This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 11992M/TXTR(06)
Miontuairisc cheartaitheach maidir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, arna shíniú in Maastricht an 7 Feabhra 1992 ( IO C 191 Eagrán Speisialta Gaeilge, 29.7.1992 )
Miontuairisc cheartaitheach maidir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, arna shíniú in Maastricht an 7 Feabhra 1992 ( IO C 191 Eagrán Speisialta Gaeilge, 29.7.1992 )
PB C 378 van 23.12.2011, p. 5–6
(GA)
ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu/corrigendum/2011-12-23/3/oj
23.12.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/5 |
MIONTUAIRISC CHEARTAITHEACH
maidir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, arna shíniú in Maastricht an 7 Feabhra 1992
( IO C 191 Eagrán Speisialta Gaeilge, 29 Iúil 1992 )
2011/C 378/02
Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 2 Nollaig 2011 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.
1. |
LEASUITHE AR AN gCONRADH AR AN AONTAS EORPACH Leathanaigh 20 agus 21, i dTeideal II, in Airteagal 109k, pointe 2, sa dara habairt: |
in ionad:
“…, cé hiad na Ballstáit go maolú a chomhallann na coinníollacha is gá ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach in Airteagal 109j(1) agus aisghairfidh sí maoluithe na mBallstát i dtrácht.”,
léitear:
“…, cé hiad na Ballstáit a bhfuil maolú acu agus a chomhallann na coinníollacha is gá ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach in Airteagal 109j(1) agus aisghairfidh sí maoluithe na mBallstát i dtrácht.”.
2. |
PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AR AN AONTAS EORPACH: |
(a) |
leathanach 73, sa Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, Airteagal 22: |
in ionad:
“Airteagal 22
Córais imréitigh agus íocaíochta
Féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta saoráidí a chur ar fáil, agus féadfaidh BCE rialacháin a dhéanamh, d'fhonn córais éifeachtúla, fhónta imréitigh agus íocaíochta a áirithiú laistigh den Aontas agus le tíortha eile.”,
léitear:
“Airteagal 22
Córais imréitigh agus íocaíochta
Féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta saoráidí a chur ar fáil, agus féadfaidh BCE rialacháin a dhéanamh, d'fhonn córais éifeachtúla fhónta imréitigh agus íocaíochta a áirithiú laistigh den Aontas agus le tríú tíortha.”;
(b) |
leathanach 73, sa Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, Airteagal 23, an chéad fhleasc: |
in ionad:
“— |
caidreamh a bhunú le bainc cheannais agus le hinstitiúidí airgeadais i dtíortha eile agus, más iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta;”, |
léitear:
“— |
caidreamh a bhunú le bainc cheannais agus le hinstitiúidí airgeadais i dtríú tíortha agus, más iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta;”; |
(c) |
leathanach 86, sa Phrótacal maidir leis an Danmhairg, sa bhrollach, sa tríú mír: |
in ionad:
“Ní dhéanfaidh forálacha Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh difear do cheart Bhanc Ceannais na Danmhairge a chúraimí láithreacha a bhaineann leis na codanna sin de Ríocht na Danmhairge nach cuid den Chomhphobal iad a chomhlíonadh.”,
léitear:
“Ní dhéanfaidh forálacha Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh difear do cheart Bhanc Ceannais na Danmhairge a chúraimí láithreacha a bhaineann leis na codanna sin de Ríocht na Danmhairge nach cuid den Chomhphobal iad a chomhlíonadh.”;
(d) |
leathanach 88, sa Phrótacal maidir le forálacha áirithe a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, pointe 9, san abairt réamhráiteach: |
in ionad:
“…, bíodh Ballstát go maolú ann nó ná bíodh, …”,
léitear:
“…, bíodh Ballstát a bhfuil maolú aige ann nó ná bíodh, …”;
(e) |
leathanach 88, sa Phrótacal maidir le forálacha áirithe a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, pointe 9, fo-phointe (c): |
in ionad:
“… mar ranníocaíocht chuig a chostais oibríochtúla ar an mbonn céanna le bainc cheannais náisiúnta Bhallstát go maolú.”;
léitear:
“… mar ranníocaíocht chuig a chostais oibríochtúla ar an mbonn céanna le bainc cheannais náisiúnta Ballstát a bhfuil maolú acu.”.