Tá sé mar aidhm le Treoir (AE) 2024/1799 deisiú earraí briste nó lochtacha a chur chun cinn ar mhaithe le tomhaltóirí, leis an gcomhshaol agus le margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh (AE).
PRÍOMHPHOINTÍ
Freagrachtaí na monaróirí
Ní mór do mhonaróirí:
earraí a dheisiú, arna iarraidh sin, amhail meaisíní níocháin agus fóin phóca ina bhfuil forálacha deisiúcháin (atá cumhdaithe faoi reachtaíocht reatha an Aontais in Iarscríbhinn II), mura féidir iad a dheisiú;
an deisiú a dhéanamh saor in aisce nó ar phraghas réasúnta, laistigh de thréimhse réasúnta ama;
rochtain a chur ar fáil, ar phraghas réasúnta, ar pháirteanna spártha nó ar uirlisí a bhfuil sé d’oibleagáid orthu rochtain a thabhairt orthu do dheisitheoirí (le haghaidh earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn II);
a áirithiú go mbeidh rochtain saor in aisce ag tomhaltóirí trí shuíomh gréasáin ar na praghsanna táscacha a ghearrtar ar dheisiú na n–earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn II;
faisnéis atá saor in aisce, soiléir agus inrochtana go héasca a sholáthar maidir lena seirbhísí deisiúcháin;
gan úsáid a bhaint as cúiseanna conarthacha, crua–earraí, bogearraí ná cúiseanna eile, amhail deisiúcháin roimhe sin a rinne páirtí eile, mar bhacainní ar an deisiú gan údar dlisteanach agus oibiachtúil.
Ní mór don Choimisiún Eorpach an liosta earraí atá cumhdaithe in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta trí ghníomh tarmligthe laistigh de 12 mhí ar a dhéanaí ó fhoilsiú gníomhartha dlíthiúla ina bhfuil ceanglais maidir le hndeisitheacht.
Ardán Eorpach deisiúcháin ar líne
Cruthaítear leis an treoir ardán Eorpach deisiúcháin ar líne a bhfuil sé mar aidhm leis cuidiú le tomhaltóirí deisitheoirí a aimsiú. Féadfaidh Ballstáit AE a chinneadh a bheith ina gcuid den ardán Eorpach trí rannóg náisiúnta tiomnaithe a bheith acu ar an ardán nó ardáin náisiúnta deisiúcháin a chruthú ina ionad sin (sa chás deiridh sin, soláthrófar na naisc chuig ardáin náisiúnta ar an ardán Eorpach ar líne). Tá clárú ar an ardán saor in aisce agus deonach.
Maidir leis na Ballstáit:
tá siad freagrach as deisitheoirí a chlárú ar an ardán;
féadfaidh siad clárú eintiteas eile a cheadú (díoltóirí earraí athchóirithe, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n–athchóiriú agus tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail amhail ionaid deisiúcháin);
féadfaidh siad coinníollacha rochtana a shocrú maidir le clárú ar an ardán.
Forbróidh an Coimisiún comhéadan comhchoiteann ar líne don ardán faoin agus beidh sé freagrach as a chothabháil teicniúil agus as an gcomhar leis na pointí teagmhála náisiúnta i ngach Ballstát (le cur in iúl/léiriú faoin ).
Beidh an t–ardán i bhfeidhm go hiomlán faoin .
An ráthaíocht dhlíthiúil a shíneadh
I gcás go roghnaítear deisiú mar leigheas chun na hearraí a chur ar comhréir, Treoir (AE) 2024/1799, leasaítear Treoir (AE) 2019/771 maidir le conarthaí maidir le díolacháin earraí, lena gceanglaítear go ndéanfar an tréimhse ráthaíochta a shíneadh uair amháin le bliain amháin.
Sula soláthrófar an leigheas chun na hearraí a chur ar comhréir, ní mór don díoltóir na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina gceart chun rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar, agus faoin síneadh fhéideartha ar an tréimhse ráthaíochta.
Rialacha ginearálta
Ní mór do na Ballstáit:
a áirithiú go mbeidh rochtain ag comhlachtaí poiblí agus ag eagraíochtaí tomhaltóirí, comhshaoil nó gairmiúla ar an dlí chun an reachtaíocht a fhorfheidhmiú;
faisnéis a sholáthar don phobal maidir lena gcearta tomhaltóra faoin treoir;
beart amháin ar a laghad a thabhairt isteach chun deisiúcháin a chur chun cinn;
pionóis iomchuí a ghlacadh maidir le mí–úsáid a bhaint as an dlí.
An fhoirm Eorpach um fhaisnéis faoin deisiúchán
Féadfaidh deisitheoirí, arna iarraidh orthu, an fhoirm a sholáthar do thomhaltóirí saor in aisce, laistigh de thréimhse réasúnta ama agus sula síneofar conradh deisiúcháin;
Beidh an fhoirm chomhlánaithe bailí ar feadh 30 lá ar a laghad agus clúdofar inti sonraí faoin íocóir, faoin obair, faoin gcostas agus faoin am a bheidh i gceist agus faisnéis phraiticiúil eile (soláthraítear an teimpléad in Iarscríbhinn I).
Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar chur i bhfeidhm na treorach faoin .
Ní mór an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin . Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha nua sin ón .
CÚLRA
Caitear earraí ar féidir iad a dheisiú ar shiúl go minic. Bíonn 35 milliún tona dramhaíola agus 261 milliún tona astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh air sin san Aontas gach bliain. Meastar go mbíonn beagnach €12 bhilliún in aghaidh na bliana i gceist leis an gcostas a bhíonn ar thomhaltóirí chun táirgí a athsholáthar (seachas iad a dheisiú).
Tá an treoir ina cuid de sprioc níos leithne an Aontais chun an chéad mhór–roinn aeráidneodrach dhéanamh den Eoraip faoi 2050.
Treoir (AE) 2024/1799 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828 (IO L, 2024/1799, ).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n–aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, ).
Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, , lgh. 1–51).
Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cadhnraí agus cadhnraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO) L 191, , lgh. 1–117).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2023/1542 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n–aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, , lgh. 1–27).
Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n–aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, , lgh. 28–50).
Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoir 96/9/CE agus Treoir 2001/29/CE (IO L 130, , lgh. 92–125).
Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, , lgh 70–115).
Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, , lgh. 1–26).
Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, , lgh. 64–88).
Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, , lgh. 10–35).
Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachta agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha”) (IO L 149, , lgh. 22–39).