rialachán Uimh. 964/2007 ón gCoimisiún[26]

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 732/2008, chun gur féidir a Iarscríbhinní a oiriúnú d'fhorbairtí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith coigeartuithe áirithe ar na hIarscríbhinní. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe.

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 mar seo a leanas:

    1.           In Airteagal 10 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27a chun a chinneadh, tar éis an iarraidh a scrúdú, an mbronnfar an socrú speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas ar an tír iarrthach agus Iarscríbhinn I a leasú dá réir sin.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 27b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo."

    2.           In Airteagal 11 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8.     Nuair a eisíonn na Náisiúin Aontaithe tír ó liosta na dtíortha is lú forbairt, déanfar í a tharraingt siar ó liosta na dtairbhithe den socrú. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27a chun tír a bhaint den socrú trí Iarscríbhinn I a leasú agus chun idirthréimhse trí bliana ar a laghad a bhunú."

    3.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

    "Airteagal 25

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27a chun leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghlacadh, ar leasuithe iad a bhfuil gá leo:

    (a)     de bharr leasuithe ar an Ainmníocht Chomhcheangailte;

    (b)     de bharr athruithe ar stádas nó aicmiú idirnáisiúnta tíortha nó críoch;

    (c)     de bharr chur i bhfeidhm Airteagal 3(2);

    (d)     más rud é go sroicheann tír na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 3(1)."

    4.           Cuirtear isteach Airteagal 27a agus Airteagal 27b seo a leanas:

    "Airteagal 27a

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.      Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.      Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 10(2), 11(8) agus 25 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

    3.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 10(2), 11(8) agus 25 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.      A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5.      Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 10(2), 11(8) agus 25 i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 27b

    An nós imeachta práinne

    1.      Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    2.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh."

    9.           Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008 ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le trádáil i dtáirgí áirithe cruach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Casacstáine[27]

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008, chun gur féidir srianta áirithe a riar go héifeach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimsiún i leith leasuithe ar Iarscríbhinn V. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh sé i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear le saineolaithe.

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008 mar seo a leanas:

    1.           In Airteagal 5 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3.     Má theipeann ar an Aontas agus ar Chónaidhm na Casacstáine teacht ar réiteach sásúil agus má thugann an Coimisiún dá aird go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le himchéimniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun méid comhionann táirgí de thionscnamh Phoblacht na Casacstáine a bhaint de na teorainneacha cainníochtúla agus chun Iarscríbhinn V a leasú dá réir sin.

    I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo."

    2.           Cuirtear isteach an tAirteagal 16a agus an tAirteagal 16b seo a leanas:

    "Airteagal 16a

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.      Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.      Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe.

    3.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.      A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5.      Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 16b

    An nós imeachta práinne

    1.      Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    2.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh."

    10.         Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis[28]

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009, chun coigeartú an Rialacháin a cheadú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe is gá i bhfianaise athruithe ar chóid chustaim nó chun comhaontuithe leis na tíortha agus na críocha a chumhdaítear sa Rialachán sin a chur i gcrích. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe.

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 mar seo a leanas:

    1.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

    "Airteagal 7

    Cumhachtaí a thabhairt

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8b chun na leasuithe agus coigeartuithe is gá a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo, mar thoradh ar:

    (a)     leasuithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC;

    (b)     comhaontuithe eile a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus na tíortha agus na críocha dá dtagraítear in Airteagal 1.

    2.           Cuirtear isteach an tAirteagal 8b seo a leanas:

    "Airteagal 8b

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.      Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.      Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

    3.      Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.      A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5.      Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle."

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ A BHFUIL TIONCHAR BUISÉADACH ACU ATÁ TEORANTA GO hEISIACH DON IONCAM

    1.           TEIDEAL AN TOGRA:

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh.

    2.           NA LÍNTE BUISÉID

    Neamhbhainteach.

    3.           TIONCHAR AIRGEADAIS:

    þ      Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra.

    4.           BEARTA FRITH‑CHALAOISE

    Neamhbhainteach.

    [1]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

    [2]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 19.

    [3]               IO L xxx, xx.xx.xxxx, lch. 4

    [4]               IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

    [5]               Tá na gníomhartha uimhrithe óna 73 go 86 i liosta na ngníomhartha dá dtagraítear sa ráiteas ón gCoimisiún. Ar fáil ag http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=-//EP//TEXT+TA+P7-TA-2010-0488+0+DOC+XML+V0//EN&language=EN#BKMD-5.

    [6]               Tá na Rialacháin liostaithe anseo faoi mar atá siad ar fáil sa liosta a ghabhann mar iarscríbhinn leis an ráitéas ón gCoimsiún. Sa chuid eile den togra seo tá siad liostaithe in ord croineolaíoch de réir an dáta ar ar glacadh iad.

    [7]               Níl feidhm ag na cuotaí taraife i dtrácht a thuilleadh ón 1 Eanáir 2010 maidir le rís agus ón 1 Deireadh Fómhair 2009 maidir le siúcra.

    [8]               IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

    [9]               IO L 275, 08.11.1993, lch. 1.

    [10]             IO L 67, 10.3.1994, lch. 1.

    [11]             IO L 135, 03.06.2003, lch. 5.

    [12]             IO L 110, 30.04.2005, lch. 1.

    [13]             IO L 300, 17.11.2007, lch. 1.

    [14]             IO L 348, 31.12.2007, lch. 1.

    [15]             IO L 20, 24.01.2008, lch. 1.

    [16]             IO L 211, 06.08.2008, lch. 1.

    [17]             IO L 348, 24.12.2008, lch. 1.

    [18]             IO L 328, 15.12.2009, lch. 1.

    [19]             IO L 275, 08.11.1993, lch. 1.

    [20]             IO L 67, 10.03.1994, lch. 1.

    [21]             IO L 135, 3.6.2003, lch. 5.

    [22]             IO L 110, 30.4.2005, lch. 1.

    [23]             IO L 300, 17.11.2007, lch. 1.

    [24]             IO L 348, 31.12.2007, lch. 1.

    [25]             IO L 20, 24.1.2008, lch. 1.

    [26]             IO L 211, 6.2.2008, lch. 1.

    [27]             IO L 348, 24.12.2008, lch. 1.

    [28]             IO L 328, 15.12.2009, lch. 1.

    Top