Misean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA)

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (CBES) 2016/610 ón gComhairle maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA)

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Fógraítear leis an gcinneadh misean oiliúna míleata de chuid chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh (AE) chun cur le hathchóiriú na hearnála cosanta laistigh de Phoblacht na hAfraice Láir mar chuid de phróiseas athchóirithe na hearnála slándála arna chomhordú ag Misean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i bPoblacht na hAfraice Láir (MINUSCA).

PRÍOMHPHOINTÍ

An misean reatha

Agus é ag oibriú i dtreo na sprice maidir le Fórsaí Armtha na hAfraice Láir, a bheidh nua–aimseartha, éifeachtach agus freagrach go daonlathach, le Misean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) déanfar an méid seo a leanas:

Ceannasaí agus ceanncheathrú misin an Aontais Eorpaigh

Rialú polaitiúil, stiúradh straitéiseach agus treoir mhíleata

Tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad

Féadfar cuireadh a thabhairt do thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad páirt a ghlacadh sa mhisean. Beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag tíortha a thugann cuidiú suntasach míleata ó thaobh bhainistíocht laethúil an mhisin de agus atá ag na Ballstáit a bhfuil páirt á glacadh acu sa mhisean.

Cill an tionscadail

Tá ceall tionscadail ag EUTM RCA chun tionscadail a shainaithint agus a chur chun feidhme, arna maoiniú ag an Aontais, ag na Ballstáit nó ag tíortha rannpháirteacha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, atá comhsheasmhach lena chuspóirí agus a chuireann leis an misean.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tháinig an cinneadh lenar seoladh an misean i bhfeidhm an 19 Aibreán 2016. Faoi réir measúnú straitéiseach a dhéanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tráth nach déanaí ná Márta 2024, críochnóidh EUTM RCA an 19 Meán Fómhair 2024.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh (CBES) 2016/610 ón gComhairle an 19 Aibreán 2016 maidir le Misean Míleata Oiliúna CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (IO L 104, 20.4.2016, lgh. 21–26).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Chinneadh (CBES) 2016/610. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lgh. 14–62).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 20.10.2023