AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.12.2023
COM(2023) 792 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Tuarascáil 2023 ar Staid na hUllmhachta Sláinte
1. RÉAMHRÁ
Tá dul chun cinn tábhachtach déanta ag an Aontas Eorpach (AE) chun a chumas ullmhachta a neartú chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte a sheasamh. I mí na Nollag 2023 tá sé 4 bliana ó braitheadh SARS‑CoV‑2 den chéad uair, as a dtiocfadh paindéim iomlán agus géarchéim sláinte domhanda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin. Ó shin i leith, tá go leor tionscnamh agus ceachtanna a foghlaimíodh tagtha chun cinn i reachtaíocht de chuid an Aontais chun ár gcosaintí agus ár n‑ullmhacht comhchoiteann a neartú in aghaidh paindéimí agus bagairtí móra eile don tsláinte, amhail iad sin a tharlaíonn de bharr an athraithe aeráide.
I mí na Nollag 2023 freisin tá an chéad chothrom lae de theacht i bhfeidhm príomhghníomh reachtach i gcreat slándála sláinte an Aontais: Rialachán (AE) 2022/2371 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte.
Mhol an Coimisiún an Rialachán siar in 2020 mar chuid den chéad cholún d’Aontas Sláinte na hEorpa, mar aon le tograí maidir le sainorduithe leathnaithe do dhá phríomhghníomhaireacht sláinte de chuid an Aontais: an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA). Leis an Rialachán seo rinneadh uasghrádú ar na sásraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais maidir le cosc, ullmhacht, faireachas, luathrabhadh agus freagairt i réimse na sláinte phoiblí, agus tá sé mar chnámh droma in ailtireacht slándála sláinte an Aontais. Tá Aontas Sláinte na hEorpa – a bunaíodh fad is a bhíomar fós i lár ghéarchéim COVID‑19 – nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin – oibríochtúil anois agus torthaí á mbaint amach aige, lena n‑áirítear Údarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) an Choimisiúin, a cruthaíodh i Meán Fómhair 2021. Tugtar breac‑chuntas sa tuarascáil seo ar na mórfhorbairtí sin go dtí seo.
Fógraíodh in 2021 sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Drawing the early lessons from the COVID-19 pandemic [Na luathcheachtanna ó phaindéim COVID-19 a fhoghlaim]’
an tiomantas polaitiúil chun tuarascáil bhliantúil um staid na hullmhachta sláinte a dhréachtú chun an timpeallacht riosca foriomlán athraitheach agus staid na hullmhachta sláinte san Aontas a léiriú. Foilsíodh an chéad eagrán den Tuarascáil ar Staid na hUllmhachta Sláinte
in 2022 agus díríodh ann ar acmhainní ullmhachta a bhaineann le frithbhearta leighis. Is é príomhchuspóir thuarascáil na bliana seo gníomhaíochtaí an Aontais a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte a mhapáil, ag díriú ar na gníomhaíochtaí sin chun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2371 a chur chun feidhme (tá tuairisciú den sórt sin ina cheanglas, go deimhin, de réir Airteagal 9
). Mar dhara chuspóir, tugtar breac‑chuntas i dtuarascáil 2023 ar thionscnaimh agus obair leanúnach ábhartha atá dlúthghaolmhar ach atá, mar shampla, á gcomhordú ag seirbhísí an Choimisiúin lasmuigh de réimse beartais na sláinte poiblí. Trí na hidirnaisc sin a thaispeáint, tugtar san áireamh sa tuarascáil iarrachtaí an Aontais i réimse na slándála sláinte níos láidre ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ a ghlacadh. Aithníonn an tAontas agus go leor rialtas, eagraíochtaí agus tionscail dhomhanda luach chur chuige Aon Sláinte Amháin de bharr a thionchar ríthábhachtach ar phróisis choisc, ullmhachta agus measúnaithe riosca fhoriomlána.
2. COSC
Tá cosc ar cheann de na céimeanna bunriachtanacha sa timthriall bainistithe géarchéime, agus tá sé comhdhéanta de na gníomhaíochtaí uile atá dírithe ar ualach na mbagairtí don tsláinte a íoslaghdú agus na tosca riosca a bhaineann leo a mhaolú. Chódaigh Rialachán (AE) 2022/2371 go daingean coincheap an choisc mar aon le hullmhacht agus freagairt, dá réir sin ag soláthar bunús dlí láidir chun obair sa réimse seo a neartú. Cumhdaítear raon feidhme leathan de bhagairtí trasteorann don tsláinte poiblí i Rialachán (AE) 2022/2371: ó ghalair theagmhálacha go bagairtí ceimiceacha agus comhshaoil agus bagairtí de thionscnamh anaithnid
, dá réir sin ag cruthú creat uileghabhálach agus solúbtha don ullmhacht agus freagairt.
Vacsaíniú mar phríomhbheart coiscthe
Tá vacsaíniú ríthábhachtach chun scaipeadh galar ionfhabhtaíoch a chosc. Mar a léiríodh le linn phaindéim COVID‑19, bhí Straitéis an Aontais um Vacsaíní
trínar áirithíodh tacaíocht chun vacsaíní a fhorbairt agus infhaighteacht na vacsaíní sin do na Ballstáit uile agus na feachtais vacsaínithe náisiúnta in ann imeachtaí a athrú go mór, ag sábháil na milliúin saol ar fud an domhain (meastar go sábháladh 20 milliún saol sa chéad bhliain amháin
). Ní mheastar a thuilleadh gur éigeandáil sláinte poiblí ar ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í
COVID‑19, ach cuireann ECDC i dtábhacht go bhfuil sé fós fíor‑riachtanach go ndéanfadh tíortha vacsaíní COVID‑19 a rolladh amach (go háirithe ag díriú ar dhaoine fásta agus grúpaí leochaileacha leighis eile) chun galar tromchúiseach, ospidéaluithe agus básanna ón víreas
a laghdú. Tá an Coimisiún ag tacú leis na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh rochtain leanúnach ar vacsaíní COVID‑19 oiriúnaithe.
Tá an Coimisiún fós gníomhach i réimse an bheartais vacsaínithe tar éis COVID‑19, trí thacú leis na Ballstáit chun a gcumhdach vacsaínithe a mhéadú. Le Teachtaireacht ón gCoimisiún agus Moladh ón gComhairle in 2018 maidir le comhar neartaithe maidir le galar inchoiscthe trí vacsaíniú rinneadh tagairt do roinnt tosaíochtaí sa réimse seo, a chuir an Coimisiún i bhfeidhm ar bhonn treochlár atá ar fáil go poiblí
. Mar shampla, chun gníomhú in aghaidh drogall roimh an vacsaíniú sa phobal, ar riosca don tsláinte phoiblí é atá ag méadú, sheol an Coimisiún tionscnaimh amhail staidéir iompraíochta
,
; an Chomhghuaillíocht don Vacsaíniú, ag tabhairt gairmithe leighis an Aontais agus comhlachais mhac léinn le chéile chun vacsaíniú a mholadh; chomh maith le Tairseach Faisnéise an Aontais um Vacsaíniú
, ar foinse bheacht é d’fhaisnéis maidir le vacsaíniú don phobal i gcoitinne. Le leanúint ar aghaidh leis na hiarrachtaí sin, tá foghrúpa de Mheitheal Saineolaithe Sláinte Poiblí an Choimisiúin (PHEG)
tiomanta don vacsaíniú. Thairis sin, tairgeann ECDC anois oiliúint ar líne don phobal maidir le drogall roimh an vacsaíniú agus mífhaisnéis trína Acadamh Fíorúil
agus leanann sé ag óstáil Chomhoibriú tíortha an Ghrúpa Comhairleach Teicniúil um Imdhíonacht Náisiúnta (NITAG) sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), lena ndéantar measúnú ar riachtanais vacsaínithe agus lena gcuirtear comhairle ar rialtais náisiúnta maidir le straitéisí vacsaínithe.
Ag bogadh ar aghaidh, tá straitéis vacsaíne á forbairt ag an gCoimisiún ag díriú ar bhagairtí tosaíochta lena mbeadh gá le forbairt vacsaíní nua nó feabhas a chur ar vacsaíní atá ann cheana. Ina theannta sin, tá naisc láidre ag obair an Choimisiúin freisin ar Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa
, a léirítear sa togra atá ag teacht aníos maidir le Moladh ón gComhairle i ndáil le galair inchoiscthe trí vacsaíniú.
Comhroinnt trasteorann sonraí vacsaínithe le gairmithe cúraim sláinte ina dteanga
Seoladh bonneagar MyHealth@EU lena cheadú do ghairmithe sláinte sonraí sláinte leictreonacha a rochtain, ina dteanga, lena n‑áirítear taifid vacsaínithe, a bhaineann le hothair atá ag taisteal nó ag bogadh óna dtír bhaile chuig Ballstát eile. Is é leanúnachas cúraim a áirithiú an cuspóir. Tá rannpháirtíocht deonach (bunaithe ar Threoir 2011/24/AE maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann). Ó Iúil 2023 ar aghaidh, bhí 11 Bhallstát nasctha cheana féin le MyHealth@EU agus tá sé beartaithe ag níos mó nascadh amach anseo. Faoi thogra an Choimisiúin maidir le rialáil ar Spás Eorpach Sonraí Sláinte, atá faoi chaibidlíocht i láthair na huaire ag comhreachtóirí, bheadh rannpháirtíocht na mBallstát i mbonneagar MyHealth@EU éigeantach. Faoi chlár oibre 2023 EU4Health, tá deontais dhíreacha d’údaráis na mBallstát beartaithe le haghaidh forbairt agus feabhsú seirbhísí MyHealth@EU, lena n‑áirítear seirbhísí cárta vacsaínithe.
Faireachán a dhéanamh ar vacsaíní ar mhargadh an Aontais
D’athdhearbhaigh an t‑eispéireas le COVID‑19 an tábhacht a bhaineann le faireachán iar‑mhargaíochta a dhéanamh ar vacsaíní. Seoladh dá bhrí sin an tArdán nua um Faireachán Vacsaíní mar spás comhoibríoch idir ECDC agus EMA chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna taighde trí staidéir neamhspleácha ar scála mór ar fud an Aontais maidir le héifeachtacht agus faireachán sábháilteachta vacsaíní. Is gá acmhainneacht a fhorbairt sna Ballstáit agus na bonneagair a chruthú, ar leibhéil náisiúnta agus fonáisiúnta araon, chun gur féidir an faireachán inbhuanaithe agus fadtéarmach is gá a dhéanamh chun bonn eolais a chur faoin tsláinte phoiblí agus cinntí rialála i dtaca le vacsaíní ar mhargadh an Aontais agus a n‑úsáid i suíomhanna fíorshaoil.
Aghaidh a thabhairt ar fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach
Is é is frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach (FSFM) ann cumas miocrób amhail baictéir, víris agus fungais chun friotaíocht a fhorbairt agus na leigheasra a cheaptar chun iad a mharú a shárú. Tá bagairt ann go ndéanfadh FSFM an leigheas nua‑aimseartha mar is eol dúinn é a dhíscaoileadh. Beidh na blianta amach romhainn ríthábhachtach chun úsáid, rochtain agus forbairt stuama oibreán frithmhiocróbach éifeachtach a áirithiú agus dá réir sin beidh gá le feasacht níos mó ar an gcomhrac in aghaidh FSFM. Meastar go bhfaigheann 35 000 duine ar a laghad bás gach bliain san Aontas agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch mar iarmhairt dhíreach ar ionfhabhtuithe frithsheasmhacha. Is mó é sin ná líon iomlán na mbásanna de dheasca an fhliú, eitinne agus VEID/SEIF le chéile, agus tá an líon sin ag fás
. Níl FSFM i mbéal an phobail chomh mór is a bhí COVID‑19, ach ní paindéim chiúin atá ann a thuilleadh agus is gá gníomhaíocht phráinneach a ghlacadh chun na torthaí turraingeacha lena bhfuil coinne i láthair na huaire a chosc.
Ag cur le plean gníomhaíochta 2017 an Aontais maidir le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach
, in Aibreán 2023 mhol an Coimisiún Moladh ón gComhairle, a glacadh i Meitheamh 2023
. Moltar ann bearta chun FSFM a chomhrac i réimsí sláinte an duine, sláinte na n‑ainmhithe agus an comhshaol tríd an gur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’. Den chéad uair san Aontas, leagtar amach sa Mholadh spriocanna Aontais agus náisiúnta chun tomhaltas oibreán frithmhiocróbach a laghdú agus scaipeadh pataiginí criticiúla a rialú i sláinte an duine. Arna gceapadh le tacaíocht ó ECDC, ba cheart na spriocanna molta seo a bheith mar thiománaí gníomhaíochta náisiúnta agus faireacháin ar dhul chun cinn sna blianta amach romhainn.
Buaicphointe: comhghníomhaíocht i leith FSFM
Tá a acmhainní airgeadais á slógadh ag an Aontas freisin chun tacú le beartais agus bearta FSFM éifeachtacha. Infheistíodh os cionn EUR 57 milliún faoin gclár EU4Health ina chéad 3 bliana (2021-2023) chun FSFM a chomhrac – go suntasach comhghníomhaíocht nua maidir le FSFM le seoladh in 2024 chun Ballstáit uile an Aontais, an Íoslainn, an Iorua agus an Úcráin a thabhairt le chéile i gcomhghníomhaíochtaí chun FSFM a chomhrac feadh chur chuige Aon Sláinte Amháin.
Chun FSFM atá ag ardú a chomhrac, tá sé fíor‑riachtanach rochtain ar oibreáin fhrithmhiocróbacha atá ann cheana agus forbairt frithmhiocróbacha nua a áirithiú. An 26 Aibreán 2023, ghlac an Coimisiún le tograí le haghaidh treoir agus rialachán nua chun athbhreithniú agus ionadú a dhéanamh ar reachtaíocht chógaisíochta ghinearálta an Aontais atá ann cheana
. Tá bearta sna tograí chun nuálaíocht agus rochtain ar leigheasra san Aontas a fheabhsú, lena n‑áirítear oibreáin fhrithmhiocróbacha. Tugtar aghaidh ar FSFM le roinnt beart le go sonrach, i gcomhar leis an Moladh ón gComhairle thuas, a bhfuil sé mar aidhm leo úsáid stuama oibreán frithmhiocróbach a neartú agus áirítear orthu ‘dearbháin um chosaint sonraí inaistrithe’ chun forbairt antaibheathach nua a dhreasú. Ní bheadh incháilithe don scéim dearbháin ach oibreáin fhrithmhiocróbacha nua a théann i ngleic le FSFM agus na pataiginí tosaíochta atá aitheanta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS). Sa mholadh ón gComhairle maidir le dlús a chur le gníomhaíochtaí AE chun FSFM a chomhrac, ba dhíol sásaimh rún an Choimisiúin chun scéim dreasachta ‘tarraingthe’ iltíre de chuid an Aontais a dhearadh chun feabhas a chur ar nuálaíocht, chun feabhas a chur ar fhorbairt oibreán frithmhiocróbach nua agus chun feabhas a chur ar an rochtain ar oibreáin fhrithmhiocróbacha, bídís ann cheana nó nua, le tacaíocht airgeadais ó chlár EU4Health.
A mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht antaibheathach atá ann cheana agus a nganntanais a chosc le linn shéasúr fómhair agus geimhridh 2023, déanann an Coimisiún mar aon le EMA faireachán ar sholáthar agus éileamh príomh‑antaibheathach a úsáidtear chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe riospráide. Ar bhonn thorthaí an fhaireacháin sin, d’eisigh Grúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin maidir le Ganntanais agus Sábháilteacht Táirgí Íocshláinte EMA moltaí chun infhaighteacht antaibheathach atá i mbaol ganntanais féideartha a áirithiú. Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais táirgí íocshláinte san Aontas, leanfaidh an Coimisiún agus EMA ag déanamh dlúthfhaireacháin ar an gcás.
Tá breis tacaíochta á tabhairt ag an gCoimisiún d’fhorbairt agus do rochtain ar fhrithbhearta leighis coisctheacha, diagnóiseacha agus teiripeacha in aghaidh FSFM trína chuid oibre. Áirítear sa tacaíocht seo maoiniú a thabhairt do chomhlachtaí idirnáisiúnta amhail EDS, an Chomhpháirtíocht Dhomhanda um Thaighde agus Forbairt Antaibheathach
agus a gcomhthionscnamh SSECURE
, atá ag obair chun antaibheathaigh
agus vacsaíní nua a fhorbairt in aghaidh ionfhabhtuithe FSFM
. Tá HERA Invest, clár breisithe EUR 100 milliún le clár InvestEU, atá dírithe ar chuideachtaí beaga agus meánmhéide a fhorbraíonn frithbhearta leighis chun aghaidh a thabhairt ar FSFM freisin.
An tráth céanna, tá cuspóirí phlean gníomhaíochta 2017 an Aontais agus Moladh 2023 ón gComhairle maidir le FSFM á mbaint amach le clár réime um thaighde agus um nuálaíocht an Aontais, Fís Eorpach. Le bliain anuas, thug sé tacaíocht trí ghníomhaíocht chomhordaithe agus tacaíochta, DESIGN OH AMR (DESIGN One Health AntiMicrobial Resistance)
, chun comhpháirtíocht comhchistithe Eorpach maidir le taighde agus nuálaíocht FSFM Aon Sláinte Amháin a fhorbairt, le seoladh in 2025, lena bhfuil coinne go rannchuideoidh an tAontas EUR 100 milliún. Lean sé freisin ag soláthar acmhainní maoinithe do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta maidir le OH FSFM de bheagnach EUR 200 milliún ó thús chlár Fís Eorpach.
Seachas a iarrachtaí i sláinte an duine agus sláinte na n‑ainmhithe, leanann an Coimisiún ag aithint an chomhshaoil mar thaiscumar frithsheasmhachta is gá a thuiscint a thuilleadh mar a aithnítear i gCur Chuige Straitéiseach an Aontais i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol
. Trí thionscnaimh faoin gComhaontú Glas don Eoraip
agus go háirithe an Plean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú, d’fheidhmigh an Coimisiún i roinnt fearann comhshaoil. Maidir le huisce, molann an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta truailleán i screamhuisce agus in uisce dromchla
, lena n‑áirítear líon substaintí FSFM agus géinte FSFM. Bunaítear freisin sa togra ón gCoimisiún le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh
, i measc bearta eile, faireachán ar pharaiméadair sláinte i bhfuíolluisce uirbeach, lena n‑áirítear faireachas éigeantach ar FSFM chun ullmhacht an Aontais in aghaidh paindéimí nó mórbhagairtí eile don tsláinte poiblí a fheabhsú, mar atá á dhéanamh faoi láthair i leith COVID‑19.
Maidir le hithir, tá an Coimisiún ag féachaint ar ghéinte FSFM i miocrorgánaigh in ithreacha talmhaíochta trí shuirbhé LUCAS Soil 2018
, agus tá coinne le tuarascálacha faoi dheireadh 2023. Léirítear sna réamhthorthaí go raibh leibhéil inbhraite géinte FSFM
sna níos mó ná 600 sampla. Trína thogra beartaithe ar an Dlí maidir le hAthchóiriú an Dúlra, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún freisin feidhmiú ar athléimneacht mhéadaitheach in aghaidh géinte den sórt sin trí shláinte éiceachóras is féidir feidhmiú mar bhac le scaipeadh MAR a athchóiriú. Ina theannta sin, trí LUCAS Soil 2018, tá an Coimisiún ag fiosrú géinte sintéis antaibheathach (ABG) in ithreacha ar féidir leo rannchuidiú le táirgí íocshláinte nua. Óstálfar torthaí na ngéinte FSFM agus ABG i bhFaireachlann Ithreach an Aontais (EUSO).
Galair zónóiseacha amhail fliú na n‑éan a chosc
Is de bhunús zónóiseach os cionn 60 % de na bagairtí i ndáil le galair ionfhabhtaíocha atá ag teacht chun cinn
; mar sin is gá dúinn fanacht airdeallach maidir leis an bhféidearthacht go dtiocfaidh an chéad phaindéim eile ó fhoinse ainmhíoch.
Braitheann an tAontas ar dhá phríomhphíosa reachtaíochta chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí galar ionfhabhtaíoch a thagann ó ainmhithe. Is iad sin Treoir 2003/99/CE
, lena n‑áirithítear faireachán agus meastóireacht chuí ar zónóisí, oibreáin zónóiseacha agus ráigeanna bia‑iompartha, agus Rialachán (AE) 2016/429 (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) lena leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú zónóisí, lena n‑áirítear iad a bhrath, a fhógairt agus a thuairisciú go luath.
Breithníodh an cur chuige Aon Sláinte Amháin cheana féin i ngníomhaíochtaí an Aontais le deacáidí, ach chuir paindéim COVID‑19 i dtábhacht arís tábhacht an chur chuige seo maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt agus an gá le comhordú optamach ar fud earnálacha. Éilítear go sainráite anois i Rialachán (AE) 2022/2371 don chur chuig Aon Sláinte Amháin chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn.
Laistigh de mhíonna ó glacadh le Rialachán (AE) 2022/2371, reáchtáil an Coiste Slándála Sláinte – an phríomhchomhlacht atá ag déileáil le bagairtí don tsláinte poiblí – roinnt cruinnithe comhpháirteacha le Príomh‑Oifigigh Tréidliachta an Aontais chun plé a dhéanamh ar bhagairt an Fhliú Éanúil Ardphataiginigh (HPAI) agus na bearta sláinte ainmhí agus sláinte an duine is gá chun riosca iarmhairtí zónóiseacha do dhaoine a chosc. Mórbhagairt don tsláinte is ea HPAI agus bíonn gá le haireachas, luathbhrath agus freagairt mhear agus luath le haon cheann dá iarmhairtí ag an tús. I séasúr 2022/23 bhí ceann de na heipidéim HPAI ba mhó in éanlaith fiáine agus éanlaith chlóis san Aontas go dtí seo agus ráigeanna móra i measc mamach. Déantar foráil i reachtaíocht ábhartha an Aontais
gur gá do na Ballstáit uile faireachas a dhéanamh, chun luathbhrath HPAI in éin agus i mamaigh a cheadú. Áirithíonn sláinte na n‑ainmhithe comhchuibhiú na mbeart is gá do na Ballstáit uile a chur chun feidhme nuair a bhraitear víreas HAPI in éanlaith choinnithe chun a scaipeadh a chosc agus a rialú; agus tugann sé an bunús dlí do na húdaráis inniúla na bearta is gá a ghlacadh i gcás ina mbraitear an víreas i mamaigh.
Ó Mheán Fómhair 2017, thug an Coimisiún sainordú don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) agus ECDC chun measúnú tráthrialta a dhéanamh, i gcomhpháirt le Saotharlann Tagartha an Aontais i gcomhair fliú na n‑éan i sláinte na n‑ainmhithe
, cás eipidéimeolaíoch HPAI agus éabhlóid shaintréithe géiniteacha víris HPAI a bhraitear in ainmhithe. Foilsítear tuarascálacha eolaíocha le torthaí na measúnuithe sin gach 2 go 3 mhí
agus cuirtear roghanna ar fáil iontu chun freagairt do na rioscaí sainaitheanta do shláinte na n‑ainmnithe agus don tsláinte phoiblí.
Mar aon le roinnt de na Ballstáit, tá an Coimisiún ag obair ar an bhféidearthacht chun vacsaíní a fháil in aghaidh an fhliú zónóisigh i ndaoine tríd an sásra Soláthair Chomhpháirtigh. Tá na chéad lastais de vacsaín den sórt sin chuig na Ballstáit beartaithe do thús 2024. Neartódh ceannach comhchoiteann vacsaíní zónóiseacha ullmhacht na mBallstát in aghaidh phaindéim fhliú na n‑éan tríd an dá chreatchonradh atá ann cheana a chur le chéile – arna gcur i gcrích freisin faoin sásra um Sholáthar Comhpháirteach – chun os cionn 110 milliún dáileog de vacsaín phaindéime a choimeád. Dháilfí dáileoga na vacsaíne paindéime ar na Ballstáit atá rannpháirteach sna conartha coimeádta tar éis don EDS paindéim fhliú a dhearbhú.
Athrú aeráide agus bagairtí don tsláinte a bhaineann leis an gcomhshaol a chosc agus ullmhú dóibh
Braitheadh éifeachtaí an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil go mór i samhradh 2023, toisc go raibh teagmhais adhaimsire ina gcúis le tuilte uafásacha sa Bhulgáir, sa Chróit, sa Ghréig, sa Spáinn, san Iodáil, sa Rómáin agus sa tSlóivéin agus bhí roinnt de na teochtaí is airde a taifeadadh riamh san Aontas de thoradh brothaill. Is gá gníomhaíocht i réimse na sláinte poiblí a chur sa siúl chun na daoine is leochailí go háirithe a chosaint, agus chun a mhéid básanna de dheasca teasa agus is féidir a chosc. Tá aeráid an Aontais atá ag téamh go tapa freisin ag éirí níos oiriúnaí do ghalair ionfhabhtaíocha aeráid-íogaire, go háirithe galair veicteoir‑iompartha. Thairis sin, tá athrú aeráide ag cur dlús le coscairt talún síorshioctha, rud lena bhféadfaí miocrorgánaigh is ábhar imní agus atá suanach le fada a scaoileadh.
Shainaithin HERA pataiginí atá tugtha do phaindéim atá veicteoir‑iompartha freisin, amhail fiabhras buí, fiabhras deinge, zika, chikungunya agus fiabhras na Níle Thiar, mar bhagairtí tosaíochta agus tá obair fós ar siúl chun an armlann frithbheart leighis a leathnú trí infheistiú i dtaighde agus forbairt uirlisí leighis nuálacha le haghaidh ullmhacht phaindéime trí chláir Fís Eorpach agus EU4Health. Mar shampla, tá an Comhcheangal um Nuálaíochtaí Ullmhachta Eipidéime (CEPI) á mhaoiniú ag an gCoimisiún trí Chlár Fís Eorpach chun staidéir éifeachtachta agus eolaíocha eile a dhéanamh chun úsáid féideartha vacsaíní chikungunya ceadúnaithe a leathnú chuig leanaí, daoine imdhíon-lagaithe agus mná torracha. Tá bealaí á bhfiosrú ag an gCoimisiún freisin chun tacú le bearta um rialú veicteora (e.g. teicnící feithide steiriúil).
Áirítear ar obair eile a rinneadh le déanaí chun tacú le hullmhacht sláinte i ndáil leis an athrú aeráide agus rioscaí comhshaoil inter alia:
·táirgí nua den Faireachlann Eorpach Aeráide agus Sláinte
, arna n‑oibriú ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus an Coimisiún Eorpach, a eisíodh in 2023 (go suntasach táscairí, bileoga fíoras, agus réamhaisnéisí maidir le sláinte teasa, galair ionfhabhtaíocha, sláinte ceirde agus truailliú aeir);
·Dearbhú den Seachtú Comhdháil Aireachta um an gComhshaol agus an tSláinte (Dearbhú Búdaipeist)
ó Iúil 2023, ina bhfoirmlítear gealltanais agus gníomhaíochtaí polaitiúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sláinte a bhaineann leis an athrú aeráide, truailliú agus cailliúint bithéagsúlachta;
·Dearbhú COP28 ar an Aeráid agus Sláinte, arna shíniú tráth an chéad Lá Sláinte ag an 28ú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP28) an 2 Nollaig 2023;
·seoladh leagan cothrom le dáta den treoraíocht maidir le pleananna gníomhaíochta sláinte teasa Réigiún Eorpach EDS
, lena dtacaíonn an tAontas faoina chlár LIFE;
·forbairt an chéad Mheasúnú Riosca Aeráide de chuid an Aontais
, ina n‑áireofaí caibidlí tiomanta maidir le sláinte agus tá sé le foilsiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil in earrach 2024;
·foilsiú thuarascáil faireacháin agus ionchais an truaillithe nialasaigh chomhtháite i mí na Nollag 2022, a mbeidh a sonraí débhliantúla tugtha cothrom le dáta mar fhotha go rialta le Clárlann Éagothromaíochtaí Ailse agus Atlas na Déimeagrafaíochta, chun treochtaí a shainaithint ar bhealach níos fearr i ndáil freisin le galair eile a bhaineann le truailliú, chun deis a thabhairt do dhaoine comparáid a dhéanamh ar a mhéid a dhéanann truailliú difear dá sláinte ar fud an Aontais agus chun cuidiú idirghabhálacha a spriocdhíriú ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal áitiúil chun costéifeachtacht agus ullmhacht a fheabhsú.
Faoi chuimsiú an phlean gníomhaíochta don truailliú nialasach, tá gníomhaíocht bhreise glactha ag an gCoimisiún chun dul i ngleic le truailliú aeir, uisce agus ithreach. D’ainneoin feabhsúcháin shuntasacha i gcáilíocht an aeir le roinnt deacáidí anuas, tá truailliú aeir fós ar an riosca sláinte is mó a bhaineann leis an gcomhshaol, le mortlaíocht (meastar go bhfuil níos mó ná 230 000 bás anabaí san Aontas gach bliain) agus galracht.
Mhol an Coimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 caighdeáin cháilíochta an aeir AE a ailíniú níos dlúithe le moltaí EDS mar phríomhghné lena phacáiste beartais maidir le truailliú nialasach.
Anuas ar na tograí thuasluaite maidir le cóireáil fuíolluisce agus truailleáin uisce, ghlac an Coimisiún freisin tograí maidir le hathbhreithniú na Treorach maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, chomh maith le Treoir nua maidir le Sláinte agus Athléimneacht na hIthreach a bhfuil sé d’aidhm acu araon tairbhí sláinte inláimhsithe a sholáthar.
3. ULLMHACHT
Tá an t‑ullmhacht – na struchtúir agus na hacmhainneachtaí a bheith i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun bagairtí don tsláinte phoiblí a thuar, chun freagairt dóibh agus chun téarnamh uathu – ina gné fíor‑riachtanach de chreat slándála sláinte an Aontais. Má theiptear ullmhú ullmhaítear chun teipthe.
Ullmhacht, tuairisciú agus measúnú: ceanglais níos láidre
Mar gheall ar ghlacadh le déanaí Rialachán (AE) 2022/2371 ceadaíodh do ghníomhaíochtaí ullmhachta a neartú ar leibhéal an Aontais laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát. Go suntasach, ceanglaítear leis an Rialachán tuairisciú maidir le pleanáil ullmhachta náisiúnta a leathnú agus tugtar isteach an fhéidearthacht go ndéanfaí athbhreithniú agus measúnú Aontais ar inniúlachtaí ullmhachta náisiúnta lena áirithiú go gcoinnítear ar bun go leordhóthanach iad. Tugadh timthriall tuairiscithe nua isteach: lenar leathnaíodh tuairisciú maidir le hacmhainneachtaí ullmhachta na mBallstát chuig an gCoimisiún, agus measúnuithe ina dhiaidh sin arna ndéanamh ag ECDC agus tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Glacadh leis an gcéad ghníomh cur chun feidhme faoin Rialachán i mí Mheán Fómhair 2023, ina ndearnadh foráil maidir le tuairisciú na mBallstát um pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha ar an leibhéal náisiúnta
.
Tugtar isteach leis an Rialachán seo freisin Plean Coisc, Ullmhachta agus Freagartha an Aontais, a fhorbrófar in 2024. Cumhdófar sa phlean obair agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hullmhacht agus freagairt sláine, feadh seirbhísí uile an Choimisiúin, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí na Comhairle agus an Aontais, chomh maith le hidirghníomhuithe agus comhordú le comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha.
I ndlúthchomhar leis na Ballstáit, tá pleanáil sláinte éigeandála á neartú ag an gCoimisiún freisin tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM)
. Déantar é sin trí phleananna ullmhachta agus freagartha sláinte éigeandála sonracha a fhorbairt, amhail an plean ullmhachta dónna
, ina dtugtar breac‑chuntas ar na treoirlínte um aslonnú leighis atá le leanúint i gcás tubaiste ina bhfuil líon mór othar dó. Ina theannta sin, tá dhá chás tubaiste ar fud an Aontais á bhforbairt ag an gCoimisiún, faoin UCPM agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, ina ndírítear go hiomlán ar chás éigeandáil sláinte, amhail paindéim nó tubaiste núicléach.
Ina Theachtaireacht arna ghlacadh i gcomhthéacs Shuirbhé um Fhás Inbhuanaithe Bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh 2023
, chuir an Coimisiún i dtábhacht freisin an gá le haireachas agus infheistíocht mhéadaithe sna Ballstáit uile lena áirithiú go bhfuil na córais sláinte ullmhaithe go hoiriúnach le déileáil le haon ghéarchéimeanna sláinte amach anseo.
Oiliúint agus tástáil ar inniúlachtaí ullmhachta
Oiliúint agus neartú acmhainní
Tá sé beartaithe le tionscadal ULLMHACHT AN AONTAIS, arna mhaoiniú ag an gclár EU4Health, clár oiliúna a fhorbairt agus a sholáthar i 30 tír. Cuideoidh sé chun ullmhacht le haghaidh géarchéimeanna agus chun acmhainneachtaí faireachais a neartú agus comhar trastíre a éascú idir saineolaithe i réimse na sláinte poiblí agus in earnálacha eile.
Thairis sin, faoi UCPM, eagraíodh roinnt cleachtaí allamuigh leighis chun comhordú agus idir‑inoibritheacht an bhFoirne Éigeandála Leighis a thástáil.
Tá forbairt á déanamh freisin ar chlár oiliúna maidir le bainistíocht frithbheart leighis is gá chun ullmhachta agus freagartha do bhagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte. Táthar ag díriú i ngníomhaíochtaí oiliúna tosaigh ar stoc‑charnadh, soláthar agus srianta slabhra soláthair agus comhlánófar é le cleachtaí ionsamhlúcháin chun creata comhordaithe agus freagartha a thástáil agus a fheabhsú.
Tá oiliúint agus fothú acmhainneachta sna Ballstáit ina ngnéithe den ullmhacht i gcás inar féidir leis an Aontas breisluach a thairiscint. Eagraíonn an Coimisiún gníomhaíochtaí oiliúna i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha an Aontais, chomh maith le heagraíochtaí gairmiúla agus othar. Trí na gníomhaíochtaí sin cuirtear an t‑eolas agus na scileanna is gá chun na pleananna náisiúnta coisc, ullmhachta agus freagartha a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar fáil d’fhoirne cúraim sláinte agus sláinte poiblí.
Ina theannta sin, is féidir le tástáil athléimneachta ar chórais sláinte in aghaidh cásanna turrainge sonracha (e.g. paindéimí, tonnta teasa agus easnamh oibrithe sláinte) ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna a fheabhsú. Tá modheolaíocht tástála athléimneachta do chórais sláinte, arna comhthreorú ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus ag an bhFaireachlann Eorpach um Chórais agus Beartais Sláinte agus arna thacú ag clár EU4Health. Cuirfidh an mhodheolaíocht sin ar chumas na mBallstát athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna sláinte agus athléimneacht a gcóras sláinte in aghaidh cásanna ardbhrú sonracha agus dúshlán struchtúracha fadtéarmach.
Ullmhacht i bhfrithbhearta leighis
Is é atá i gceist le hullmhacht i bhfrithbhearta leighis a bhforbairt a chomhordú. I mí Iúil 2022, chuir an Coimisiún i gcrích an chéad cleachtadh tosaíochta chun na trí bhagairt is mó don tsláinte lenar cheart frithbhearta leighis a bheith ar fáil i gcás riachtanais, agus a bhfuil gá le comhordú beart ina leith ar leibhéal an Aontais: (1) pataiginí a bhfuil ardacmhainneacht paindéime acu; (2) bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha; agus (3) bagairtí a eascraíonn as frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach
. Tugadh de chúram do HERA an Choimisiúin rannchuidiú le forbairt, táirgeadh agus dáileadh frithbhearta leighis i gcás éigeandála. Tá soláthar agus stoc‑charnadh frithbheart leighis éifeachtúil a áirithiú fós mar phríomhghnéithe de dhea‑straitéis ullmhachta.
Tá ról fíor‑riachtanach ag an gComhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach do Fhrithbhearta Leighis (JPA), a cuireadh i gcrích in 2014 mar fhreagairt ar phaindéim fliú A/H1N1, chun cuidiú leis na Ballstáit táirgí íocshláinte agus soláthairtí criticiúla a fháil le linn phaindéim COVID‑19 (teiripí in aghaidh COVID‑19, trealamh cosanta pearsanta, aerálaithe, soláthairtí vacsaíní, feistí tástála, etc.) trí níos mó ná 200 conradh de luach foriomlán níos mó ná EUR 12 billiún
. Tá an Coimisiún, na Ballstáit agus tíortha sínithe JPA eile ag forbairt anois ar an eispéireas comhair sin le linn éigeandála chun úsáid JPA maidir le hullmhacht agus freagair a fheabhsú. Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais táirgí íocshláinte san Aonta, féachfaidh an Coimisiún freisin ar sholáthar comhpháirteach a úsáid chun antaibheathaigh agus cóireálacha do víris riospráide a fháil roimh gheimhreadh 2024/2025.
Soláthar comhpháirteach le haghaidh vacsaíní fliú
Tá 15 thír sínithe JPA rannpháirteach i soláthar comhpháirteach vacsaíní in aghaidh an fhliú ardphataiginigh. Is é is cuspóir leis spriocghrúpaí leochaileacha a vacsaíniú, amhail oibrithe feirme, chun aistriú an víris ó éin agus ainmhithe go daoine a chosc, agus, dá réir sin, chun ráig féideartha de fhliú na n‑éan a chosc.
Tá JPA fós ina ionstraim thábhachtach chun vacsaíní ullmhachta phaindéim fliú a choimeád agus a shlánú go comhpháirteach. Tá dhá chonradh seasta faoin JPA le haghaidh vacsaíní den sórt sin faoi láthair. Faoi dheireadh 2024 rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus le tíortha sínithe eile JPA maidir lena dtoilteanas conarthaí den sórt sin a athnuachan laistigh de chreat JPA.
Is féidir JPA a úsáid go solúbtha agus dá réir sin, tá ról tábhachtach acu in ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna sláinte trí rochtain a éascú don Choimisiún agus do na Ballstáit ar fhrithbhearta leighis ábhartha don ullmhacht, lena n‑áirítear frithbhearta nua nó annamha.
Tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/2371 creat beachtaithe don soláthar comhpháirteach, lena n‑áirítear an fhéidearthacht don Choimisiún clásal eisiachais a mholadh maidir le soláthar comhpháirteach áirithe (i.e. nuair a roghnaíonn tíortha bheith rannpháirteach i soláthar comhpháirteach AE, is gá dóibh staonadh ó sholáthar náisiúnta comhthreomhar a dhéanamh don fhrithbheart leighis céanna). I gcásanna ina bhfuil údar (agus má chomhaontaíonn na Ballstáit rannpháirteacha uile agus tíortha eile JPA), ba cheart seasamh caibidlíochta agus slándáil soláthair a neartú dá gcuirfí an clásal eisiachais i bhfeidhm. Beidh gá don Choimisiún réamh‑mheasúnú maidir le soláthar comhpháirteach a dhéanamh lena dtugtar le fios coinníollacha beartaithe ginearálta an nós imeachta soláthair chomhpháirtigh, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann leis an ngá féideartha le heisiachas ar bhonn cás ar chás.
Gné thábhachtach den ullmhacht is ea bagairtí féideartha agus leochaileachtaí i slabhraí soláthair frithbheart leighis a thuar, mar aon le stoc‑charnadh frithbheart leighis nua agus feabhsaithe, agus forbairt na bhfrithbheart leighis sin a éascú. In 2022, sheol an Coimisiún EU FAB, líonra acmhainneachtaí táirgthe vacsaíne atá ‘i gcónaí réidh le dul’ ar féidir a ghníomhachtú go tapa i gcás éigeandáil sláinte poiblí. An 30 Meitheamh 2023, síníodh ceithre chonradh EU FAB le monaróirí cógaisíochta chun acmhainneacht a chur in áirithe chun suas le 325 milliún vacsaín de chineálacha éagsúla a tháirgeadh go bliantúil. Déanann an Coimisiún stoc‑charnadh freisin ar fhrithbhearta leighis faoi rescEU – cúltaca straitéiseach mar rogha dheireanach arna maoiniú ag an Aontas, ónar féidir leis na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe cúnamh a iarradh. Go dtí seo, infheistíodh EUR 1,2 billiún i stoc‑chairn a fhorbairt in aghaidh bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte, lena n‑áirítear bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN). Tar éis an chéad ghlao ar thairiscintí in 2022 roghnaíodh an Fhrainc, an Chróit, an Pholainn agus an Fhionlainn chun na stoc‑chairn a óstáil. Fógrófar torthaí an dara glao ag deireadh 2023.
3. FAIREACHAS AGUS CÓRAIS LUATHRABHAIDH
Faireachas sláinte poiblí ar ghalair theagmhálacha
Gan faireachas sláinte poiblí, ní bheimis in ann faireachán a dhéanamh ar threochtaí galar teagmhálach, ráigeanna a bhrath go luath ná meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht beart agus beartas sláinte poiblí. Príomhghné eile fós den tsláinte phoiblí a bhí ansin ar leagadh béim ar a tábhacht le linn phaindéim COVID‑19. Féachadh i staidéar a rinneadh le déanaí
ar cheachtanna a foghlaimíodh ó fhaireachas san Aontas le linn phaindéim COVID‑19. Tá roinnt éagsúlachta fós ann i gcáilíocht na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit i ndáil le réimsí galair, in ainneoin iarrachtaí ECDC tacaíocht mhodheolaíoch a sholáthar do na Ballstáit agus do phrótacail tuairiscithe. Is féidir feabhas a dhéanamh i gcás dul chun cinn teicneolaíochtaí, amhail ardáin dhigiteacha don fhaireachas, d’ainneoin na móriarrachtaí a rinneadh le linn bhlianta na paindéime.
Tugtar córas faireachais eipidéimeolaíoch ardfheidhmíochta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh isteach le Rialachán (AE) 2022/2371. Ionchorpraítear ann intleacht shaorga agus uirlisí digiteacha a úsáid i gcomhar bailíochtaithe sonraí, anailíse agus tuairiscithe uathoibrithe, ag áirithiú samhaltú agus measúnuithe riosca atá beacht. Chun faireachas eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha a chomhlánú, le Rialachán (AE) 2022/2371 ceanglaítear ar na Ballstáit dlús a chur lena dtuairisciú ar chórais táscairí, lena n‑áirítear acmhainneacht na gcóras sláinte (e.g. infhaighteacht leapacha ospidéil, cóireáil speisialaithe agus acmhainneacht dianchúraim, agus an líon foirne ar a bhfuil oiliúint leighis). Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar liosta galair theagmhálacha agus saincheisteanna sláinte speisialta (e.g. FSFM) atá infhógartha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá sé beartaithe go mbeidh an liosta cothrom le dáta i bhfeidhm faoi lár 2024. Tá an Coimisiún ag tacú le huasghrádú chórais faireachais náisiúnta na mBallstát trí bheagnach EUR 100 milliún a sholáthar i ndeontais dhíreacha le haghaidh forbairt bonneagair, fothú acmhainneachta agus tosaíochtaí náisiúnta sonracha.
Acmhainneachtaí saotharlainne a neartú maidir le faireachas agus forbairt frithbheart leighis
Saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh i réimse na sláinte poiblí
Úrnuacht eile a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/2371 is ea cruthú saotharlann tagartha AE (EURLanna) i réimse na sláinte phoiblí, chun tacaíocht a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta agus chun dea‑chleachtas agus ailíniú ar bhonn deonach a chur chun cinn maidir le diagnóisic, modhanna tástála, agus tástálacha áirithe a úsáid le go ndéanfaidh na Ballstáit faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach ar ghalair. Tá an Coimisiún agus ECDC ag obair go dlúth chun na EURLanna a chur chun feidhme. Ainmneofar an chéad sé EURL ag tús 2024 agus maoineofar iad faoi chlár EU4Health.
DURABLE
Sheol an Coimisiún tionscadal líonra saotharlann DURABLE (2023-2027)
comhdhéanta de shaotharlanna sláinte poiblí agus acadúla chun tacú le taighde agus forbairt i ndáil le frithbhearta leighis. Slógann DURABLE, arna mhaoiniú faoi chlár EU4Health, acmhainneachtaí turgnamhacha a chomhaltaí chun luas a chur faoi fhorbairt frithbheart leighis, lena n‑áirítear diagnóisicí, teiripicí, agus vacsaíní. Tá fócas domhanda ag DURABLE, a bhuí le rannpháirtíocht na gcomhaltaí le hacmhainneachtaí saotharlainne ar fud an domhain agus tá sé comhlántach leis na EURLanna.
Ardáin dhigiteacha feabhsaithe nua‑aimseartha don fhaireachas
Tá forbairt thapa na n‑uirlisí digiteacha ag éascú bailiú sonraí agus comhroinnt tráthúil. Chun córais faireachais AE a neartú, le Rialachán (AE) 2022/2371 feabhsaítear úsáid ardán digiteach freisin.
I Meitheamh 2021, sheol ECDC an tairseach faireachais Eorpach do ghalair ionfhabhtaíocha (EpiPulse), ardán chun faireachas fíor‑ama ar ghalair ionfhabhtaíocha a chumasú
. Tairseach ar líne is ea EpiPulse d’údaráis sláinte poiblí agus eagraíochtaí comhpháirtíochta AE/LEE chun sonraí maidir le galar ionfhabhtaíoch a bhailiú, a anailísiú, a chomhroinnt agus a phlé. Tacaíonn sé le bagairtí a bhrath, faireachán, measúnú riosca agus freagairt ráige. Déanfar tuilleadh forbartha ar EpiPulse chun ceanglais Rialachán (AE) 2022/2371 a chur san áireamh agus comhtháthóidh sé freisin uirlisí eile tuairiscithe amhail Córas Faireachais Eorpach don fhaireachas bunaithe ar tháscairí (TESSy)
. Tá ECDC ag obair ar Fhaisnéis Eipidéime ó Fhoinsí Oscailte (EIOS) a chomhtháthú – príomhuirlis um brath bagartha a forbraíodh i gcomhar le EDS
– le EpiPulse chun an córas um brath bagartha, faireacháin agus measúnaithe a chuíchóiriú.
Tá córas TF ATHINA (Ardteicneolaíocht don Fhaisnéis agus Gníomhaíocht Sláinte)
á fhorbairt ag an gCoimisiún chun tacú lena ghníomhaíochtaí laethúla um measúnú bagartha agus chun léargais úsáideacha a ghiniúint don chinnteoireacht. Cuideoidh ATHINA leis an gCoimisiún comharthaí ábhartha a bhrath ar bhagairtí féideartha don tsláinte a bhfuil gá le freagairt fhrithbheart leighis ina leith atá bunaithe ar anailís ar an slabhra soláthair agus leochaileachtaí sainaitheanta i soláthar frithbheart leighis, lena n‑áirítear an riosca ganntanas agus spleáchas straitéiseach. Chuige sin, le ATHINA baileofar faisnéis trí shonraí a mhalartú maidir le frithbhearta leighis agus bagairtí don tsláinte poiblí leis na bunachair sonraí ábhartha (e.g. iad sin de chuid ECDC agus EMA); córais atá ann cheana a athúsáid (e.g. ardán EIOS EDS) agus foinsí eile; agus idir‑inoibritheacht a áirithiú i measc réiteach digiteach.
Cumhacht na sonraí sláinte a dhíghlasáil
Tá sé beartaithe leis an togra i gcomhair rialacháin maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte cumhacht na sonraí sláinte a dhíghlasáil trí athúsáid sonraí sláinte leictreonacha a chumasú le haghaidh taighde, nuálaíochta, staidreamh oifigiúil, ceapadh beartais agus gníomhaíochtaí rialála. Áirítear sa mhéid sin athúsáid sonraí sláinte chun críocha faireachais chun cosaint in aghaidh bagairtí don tsláinte nó chun ardchaighdeáin i gcáilíocht agus sláinte chúram sláinte agus táirgí íocshláinte agus feistí leighis a áirithiú. Chun bonneagar an Aontais a fhorbairt agus a chur in úsáid do dhara úsáid sonraí sláinte, seoladh HealthData@EU i mí Dheireadh Fómhair 2022 mar chlár píolótach 2 bhliain. Déanfaidh sé tástáil ar an mbonneagar do dhara úsáid sonraí sláinte ar chásanna úsáide. Áirítear ar shamplaí díriú ar fhaireachas agus úsáid tástála FSFM, ospidéaluithe, agus comhlíonadh vacsaínithe i bhfodhaonraí leochaileacha. Glacfaidh ECDC páirt freisin sa tionscadal trí mheasúnú a dhéanamh ar úsáid an bhonneagair chun faireachas a dhéanamh ar shláinte phoiblí.
Borradh a chur faoi chórais faireachais Aon Sláinte Amháin chomhtháite
Tá an Coimisiún ag tacú le córais faireachais Aon Sláinte Amháin a chumhdaíonn na naisc idir sláinte an duine agus sláinte na n‑ainmhithe agus an comhshaol. Ar cheann díobh sin tá an chomhghníomhaíocht EUR 7,8 milliún ‘Union and National Capacity Building for IntegraTED Surveillance (UNITED4Surveillance) [Fothú Acmhainneachta Aontais agus Náisiúnta don Fhaireachas Comhtháite]’
, arna mhaoiniú faoi chlár EU4Health agus arna sheoladh i mí Feabhra 2023 le húdaráis inniúla náisiúnta chun comhtháthú córas faireachais a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais Eorpaigh trí thacú le feabhsuithe i gcórais faireachais náisiúnta. Dírítear in UNITED4Surveillance ar threoirlínte a shainiú chun foinsí éagsúla ríomhshonraí sláinte agus clár/bunachair sonraí digiteacha a chomhtháthú, fothú acmhainneachta laistigh den Aontas Eorpach agus taobh amuigh de, agus slándáil sláinte domhanda a fheabhsú.
Anuas air sin, tá EUR 20 milliún de dheontas díreach curtha ar fáil do na Ballstáit le haghaidh córas faireachais comhordaithe faoin gcur chuige Aon Sláinte Amháin le haghaidh pataiginí trasteorann
. Cuideoidh an deontas sin le húdaráis na mBallstát rannchuidiú le córas faireachais ainmhithe agus comhshaoil a bhunú agus a mhéadú do zónóisí, lena n‑áirítear bailiú agus measúnú leanúnach córasach sonraí ag EFSA i gcomhar le ECDC. Soláthróidh sé gnéithe sláinte agus comhshaoil ainmhithe chun an ghníomhaíocht thuas a chomhlánú ar thaobh an duine, maidir le faireachas comhtháite Aon Sláinte Amháin.
Seolfaidh an Coimisiún staidéar féidearthachta go luath in 2024 maidir le córais faireachais chomhtháite i ndáil le FSFM agus úsáid oibreán fhrithmhiocróbach ó na hearnálacha daonna, tréidliachta agus comhshaoil. Tacóidh an staidéar sin leis na Ballstáit chun córais faireachais chomhtháite a fhorbairt chun ionfhabhtuithe agus ráigeanna frithsheasmhacha atá ag teacht chun cinn a bhrath go héifeachtúil agus go mear; agus freisin chun treochtaí maidir le láithreacht géinte FSFM agus oibreán frithmhiocróbach in ithreacha agus uiscí, agus a dtocsaineacht a chinneadh. Leis sin feabhsófar an tuiscint ar eipidéimeolaíocht chasta FSFM a thuiscint chun moltaí beartais a threorú amach anseo le freagairt do rioscaí FSFM sula mbíonn siad ina n‑éigeandálaí mhórscála.
Fuíolluisce: foinse don fhaireachas sláinte poiblí
Le linn phaindéim COVID‑19, tháinig faireachas bunaithe ar fhuíolluisce ar SARS-CoV-2 agus a athraithigh chun cinn mar fhoinse forlíontach cumhachtach maidir le láithreacht an víris agus le haghaidh imscrúdú eipidéimeolaíoch a dhéanamh ar scaipeadh an víris san Aontas, arna chumasú tríd an Ardán Malairte Eorpach Digiteach (DEEP). Tá HERA agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) ag tacú le comhghníomhaíocht chun acmhainneachtaí náisiúnta a neartú maidir le tosaíocht pataiginí, sampláil agus comhtháthú sonraí fuíolluisce i bhfaireachas don chinnteoireacht i réimse na sláinte poiblí agus córais fairtheora Aontais a bhunú chun samplaí fuíolluisce a thástáil nuair is gá. Thairis sin, tá HERA ceannródaíoch sa phróiseas chun cuibhreannas domhanda maidir le faireachas fuíolluisce don tsláinte phoiblí – líonra páirtithe leasmhara agus údarás ar fud an domhain chun faireachán cuimsitheach fíor‑ama a sholáthar i suíomhanna straitéiseacha a chuideoidh chun rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus gníomhaíocht phras a chumasú.
Rannchuidigh tionscadail taighde Fís 2020 amhail MOOD
agus VEO
le forbairt cur chuige nuálach chun faireachas galair a fheabhsú trí chur chuige Aon Sláinte Amháin, ag úsáid mórshonraí ilfhoinse agus sonraí maidir le tiománaithe teacht chun cinn galair, lena n‑áirítear gluaiseachtaí daonna agus athrú aeráide. Tá tairseach faisnéise sláinte forbartha ag PHIRI
a láraíonn sonraí sláinte agus cúram sláinte agus a cheadaíonn do thaighdeoirí foinsí sonraí difriúla a nascadh agus a úsáid as áiteanna ar fud an Aontais.
Córais luathrabhaidh
Bunaíodh Córas Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS) an Aontais in 1998 (Cinneadh Uimh. 2119/98/CE). Is uirlis rochtain shrianta é a úsáidtear chun fógraí a thabhairt agus chun faireachán a dhéanamh ar bhagairtí don tsláinte poiblí. In imeacht na mblianta, tá sé ina chainéal chun mearfhógra a thabhairt maidir leis na mílte rabhadh. Phostáil an Coimisiún a chéad rabhadh ar COVID‑19 siar in Eanáir 2020. Le hailíniú le Rialachán (AE) 2022/2371, tá athstruchtúrú le déanamh ar EWRS de réir na bpríomhchatagóirí bagairtí don tsláinte, i.e. a bhaineann le foinsí bitheolaíochta, ceimiceacha agus comhshaoil chomh maith leo sin de bhunús anaithnid.
Tá réamhbheart d’fhorbairt nua EWRS á chur chun feidhme faoi láthair. Is é is aidhm leis aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí maidir le forbairt bhreise EWRS i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2371: rialachas, ailtireacht agus feidhmiúlachtaí nua a thabhairt isteach chun tacú le leathnú struchtúr agus grúpaí agus róil úsáideora nua; slándáil agus cosaint sonraí a threisiú tar éis measúnú tionchair um chosaint sonraí a dhéanamh; modúil nua a fhorbairt chun tacú le hullmhacht agus pleanáil freagartha agus cumas tuairiscithe agus bainistithe géarchéime; agus feabhas a chur ar sheirbhísí tacaíochta d’úsáideoirí (oiliúint agus treoraíocht úsáideora comhtháite). Faoin ngníomh sin, tá an measúnú indéantachta don idirnasc leis an Aontas agus le córais rabhaidh agus faisnéise idirnáisiúnta eile á thabhairt chun críche faoi láthair. Rinneadh measúnú ar 13 chóras den sórt sin agus déanfar tosaíocht de 10 gcinn lena n‑idirnascadh le EWRS. Chun idir‑inoibritheacht a áirithiú le córais faisnéise rabhaidh eile, tá bagairtí bitheolaíochta, ceimiceacha agus comhshaoil faoi athbhreithniú freisin.
Tá comhordú le córais foláirimh eile fíor‑riachtanach i gcás, mar shampla, de bharr pataiginí bia-iompartha (e.g. cás salmonella frithsheasmhach in uibheacha seacláide in 2022) nó zónóisí, amhail fliú na n‑éan (mar a luadh níos túisce sa tuarascáil seo). Áirítear ar athruithe atá ag teacht aníos a éilíodh i Rialachán (AE) 2022/2371 idir‑inoibritheacht EWRS le córais eile amhail (i) Córas Faisnéise Galar Ainmhithe (ADIS) an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar ghalair ainmhithe ionfhabhtaíocha; (ii) an Córas Mear‑rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe (RASFF) maidir le rioscaí don tsláinte phoiblí de dheasca an tslabhra bia; (iii) WebECURIE, an córas um luathfhógartha agus malartú faisnéise i gcás éigeandáil raideolaíoch lena n‑áirítear timpistí núicléacha; (iv) RASCHEM le haghaidh bagairtí de chineál ceimiceach; agus (v) an tairseach sábháilteachta le haghaidh bagairtí de chineál bitheolaíoch nó ceimiceach i dtáirgí tomhaltóra neamhbhia. Tá EWRS freisin le bheith idir‑inoibritheach le EpiPulse chun foláirimh a fhógairt agus achoimrí eipidéimeolaíocha nó measúnuithe riosca a mhalartú mar chuid de mhodúl feasachta suímh EWRS.
Laistigh den Choimisiún, is é ARGUS an príomhshásra um bainistiú agus comhordú géarchéime. Áirithítear leis go mbailítear faisnéis ábhartha ó sheirbhísí an Choimisiúin agus ó ghníomhaireachtaí an Aontais, agus ó na Ballstáit chomh maith leis sin, agus go n‑úsáidtear í chun léargas tráthúil agus cothrom le dáta ar an suíomh a fhoirmiú chun cuidiú le pleanáil teagmhais, agus le comhordú agus cinnteoireacht iomchuí. Le linn phaindéim COVID‑19, bhí ARGUS lárnach i gcomhordú a dhéanamh ar rannpháirtíocht an Choimisiúin i gcruinnithe Shásra Comhtháite maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IPCR) na Comhairle, áit ar phléigh an Coimisiún agus na Ballstáit príomh‑shaincheisteanna amhail an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála a úsáid, lánaí glasa, prótacail sláinte le haghaidh iompair agus rianaithe teagmhálaithe, bearta maidir le taisteal isteach san Aontas agus laistigh den Aontas Eorpach, suíomh gréasáin faoi athoscailt an Aontais, soláthar comhpháirteach maidir le vacsaíní agus comhroinnt vacsaíní, Deimhniú Digiteach COVID AE, agus cumarsáid agus bréagaisnéis a chomhrac. Tá idirnasc ARGUS agus EWRS éifeachtach ó bhí 2022 ann, chun malartú faisnéise maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don sláinte le bainisteoirí géarchéime an Aontais a áirithiú. Ba é ARGUS freisin an bealach chun tuarascálacha na hAcmhainne Comhtháite um Fheasacht agus Anailís ar an Suíomh (ISAA), arbh príomhionstraim chun feasacht ar an suíomh chomhroinnte a chur chun cinn le linn phaindéim COVID‑19.
Rianú teagmhálaithe: Seirbhís Tairsí na Cónaidhme Eorpaí agus Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí
Tráth phaindéim COVID‑19, sheol 22 údarás sláinte poiblí aipeanna rianaithe agus rabhaidh náisiúnta mar chuid de shraith beart chun scaipeadh an víris a chosc. I mí Dheireadh Fómhair 2020, sheol Ballstáit an Aontais agus an Coimisiún Seirbhís Tairsí na Cónaidhme Eorpaí (EFGS) chun idir‑inoibritheacht aipeanna náisiúnta a cheadú ar fud an Aontais. Faoi fhómhar 2021, bhí 19 mBallstát ag malartú faisnéise riosca teagmhálaí trí EFGS, arbh ionann sin agus na deicheanna milliún úsáideoirí gníomhacha san Aontas agus sa chuid eile den Eoraip.
In Aibreán 2022, aistríodh EFGS chuig ECDC. Treisíodh leis an méid sin cumais rianaithe teagmhálaithe digiteacha an Aontais, i gcomhréir le shainordú nua ECDC, tríd an saineolas atá de dhíth a bhailiú ag ECDC. Tarraingíodh siar EFGS as seirbhís ó shin, ach d’ullmhaigh ECDC agus an Coimisiún nós imeachta athghníomhachtaithe chun é a chur ar fáil do Bhallstáit an Aontais dá mbeadh gá.
Idir an 1 Meitheamh 2021 agus an 31 Bealtaine 2022, cuireadh Ardán Malartaithe Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí (ePLF)
ar fáil chun na Ballstáit a nascadh le chéile agus malartú slán sonraí paisinéara a chumasú chun rianú teagmhálaithe trasteorann a dhéanamh sna móid iompair uile san Aontas.
Ar bhonn aiseolas ó na Ballstáit, thosaigh an Coimisiún ag obair le ECDC maidir le comhtháthú teicniúil idir feidhmiúlacht malartaithe roghnaitheach EWRS agus ePLF, rud lena gcumasaíodh a n‑idir‑inoibritheacht.
Cé go bhfuil deireadh curtha le ePLF dá réir sin, tá an tAontas feistithe níos fearr i gcás riachtanais sa todhchaí mar gheall ar na léargais a gnóthaíodh trína fhorbairt agus an comhtháthú le feidhmiúlacht malairte roghnaitheach EWRS.
4. FREAGAIRT
Le linn na luathchéimeanna de phaindéim COVID‑19, tionóladh an Coiste um Chomhordú Géarchéime (CCC) trí ARGUS an 23 Eanáir 2020 chun nuashonruithe ar an suíomh chomh maith le bearta féideartha a phlé. Bhí an Coimisinéir Lenarčič agus an tArd‑Rúnaí mar chathaoirligh ar na cruinnithe CCC sin agus d’fhreastail na hArd‑Stiúrthóirí ábhartha agus Gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais uile orthu. Gaireadh roinnt cruinnithe comhordaithe breise ina dhiaidh sin faoi chuimsiú shásra freagartha bainistithe géarchéime an Choimisiúin ar gach leibhéal, ó ghlaonna laethúla ón Uachtarán le Coimisinéirí ábhartha, go comhordú oibríochtúil ar leibhéal an Ard‑Stiúrthóra nó seirbhísí.
I ndiaidh phaindéim COVID‑19, rinneadh roinnt feabhsúchán le sásraí an Aontais chun freagairt do bhagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte. Tá na príomhfheabhsúcháin bunaithe ar Rialachán (AE) 2022/2371 agus áirítear orthu ról neartaithe do Choiste Slándála Sláinte an Aontais agus acmhainneacht nuabhunaithe an Aontais chun éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a dhearbhú.
Coiste Slándála Sláinte an Aontais
Príomhfhóram chun faisnéis a mhalartú maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte ar leibhéal an Aontais is ea Coiste Slándála Sláinte an Aontais Eorpaigh (HSC). Tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis sláinte na mBallstát. Arna chruthú in 2001 tar éis ionsaithe 9/11, tá comhordú beart sláinte poiblí á n‑éascú ag HSC ar fud an Aontais in imeacht na mblianta, arb iad cruinnithe seachtainiúla le linn bhuaic phaindéim COVID‑19
an toradh a bhí air. Bhí príomhról ag HSC i gcinntí maidir le bearta sláinte poiblí. Áirítear ar shampla le linn phaindéim COVID‑19 comhordú ar straitéisí vacsaínithe, tástáil agus faireachas agus cumarsáid riosca. Áirítear ar ghéarchéimeanna sláinte ina dhiaidh sin ina tháinig HSC le chéile go tráthrialta agus a rinne ranníocaíocht thábhachtach le comhordú na freagartha ráig Ebola in Uganda agus ráig MPX san Aontas in 2022, chomh maith le dlúthchomhar maidir le bagairt fhliú na n‑éan in 2023 (go comhpháirteach go minic le contrapháirtithe HSC i sláinte na n‑ainmhithe amhail Príomhoifigigh Tréidliachta an Aontais).
Athrú atá tugtha isteach ag Rialachán (AE) 2022/2371 is ea cumhachtú HSC chun tuairimí agus treoraíocht a ghlacadh go foirmiúil. Le linn na paindéime, d’eisigh HSC roinnt páipéar tuairime, ag cur tuairimí na mBallstát chun cinn ar thopaicí áirithe. Rannchuidigh na tuairimí seo le cinntí IPCR na Comhairle, amhail bhunaigh sé bearta comhordaithe maidir le taisteal ón tSín isteach san Aontas mar fhreagairt do mheath ar chás COVID‑19 na Síne.
Céad tuairim HSC, roinnt laethanta tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2371
Tháinig an chéad tástáil don HSC a cumhachtaíodh go nua le leibhéil níos airde ná mar a bhí riamh de chásanna COVID‑19 sa tSín ag deireadh 2022 a d’eascair as suaimhniú bhearta intíre na Síne a mhaolú. D’eisigh HSC a chéad tuairim faoin Rialachán chomh luath leis an 5 Eanáir 2023, 10 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Bhí roinnt céimeanna molta ann maidir le cur chuige coiteann ar fud an Aontais Eorpaigh céimnithe agus comhréireach chun aon rioscaí féideartha a mhaolú, a bhí mar bhonn taca faoi chinntiú polaitiúla breise in IPCR na Comhairle.
Dírítear sa tuairim is déanaí ó HSC ar an ngá le haireachas leanúnach maidir le COVID‑19, fliú séasúrach agus víris eile atá i gciorclaíocht i séasúr an fhómhair/an gheimhridh.
Éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais
Go dtí 2022, bhraith an tAontas go hiomlán ar mheasúnú EDS ar chásanna paindéime agus dearbhú éigeandála sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í. Le Rialachán (AE) 2022/2371 tugtar de chumhacht don Choimisiún anois éigeandáil sláinte poiblí a aithint go foirmiúil ar leibhéal an Aontais, i gcás ina meastar go bhfuil bagairt thromchúiseach trasteorann don tsláinte ina bhagairt don tsláinte phoiblí san Aontas. Nuair a aithnítear éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, féadfar beart amháin nó níos mó de Rialachán (AE) 2022/2372 a ghníomhachtú má tá sé sin iomchuí sa chás eacnamaíoch, ar a n‑áirítear Bord um Ghéarchéim Shláinte a bhunú chun comhordú agus comhtháthú cur chuige i leith frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú ar leibhéal an Aontais, agus ar a bhféadfaí a áireamh sásraí a bhunú chun faireachán, maoiniú éigeandála a ghníomhachtú, agus le haghaidh soláthar agus ceannach frithbheart agus amhábhar leighis atá ábhartha i gcás géarchéime; saoráidí FAB an Aontais Eorpaigh a ghníomhachtú, pleananna taighde agus nuálaíochta éigeandála a ghníomhachtú, agus líonraí trialacha cliniciúla agus soláthairtí agus ardáin a úsáid chun sonraí a chomhroinnt go mear ar fud an Aontais; agus bearta atá bainteach le táirgeadh frithbheart leighis ábhartha do ghéarchéime. Nuair a shainaithnítear éigeandáil sláinte poiblí bíonn deis ann freisin bearta a bhfuil baint acu le táirgí íocshláinte agus feistí leighis a thabhairt isteach, dá ndéantar foráil i Rialachán (AE) 2022/12, tacaíocht ó ECDC a ghníomhachtú chun saineolaithe a shlógadh agus a chur chuig na limistéir atá buailte faoi Thascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh, agus IPCR na Comhairle a ghníomhachtú.
Measúnú riosca sláinte poiblí
Is í an chéad chéim i bhfreagairt do bhagairt trasteorann don tsláinte atá ag teacht chun cinn measúnú a dhéanamh ar a méid agus na rioscaí lena mbaineann. I Rialachán (AE) 2022/2371 leathnaítear raon feidhme gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais atá rannpháirteach i measúnuithe riosca sláinte poiblí agus sainmhínítear ann a ról agus a n‑ionchur. Déantar tagairtí sa Rialachán don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA), agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (EUROPOL).
Chun tacú leis an gCoimisiún sa phróiseas cinnteoireachta maidir le haitheantas foirmiúil teagmhais den sórt sin, beartaítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2022/2371 Coiste Comhairleach maidir le héigeandálaí sláinte poiblí a bhunú. Glacadh leis an gcinneadh ón gCoimisiún chun an Coiste Comhairleach a bhunú i mí Mheán Fómhair 2023
agus tá ainmniú críochnaitheach an choiste beartaithe d’earrach 2024. Sainghrúpa ildisciplíneach a bheidh sa Choiste Comhairleach ar féidir leis comhairle a thabhairt don Choimisiún agus don Choiste Slándála Sláinte maidir le sláinte phoiblí agus ar ghnéithe bithleighis, iompraíochta, sóisialta, eacnamaíocha, cultúrtha agus idirnáisiúnta. Áireofar ann ionadaithe ó ECDC agus EMA mar bhreathnóirí buana. Féadfaidh ionadaithe EDS bheith rannpháirteach freisin mar bhreathnóirí. Féadfaidh ionadaithe gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais atá ábhartha don bhagairt shonrach bheith rannpháirteach ar an gCoiste Comhairleach seo mar bhreathnóirí neamhbhuana de réir mar is gá. Ina theannta sin, agus ar bhonn ad hoc, féadfaidh an Coimisiún iarradh, nó féadfaidh na Ballstáit a mholadh, go gceapfaí saineolaithe leis an saineolas ábhartha chun páirt a ghlacadh in obair an choiste, go háirithe ó na tíortha ina bhfuil an bhagairt tagtha chun cinn.
Ina theannta sin, coinnítear ar bun acmhainneachtaí freagartha éigeandála an Aontais, gan a bheith teoranta do shláinte phoiblí, faoi UCPM ina ndéanann an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, ní hamháin comhordú freagartha éigeandála a áirithiú maidir le táirgí agus feistí íocshláinte, ach comhordaíonn sé freisin foirne leighis éigeandála iomlán feistithe agus neamhthuilleamaíoch ar leibhéal an Aontais. Má tá acmhainneachtaí leighis tíre a ndéanann éigeandáil difear di neamh‑leordhóthanach, féadfaidh UCPM tacaíocht leighis éigeandála dhifriúil a shlógadh ina Dhíorma Eorpach um Chosaint Shibhialta (ECPP), lena n‑áirítear foirne leighis éigeandála (EMTanna).
Mar chuid de rescEU, leithdháileadh EUR 106,2 milliún d’ocht dtír chun EMTanna rescEU nua a fhorbairt. Is é is cuspóir leis borradh a chur faoi thacaíocht leighis éigeandála do dhaonraí a ndéanann tubaistí nádúrtha nó ar cinntí daoine is cúis leo ar mhórscála difear dóibh. Éireoidh an acmhainneacht EMT rescEU seo oibríochtúil ó 2024 ar aghaidh agus ceadóidh sé freagairt do raon leathan cásanna tubaiste. Beidh na foirne in ann oibriú go féinrialaitheach agus tacú le saoráidí cúraim sláinte náisiúnta atá ann cheana i gcás nach bhfuil na saoráidí sin in ann déileáil le héigeandáil ar leith. Thairis sin, baineann acmhainneachtaí aslonnaithe leighis (MEDEVAC) freisin i gcás riachtanais éigeandála i gcomhair othar a ndéanann galair ard‑ionfhabhtaíocha difear dóibh, lena n‑áirítear eitleáin thiomanta.
Táirgí íocshláinte agus feistí leighis sábháilte agus éifeachtacha
Chonacthas arís i bpaindéim COVID‑19 an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht agus éifeachtacht, chomh maith le hinfhaighteacht, feistí leighis, feistí diagnóiseacha agus táirgí íocshláinte a áirithiú tráth géarchéim sláinte.
Fiú lasmuigh de chásanna éigeandála, cruthaíodh le Rialacháin (AE) 2017/745 agus 2017/746 maidir le feistí leighis agus diagnóisicí creat rialála láidir, ina gcomhchuibhítear agus ina neartaítear ceanglais do mhonaróirí. Áirithítear leis na rialacháin sin go bhfuil feistí leighis ar mhargadh an Aontais slán agus éifeachtach. Le linn phaindéim COVID‑19, líonadh margadh an Aontais le tástálacha méara antaiginí, nárbh ghá dóibh dul faoi athbhreithniú neamhspleách tríú páirtí. Leis an gcreat rialála nua (infheidhme ó mhí Bealtaine 2021 maidir le feistí leighis agus Bealtaine 2022 maidir le diagnóisicí), is gá measúnú comhréireachta níos déine a dhéanamh ar fheistí leighis sular féidir iad a chur ar mhargadh an Aontais. An tráth céanna, féadfaidh na Ballstáit i gcásanna eisceachtúla maoluithe a dheonú ó mheasúnú comhréireachta má tá sé sin ar mhaithe le sláinte phoiblí (Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2017/745 agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2017/746).
Ina theannta sin, is ábhar imní leanúnach atá i saincheisteanna a bhaineann le soláthar táirgí íocshláinte san Aontas agus déanann siad difear do Bhallstáit uile an Aontais lasmuigh d’éigeandáil sláinte poiblí dearbhaithe nó mórimeacht dearbhaithe. Tá córas ilghnéitheach i bhfeidhm chun ganntanais a mhaolú. Gníomhachtaíodh an córas freisin nuair a bhí ganntanais antaibheathach san Aontas i ngeimhreadh 2022/2023. Lena áirithiú nach dtarlaíonn cás comhchosúil arís, déanann an Coimisiún agus EMA faireachán leanúnach ar an soláthar beartaithe, agus an t‑éileamh measta, ar shraith príomhantaibheathach, chun aon bhearnaí in acmhainneachtaí soláthair a shainaithint go réamhghníomhach. I mí Dheireadh Fómhair 2023, ghlac an Coimisiún le teachtaireacht maidir le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais táirgí íocshláinte san Aontas, a bhfuil sé d’aidhm leis slándáil soláthair san Aontas a neartú le gníomhaíochtaí comhlántacha chun infhaighteacht agus slándáil an tsoláthair táirgí íocshláinte a fheabhsú.
Ó tugadh isteach sainordú neartaithe don EMA in 2022
, tá comhlachtaí agus struchtúir nua curtha i bhfeidhm ag EMA chun mearfhreagairt ar ghanntanais táirgí íocshláinte a sholáthar. Cruthaíodh an Grúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin um Ghanntanais agus Sábháilteacht Táirgí Íocshláinte agus an Grúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin um Ghanntanais Feistí Leighis chun gníomhaíochtaí an Aontais a chomhordú chun saincheisteanna soláthair a bhaineann le táirgí íochshláinte agus feistí leighis a mhaolú. Ina theannta sin, tá dhá Mheitheal Pointe Teagmhála Aonair (SPOC) anois chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ghanntanais, maidir le ganntanais táirgí íocshláinte agus ganntanais feiste leighis araon. Tá líonra pointe teagmhála aonair tionscail (i-SPOC) ann freisin chun treoraíocht a sholáthar so shealbhóirí údaruithe margaíochta. Tá coinne le hArdán Eorpach um Fhaireachán ar Ghanntanais in 2025, chun bailiú faisnéise faoi ghanntanais agus faoi sholáthar agus éileamh ar tháirgí íocshláinte a éascú.
An tAontas ag stoc‑charnadh don phráinnfhreagairt
Faoi chúltaca rescEU UCPM, bhunaigh an Coimisiún ó 2020 acmhainneachtaí stoc‑charntha fhrithbheart leighis maidir le hullmhacht agus freagairt do bhagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte chomh maith le bagairtí CBRN. Leis an gcúltaca stoc‑charntha leighis is féidir trealamh leighis a sheachadadh go mear amhail aerálaithe agus trealamh cosanta pearsanta. Dáileadh níos mó ná 3 mhilliún masc cosanta, aerálaí agus trealamh eile ó lárionaid dáilte straitéiseacha rescEU ar na Ballstáit ba mhó a raibh gá acu leo. Óstálann 10 mBallstát stoc‑chairn leighis rescEU faoi láthair (an Bheilg, an Chróit, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSualainn, agus an Ísiltír).
I gcomhthráth, i mí Feabhra 2023 bhronn an Coimisiún EUR 545,6 milliún i ndeontais le haghaidh stoc‑chairn rescEU le haghaidh éigeandálaí ceimiceacha, bitheolaíocha agus raideolaíoch (CBRN). Áireofar orthu sin frithnimheanna, antaibheathaigh, vacsaíní, támhacháin agus cóireálacha próifiolacsacha agus trealamh freagartha CBRN sonracha, amhail táibléid iaidín blocála tíoróideach (ITB), braiteoirí agus soláthairtí dí‑éilithe agus trealamh cosanta pearsanta. Beidh na stoc‑chairn ar fáil de réir a chéile ó 2023 ar aghaidh. Chun borradh breise a chur faoin ullmhacht, tá glao oscailte ar siúl faoi láthair chun tuilleadh stoc‑charn leighis agus CBRN a fhorbairt le buiséad táscach EUR 636 milliún, agus tá meastóireacht á déanamh ar 9 dtogra faoi láthair.
Bonneagar criticiúil a chosaint agus athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú
Tháinig Treoir (AE) 2022/2557 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil
(Treoir CER) i bhfeidhm i mí Eanáir 2023 agus tiocfaidh sé in ionad Threoir 2008/114/CE maidir le bonneagair chriticiúla na hEorpa a shainaithint agus a ainmniú
ón 18 Deireadh Fómhair 2024 ar aghaidh. Tá feidhm ag Treoir CER maidir le 11 earnáil, chun athléimneacht na n‑eintiteas a oibríonn seirbhísí fíor‑riachtanacha laistigh de na hearnálacha sin, lena n‑áirítear an earnáil sláinte, a fheabhsú.
I mí Mheán Fómhair 2023, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le treoirphlean chun freagairt ar leibhéal an Aontais a chomhordú i leith suaitheadh ar an mbonneagar criticiúil lena mbaineann ábharthacht shuntasach trasteorann. Comhlánóidh sé sin an creat reatha maidir le bonneagar criticiúil a chosaint agus athléimneacht eintiteas criticiúil tríd an idirphlé idir socruithe difriúla atá ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais agus na gnéithe de fhreagairt chomhordaithe ar leibhéal an Aontais i gcás teagmhas bonneagair chriticiúil suntasach a chur ar aghaidh.
Tascfhórsaí éigeandála
Tascfhórsa Sláinte AE
Faoi Rialachán Uimh. 851/2004 lena mbunaítear lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú mar a Leasaítear le Rialachán (AE) 2022/2370, tá ECDC chun Tascfhórsa Sláinte an Aontais a bhunú chun tacaíocht mhear ar éileamh a chur ar fáil i gcás éigeandálaí mar aon le cúnamh do na Ballstáit le pleananna a ullmhú a bhaineann le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha, freagairtí áitiúla ar ráigeanna galar teagmhálach agus athbhreithnithe tar éis na gníomhaíochta i dtíortha Aontais agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, i gcomhar le EDS. Áireofar i dTascfhórsa Sláinte an Aontais saineolaithe ó na Ballstáit, foireann ECDC, comhaltaí reatha agus iar‑chomhaltaí an Chláir Eorpaigh um Oiliúint Idirghabhála Eipidéimeolaíochta agus liosta nuabhunaithe saineolaithe. Is féidir le Tascfhórsa Sláinte AE cúnamh a thabhairt do thíortha AE agus neamh‑AE araon.
Chruthaigh ECDC meitheal ad hoc (comhdhéanta de shaineolaithe Ballstáit, ionadaithe ón gCoimisiún agus EDS) chun comhairle a chur ar ECDC maidir le bunú Thascfhórsa Sláinte an Aontais. Nuair a bheidh sé ag feidhmiú, bunóidh ECDC grúpa comhairleach buan agus foireann chun obair Thascfhórsa Sláinte an Aontais a chomhordú.
Tascfhórsa Éigeandála EMA
Comhlacht comhairleach agus tacaíochta is ea Tascfhórsa Éigeandála EMA (ETF) a dhéanann gníomhaíochtaí rialála mar ullmhúchán d’éigeandáil sláinte poiblí, amhail paindéim, agus lena linn. Le Rialachán (AE) 2022/123, lenar neartaíodh sainordú EMA
, agus a bhí infheidhme ón 1 Márta 2022 ar aghaidh, bunaíodh ETF mar chomhlacht comhairleach agus tacaíocht fhoirmiúil ag díriú ar tháirgí íocshláinte le haghaidh éigeandálaí sláinte poiblí agus ar an ullmhacht. I mí Aibreáin 2022, ghlac ETF ceannas ar ghníomhaíochtaí Tascfhórsa Phaindéim COVID‑19 EMA, a thionóil EMA i mí an Mhárta 2020 chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID‑19. Rinneadh an grúpa buan le Rialachán (AE) 2022/123 agus cuireadh ról tábhachtach maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna ar a iontaoibh. In 2023, lean ETF ag tacú le coistí eolaíocha EMA le húdarú agus faireachán sábháilteachta táirgí íocshláinte agus le moltaí maidir le húsáid táirgí íocshláinte sula n‑údaraítear iad. D’fhiosraigh ETF roghanna cóireála atá ar fáil chun paindéim COVID‑19 agus ráig MPOX a chomhrac, amhail trialacha cliniciúla a éascú agus oibriú le comhpháirtithe an Aontais.
5. TÉARNAMH
Is féidir le héifeachtaí géarchéime sláinte tromchúisí bheith dian agus marthanach. Chuir paindéim COVID‑19 córais sláinte faoi dhianbhrú, agus fiú i mbaol titime. Tá sé fíor‑riachtanach tacú le téarnamh na mBallstát agus a gcórais sláinte faoi seach ar gach leibhéal. Is féidir é sin a dhéanamh ní hamháin trí chúnamh airgeadais, ach freisin trí chúnamh díreach dóibh siúd is mó a raibh tionchar ag na bearta a cuireadh i bhfeidhm in amanna géarchéime orthu. I gcás COVID‑19, tá a fhios againn go ndeachaigh meabhairshláinte go leor daoine in olcas de thoradh na paindéime agus go bhfuil go leor daoine fós ag fulaingt ó COVID fada. An tráth céanna, baineann téarnamh freisin le breithniú a dhéanamh ar theagmhais roimhe seo, ionas go bhfoghlaímid conas ár gcosc agus ullmhacht i gcomhair bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte, agus an fhreagairt ina leith a fheabhsú níos mó.
Téarnamh agus éifeachtacht bearta sláinte poiblí
Tá ECDC ag leanúint ar aghaidh ag déanamh measúnú ar an mbonn fianaise ó phaindéim COVID‑19 trí athbhreithnithe córasacha litríochta a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla oibríochtúla agus eolaíocha a tháinig aníos le linn na paindéime, lena n‑áirítear éifeachtúlacht agus costéifeachtacht idirghabhálacha neamhchógaisíochta, tarchur aerárthaigh SARS-CoV-2, COVID fada, úsáid masc i suíomhanna pobail, etc. Tá roinnt athbhreithnithe tar éis gníomhaíochta ar chinnteoireacht fianaise‑bhunaithe déanta ag ECDC i dtíortha AE/LEE agus i gComharsanacht an Aontais le linn phaindéim COVID‑19, ag díriú ar shaoráidí cúraim fadtéarmacha agus dúnadh scoileanna. D’fhoilsigh sé freisin treoraíocht ábhartha
le cuidiú le tíortha a n‑athbhreithnithe tar éis gníomhaíochta féin a dhearadh.
Téarnamh an chórais sláinte
Faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuireadh os cionn EUR 43 bhilliún in áirithe feadh 27 bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (PTAnna) chun cúram sláinte a neartú. Áirítear sa mhéid sin níos mó ná EUR 14 bhilliún tiomnaithe do bhearta chun aistriú digiteach na gcóras sláinte a chur chun cinn. Ina theannta sin, is féidir aghaidh a thabhairt trí CSRanna an tSeimeastair Eorpaigh ar dhúshláin maidir le hathchóiriú an chórais sláinte (iad sin a sainaithníodh i Moltaí Tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh (CSRanna) 2019 agus 2020) nach dtéitear i ngleic go leordhóthanach leo faoi Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta. Treoraíonn na CSRanna sin tosaíochtaí infheistíochta maidir le cistí comhtháite. Faoin Seimeastar Eorpach (2023) is déanaí, fuair sé Bhallstát CSR cúram sláinte, lena n‑áirítear ar dhúshláin bainteach le rochtain, lucht saothair agus príomhchúram. Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag na Ballstáit timpeall EUR 16 bhilliún a infheistiú i gcúram sláinte
, lena n‑áirítear níos mó ná EUR 2 bhilliún in aistriú digiteach córas sláinte. Mar a luadh in Health at a glance: Europe 2022 [Sracfhéachaint ar an tsláinte]: An Eoraip 2022
, tá sé tábhachtach go sáróidh na córais sláinte an turraing mhór agus an laghdú i soláthar cúraim a tharla le linn na paindéime. Tá an riaráiste máinliachta fós suntasach i roinnt tíortha.
An Mheabhairshláinte agus COVID fada
Tá a fhios againn go bhfuil tionchar ag fadhbanna meabhairshláinte ar níos mó agus níos mó daoine san Aontas. Fiú roimh phaindéim COVID‑19, bhí tionchar ag fadhbanna meabhairshláinte ar thart ar 84 milliún duine (duine as seisear) ar chostas measta os cionn EUR 600 billiún (níos mó ná 4 % de OTI). Thairis sin, tá iarmhairtí na paindéime agus géarchéimeanna domhanda eile fós ina gcúis le méadú ar leitheadúlacht na himní agus an dúlagair ar fud an domhain. De bharr iarmhairtí uafásacha phaindéim COVID‑19, ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, an ghéarchéim aeráide, digitiú níos mó, dífhostaíocht agus costais mhaireachtála atá ag ardú géaraíodh ar na leibhéil mheabhairshláinte atá go dona cheana féin. Fulaingíonn daoine i ngrúpaí leochaileacha agus i gcásanna faoi mhíbhuntáiste go socheacnamaíoch níos mó ná daoine eile. Cuireadh i dtábhacht in Health at a Glance: Europe 2022 [Sracfhéachaint ar an tSláinte]: An Eoraip 2022 go raibh tionchar mór go háirithe ag an bpaindéim ar mheabhairshláinte daoine óga: thuairiscigh duine as gach beirt Eorpach óga riachtanais nach ndearnadh freastal orthu agus bhí dúlagar i measc daoine óga níos mó ná dúbailte. In 2022 sheol EDS gairm chun gnímh chuig gach tír chun dlús a chur le seirbhísí agus tacaíocht don mheabhairshláinte
.
Tá conair téarnaimh soiléir leagtha amach ag an Aontas trí chur chuige cuimsitheach a sheoladh i leith meabhairshláinte
agus gníomhaíochtaí taighde tacaíochta i gcomhair ullmhacht níos fearr
. Tar éis don Uachtarán von der Leyen ‘tionscnamh nua maidir le meabhairshláinte’ a fhógairt ina haitheasc ar staid an Aontais Eorpaigh in 2022, ghlac an Coimisiún le teachtaireacht maidir le cur chuige cuimsitheach i leith meabhairshláinte an 7 Meitheamh 2023. Is túsphointe é seo don chur chuige nua i leith meabhairshláinte: féachtar ann níos faide ná sláinte, baineann siad go mór le réimsí amhail oideachas, digitiú, fostaíocht, taighde, forbairt uirbeach, comhshaol agus aeráid. Tá 20 tionscnamh suaitheanta sa Teachtaireacht, sainaithnítear ann EUR 1,23 billiún i ndeiseanna maoinithe agus leagtar béim ann ar dhíriú ar ghrúpaí leochaileacha (leanaí, daoine óga, daoine scothaosta). Mar shampla, i bpríomhthionscnamh suaitheanta amháin tugtar aghaidh ar thacaíocht meabhairshláinte do dhaoine easáitithe ón Úcráin, agus tacaítear i gceann eile le scaipeadh íosphacáiste seirbhíse chun cúram cáilíochta a sholáthar in éigeandálaí daonnúla. Sa chéim chur chun feidhme, tá an Coimisiún ag leanúint ar aghaidh ag obair go dlúth leis na Ballstáit (foghrúpa meabhairshláinte na Meithle Saineolaithe Sláinte Poiblí) agus páirtithe leasmhara (an líonra in Ardán Beartais Sláinte an Aontais). Ina theannta sin, chuir Uachtaránacht Thríréad na Comhairle meabhairshláinte go hard ar a clár oibre agus ullmhóidh Uachtaránacht na Spáinne sraith de cheithre chonclúid de chuid na Comhairle (ceann ina leagtar amach cur chuige ginearálta agus trí cinn ina dtugtar aghaidh ar réimsí beartais sonracha na hoibre forbhásaí, drugaí agus na hóige).
Chruthaigh an Coimisiún Líonra Saineolais ardleibhéil maidir le COVID fada (NELC), ina dtugtar le chéile institiúidí náisiúnta a fheidhmíonn mar lárionad tagartha d’institiúidí cúraim sláinte eile. Is é is aidhm le NELC malartú a éascú den fhaisnéis agus na dea‑chleachtais is ábhartha de bhainistiú COVID fada mar fhreagairt ar na forbairtí eolaíocha is déanaí maidir le COVID fada mar ghéarchéim sláinte poiblí atá ag fás
. Leanfaidh sé ag rannchuidiú le tionscnaimh chomhordúcháin ar an leibhéal AE agus EDS. Tháinig NELC le chéile den chéad uair an 2 Bealtaine 2023 chun smaointe tosaigh agus a thosaíochtaí a phlé. Sainaithníodh gurb iad an dá ábhar is práinní le dul i ngleic leo sainaithint riachtanas agus bearnaí taighde, mar aon le comhroinnt treoirlínte agus faisnéise maidir le diagnóis agus cóireáil. Thairis sin, chuir NELC i dtábhacht an gá le treoirlínte agus moltaí cliniciúla.
Leis an gclár Fís Eorpach tacaítear le tionscadail (lena n‑áirítear staidéir chohóirt mhóra maidir le COVID‑19) chun iarmhairtí agus siomptóim fhadtéarmacha ionfhabhtuithe SARS-CoV-2 a chinneadh chun tuiscint, diagnóis agus cóireáil fhéideartha níos fearr a fháil ar COVID fada.
6. TAIGHDE
Maoiníonn an Coimisiún nuálaíocht agus taighde ábharthachta do shlándáil sláinte trí Fhís Eorpach agus HERA Invest
feadh raon fearann, amhail ullmhacht agus freagairt.
Taighde san ullmhacht
Tá an clár Fís Eorpach ag tacú le tionscadail chun eolas a mhéadú maidir le himdhíonacht a eascraíonn as vacsaíní le hardchumas eipidéime nó paindéime chomh maith le sainmhíniú a dhéanamh ar dhearadh vacsaíní in aghaidh pataiginí, i gcás ina bhfuil faisnéis maidir le hidirghníomhú pataigin óstaigh agus struchtúr dromchla víreasach ar eolas. Dírítear i ngníomhaíochtaí taighde eile le haghaidh frithbheart leighis ar chomhdhúile frithvíreasacha raon leathan a chur chun cinn agus cuir chuige nua le comhdhúile den sórt sin a fhorbairt, ina ndírítear ar víris le hardchumas eipidéime nó paindéime don Aontas.
Sheol an Coimisiún freisin HERA Invest chun ard‑fhrithbhearta taighde agus forbartha leighis a chur chun cinn agus teicneolaíochtaí lena mbaineann chun dul i ngleic le bagairtí tosaíochta trasteorann don tsláinte. Cuid de InvestEU – an clár Aontais a thacaíonn le hinfheistíocht,
nuálaíocht agus cruthú post inbhuanaithe san Eoraip, líonann HERA Invest bearna ríthábhachtach sa réimse le EUR 100 milliún chun tacú le FBManna nuálacha ag luathchéimeanna agus céimeanna deiridh trialacha cliniciúla. Tá sé mar aidhm le HERA Invest teipeanna margaidh a laghdú agus uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú.
Táthar ag tacú faoi chlár Fís Eorpach freisin le forbairt, agus rochtain ar dhiagnóisicí in vitro chun pataiginí le cumas paindéime a bhrath agus a shaintréithriú chomh maith le tacú le rochtain ar fheistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro maidir le bagairtí trasteorann don tsláinte. Ina theannta sin, tá forbairt agus tráchtálú réitigh teicneolaíochta maidir le bainistíocht epi/paindéime, (lena n‑áirítear, mar shampla, ardchórais chun aerasóil a ghabháil, díghníomhachtú pataiginí agus barrfheabhsú aerchúrsaíochta, maisc aghaidhe den chéad ghlúin eile agus gairis mhear‑dí‑éilithe dromchla) á gcur chun cinn ag an gCoimisiún, tríd an gComhairle Nuálaíochta Eorpach
– clár nuálaíochta suaitheanta na hEorpa arna bhunú faoi Fhís Eorpach.
Taighde freagartha agus éigeandála
Samhlaítear go fóill i gcláir oibre Fís Eorpach don tsláinte an fhéidearthacht chun cistí taighde a shlógadh i gcás éigeandálaí sláinte poiblí. Úsáideadh an rogha sin in 2022 chun tacú le líonra EU RESPONSE
maidir le cur chun feidhme trialach cliniciúla chun measúnú a dhéanamh ar chóireáil ar MPOX, chomh maith leis na cohóirt ó thionscadal VERDI
chun tuiscint níos fearr a fháil ar an ngalar.
Forbróidh an Coimisiún freisin, trí Fhís Eorpach, trialacha ardáin oiriúnaithe atá ann cheana agus staidéir chohóirt chun sásraí comhordaithe straitéiseacha a choinneáil ar bun agus a neartú san Aontas agus níos faide i gcéin. Táthar in ann de bharr na líonraí sin trialacha ardáin síoraí a dhéanamh, cohóirt straitéiseacha shíoraí a iompú le díriú ar ghalair atá ag teacht chun cinn má bhíonn eipidéim ann, agus giniúint fianaise eolaíche ar fhrithbhearta leighis difriúla féideartha.
Tá an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, rannpháirteach i gcéim ullmhachta na Comhpháirtíochta maidir le hUllmhacht le haghaidh Pandéime an Aontais, ina bhforbrófar clár oibre taighde ullmhachta paindéime comhdhlúite lena neartaítear an comhar idir na Ballstáit chomh maith le hullmhú do bhainistiú na freagartha taighde le linn géarchéime trí líonra Aontais suíomhanna trialach cliniciúla atá ‘i gcónaí réidh le dul’ a bhunú agus infheistíochtaí a ailíniú le haghaidh ullmhachta agus freagartha paindéime, ón mbuntaighde, chuig taighde réamhchliniciúil agus cliniciúil.
Toisc, i bpaindéim nach bhfuil ‘duine ar bith sábháilte go dtí go mbíonn gach duine sábháilte’, léirítear sa Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais
a seoladh i mí na Samhna 2022 an ghné sheachtrach d’Aontas Sláinte na hEorpa. Tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas chun acmhainneacht coisc ullmhachta agus freagartha paindéime a fheabhsú i dTíortha Ísealioncaim agus Meánioncaim le fócas ar leith ar an Afraic Fho-Shahárach trí ionstraimí éagsúla mar chuid de straitéis Global Gateway. Tá taighde á maoiniú ag Comhghnóthas na Comhpháirtíochta maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha chun frithbhearta leighis a fhorbairt agus a thástáil chomh maith le líonraí agus cohóirt trialacha cliniciúla a fhorbairt, ag nascadh toradh na taighde seo le Tionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le Monaraíocht agus Rochtain ar Vacsaíní, táirgí íocshláinte agus teicneolaíocht sláinte san Afraic (MAV+) agus Comhpháirtíocht EU–LAC maidir le táirgeadh vacsaíne agus athléimneacht na gcóras sláinte.
7. AN ÉIRIM IDIRNÁISIÚNTA
Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta chun an creat slándála sláinte domhanda a neartú
Léirigh éigeandálaí sláinte roimhe seo nach bhfuil aon mheas ag galair ar theorainneacha. Tá an tAontas rannpháirteach i ndul i ngleic le héigeandálaí sláinte ar leibhéal idirnáisiúnta chun féidearthacht rioscaí sláinte san Aontas a mhaolú. Glacadh leis an ngné sheachtrach d’Aontas Sláinte na hEorpa, Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais, an 30 Samhain 2022 agus tá sé beartaithe go mbeidh sí ina treoir ag gníomhaíocht uile an Aontais chun sláinte agus dea‑bhail níos fearr daoine ar feadh a saoil a áirithiú trí chórais sláinte a neartú agus clúdach sláinte uilíoch a chur chun cinn ar thaobh amháin, , agus ar an taobh eile, trí bhagairtí don tsláinte a chosc agus a chomhrac, lena n‑áirítear paindéimí, agus cur chuige Aon Sláinte Amháin á chur i bhfeidhm.
Cuireadh i dtábhacht sna trí dhearbhú polaitiúla a bhaineann le sláinte a ritheadh le linn Cruinnithe Ardleibhéil ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac le linn mhí Mheán Fómhair 2023 maidir le hEitinn, Clúdach Sláinte Uilíoch agus Cosc, Ullmhacht agus Freagairt Paindéime an phráinn atá le gníomhaíochtaí chun córais sláinte náisiúnta a neartú agus slándáil dhomhanda a fheabhsú chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaineann le sláinte a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, tá na tíortha de chuid an Aontais an‑ghníomhach sa chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair chun coinbhinsiún, comhaontú nó ionstraim idirnáisiúnta EDS eile a ghlacadh maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí (‘Comhaontú ar Phaindéimí’) agus sa chaibidlíocht chomhlántach maidir leis an athbhreithniú ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta. Tá tograí uaillmhianacha déanta ag an Aontas ina gcuirtear cothromas chun cinn agus lena n‑áirítear forálacha oibríochtúla maidir leis an timthriall foriomlán coisc, ullmhachta agus freagartha, chun feabhsuithe suntasacha nithiúla a bhaint amach ar mhaithe agus leas gach duine. Tosaíocht don Aontas is ea toradh rathúil a bhaint amach don dá phróiseas faoin gComhthionól Domhanda Sláinte i mí Bealtaine 2024.
Ina theannta sin, is comhalta bunaidh é an Coimisiún agus rannchuiditheoir leis an gCiste Paindéime a sheol G20 in 2022 agus a d’óstáil an Banc Domhanda. Soláthraítear tríd an gCiste maoiniú fadtéarmach chun inniúlacht agus acmhainneachtaí coisc, ullmhachta agus freagartha (PPR) i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim a neartú agus chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh chriticiúla trí infheistíochtaí agus tacaíocht theicniúil ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus dhomhanda.
Agus deis thábhachtach chun gealltanais in aghaidh frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach a neartú, chuir an tAontas chun cinn togra cuimsitheach maidir le forálacha nithiúla FSFM mar chuid den chaibidlíocht maidir le comhaontú idirnáisiúnta EDS i ndáil le cosc, ullmhacht agus freagairt i leith paindéimí. Tá an tAontas tiomanta do chomhar domhanda maidir le FSFM agus d’óstáil sé cruinniú ar an láthair den Tascfhórsa Trasatlantach maidir le Frithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach an 14-15 Samhain 2023 inar tugadh le chéile údaráis as an Aontais, as na Stáit Aontaithe, as Ceanada, an Iorua agus an RA, chun comhoibriú agus dea‑chleachtais a chomhroinnt chun iarrachtaí intíre agus domhanda a neartú. Tá an tAontas ag tacú freisin le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun FSFM a chomhrac laistigh de chomhthéacsanna G7 agus G20 agus tá sé páirteach in ullmhúcháin do chruinniú ardleibhéil rathúil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le FSFM in 2024. Trína ranníocaíocht airgeadais le Ciste Iontaobhais Il‑chomhpháirtí FSFM, tá an tAontas ag tacú le hiarrachtaí i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun a n‑acmhainneachtaí chun FSFM a chomhrac a neartú.
Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM)
Tá UCPM tiomanta do chúnamh a chur ar fáil do thír ar bith a iarrann sin, laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach. Go dtí seo in 2023, fuarthas 10 n‑iarraidh trí UCPM ó thíortha nach Ballstát den Aontas iad maidir le míreanna a bhaineann le COVID‑19 (vacsaíní, trealamh leighis, etc.) agus fuarthas tairiscintí dóibh uile ó Bhallstáit de chuid an Aontais agus Stáit atá rannpháirteach i UCPM. Thairis sin, más gá, féadfaidh an Coimisiún freisin tacaíocht dhíreach a thabhairt do chomhpháirtithe sláine daonnúla trí Acmhainneacht Freagartha Daonnúla Eorpach le soláthar pacáistí éigeandála comhlántacha (i.e. dídean, pacáistí sláinteachais agus calair) chomh maith le cur in úsáid saineolaithe sláinte (i ndlúthchomhar le ECDC) i gcás éigeandáil sláinte i gcomhthéacs daonnúil.
Gné idirnáisiúnta i dtaighde agus nuálaíocht arna mhaoiniú ag an Aontas
Chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar ullmhacht agus freagairt paindéime, chuidigh an tAontas le comhar taighde domhanda maidir le hullmhacht do ghalair thógálacha (GloPID-R) a bhunú agus tá sé á mhaoiniú. Ina threochlár beo maidir le comhordú trialach cliniciúla sainmhínítear líonraí agus ardáin trialach cliniciúla réidh i gcomhair eipidéime, freagairt trialach cliniciúla solúbtha agus éifeachtach agus timpeallacht taighde cothrom mar chroílár na treoraíochta do mhaoinitheoirí. Tacaíonn moil réigiúnacha GloPID-R san Afraic agus san Áise agus an Aigéin Chiúin le comhordú níos láidre ar leibhéal réigiúnach.
Chun comhar domhanda maidir le trialacha cliniciúla a chur chun cinn, tugtar le chéile Comhlachas EDCTP arna mhaoiniú ag an Aontas 26 thír le chéile san Afraic agus 15 thír san Eoraip in 2003 chun líonraí trialacha cliniciúla iltíre san Afraic agus comhar leis an Eoraip a chur chun cinn. Tá EDCTP ina thríú atriall faoi láthair, mar Chomhghnóthas, agus tá acmhainneacht taighde feabhsaithe aige agus dlús curtha aige le forbairt idirghabhálacha leighis nua nó feabhsaithe i ndáil le sainaithint, cóireáil agus cosc galar ionfhabhtaíoch a bhaineann le bochtaineacht, lena n‑áirítear galair atá ag teacht chun cinn nó atá ag teacht chun cinn arís san Afraic Fho‑Shahárach, trí na céimeanna uile de thrialacha cliniciúla agus béim á leagan ar thrialacha céim II agus III.
Tá rannpháirtíocht agus dlúthchomhar le páirtithe leasmhara idirnáisiúnta bunúsach chun iarrachtaí ullmhachta agus freagartha paindéime a neartú go domhanda. Le bliain anuas, leanadh ar aghaidh le cur chun feidhme socrú riaracháin 2022 le United States’ Administration for Strategic Preparedness and Response (ASPR) [Riarachán na Stát Aontaithe maidir le hUllmhacht agus Freagairt Straitéiseach], lena n‑áirítear trí mhalartú saineolaithe agus tar éis comhpháirtíocht a fhorbairt maidir le nuálaíocht maoinithe san earnáil diagnóisicí, go sonrach maidir leis na teicneolaíochtaí chun luathráig a bhrath. Tá comhar á leathnú ag HERA freisin le comhpháirtithe san Áise agus le déanaí shínigh sé socruithe riaracháin le hAireacht Sláinte agus Leasa Phoblacht na Cóiré agus Gníomhaireacht na Seapáine maidir le Taighde agus Forbairt Leighis.
Táthar ag leanúint ar aghaidh le dlúthchomhar leis an Úcráin agus tíortha comharsanacha eile, chomh maith le comhpháirtithe san Oirthear, go háirithe san Afraic. Is iad na príomhchuspóirí sa chéim ullmhachta acmhainneacht um sheicheamhú faireachais a fheabhsú, malartú sonraí a éascú agus acmhainneachtaí inbhuanaithe táirgthe agus dáilte a thacú do na frithbhearta leighis ábhartha ionas gur féidir le comhpháirtithe in amanna géarchéime pataiginí is ábhar imní a shainaithint agus a shaintréithiú go mear agus rochtain leathan agus thapa a bheith ar fhrithbhearta leighis.
Áirítear air sin obair trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta (e.g. GH-EDCTP3JU chun forbairt frithbheart leighis a fhorbairt le haghaidh galair ionfhabhtaíocha a bhfuil tionchar acu ar an Afraic). Go háirithe i dtaca le tionscnaimh dhomhanda, réigiúnacha nó náisiúnta i réimse na hullmhachta paindéime, d’infheistigh an Coimisiún timpeall EUR 25 milliún ó chlár EU4Health. Áiríodh ar na gníomhaíochtaí tacaíocht do thrialacha cliniciúla vacsaíní agus cóireálacha in aghaidh bagairtí tosaíochta don tsláinte (e.g. Ebola agus víreas Marburg); seicheamhú acmhainneachtaí san Afraic a fheabhsú, i gcomhar leis an Lárionad Afracach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (CDC); agus bailiú sonraí maidir le pataiginí atá ag teacht chun cinn san Afraic i gcomhar le mol paindéime EDS agus AFRO EDS.
Deimhnithe Digiteacha COVID AE agus Líonra Deimhnithe Sláinte Digiteach Domhanda EDS
Bhí forbairt agus úsáid Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais ríthábhachtach sa chomhrac in aghaidh phaindéim COVID‑19. Le linn na paindéime, d’éascaigh Deimhnithe Digiteacha COVID AE taisteal laistigh den Aontas Eorpach nuair a measadh go raibh gá le srianta taistil. Cheadaigh sé freisin d’ardú comhordaithe ar na srianta sin nuair ab fhéidir.
Bhí gné thábhachtach idirnáisiúnta freisin ag baint le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais. Agus é bunaithe ar theicneolaíochtaí agus caighdeáin foinse oscailte, cheadaigh sé nasc le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a d’eisigh deimhnithe de réir chaighdeáin agus sonraíochtaí Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais. Tá 78 dtír agus gcríoch nasctha anois, tá córas Deimhniú Digiteach COVID AE ar an réiteach is mó a úsáideadh chun deimhnithe digiteacha COVID‑19 a eisiúint agus a bhailíochtú. Tríd an gcóras seo, bhí rochtain ag níos mó ná 1,8 billiún duine ar dheimhnithe digiteacha idir‑inoibritheacha, agus eisíodh níos mó ná 2,3 billiún deimhniú san Aontas as féin.
Ó thús na paindéime, rinne EDS plé leis na réigiúin uile EDS chun treoirlínte foriomlána do dheimhnithe COVID‑19 a shainmhíniú, ag aithint na bearna agus an ghá leanúnach i gcomhair sásra dhomhanda a thacódh le fíorú déthaobhach foinse agus barántúlacht doiciméad sláinte chun críche ullmhacht phaindéime agus leanúnachas cúraim. Agus eispéireas Deimhniú Digiteach COVID AE á ghiaráil acu, sheol EDS i mí an Mheithimh 2023 Líonra Deimhnithe Sláinte Digiteach Domhanda (GDHCN), ina bhforbraítear bunchlocha soladacha chreat, phrionsabail, shonraíochtaí agus theicneolaíochtaí oscailte an Deimhnithe Digitigh COVID AE. Chomhaontaigh EDS agus an Coimisiún ar chomhpháirtíocht chun glacadh le Deimhniú Digiteach COVID AE a éascú agus ar chomhar in oibríocht agus forbairt bhreise GDHCN. Ceadóidh GDHCN don domhan tairbhiú de chóineasú deimhnithe digiteacha, fad is a léirítear meas ar luachanna comhchoiteanna agus prionsabail na trédhearcachta agus na hoscailteachta, na hionchuimsitheachta, na cuntasachta, na cosanta sonraí agus an phríobháideachais, na slándála, na hinscálaitheachta agus a chuirtear chun cinn iad ar leibhéal domhanda agus prionsabal an chothromais. Tá sé mar aidhm le comhpháirtíocht an Choimisiúin/na hEagraíochta Domhanda Sláinte oibriú chun córas EDS a fhorbairt go teicniúil le cur chuige céimnithe chun cásanna úsáide breise a chumhdach amach anseo (d’fhéadfaí a áireamh anseo, mar shampla, digitiú an Deimhnithe Vacsaínithe Idirnáisiúnta nó Próifiolacsas). Beidh sé ríthábhachtach réitigh dhigiteacha den sórt sin a leathnú chun sláinte níos fearr a bhaint amach do shaoránaigh ar fud an domhain.
Freagairt an Aontais mar thacaíocht don Úcráin
Mór‑ghéarchéim dhaonnúil atá i gcogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine a bhfuil tionchar aige ar chóras cúraim sláinte na hÚcráine agus a chruthaigh rioscaí don tsláinte phoiblí laistigh den Úcráin agus níos faide i gcéin. Sheol Ballstáit an Aontais agus an Coimisiún frithbhearta leighis trí UCPM chun cosaint in aghaidh ionsaithe agus éigeandálaí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha san Úcráin. Bhunaigh an Coimisiún freisin scéim chun an lóistíocht maidir le deonuithe earraí leighis ó chuideachtaí de chuid an Aontais chuig an Úcráin trí UCPM a éascú.
Tá córas aslonnaithe leighis (MEDEVAC) arna bhunú ag UCPM oibríochtúil ó mhí an Mhárta 2022. Go dtí seo bhíothas in ann leis os cionn 2 800 othar gortaithe agus othair a bhí go dona tinn a aslonnú go sábháilte as an Úcráin, ón Úcráin agus tíortha comharsanacha chuig ospidéil i 21 tír Eorpacha. Tá córas MEDEVAC comhchoiteann den sórt sin gan fasach ar leibhéal an Aontais. Bhunaigh an Coimisiún freisin saoráid leighis i mol tiomnaithe sa Pholainn chun dea‑bhail othar atá ag fanacht le hiompar chuig ospidéil Eorpacha agus chun iontaofacht agus intuarthacht MEDEVAC a mhéadú. Ó chúltaca straitéiseach rescEU agus ó thús ionradh scála iomláin na Rúise ar an Úcráin, imscaradh luach níos mó ná EUR 56 mhilliún de mhíreanna agus trealamh leighis agus CBRN chuig an Úcráin, lena n‑áirítear maisc, táibléid iaidíd photaisiam, aerálaithe agus míreanna eile.
8. CONCLÚIDÍ
Mapáladh sa tuarascáil seo gníomhaíochtaí agus acmhainneachtaí an Aontais a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte tar éis phaindéim COVID‑19 agus ag forbairt ar ailtireacht slándála sláinte an Aontais roimh COVID‑19. Díríodh ar na gníomhaíochtaí sin lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2371, mar fhreagairt ar cheanglas Airteagal 9 chun tuairisciú maidir le pleanáil choisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais. Ina theannta sin, tugadh breac‑chuntas sa tuarascáil seo ar thionscnaimh agus obair leanúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis an tsláinte phoiblí i réimsí beartais eile de chuid an Aontais, e.g. taighde, cúnamh éigeandála, comhar idirnáisiúnta, etc.
Spreag paindéim COVID‑19 suaitheadh mór inár gcórais sláinte agus inár saol a bhfuil aithne againn air; ach thug sé deis gan choinne freisin chun ár gcreat slándála sláinte a fheabhsú ionas go mbíonn sé ullmhaithe níos fearr chun mórbhagairtí don tsláinte a sheasamh amach anseo. Cé nach bhfuil a fhios againn céard atá romhainn – d’ainneoin ár n‑iarrachtaí is fearr chun é a thuar agus a phleanáil – thug an tAontas isteach struchtúir uasghrádaithe maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt, rud a chuir go mór lenár n‑acmhainneachtaí comhchoiteanna chun freagairt d’aon éigeandáil amach anseo. Cuireann an creat slándála sláinte ar leibhéal an Aontais sraith bhreise thábhachtach le croí‑fheidhmeanna na mBallstát i réimse na sláinte agus cúram sláinte a sholáthar. Níl aon mheas ag bagairtí don tsláinte ar theorainneacha, ach táimid, go comhchoiteann, níos ullmhaithe chun iad a chomhrac, lena n‑áirítear trí bheith páirteach i gcomhpháirtíochtaí ar leibhéal domhanda.