Bunaítear leis an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), ciste de chuid an Aontais Eorpaigh(AE) a mhairfidh thar an tréimhse 2021-2027 i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.
Leagtar amach leis tosaíochtaí an chiste, a bhuiséid agus na rialacha ginearálta maidir le maoiniú AE a sholáthar, a chuireann leis na rialacha ginearálta a bhaineann le CEMID, faoi Rialachán (AE) 2021/1060 (féach an achoimre).
Tacaíonn CEMID le tionscaimh nuálacha a cabhraíonn le húsáid inbhuanaithe agus bainistíocht achmhainní uisceacha agus muirí. Go sonrach, éascaítear an méid seo a leanas leis:
gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe agus ísealcharbóin;
bithéagsúlacht agus éiceachórais mhuirí a chosaint;
táirgí muirbhia sláintiúla d’ardchaighdéan a sholáthar do thomhaltóirí Eorpacha trí mhargadh éifeachtach do tháirgí muirbhia;
tarraingteacht shocheacnamaíoch agus athnuachan ó ghlúin go glúin ar earnáil an iascaigh, go háirithe mioniascaigh cois cósta;
bainistíocht struchtúrach iascaigh agus cabhlach iascaigh (róthoilleadh cabhlaigh a scriosadh agus tacú leis na bearta caomhnaithe do bheo–achmhainní muirí);
bailiú sonraí eolaíocha chun taca a chur faoi bhainistiú iascaigh;
rialú gníomhaíochtaí iascaigh agus cultúr um chomhlíonadh a chur chun chinn in earnáil an iascaigh, chun cothrom na Féinne a áirithiú;
dobharshaothrú atá inbhuanaithe agus iomaíoch a fhorbairt, rud a chuirfidh le slándáil bhia;
feabhas a chur ar scileanna agus ar dhálaí oibre in iascaigh agus sa dobharshaothrú;
beocht airgeadais agus shóisialta na bpobal cósta;
slándáil mhuirí, a chuireann le spás muirí sábháilte;
comhar idirnáisiúnta, a chuireann le haigéin a bheidh sláintiúil, sábháilte agus bainistithe go hinbhuanaithe.
Ag tabhairt faoi na cuspóirí sin, dírítear go sonrach in CEMID ar inbhuanaitheacht agus ar bhrabúsacht mioniascach cois cósta agus ar fhorbairt inbhuanaithe na ngníomhaíochtaí muirí sna réigiúin is forimeallaí.
Buiséad
Is é EUR 6 108 000 000 (ag praghsanna 2021) buiséad CEMID don tréimhse 2021-2027, agus tá sé roinnte mar seo a leanas:
bainistíocht chomhroinnte— EUR 5 311 000 000 a chuirtear ar fáil trí chláir náisiúnta arna gcómhaoiniú ó bhuiséad AE agus ó Bhallstáit AE;
bainistíocht dhíreach agus indíreach — EUR 797 000 000 arna sholáthar go díreach ag an gCoimisiún Eorpach go.
Liostaítear in Iarscríbhinn V na hacmhainní domhanda in aghaidh an Bhallstáit ó CEMID do gach bliain idir 2021 go 2027. Maidir le hoibríochtaí sna réigiúin is forimeallaí, ní mór do na Ballstáit lena mbaineann na méideanna seo ar a laghad a leithdháileadh ó na méideanna domhanda sin:
EUR 102 000 000 do na hAsóir agus Maidéara (an Phortaingéil);
EUR 82 000 000 do na hOileáin Chanáracha (an Spáinn);
EUR 131 000 000 do Ghuadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, Mayotte, La Réunion agus Saint-Martin (an Fhrainc).
Clárú
Faoi bhainistíocht chomhroinnte, ullmhaíonn gach Ballstát clár náisiúnta aonair, a fhaomhann an Coimisiún tar éis ghrinnmheasúnú.
Is treochlár straitéiseach le haghaidh infheistíocht poiblí idir 2021 agus 2027 é clár náisiúnta CEMID. Déantar cur síos ann ar ghníomhaíochtaí saincheaptha chun freagairt ar na dúshláin shonracha a shainaithin na Ballstáit maidir le gnáth–thosaíochtaí an Aontais don bhithéagsúlacht mhuirí, don bheartas muirí agus don iascach agus don dobharshaothrú inbhuanaithe.
Meastóireacht agus faireachán
Déantar faireachán leanúnach ar chur chun feidhme CEMID ar bhealach trédhearcach, i gcomhréir leis na rialacha comhchoiteanna a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1060 agus na rialacha sonracha i Rialachán CEMID.
Dhá uair sa bhliain, tuairiscíonn na Ballstáit:
luachanna na dtáscairí arna roghnú ina gcláir CEMID — déantar an fhaisnéis sin a chomhbhailiú ar leibhéal AE agus cuirtear ar fáil go poiblí í;
mionsonraí gach tionscadail agus tairbhí — úsáideann an Coimisiúin an fhaisnéis sin do thuairisciú rialta ad hoc.
Cúig uaire sa bhliain, tuairiscíonn na Ballstáit líon na dtionscadal roghnaithe agus a gcostas airgeadais. Déantar an fhaisnéis sin a chomhbhailiú ar leibhéal AE agus cuirtear ar fáil go poiblí í. Bristear síos freisin í de réir réimsí téamacha.
Pléann an Coimisiún cur chun feidhme an CEMID le gach Ballstát le linn cruinniú athbhreithnithe bliantúil. Tá sé mar aidhm leis an gcruinniú saincheisteanna féideartha a aithint sa chlár náisiúnta CEMID agus aon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha, más gá.
Faoin , déanfaidh gach Ballstát meastóireacht ar a gclár CEMID chun a thionchar a mheas.
Faoi dheireadh 2024 agus faoi dheireadh 2031 freisin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE CEMID ina iomláine.
Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/1004 (IO L 247, , lgh. 1-49)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1972 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 trí na critéir a leagan síos maidir le ríomh na gcostas breise arna dtabhú ag oibreoirí le linn iascaireacht, fheirmeoireacht, phróiseáil agus mhargú táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí (IO L 402, , lgh. 1-3).
Rialachán (AE) 2021/1060 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, , lgh. 159-706)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Cur chuige nua maidir le geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas Eorpach – Geilleagar gorm an Aontais a chlaochlú ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe (COM(2021) 240 final, ).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 — An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (COM(2020) 380 final, ).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final, )
Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, , lgh. 1-21).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/1004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, , lgh. 1-21).
Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht phobail i réimse beartas na muirthimpeallachtaí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ) (IO L 164, , lgh. 19-40).