Deimhniú Digiteach COVID an Aontais

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/953 i ndáil le deimhniú digiteach COVID an Aontais

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis deimhniú digiteach COVID an Aontais Eorpaigh (AE), ar creat comhchuibhithe é chun vacsaíniú, tástáil agus téarnamh COVID-19 a chruthú. Tá an deimhniú deartha chun:

PRÍOMHPHOINTÍ

Clúdaítear sa chreat an dóigh a n–eisítear na deimhnithe seo a leanas, an dóigh a nglactar leo agus an dóigh a ndeimhnítear iad.

Eisíonn na Ballstáit deimhnithe ar leith do gach vacsaíniú, toradh tástála nó téarnamh, lena bhfuil na saintréithe seo a leanas:

Ní chuimsítear sna deimhnithe ach méid teoranta faisnéise riachtanaí, nach féidir le fíoraitheoirí a choinneáil. Chun críocha fíorúcháin, ní dhéantar ach bailíocht agus barántúlacht an deimhnithe a sheiceáil, trí shíniú digiteach an údaráis eisiúna a stóráiltear sa chód QR a fhíorú.

Is féidir sínithe teastais a fhíorú ar fud an Aontais Eorpaigh.

I gcás go nglacann Ballstát le cruthúnas ar vacsaíniú, ar thástáil nó ar théarnamh chun srianta áirithe saorghluaiseachta a tharscaoileadh, beidh oibleagáid orthu glacadh le deimhnithe AE arna n–eisiúint ag Ballstáit eile faoi na coinníollacha céanna.

Chun críocha taistil laistigh den Aontas Eorpach, beidh deimhnithe vacsaínithe a eisítear i ndiaidh na sraithe vacsaínithe phríomhúil a chur i gcrích bailí ar feadh 270 lá. Níor cheart do na Ballstáit glacadh le deimhnithe ach i gcás go bhfuil níos mó ná 270 lá caite ón dáileog dheireanach. Tá an tréimhse inghlacthachta sin teoranta do dhaoine atá 18 mbliana d’aois agus os cionn sin. Níl bailíocht uasta le deimhnithe a eisítear le haghaidh teanndáileog. Téann deimhnithe téarnaimh in éag 180 lá ar a dhéanaí i ndiaidh toradh deimhneach ar thástáil. Ní shonraítear dáta éaga ar dheimhnithe tástála.

Treisítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/483 ón gCoimisiún an creat iontaobhais trí thacú le malartú déthaobhach ar liostaí cealaithe deimhnithe idir Ballstáit inar eisíodh deimhnithe go hearráideach, mar thoradh ar chalaois nó nuair a cuireadh ar fionraí baisc vacsaíní COVID-19 a bhfuarthas go raibh sí lochtach.

Maidir le seilbh ar na deimhnithe:

Féadfaidh oibreoirí seirbhísí iompair paisinéirí trasteorann ar a gceanglaítear leis an dlí náisiúnta bearta áirithe sláinte poiblí a chur chun feidhme le linn phaindéim COVID-19 an fhaisnéis sna deimhnithe a fhíorú — ach ní fhéadfaidh siad í a choinneáil. Ba cheart dóibh freisin an córas deimhnithe a chomhtháthú isteach ina gcuid oibríochtaí ag aerfoirt, calafoirt agus stáisiúin iarnróid agus bus.

I moladh ar leith arna ghlacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh clúdaítear an cheist maidir leis na srianta ar shaorghluaiseacht laistigh den Aontas Eorpach a mhaolú. Is é an prionsabal bunúsach nach mbeidh duine ar bith a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta ag a bhfuil deimhniú digiteach COVID an Aontais atá bailí faoi réir srianta breise, amhail tástálacha breise, ach amháin i gcás cásanna eisceachtúla. Mar gheall nach bhfuil an moladh ceangailteach, áfach, tá lánrogha éigin ag gach Ballstát maidir le conas é a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, cé go gcaithfidh gach Ballstát glacadh leis an deimhniú mar chruthúnas bailí, tá éagsúlachtaí áirithe sna hiarmhairtí do na sealbhóirí.

Ní thagann úsáid intíre deimhnithe COVID-19, amhail rochtain ar imeachtaí, ar bhialanna, ar ionaid spóirt, ar iompar poiblí nó ar an ionad oibre a rialáil, faoi raon feidhme an rialacháin maidir le dheimhniú digiteach COVID an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit, go deimhin, úsáid a bhaint as deimhniú digiteach COVID an Aontais chun críocha intíre, ach ceanglaítear orthu foráil a dhéanamh do bhunús dlí sa dlí náisiúnta nach mór dóibh ceanglais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, i measc coinníollacha eile.

Coibhéis deimhnithe COVID-19 le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad

I gcás ina n–eisíonn tír nach tír den Aontas Eorpach í deimhnithe idir–inoibritheacha i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla is gá, féadfaidh an Coimisiún Eorpach cinntí cur chun feidhme (“cinntí coibhéise”) a ghlacadh lena suífear go bhfuil na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an tír sin comhionann le deimhnithe digiteacha COVID an Aontais.

Mar thoradh air sin beidh an tír lena mbaineann nach tír den Aontas Eorpach í nasctha le córas deimhnithe digiteacha COVID an Aontais. Caithfear glacadh go díreach ansin leis na deimhnithe a eisíonn an tír sin faoi na coinníollacha céanna le deimhnithe AE.

Go dtí seo, tá cinntí dá leithéid glactha ag an gCoimisiún maidir leis na tíortha seo a leanas nach tíortha den Aontas Eorpach iad:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Bhí sé le bheith i bhfeidhm ar feadh 12 mhí ar dtús, ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022. Ar an 29 Meitheamh 2022, áfach, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síneadh leis an rialachán go dtí an 30 Meitheamh 2023.

Toisc nach féidir an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag méadú ar ionfhabhtuithe a thuar faoi láthair, agus go mbraitheann sé freisin ar cé acu an dtiocfaidh athraitheacha nua chun cinn nó nach dtiocfaidh, mar gheall ar an síneadh beidh daoine ábalta a ndeimhniú a úsáid fós chun taisteal ar fud an Aontais Eorpaigh má bhíonn ar na Ballstáit srianta taistil a thabhairt isteach arís ar bhonn sealadach sa dara leath de 2022 agus sa chéad leath de 2023 má thagann méadú ar ionfhabhtuithe.

Mar sin féin, níor cheart an chiall a bhaint as an síneadh sin go n–éilítear ar Bhallstáit AE, go háirithe iad siúd a thógann bearta sláinte poiblí intíre, srianta saorghluaiseachta a choimeád nó a fhorchur.

CÚLRA

Baineann Rialachán (AE) 2021/954 le deimhniú digiteach COVID an Aontais agus le náisiúnaigh neamh–AE atá ag fanacht nó ina gcónaí go dleathach san Aontas Eorpach.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Idir-inoibritheacht. Ábalta córais a dheimhniú i mBallstát chun sonraí a d’ionchódaigh Ballstát eile a úsáid.
Tástáil NAAT. Tástáil aimpliúcháin mhóilínigh aigéid núicléasaigh, amhail teicnící um imoibriú slabhrúil polaiméaráise cúl–trascrioptáise, um aimpliúchán isiteirmeach trí mheán lúibe agus um aimpliúchán trí mheán tras-scríofa, a úsáidtear chun aigéad ribeanúicléasach SARS-CoV-2 a bhrath.
Tástáil antaigine. Tástáil a bhraitheann ar phróitéiní víreasacha (antaiginí) a bhrath trí imdhíonmheasúnacht sreafa chliathánaigh a úsáid agus a chuireann torthaí ar fáil i gceann níos lú ná 30 nóiméad.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir–inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO L 211, 15.6.2021, lgh. 1-22).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/953 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2022/1035 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/954 maidir le creat chun deimhnithe idir–inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 173, 30.6.2022, lgh. 46-49).

Rialachán (AE) 2022/1034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Dé Céadaoin 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 maidir le creat chun deimhnithe idir–inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO L 173, 30.6.2022, lgh. 37-45).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/503 ón gCoimisiún an 29 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le mionaoisigh a dhíolmhú ó thréimhse inghlacthachta deimhnithe vacsaínithe arna n–eisiúint i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE (IO L 102, 30.3.2022, lgh. 8-10).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/483 ón gCoimisiún an 21 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 98, 25.3.2022, lgh. 84-104).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/256 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe téarnaimh a eisiúint bunaithe ar mhearthástálacha antaiginí (IO L 42, 23.2.2022, lgh. 4-8).

Moladh (AE) 2022/107 ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/1475 (IO L 18, 27.1.2022, lgh. 110-123).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse inghlacthachta na ndeimhnithe vacsaínithe arna n–eisiúint i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil (IO L 458, 22.12.2021, lgh. 459-462).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 230, 30.6.2021, lgh. 32-53).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir–inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lgh. 24-28).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1–88).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh–shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh–idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n–aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lgh. 73-114).

Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir cur i bhfeidhm chearta othar i gcúram sláinte trasteorann (IO L 88, 4.4.2011, lgh. 45-65).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ar cheart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lgh. 77-123). Téacs athfhoilsithe i gceartúchán (IO L 229, 29.6.2004, lgh. 35–48).

Féach an leagan comhdhlúite.


* Tá an t–ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus Tuairim CBI faoi Dhearbhú Neamhspleáchais na Cosaive.

Nuashonraithe 07.11.2022