Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais leis an Albáin

ACHOIMRE AR:

Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus an Albáin

Cinneadh 2009/332/CE, Euratom lena dtugtar i gcrích an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus an Albáin

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

Sonraítear leis an gcinneadh tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais (CCC) leis an Albáin ag an Aontas Eorpach (AE).

Is iad seo a leanas na haidhmeanna leis an gcomhaontú:

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuimsítear 10 gceannteideal sa CCC.

  1. Prionsabail ghinearálta

    Tá an CCC bunaithe ar líon prionsabal bunúsach. Aontaíonn an Albáin leis an méid seo a leanas:

    • go mbeidh meas aici ar phrionsabail an daonlathais agus ar chearta an duine, ar an dlí agus ionstraimí idirnáisiúnta chomh maith le prionsabail gheilleagar an mhargaidh;
    • comhoibriú agus leathadh na n–arm ollscriosta (AOS) agus na modhanna lena seachadtar iad a chomhrac, lena n–áirítear trí:
      • bearta a dhéanamh chun na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha a shíniú, a dhaingniú, nó aontú leo, de réir mar is cuí, agus iad a chur chun feidhme go hiomlán;
      • córas éifeachtach rialuithe náisiúnta onnmhairiúcháin a bhunú, lena rialófar onnmhairiú chomh maith le hiompar earraí a bhaineann le AOS, lena n–áirítear rialú úsáide deiridh AOS ar theicneolaíochtaí dé-úsáide, agus ina mbeidh smachtbhannaí éifeachtacha maidir le sáruithe ar rialuithe onnmhairiúcháin;
    • an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus oibleagáidí idirnáisiúnta sa réimse sin a chomhlíonadh;
    • síocháin, cobhsaíocht idirnáisiúnta agus réigiúnach a chur chun cinn agus comhar agus dea-chaidreamh idir chomharsana a chothú sa réigiún, lena n–áirítear trí:
      • tionscadail leasa choitinn a fhorbairt;
      • leibhéal iomchuí lamháltas frithpháirteach a bhaineann le gluaiseacht daoine, earraí, caipitil agus seirbhísí a cheadú.
  2. Idirphlé polaitiúil

    Tá idirphlé polaitiúil idir an dá pháirtí le forbairt tuilleadh. Déantar an méid seo a leanas a chur chun cinn leis go háirithe:

    • imeascadh iomlán na hAlbáine i bpobal na náisiún daonlathach agus comhchuibhiú de réir a chéile (rapprochement) le AE;
    • cóineasú sheasaimh na bpáirtithe a bheidh ag méadú i gcónaí maidir le ceisteanna idirnáisiúnta;
    • comhar réigiúnach agus forbairt dea-chaidrimh idir chomharsana;
    • dearcthaí coiteanna maidir le slándáil agus cobhsaíocht in AE, lena n–áirítear na réimsí atá clúdaithe i gcomhbheartas eachtrach agus slándála AE.
  3. Comhar réigiúnach

    Ceanglaítear ar an Albáin:

    • comhar réigiúnach a chur chun cinn go gníomhach;
    • idirbheartaíocht a dhéanamh idir na tíortha a bhfuil CCC le AE sínithe acu cheana — chun comhaontuithe déthaobhacha maidir le comhar réigiúnach a chur i gcrích;
    • féachaint le comhar réigiúnach a bhaint amach le tíortha lena mbaineann an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais (PCC) i roinnt de na réimsí nó i ngach réimse um chomhar atá cumhdaithe sa chomhaontú seo;
    • comhaontuithe um chomhar a thabhair i gcrích, más féidir, le haon tír is iarrthóir AE nach bhfuil bainteach leis an PCC.

    Tacaíonn AE le tionscadail lena bhfuil gné réigiúnach nó thrasteorann trína chláir chúnaimh theicniúil.

  4. Saorghluaiseacht earraí
    • Tá an dá pháirtí tiomnaithe do limistéar saorthrádála déthaobhaí a bhunú de réir a chéile thar tréimhse a mhairfidh 10 mbliana ar a mhéad.
    • Leagtar amach sa CCC próiseas maidir le taraifí custaim agus cuótaí ar earraí ó AE agus ón Albáin araon a laghdú nó a bhaint.
  5. Gluaiseacht oibrithe, bunú, soláthar seirbhísí agus gluaiseacht caipitil
    • Ní foláir nó go mbeidh náisiúnaigh na hAlbáine a oibríonn go dleathach i dtír AE saor ó chineál ar bith idirdhealaithe i gcomparáid le náisiúnaigh na tíre lena mbaineann.
    • Ní mór rialacha a bhunú chun an córas slándála sóisialaí a chomhordú do náisiúnaigh na hAlbáine atá fostaithe go dleathach i gcríoch thír AE, agus dá bhaill a dteaghlaigh atá ina gcónaí go dleathach ansin.
    • Beidh cead ag cuideachtaí (chomh maith le fochuideachtaí agus brainsí) atá bunaithe i bpáirtí amháin oibríochtaí a bhunú ar chríoch an pháirtí eile faoi na coinníollacha céanna is a bhaineann le cuideachtaí atá bunaithe sa chríoch sin.
    • Ní mór don dá pháirtí bearta a dhéanamh lena gceadófar dá gcuideachtaí nó dá náisiúnaigh de réir a chéile seirbhísí a sholáthar i gcríoch an pháirtí eile.
    • Ní mór íocaíochtaí agus aistrithe ar bith ar chuntas reatha chomhardú na n–íocaíochtaí idir AE agus an Albáin a cheadú in airgeadra saor-inchomhshóite.
  6. Ailíniú dhlíthe na tíre le dlí AE
    • Aontaíonn an Albáin a áirithiú go ndéanfar an dlí reatha agus an reachtaíocht amach anseo níos comhoiriúnaí de réir a chéile le acquis AE agus go ndéanfar na dlíthe sin a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú mar is ceart.
    • Tá an dá thaobh ceangailte le rialacha iomaíochta, atá bunaithe ar dhlí AE, a bhaineann le gníomhartha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh den trádáil idir an 2 pháirt.
  7. Ceartas, saoirse agus slándáil

    Cuirtear béim sa CCC ar an tábhacht a bhaineann leis an smacht reachta agus institiúidí a neartú ar gach leibhéal. Dírítear an comhar ar roinnt réimsí sonracha, lena n–áirítear:

    • neamhspleáchas na mbreithiúna, feabhas ar a n–éifeachtacht agus oiliúint i ngairmeacha dlíthiúla;
    • víosaí, rialú teorann, tearmann agus imirce;
    • imirce neamhdhleathach a chosc agus a rialú;
    • coireacht eagraithe, éillitheacht, sceimhlitheoireacht agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chosc agus a chomhrac.
  8. Beartas um chomhar

    Ba cheart do AE agus don Albáin dlúthchomhar ar réimse leathan réimsí beartais a bhunú chun cuidiú le hacmhainneacht forbartha agus fáis na hAlbáine.

  9. Comhar airgeadais
    • Chun cuidiú a thabhairt le cuspóirí an chomhaontaithe seo a bhaint amach d’fhéadfadh an Albáin cúnamh airgeadais a fháil ó AE i bhfoirm deontas agus iasachtaí, lena n–áirítear iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta.
  10. Maoirseacht

    Bunaítear leis an gcomhaontú comhairle cobhsaíochta agus comhlachais chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an chomhaontaithe. Faigheann an chomhairle cobhsaíochta agus comhlachais cúnamh ó choiste cobhsaíochta agus comhlachais, ina bhfuil ionadaithe ó Chomhairle AE agus ón gCoimisiún Eorpach, de pháirt amháin, agus ionadaithe ó rialtas na hAlbáine den pháirt eile.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN CHOMHAONTAITHE?

Tá an cinneadh i bhfeidhm ón agus tá an comhaontú i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile Dearbhuithe Prótacal (IO L 107, , lgh. 166 -502)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcomhaontú a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 2009/332/CE, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile (IO L 107, , lch. 165)

nuashonrú is deireanaí