Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02014R0656-20140627

    Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/656/2014-06-27

    02014R0656 — GA — 27.06.2014 — 000.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 656/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Bealtaine 2014

    lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

    (IO L 189 27.6.2014, lch. 93)


    Arna cheartú le:

    ►C1

    Ceartúchán, IO L 279I, 31.10.2019, lch.  12 (656/2014)




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 656/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Bealtaine 2014

    lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh



    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Raon feidhme

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibríochtaí um fhaireachas teorann arna ndéanamh ag Ballstáit ag a dteorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs an chomhair oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1) ciallaíonn “Gníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

    (2) ciallaíonn “oibríocht farraige” comhoibríocht, tionscadal píolótach nó idirghabháil mhear arna dhéanamh nó arna déanamh ag Ballstáit le haghaidh faireachais ar a dteorainneacha farraige seachtracha faoi chomhordú na Gníomhaireachta;

    (3) ciallaíonn “Ballstát óstach” Ballstát ina ndéantar oibríocht farraige nó óna seoltar í;

    (4) ciallaíonn “Ballstát rannpháirteach” Ballstát a ghlacann páirt in oibríocht farraige trí threalamh teicniúil, gardaí teorann a imlonnaítear mar chuid d’Fhoirne Eorpacha Gardaí Teorann nó foireann ábhartha eile a sholáthar ach nach Ballstát óstach é;

    (5) ciallaíonn “aonad rannpháirteach” aonad muirí, talaimh nó aeir faoi fhreagracht an Bhallstáit óstaigh nó Ballstáit rannpháirtigh a ghlacann páirt in oibríocht farraige;

    (6) ciallaíonn “ ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ ” an struchtúr comhordaithe arna bhunú laistigh den Bhallstát óstach chun an oibríocht farraige a chomhordú;

    (7) ciallaíonn “ ►C1  Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin ◄ ” an ►C1  lárionad náisiúnta comhordúcháin ◄ arna bhunú chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013;

    (8) ciallaíonn “plean oibríochtúil” an plean oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 3a agus in Airteagal 8e de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

    (9) ciallaíonn “soitheach” aon chineál árthaigh a úsáidtear ar an bhfarraige, lena n-áirítear báid, báidíní calaidh, ardáin ar snámh, árthach neamh-dhíláithriúcháin agus muireitleáin, a úsáidtear nó ar féidir iad a úsáid ar an bhfarraige;

    (10) ciallaíonn “soitheach gan stát” soitheach gan náisiúntacht nó soitheach atá asamhlaithe le soitheach gan náisiúntacht nuair nár thug aon Stát an ceart don soitheach a bhrat a chur ar foluain nó nuair a sheolann sé faoi bhrat dhá Stát nó níos mó, agus iad á n-úsáid de réir áisiúlachta;

    (11) ciallaíonn “Prótacal in aghaidh Imircigh a Smuigleáil” an Prótacal in aghaidh Imircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir agus san Aer, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta arna shíniú in Palermo, an Iodáil i Nollaig 2000;

    (12) ciallaíonn “áit shábháilte” áit ina meastar go dtagann deireadh le hoibríochtaí tarrthála agus áit nach bhfuil bagairt ar shábháilteacht bheatha na marthanóirí, áit ar féidir a mbunriachtanais dhaonna a shásamh agus ónar féidir socruithe iompair a dhéanamh do mharthanóirí chuig a gcéad cheann scríbe eile nó a gceann scríbe deiridh, agus cosaint a gcuid ceart bunúsach á cur san áireamh i gcomhréir le prionsabal an non-refoulement;

    (13) ciallaíonn “ ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ ” aonad atá freagrach as eagrú éifeachtúil a chur chun cinn i dtaobh seirbhísí cuardaigh agus tarrthála agus as comhordú iompar oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála laistigh de réigiún cuardaigh agus tarrthála arna sainmhíniú sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chuardach agus Tarrtháil ar Muir;

    (14) ciallaíonn “réigiún tadhlach” réigiún atá tadhlach leis an bhfarraige theorann mar a shainmhínítear in Airteagal 33 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, i gcás ina bhfógraítear amhlaidh go foirmiúil;

    (15) ciallaíonn “Ballstát cósta” Ballstát ina dtarlaíonn tascradh ina fharraige theorann nó ina réigiún tadhlach.



    CAIBIDIL II

    RIALACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 3

    Sábháilteacht ar an bhfarraige

    Bearta a dhéanfar chun críche oibríochta farraige, déanfar iad ar bhealach lena n-áirithítear, i ngach cás, sábháilteacht na ndaoine tascartha nó tarrtháilte, sábháilteacht na n-aonad rannpháirteach ná sábháilteacht tríú páirtithe.

    Airteagal 4

    Cosaint na gceart bunúsach agus prionsabal an non-refoulement

    1.  Ní dhíbhordálfar aon duine i dtír, ní chuirfear brú air nó uirthi dul isteach i dtír, ní sheolfar chuig tír é nó í nó ní thabharfar ar láimh é nó í d’údaráis tíre, de shárú ar phrionsabal an non-refoulement, ar tír í ina bhfuil, inter alia, baol tromchúiseach go gcuirfí pionós an bháis, céastóireacht, géarleanúint nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach air nó uirthi nó ina gcuirfí a shaol nó a saol nó a shaoirse nó a saoirse i mbaol mar gheall ar a chine nó a cine, a reiligiún, a náisiúntacht, a chlaonadh gnéasach nó a claonadh gnéasach, a bhallraíocht nó a ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a thuairimí nó a tuaraimí polaitiúla, nó ar tír í óna bhfuil baol tromchúiseach díbeartha, díchuir nó eiseachadta chuig tír eile de shárú ar phrionsabal an non-refoulement.

    2.  Ag cuimhneamh dó ar dhíbhordáil a d’fhéadfadh titim amach i dtríú tír, i gcomhthéacs oibríocht farraige a phleanáil, déanfaidh an Ballstát óstach, i gcomhar leis na Ballstáit rannpháirteacha agus leis an nGníomhaireacht, an staid ghinearálta sa tríú tír sin a chur san áireamh.

    Beidh an measúnú ar an staid ghinearálta i dtríú tír bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear ó raon leathan foinsí, a bhféadfar Ballstáit eile, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta a áireamh leis agus féadfar a chur san áireamh leis aon chomhaontú nó aon tionscadal maidir le himirce agus tearmann más ann dóibh agus a cuireadh i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais agus trí chistí an Aontais. Beidh an measúnú sin mar chuid den phlean oibríochtúil, cuirfear ar fáil do na haonaid rannpháirteacha é agus tabharfar cothrom le dáta é de réir mar is gá.

    Ní dhíbhordálfar daoine tascartha nó tarrtháilte i dtríú tír, ní chuirfear brú orthu dul isteach i dtríú tír, ní sheolfar chuig tríú tír iad ná ní thabharfar ar láimh iad d’údaráis tríú tír nuair atá an Ballstát óstach nó na Ballstáit rannpháirteacha ar an eolas nó más ceart go mbeidís ar an eolas go mbíonn an tríú tír sin ag gabháil do chleachtais a bhfuil tuairisc déanta orthu i mír 1.

    3.  Le linn oibríochta farraige, sula ndíbhordálfar na daoine tascartha nó tarrtháilte i dtríú tír, sula gcuirfear brú orthu dul isteach i dtríú tír, sula seolfar chuig tríú tír iad ná sula dtabharfar ar láimh iad d’údaráis tríú tír agus an measúnú ar an staid ghinearálta sa tríú tír sin á chur san áireamh i gcomhréir le mír 2, déanfaidh na haonaid rannpháirteacha, gan dochar d’Airteagal 3, gach modh a úsáid chun na daoine tascartha nó tarrtháilte a shainaithint, chun a gcuid imthosca pearsanta a mheas, chun iad a chur ar an eolas maidir lena gceann scríbe ar bhealach is intuigthe do na daoine sin nó a d’fhéadfaí a mheas go réasúnta gurb intuigthe é agus tabharfaidh siad an deis dóibh aon chúis go gcreideann siad go mbeadh díbhordáil san áit atá beartaithe ag sárú prionsabal an non-refoulement a chur in iúl.

    Chun na gcríoch sin, cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil sa phlean oibríochtúil lena n-áireofar, más gá, gurb ann cois cladaigh d’fhoirne liachta, d’ateangairí, do chomhairleoirí dlí agus do shaineolaithe ábhartha eile de chuid na mBallstát óstach agus na mBallstát rannpháirteach. Áireofar ar gach aonad rannpháirteach duine amháin ar a laghad a bhfuil traenáil gharchabhrach bhunúsach aige.

    Beidh san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 13, bunaithe ar fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit óstacha agus na Ballstáit rannpháirteacha ar fáil, tuilleadh sonraí maidir le cásanna díbhordála i dtríú tíortha agus maidir leis an gcaoi a chuir na haonaid rannpháirteacha gach gné de na nósanna imeachta i bhfeidhm a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo chun comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement a áirithiú.

    4.  Le linn oibríochta farraige, rachaidh na haonaid rannpháirteacha i ngleic le riachtanais speisialta leanaí, lena n-áirítear mionaoisigh neamhthionlactha, íospartach gáinneála ar dhaoine, daoine óna dteastaíonn cúnamh liachta práinneach, daoine atá faoi mhíchumas, daoine óna dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta agus daoine eile a bhfuil leochaileacht faoi leith ag baint leis an staid ina bhfuil siad.

    5.  Maidir le haon mhalartú de shonraí pearsanta le tríú tíortha le linn na hoibríochta farraige chun críocha an Rialacháin seo, beidh teorainn dhocht leis ionas nach malartófar ach díreach an méid is gá agus déanfar é i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), le Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle ( 2 ) agus leis na forálacha náisiúnta ábhartha maidir le cosaint sonraí.

    I gcás sonraí pearsanta a bhaineann le daoine tascartha nó tarrtháilte, a fhaightear le linn oibríochta farraige, déanfar a malartú le tríú tíortha a chosc i gcás go bhfuil baol tromchúiseach ann go sárófar prionsabal an non-refoulement.

    6.  Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh, déanfaidh aonaid rannpháirteacha dínit an duine a urramú go hiomlán.

    7.  Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na bearta uile a ghlacfaidh na Ballstáit nó an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    8.  Cuirfear oiliúint ar ghardaí teorann agus ar bhaill foirne eile atá rannpháirteach in oibríocht farraige maidir le forálacha ábhartha na gceart bunúsach, dlí dídeanaithe agus réim dlí idirnáisiúnta cuardaigh agus tarrthála i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.



    CAIBIDIL III

    RIALACHA SONRACHA

    Airteagal 5

    Brath

    1.  Ar a bhrath, rachaidh na haonaid rannpháirteacha i ngar do shoitheach a mheastar a bheith ag iompar daoine atá ag dul timpeall ar sheiceálacha nó a bhfuil sé i gceist acu dul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann nó a mheastar a bheith páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige d’fhonn a aitheantas agus a náisiúntacht a fheiceáil agus, ag feitheamh le bearta breise, breathnófar ar an soitheach sin ó fhad stuama agus na réamhchúraimí cuí go léir á nglacadh. Baileoidh na haonaid rannpháirteacha faisnéis maidir leis an soitheach sin agus cuirfidh siad í in iúl láithreach don ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ , lena n-áirítear, i gcás inar féidir, faisnéis i ndáil le cás na ndaoine ar bord, go háirithe más amhlaidh go bhfuil a mbeathaí i ngar-bhaol nó go bhfuil daoine ann a bhfuil cúnamh liachta ag teastáil uathu go géar. Déanfaidh an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ an fhaisnéis sin a tharchur chuig ►C1  Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin ◄ an Bhallstáit óstaigh.

    2.  Sa chás go bhfuil soitheach ar tí nó tar éis dul isteach i bhfarraige theorann nó i réigiún tadhlach Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san oibríocht farraige, baileoidh na haonaid rannpháirteacha faisnéis maidir leis an soitheach sin agus cuirfidh siad í in iúl don ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ , a tharchuirfidh an fhaisnéis sin chuig ►C1  Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin ◄ an Bhallstáit lena mbaineann.

    3.  Baileoidh na haonaid rannpháirteacha faisnéis maidir le haon soitheach a mheastar a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí mídhleathacha ar an bhfarraige atá lasmuigh de raon feidhme na hoibríochta farraige agus cuirfidh siad í in iúl don ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ , a tharchuirfidh an fhaisnéis sin chuig ►C1  Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin ◄ an Bhallstáit lena mbaineann.

    Airteagal 6

    Tascradh san fharraige theorann

    1.  I bhfarraige theorann an Bhallstáit óstaigh nó Ballstáit rannpháirtigh chomharsanachta, údaróidh an Stát sin do na haonaid rannpháirteacha ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhféadfadh sé go bhfuil soitheach ag iompar daoine a bhfuil sé i gceist acu dul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann nó atá páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige:

    (a) faisnéis agus doiciméadacht a iarraidh maidir le húinéireacht, clárú agus eilimintí a bhaineann le turas an tsoithigh, agus maidir le haitheantas, náisiúntacht agus sonraí ábhartha eile na ndaoine ar bord, lena n-áirítear más amhlaidh go bhfuil daoine ann a bhfuil cúnamh liachta ag teastáil uathu go géar, agus a chur in iúl do dhaoine ar bord go bhféadfadh nach n-údarófar dóibh an teorainn a thrasnú;

    (b) an soitheach, a lastas agus na daoine ar bord a stopadh, a bhordáil agus a chuardach, agus na daoine ar bord a cheistiú agus a chur in iúl dóibh go bhféadfaí pionóis a ghearradh ar dhaoine a mbeidh an soitheach á stiúradh acu de bhrí go ndearna siad an turas a éascú.

    2.  Má thángthas ar fhianaise lena ndeimhnítear go bhfuil amhras ann, féadfaidh an Ballstát óstach sin nó an Ballstát rannpháirteach comharsanachta sin a údarú do na haonaid rannpháirteacha ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

    (a) an soitheach a urghabháil agus na daoine ar bord a ghabháil;

    (b) a ordú don soitheach go n-athrófaí a chúrsa taobh amuigh den fharraige theorann nó den réigiún tadhlach nó i dtreo cinn scríbe eile seachas san fharraige theorann nó sa réigiún tadhlach, lena n-áirítear an soitheach a thionlacan nó fanacht in aice láimhe go dtí go ndeimhnítear go bhfuil an soiteach ag cloí leis an gcúrsa ar leith sin;

    (c) an soitheach nó na daoine ar bord a sheoladh chuig an mBallstát cósta i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil.

    3.  Is comhréireach a bheidh aon bheart a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 agus ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Airteagail seo a bhaint amach.

    4.  Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, tabharfaidh an Ballstát óstach treoir don aonad rannpháirteach go hiomchuí tríd an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ .

    Cuirfidh an t-aonad rannpháirteach an Ballstát óstach ar an eolas, tríd an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ , aon uair a iarrann máistir an tsoithigh go gcuirfí gníomhaire taidhleoireachta nó oifigeach consalach an Bhratstáit ar an eolas.

    5.  I gcás go bhfuil forais réasúnacha le hamhras a bheith ann go bhfuil soitheach gan stát ag iompar daoine a bhfuil sé ar intinn acu teacht timpeall ar na seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann nó atá páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige, déanfaidh an Ballstát óstach nó an Ballstát rannpháirteach comharsanacha a ndéantar an soitheach sin gan stát a thascradh ina fharraige theorann ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos i mír 1 a údarú agus féadfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos i mír 2 a údarú. Treoróidh an Ballstát óstach an t-aonad rannpháirteach go hiomchuí tríd an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ .

    6.  Déanfar aon ghníomhaíocht oibríochta i bhfarraige theorann Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san oibríocht farraige i gcomhréir le húdarú an Bhallstáit sin. Treoróidh an Ballstát óstach an t-aonad rannpháirteach tríd an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ bunaithe ar na bearta atá údaraithe ag an mBallstát sin.

    Airteagal 7

    Tascradh ar an mórmhuir

    1.  Ar an mórmhuir, nuair atá forais réasúnacha le bheith in amhras go bhfuil soitheach páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige, déanfaidh na haonaid rannpháirteacha ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas, faoi réir údarú an Bhratstáit, i gcomhréir leis an bPrótacal in aghaidh Imircigh a Smuigleáil, agus i gcás inarb iomchuí, leis an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta:

    (a) faisnéis agus doiciméadacht a iarraidh maidir le húinéireacht, clárú agus eilimintí a bhaineann le turas an tsoithigh agus maidir le haitheantas, náisiúntacht agus sonraí ábhartha eile na ndaoine ar bord, lena n-áirítear más amhlaidh go bhfuil daoine ann a bhfuil cúnamh liachta ag teastáil uathu go géar;

    (b) an soitheach, a lastas agus na daoine ar bord a stopadh, a bhordáil agus a chuardach, agus na daoine ar bord a cheistiú agus a chur in iúl dóibh go bhféadfaí pionóis a ghearradh ar dhaoine a mbeidh an soitheach á stiúradh acu de bhrí go ndearna siad an turas a éascú.

    2.  Má thángthas ar fhianaise lena ndeimhnítear go bhfuil amhras ann, féadfaidh na haonaid rannpháirteacha ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh, faoi réir údarú an Bhratstáit, i gcomhréir leis an bPrótacal in aghaidh Smuigleáil Imirceach, agus i gcás inarb ábhartha, leis an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta:

    (a) an soitheach a urghabháil agus na daoine ar bord a ghabháil;

    (b) rabhadh a thabhairt don soitheach agus é a ordú gan dul isteach san fharraige theorann nó sa réigiún tadhlach, agus, nuair is gá, a iarraidh ar an soitheach a chúrsa a athrú i dtreo cinn scríbe seachas an fharraige theorann ná an réigiún tadhlach;

    (c) an soitheach nó na daoine ar bord a thabhairt chuig tríú tír nó an soitheach nó na daoine ar bord a thabhairt ar láimh ar bhealach eile chuig údaráis an tríú tír sin;

    (d) an soitheach nó na daoine ar bord a thabhairt chuig an mBallstát óstach nó chuig Ballstát rannpháirteach comharsanachta.

    3.  Is comhréireach a bheidh aon bheart a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 agus ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Airteagail seo a bhaint amach.

    4.  Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, tabharfaidh an Ballstát óstach treoir don aonad rannpháirteach go hiomchuí tríd an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ .

    5.  I gcás go bhfuil brat ar an soitheach nó go bhfuil marc cláraithe an Bhallstáit óstaigh nó an Bhallstáit rannpháirtigh uirthi, féadfaidh an Ballstát sin, tar éis náisiúntacht an tsoithigh a dheimhniú, ceann amháin, nó níos mó, de na bearta a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a údarú. Ansin, treoróidh an Ballstát óstach an t-aonad rannpháirteach go hiomchuí tríd an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ .

    6.  I gcás go bhfuil brat ar an soitheach nó go bhfuil marc cláraithe uirthi de Bhallstát nach bhfuil rannpháirteach san oibríocht farraige nó marc tríú tír, cuirfidh an Ballstát óstach nó an Ballstát rannpháirteach, ag brath ar an aonad rannpháirteach a rinne an soitheach sin a thascradh, an Bratstát ar an eolas, iarrfaidh sé deimhniú cláraithe agus, má dheimhnítear an náisiúntacht, iarrfaidh sé go ndéanfaidh an Bratstát beart chun deireadh a chur lena shoitheach a bheith á úsáid chun imircigh a smuigleáil. Mura mbeidh an Bratstát toilteanach nó mura bhféadfaidh sé déanamh amhlaidh go díreach nó le cúnamh an Bhallstáit lena mbaineann an t-aonad rannpháirteach, iarrfaidh an Ballstát sin údarú ón mBratstát aon cheann de na bearta a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a dhéanamh. Cuirfidh an Ballstát óstach nó an Ballstát rannpháirteach an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ ar an eolas faoi aon chumarsáid leis an mBratstát agus faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe nó ar na bearta atá údaraithe ag an mBratstát. Ansin, treoróidh an Ballstát óstach an t-aonad rannpháirteach go hiomchuí tríd an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ .

    7.  I gcás go bhfuil forais réasúnacha le bheith in amhras gurb ionann náisiúntacht an tsoithigh agus náisiúntacht aonaid rannpháirtigh, cé go bhfuil brat eachtrannach ar foluain aige nó go ndiúltaíonn sé a bhrat a thaispeáint, fíoróidh an t-aonad rannpháirteach sin ceart an tsoithigh a bhrat a bheith ar foluain aige. Chuige sin, féadfaidh sé druidim leis an soitheach atá faoi amhras. Má bhíonn amhras fós ann, déanfaidh sé tuilleadh scrúdaithe ar bord an tsoithigh, agus cuirfear gach rud san áireamh le linn an scrúdaithe sin.

    8.  I gcás go bhfuil forais réasúnacha le bheith in amhras go bhfuil an soitheach de náisiúntacht an Bhallstáit óstaigh nó náisiúntacht Ballstáit rannpháirtigh, cé go bhfuil brat eachtrannach ar foluain aige nó go ndiúltaíonn sé a bhrat a thaispeáint, fíoróidh an t-aonad rannpháirteach sin ceart an tsoithigh brat a bheith ar foluain aige.

    9.  I gcás, sna cásanna dá dtagraítear i mír 7 nó i mír 8, ina mbíonn fianaise ann lena ndeimhnítear an amhras maidir le náisiúntacht an tsoithigh, féadfaidh an Ballstát óstach sin nó an Ballstát rannpháirteach sin ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a údarú. Ansin, treoróidh an Ballstát óstach an t-aonad rannpháirteach go hiomchuí tríd an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ .

    10.  Ag feitheamh le húdarú an Bhratstáit nó ina éagmais, déanfar faire ar an soitheach ó fhad stuama. Ní ghlacfar aon bheart eile gan údarú sainráite an Bhratstáit, seachas iad siúd atá riachtanach chun garchontúirt do bheatha daoine a mhaolú nó na bearta sin a eascraíonn ó chomhaontuithe ábhartha déthaobhacha nó iltaobhacha.

    11.  I gcás ina bhfuil forais réasúnacha le bheith in amhras go bhfuil soitheach gan stát páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige, féadfaidh an t-aonad rannpháirteach dul ar bord agus an soitheach a chuardach d’fhonn a fhíorú gur soitheach gan stát é. Má tá fianaise ann lena ndeimhnítear go bhfuil amhras ann, cuirfidh an t-aonad rannpháirteach é sin in iúl don Bhallstát óstach, a d’fhéadfadh, go díreach nó le cúnamh an Bhallstáit lena mbaineann an t-aonad rannpháirteach, tuilleadh beart iomchuí a dhéanamh mar a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

    12.  Ballstát a bhfuil aon bheart déanta ag a aonad rannpháirteach i gcomhréir le mír 1, cuirfidh sé an Bratstát ar an eolas láithreach maidir le toradh an bhirt sin.

    13.  Is é an t-oifigeach náisiúnta a dhéanann ionadaíocht don Bhallstát óstach nó don Bhallstát rannpháirteach ag an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ a bheidh freagrach as cumarsáid a éascú le húdaráis ábhartha an Bhallstáit sin agus é ag iarraidh údarú a fháil chun fíorú a dhéanamh ar an gceart atá ag soitheach a bhrat a bheith ar foluain aige nó le haon cheann de na bearta a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a dhéanamh.

    14.  I gcás nach mbíonn bunús leis na forais le bheith in amhras go bhfuil soitheach páirteach i smuigleáil imirceach ar an mórmhuir nó i gcás nach bhfuil dlínse ag an aonad rannpháirteach chun gníomhú, ach go bhfuil amhras réasúnach ann fós go bhfuil daoine ar an soitheach agus go bhfuil sé i gceist acu dul chomh fada le teorainn Bhallstáit agus chun dul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann, leanfar d’fhaireachán a dhéanamh ar an soitheach. Cuirfidh an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ faisnéis faoin soitheach sin in iúl do ►C1  Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin ◄ na mBallstát ar a bhfuil sé dírithe.

    Airteagal 8

    Tascradh sa réigiún tadhlach

    1.  I réigiún tadhlach an Bhallstáit óstaigh nó Ballstáit rannpháirtigh chomharsanachta, déanfar na bearta a leagtar síos in Airteagal 6(1) agus (2) i gcomhréir leis na míreanna sin agus i gcomhréir le mír 3 agus le mír 4 de. Ní fhéadfar aon údarú dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) a thabhairt ach amháin i gcás na mbeart sin atá riachtanach chun nach sárófar na dlíthe ábhartha agus na rialacháin ábhartha laistigh de chríoch nó d’fharraige theorann an Bhallstáit sin.

    2.  Ní dhéanfar na bearta a leagtar síos in Airteagal 6(1) agus (2) i réigiún tadhlach Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach in oibríocht farraige gan údarú ón mBallstát sin. Cuirfear an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ ar an eolas maidir le haon chumarsáid leis an mBallstát sin agus aon ghníomhaíocht ina dhiaidh sin a údaraíonn an Ballstát sin. Mura dtabharfaidh an Ballstát sin a údarú agus má tá forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil an soitheach ag iompar daoine a bhfuil sé beartaithe acu teorainn de chuid Ballstáit a bhaint amach, beidh feidhm ag Airteagal 7(14).

    3.  I gcás ina bhfuil soitheach gan stát ar idirthuras sa réigiún tadhlach, beidh feidhm ag Airteagal 7(11).

    Airteagal 9

    Cásanna cuardaigh agus tarrthála

    1.  Déanfaidh na Ballstáit a n-oibleagáid a urramú maidir le cúnamh a thabhairt d’aon soitheach nó d’aon duine atá in anacair ar an bhfarraige, agus le linn oibríochta farraige, cinnteoidh siad go gcomhlíonfaidh a gcuid aonad rannpháirteach an oibleagáid sin, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus leis an meas ar chearta bunúsacha. Déanfaidh siad amhlaidh beag beann ar náisiúntacht ná ar stádas an duine sin ná ar na himthosca ina n-aimsítear an duine sin.

    2.  D’fhonn déileáil le cásanna cuardaigh agus tarrthála a d’fhéadfadh titim amach le linn oibríochta farraige, beidh ar a laghad na forálacha seo a leanas sa phlean oibríochtúil, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta is ábhartha lena n-áirítear an dlí maidir le cuardach agus tarrtháil:

    (a) Más rud é, le linn oibríochta farraige, go bhfuil cúis ag na haonaid rannpháirteacha lena chreidiúint go bhfuil riocht éiginnteachta, práinne nó anacra rompu maidir le soitheach nó maidir le haon duine ar bord, déanfaidh siad an fhaisnéis uile a bheidh ar fáil a tharchur go pras chuig an ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ atá freagrach as an réigiún cuardaigh agus tarrthála ina dtarlóidh an cás sin agus cuirfidh siad iad féin ar fáil don ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ sin.

    (b) Cuirfidh na haonaid rannpháirteacha an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ ar an eolas a luaithe agus is féidir maidir le haon teagmháil leis an ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ agus na bearta a dhéanfaidh sé.

    (c) Measfar soitheach nó na daoine ar bord a bheith i riocht éiginnteachta go háirithe sna cásanna seo a leanas:

    (i) tuairiscíodh go raibh duine ar iarraidh nó tá moill ar shoitheach; nó

    (ii) theip ar dhuine nó ar shoitheach tuairisc a bhíothas ag súil léi faoina shuíomh nó faoina shlándáil a dhéanamh.

    (d) Measfar soitheach nó na daoine ar bord a bheith i riocht na práinne go háirithe sna cásanna seo a leanas:

    (i) theip ar iarrachtaí teagmháil a dhéanamh le duine nó le soitheach agus ní raibh aon rath ar fhiosrúcháin a cuireadh ar fhoinsí iomchuí eile, tar éis reachta éiginnteachta; nó

    (ii) fuarthas faisnéis lenar cuireadh in iúl go bhfuil éifeachtúlacht oibríochtúil soithigh lagaithe, ach ní dóigh go n-eascróidh cás anacra as.

    (e) Measfar soitheach nó na daoine ar bord a bheith i riocht anacra go háirithe sna cásanna seo a leanas:

    (i) faightear faisnéis chinnte go bhfuil duine nó soitheach i mbaol agus go bhfuil cúnamh de dhíth láithreach; nó

    (ii) tar éis foláireamh a bheith tugtha agus tuilleadh iarrachtaí nár éirigh leo i dtaca le teagmháil a dhéanamh le duine nó soitheach agus tar éis fiosrúcháin níos forleithne a dhéanamh nach raibh aon rath orthu, tugtar le fios gur dóigh go bhfuil cás anacra ann; nó

    (iii) nuair a fhaightear faisnéis lena léirítear go bhfuil éifeachtúlacht oibríochtúil soithigh lagaithe sa mhéid is gur dóigh go mbeidh cás anacra ann.

    (f) Chun críche a bhreithniú an bhfuil an soitheach i riocht éiginnteachta, práinne nó anacra, cuirfidh aonaid rannpháirteacha san áireamh an fhaisnéis ábhartha ar fad agus na barúlacha ábhartha, agus tarchuirfidh siad chuig an ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ freagrach iad agus áireofar leo faisnéis ar an méid seo a leanas:

    (i) iarraidh ar chúnamh a bheith ann, cé nach mbeidh an iarraidh sin ar an t-aon fhachtóir amháin lena chinnfear gurb ann do chás anacra;

    (ii) muiracmhainneacht an tsoithigh agus an dóchúlacht nach sroichfidh an soitheach a cheann scríbe deiridh;

    (iii) an líon daoine atá ar bord i gcoibhneas chineál agus bail an tsoithigh;

    (iv) infhaighteacht na soláthairtí riachtanacha amhail breosla, uisce agus bia chun an cladach a bhaint amach;

    (v) criú agus ceannasaí cáilithe a bheith ar an soitheach;

    (vi) infhaighteacht agus cumas trealaimh sábháilteachta, loingseoireachta agus chumarsáide;

    (vii) daoine a bheith ar bord a bhfuil cúnamh liachta ag teastáil uathu go géar;

    (viii) daoine éagtha a bheith ar bord;

    (ix) mná ag iompar clainne nó leanaí a bheith ar bord;

    (x) na coinníollacha aimsire agus farraige, lena n-áirítear réamhaisnéisí aimsire agus mara.

    (g) Agus iad ag fanacht le treoracha ón ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ , déanfaidh aonaid rannpháirteacha gach beart is iomchuí chun sábháilteacht na ndaoine lena mbaineann a áirithiú.

    (h) I gcás ina meastar go bhfuil soitheach i staid neamhchinnteachta, práinne nó anacra ach go ndiúltaíonn na daoine ar bord glacadh le cúnamh, cuirfidh an t-aonad rannpháirteach an ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ freagrach ar an eolas agus leanfaidh sé na treoracha a thugann sé. Leanfaidh an t-aonad rannpháirteach de dhualgas cúraim a chomhlíonadh trí shuirbhéireacht a dhéanamh ar an soitheach agus trí aon bheart is gá a dhéanamh chun sábháilteacht na ndaoine lena mbaineann a áirithiú, agus ag an am céanna seachnóidh sé aon ghníomhaíocht lena bhféadfaí an staid a ghéarú nó lena méadófaí an baol gortaithe nó cailliúna beatha.

    (i) I gcás nach dtugann ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ tríú tír atá freagrach as an réigiún cuardaigh agus tarrthála freagra ar an bhfaisnéis a tharchuir an t-aonad rannpháirteach chuige, déanfaidh an t-aonad sin teagmháil le ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ an Bhallstáit óstaigh mura mbraitheann an t-aonad rannpháirteach sin go bhfuil ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ eile, a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige, níos cumasaí chun comhordú an cháis cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh.

    D’fhéadfadh mionsonraí a cuireadh in oiriúint do dhálaí na hoibríochta farraige lena mbaineann a bheith sa phlean oibríochtúil.

    3.  Nuair a bheidh an cás cuardaigh agus tarrthála curtha i gcrích, déanfaidh an t-aonad rannpháirteach, i gcomhairle leis an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ an oibríocht farraige a thosú an athuair.

    Airteagal 10

    Teacht i dtír

    1.  Beidh sa phlean oibríochtúil, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus leis an meas ar chearta bunúsacha, na módúlachtaí seo a leanas ar a laghad maidir le teacht i dtír na ndaoine a tascradh nó a tarrtháladh in oibríocht farraige.

    (a) i gcás ina ndéantar tascradh i bhfarraige theorann nó i réigiún tadhlach de réir mar a leagtar amach in Airteagal 6(1), (2) nó (6) nó in Airteagal 8(1) nó (2), tiocfar i dtír sa Bhallstát cósta, gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 6(2);

    (b) i gcás go ndéanfar tascradh ar an mórmhuir mar a leagtar amach in Airteagal 7, féadfar teacht i dtír sa tríú tír a dtugtar le fios gurb aisti a tháinig an soitheach. Murar féidir é sin a dhéanamh, déanfar teacht i dtír sa Bhallstát óstach;

    (c) i gcásanna cuardaigh agus tarrthála mar a leagtar síos in Airteagal 9 agus gan dochar don fhreagracht atá ar an ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ , comhoibreoidh an Ballstát óstach agus na Ballstáit rannpháirteacha leis an ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ freagrach chun áit shábháilte a shainaithint agus, nuair a ainmneoidh an ►C1  Lárionad Comhordúcháin Tarrthála ◄ freagrach an áit shábháilte sin, áiritheoidh siad go dtabharfar na ndaoine tarrtháilte i dtír go tapa agus go héifeachtach.

    I gcás nach féidir socrú a dhéanamh maidir leis an aonad rannpháirteach a scaoileadh óna oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 9(1), a luaithe is féidir go praiticiúil, beidh an t-aonad údaraithe na daoine tarrtháilte a thabhairt i dtír sa Bhallstát óstach, agus sábháilteacht na ndaoine tarrtháilte agus an aonaid rannpháirtigh féin á cur san áireamh.

    Ní dhéanfar oibleagáidí i dtaca le teacht i dtír a fhorchur ar Bhallstáit nach bhfuil rannpháirteach san oibríocht ar muir leis na módúlachtaí sin mura bhforáiltear go sainráite leo d’údarú beart a bheidh le déanamh ina bhfarraige theorann nó ina réigiún tadhlach i gcomhréir le hAirteagal 6(6) nó le hAirteagal 8(2).

    D’fhéadfadh mionsonraí a cuireadh in oiriúint do dhálaí na hoibríochta ar muir lena mbaineann a bheith sa phlean oibríochtúil.

    2.  Cuirfidh na haonaid rannpháirteacha an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ ar an eolas maidir le láithreacht aon duine laistigh de bhrí Airteagal 4, agus déanfaidh an ►C1  Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin ◄ an t-eolas a tharchur chuig údaráis náisiúnta inniúla na tíre a dtagann daoine i dtír inti.

    Beidh sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta inniúla sin sa phlean oibríochtúil, agus déanfaidh siad bearta leantacha iomchuí.

    Airteagal 11

    Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004

    In Airteagal 3a(1) agus in Airteagal 8e(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag deireadh phointe (j) faoi seach:

    “Maidir leis sin bunófar an plean oibríochtúil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ).

    Airteagal 12

    Sásraí dlúthpháirtíochta

    1.  Beidh Ballstát a bhfuil cás brú phráinnigh agus eisceachtúil os a chomhair in ann an méid seo a leanas a iarraidh:

    (a) Foirne Eorpacha Gardaí Teorann a imlonnú i gcomhréir le hAirteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 chun cúnamh oibríochta gasta a sholáthar don Bhallstát sin;

    (b) an Ghníomhaireacht le haghaidh cúnaimh theicniúil agus oibríochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 d’fhonn cúnamh a fháil maidir le cúrsaí comhordaithe idir na Ballstáit agus/nó saineolaithe a imlonnú chun tacú leis na húdaráis inniúla náisiúnta;

    (c) cúnamh éigeandála faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shainiúla má bhíonn cás práinne ann.

    2.  Beidh Ballstát atá faoi réir dianbhrú imirce lena ndéantar éilimh phráinneacha ar a shaoráidí glactha agus ar a chórais tearmainn in ann an méid seo a leanas a iarraidh:

    (a) an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn chun foireann tacaíochta do chúrsaí tearmainn a imlonnú i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) chun saineolas a sholáthar, amhail i ndáil le seirbhísí ateangaireachta, faisnéis faoi thíortha tionscnaimh agus eolas faoi chásanna tearmainn a láimhseáil agus a bhainistiú;

    (b) cúnamh éigeandála faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shainiúla má bhíonn cás práinne ann.

    Airteagal 13

    Tuarascáil

    1.  Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil an Rialacháin seo faoi 18 Iúil 2015 agus gach bliain ina dhiaidh sin.

    2.  Áireofar sa tuarascáil tuairisc ar na nósanna imeachta a leagfaidh an Ghníomhaireacht síos chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm le linn oibríochtaí farraige agus faisnéis faoin mbealach a gcuirfear an Rialachán i bhfeidhm sa chleachtas, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe maidir le cearta bunúsacha a chomhlíonadh agus leis an tionchar a bheidh ar na cearta sin agus aon eachtra a d’fhéadfadh bheith tarlaithe.



    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA DEIRIDH

    Airteagal 14

    Éifeachtaí Chinneadh 2010/252/AE

    Beidh deireadh ag éifeacht Chinneadh 2010/252/AE amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 15

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomláin agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.



    ( 1 ) Cinneadh 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

    ( 2 ) Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi chuimsiú an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (IO L 350, 30.12.2008, lch. 60).

    ( *1 ) Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear rialacha maidir le faireachas a dhéanamh ar theorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstát an Aontais Eorpaigh (IO L 189 27.6.2014, lch. 93).”.

    ( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

    ( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (IO L 132, 29.5.2010, lch. 11).

    ( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 168).

    Top