This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Tá an t–athrú aeráide — athrú suntasach sa ghnáthaimsir thar roinnt blianta, ina dhúshlán mór don duine agus don domhan. Féadfar an t–athrú aeráide a mhaolú, chun nach mbeidh a thionchar chomh dian, trí astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCTanna) isteach san atmaisféar a chosc nó a laghdú.
Tugtar le fios i dtaifid, go háirithe ó lár an 20ú haois i leith, go ndearna daoine agus na GCTanna a ghineann siad (dé–ocsaíd charbóin (CO2), meatán, ocsaídí nítriúla agus gáis fhluairínithe go príomha) an t–athrú aeráide a luathú go tapa. Tá an gá atá leis an téamh domhanda a choinneáil i bhfad faoi 2 °C aitheanta ag an gcomhphobal idirnáisiúnta agus d’aontaigh siad go bhféachfaidh siad lena theorannú go 1.5 °C.
Tá creat cuimsitheach beartas ag an Aontas Eorpach chun astaíochtaí GCT a laghdú. Cuimsítear an méid seo a leanas i bpríomhreachtaíocht agus i bpríomhbheartais AE:
In 2019, ghlac an Coimisiún Eorpach an Comhaontú Glas don Eoraip — clár oibre uaillmhianach i dtreo AE a bheith aeráidneodrach (is é sin, geilleagar atá neodrach ó thaobh glanmhéid astaíochtaí GCT de) faoi 2050 — agus cuimseoidh é sin sa dlí Eorpach nua um aeráid. Beidh ról ag gach cuid den tsochaí agus de na hearnálacha eacnamaíocha maidir leis sin a bhaint amach — idir an earnáil cumhachta agus tionscal, soghluaisteacht, foirgnimh, talmhaíocht agus foraoiseacht.
Ó 2020 i leith, tá sraith tionscnamh straitéiseach úr glactha ag an gCoimisiún, go sonrach Plean Gníomhaíochta um Gheilleagar Ciorclach le haghaidh Eoraip ghlan iomaíoch, Straitéis Bhithéagsúlachta go dtí 2030 agus Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an forc”, chomh maith le straitéis AE maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, lena gcomhlánaítear a ghníomhaíochtaí um maolú.
In 2020, chuir an Coimisiún spriocphlean aeráide 2030 ar aghaidh chun glan–astaíochtaí GCT a laghdú tuilleadh faoi 55% ar a laghad faoi 2030. Tá sprioc nua 2030 cumhdaithe anois sa Dlí Eorpach um Aeráid. I mí Iúil 2021, ghlac an Coimisiún sraith tograí reachtacha inar leagadh amach conas atá sé beartaithe aige aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, lena n–áirítear sprioc idirmheánach de laghdú glan 55% ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030.
Tacóidh 8ú clár AE um ghníomhú ar son na haeráide, a mhairfidh ó 2021 go 2030 le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir le gníomhú ar son na haeráide agus leis an gcomhshaol.