This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Baineann beartas an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le tíortha na mBalcán Thiar leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais (PCC) a seoladh in 2000. Féachtar leis an PCC an réigiún a chobhsú leis an bhféidearthacht go mbeidh tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha ina mbaill den Aontas Eorpach amach anseo.
Leagtar béim go háirithe ar an gcomhar réigiúnach, mar shampla, bonneagar agus líonraí a fhorbairt agus limistéar saorthrádála a chur ar bun. Cé go leagtar amach cuspóirí comhchoiteanna polaitíochta agus eacnamaíocha leis an PCC, meastar dul chun cinn gach tíre ar a fiúntas féin.
Trí bhíthin na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais III (2021-2027), leanfar le maoiniú a chur ar fáil chun an daonlathas agus an smacht reachta a neartú, geilleagair mhargaidh a fhorbairt agus reachtaíocht intíre na gcomhpháirtithe PCC a ailíniú le acquis agus caighdeáin ábhartha AE.
Leanann tíortha na mBalcán Thiar a ghnóthaíonn an stádas iarrthóra ag baint leas as rannpháirtíocht leis an Aontas Eorpach trí chreat PCC agus iad páirteach sa phróiseas aontachais.
I measc na gcomhpháirtithe i gcreat PCC tá an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv*, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia.
* Tá an t–ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus Tuairim CBI faoi Dhearbhú Neamhspleáchais na Cosaive.