EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015D1890

Cinneadh (AE) 2015/1890 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a chuid Ballstát, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

HL L 279., 2015.10.23, p. 1–2 (GA)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1890/oj

Related international agreement

23.10.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


CINNEADH (AE) 2015/1890 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2014

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a chuid Ballstát, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus leis an dara fomhír d’Airteagal 218(8) de,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais na Cróite, agus go háirithe don dara fomhír d’Airteagal 6(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 24 Meán Fómhair 2012, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht, thar ceann an Aontais agus a chuid Ballstát agus Phoblacht na Cróite, le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, d’fhonn Prótacal a thabhairt i gcrích a ghabhann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (“an Prótacal”).

(2)

Tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích go rathúil agus d’fhormheas Rialtas Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine an Prótacal trí mhalartú litreacha an 25 Deireadh Fómhair 2013.

(3)

Ba cheart go síneofar an Prótacal thar ceann an Aontais agus a chuid Ballstát, faoi réir a thabhairt i gcrích ag dáta is déanaí.

(4)

Tá tabhairt i gcrích an Phrótacail faoi réir nós imeachta ar leith a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach.

(5)

I bhfianaise aontachas na Cróite leis an Aontas an 1 Iúil 2013, ba cheart go gcuirfí an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón dáta sin, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta chun é a thabhairt i gcrích,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar, leis seo, síniú an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a chuid Ballstát, a ghabhann leis an gcomhaontú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh, a údarú, faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail sin.

Tá téacs an Phrótacail i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Déantar Uachtarán na Comhairle a údarú leis seo chun an duine (na daoine) a cheapadh a chumhachtaítear dó nó di (dóibh) an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais agus a chuid Ballstát.

Airteagal 3

Cuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de, amhail ón 1 Iúil 2013, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta chun é a thabhairt i gcrích.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a nglacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Meitheamh 2014.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. A. HARDOUVELIS


Top