Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023H0622(01)

    Moladh ón gComhairle maidir le dlús a chur le gníomhaíochtaí an Aontais chun an frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac trí chur chuige Aon Sláinte Amháin 2023/C 220/01

    ST/9581/2023/INIT

    IO C 220, 22.6.2023, p. 1–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 220/1


    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le dlús a chur le gníomhaíochtaí an Aontais chun an frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac trí chur chuige Aon Sláinte Amháin

    (2023/C 220/01)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(6) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I mí Iúil 2022, shainaithin an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, an frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha mar cheann de na trí bhagairt is mó tosaíocht i réimse na sláinte (1). Meastar go bhfaigheann níos mó ná 35 000 duine bás gach bliain san Aontas Eorpach/Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (AE/LEE) mar thoradh díreach ar ionfhabhtú mar gheall ar bhaictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach (2). Tá tionchar na FSFM ar an tsláinte inchomparáide leis an tionchar a bhíonn ag an bhfliú, an eitinn agus VEID/SEIF ar fad le chéile ar an tsláinte. Ar an iomlán, léiríonn na sonraí is déanaí (3) go bhfuil méadú suntasach ag teacht ar líon na n-ionfhabhtuithe agus na mbásanna dá mbarr i gcás beagnach gach teaglaim de bhaictéir-antaibheathaigh, go háirithe i suíomhanna cúraim sláinte. Meastar gur ionfhabhtuithe a raibh baint acu le cúram sláinte ab ea thart ar 70 % de na cásanna ionfhabhtuithe le baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach. Ina theannta sin, tá tionchar na bhfungas atá frithsheasmhach in aghaidh fungaicíde ar an tsláinte ag éirí níos soiléire thar na blianta.

    (2)

    Tá iarmhairtí tromchúiseacha ag FSFM, i dtéarmaí shláinte an duine agus i dtéarmaí eacnamaíocha do na chórais cúraim sláinte. Ós rud é go laghdaíonn sí ár gcumas galair thógálacha a chosc agus a chóireáil, tá FSFM ina bhagairt freisin inter alia ar an gcumas máinliacht a dhéanamh, ar chóireáil othar imdhíonacht-lagaithe, ar thrasphlándú orgán agus ar theiripe ailse. Bíonn costais arda ar chórais cúraim sláinte na dtíortha AE/LEE mar thoradh uirthi (4). Tá FSFM ina bhagairt freisin don tsábháilteacht bia agus don tslándáil bia toisc go bhfuil tionchar aige ar shláinte ainmhithe agus ar chórais táirgthe.

    (3)

    Saincheist Aon Sláinte Amháin is ea FSFM, sa bhrí go gcuimsíonn sí sláinte an duine, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus an comhshaol, agus gur bagairt ilghnéitheach trasteorann í don tsláinte nach féidir le hearnáil amháin nó tíortha aonair dul i ngleic léi ina n-aonar. Chun dul i ngleic le FSFM, tá gá le hardleibhéal comhair idir earnálacha agus idir tíortha, lena n-áirítear ar an leibhéal domhanda.

    (4)

    Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2017 dar teideal ‘A European One Health Action Plan against AMR’ [Plean Gníomhaíochta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin i gcoinne FSFM] (“Plean Gníomhaíochta 2017 maidir le FSFM”) (5) leagtar amach breis agus 70 gníomhaíocht lena gcumhdaítear sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus an comhshaol, a ndearnadh faireachán rialta ar a ndul chun cinn go dtí seo (6). Mar sin féin, tá gá le tuilleadh gníomhaíochta, go háirithe i réimsí shláinte an duine agus an chomhshaoil, rud a éilíonn go dtabharfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit níos mó airde ar na réimsí sin, mar shampla tríd an Moladh seo. I ndáil leis sin, cuirtear leis an obair i gcoinne FSFM leis na conclúidí ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019 maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtreo an tAontas a bheith ina réigiún dea-chleachtais chun an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac (7) agus na conclúidí ón gComhairle an 7 Nollaig 2021 maidir le hAontas Sláinte na hEorpa (8).

    (5)

    Cuireann Clár EU4Health (9) infheistíocht shuntasach ar fáil chun FSFM a chomhrac, go háirithe trí dheontais dhíreacha d’údaráis na mBallstát chun bearta i gcoinne FSFM a chur chun feidhme, i measc nithe eile ag tacú leis na Ballstáit i gcur chun feidhme Phleananna Gníomhaíochta Náisiúnta Aon Sláinte Amháin maidir le FSFM, maidir le hionfhabhtuithe arna dtolgadh sa phobal agus arna dtolgadh i gcúram sláinte a rialú, mar aon le straitéisí maoirseachta frithmhiocróbacha. Ba cheart go dtacódh sé sin le hobair leantach an Mholta seo ón gComhairle ar fud na mBallstát. Leis an gclár Fís Eorpach (10), cuirfear tacaíocht ar fáil do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus do chomhpháirtíocht Aon Sláinte Amháin i ndáil le FSFM (11), agus d’fhéadfadh maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta (12) agus cúnamh faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (13) tacaíocht bhreise a chur ar fáil do chur chun feidhme an Mholta seo ón gComhairle.

    (6)

    Tá Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta Aon Sláinte i ndáil le FSFM riachtanach chun freagairt chomhordaithe ar FSFM a bhaint amach ar fud earnálacha éagsúla. I ndearbhú polaitiúil 2016 ó chruinniú ardleibhéil na Náisiún Aontaithe den Chomhthionól Ginearálta maidir le FSFM (14), gheall na Ballstáit go n-oibreoidís ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda chun pleananna gníomhaíochta il-earnálacha a fhorbairt, i gcomhréir le rún 68.7 ón gComhthionól Domhanda Sláinte, i gcomhréir le cur chuige Aon Sláinte Amháin agus leis an bPlean Gníomhaíochta Domhanda maidir le FSFM (15). I gConclúidí ón gComhairle an 17 Meitheamh 2016 (16) iarradh ar na Ballstáit plean gníomhaíochta náisiúnta i gcoinne FSFM a bheith i bhfeidhm acu roimh lár na bliana 2017, bunaithe ar chur chuige Aon Sláinte Amháin agus i gcomhréir le cuspóirí Phlean Gníomhaíochta Domhanda EDS maidir le FSFM.

    (7)

    Ina thuarascáil forléargais an 18 Deireadh Fómhair 2022 (17), chinn an Coimisiún, cé go raibh Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta i bhfeidhm sna Ballstáit uile, agus an chuid is mó acu bunaithe ar chur chuige Aon Sláinte Amháin, go pointe áirithe ar a laghad, go raibh éagsúlacht mhór sna pleananna gníomhaíochta sin ó thaobh inneachair agus sonraí de. Tháinig sé ar an gconclúid freisin gur cheart go n-oibreodh go leor Ballstát ar bhealach atá níos mó i gcomhréir leis an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin”, go háirithe maidir le bearta a bhaineann leis an gcomhshaol, ar minic iad in easnamh nó gan a bheith forbartha go maith. Ar deireadh, tríd is tríd, ní raibh na croí-chomhpháirteanna, mar shampla na codanna oibríochtúla, faireacháin agus meastóireachta, forbartha i gceart sna Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta iad féin, ná ní raibh siad ar fáil i ndoiciméid ghaolmhara. Ina theannta sin, bhí faisnéis bhuiséadaithe in easnamh den chuid is mó sna Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta. Tá na saincheisteanna sin ina n-ábhar imní maidir le cur chun feidhme inbhuanaithe na bPleananna Gníomhaíochta Náisiúnta agus maidir leis na socruithe atá i bhfeidhm sna Ballstáit chun a áirithiú go mbainfear a gcuspóirí straitéiseacha amach go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil Plean Gníomhaíochta Náisiúnta acu bunaithe ar chur chuige Aon Sláinte Amháin, agus struchtúr, faireachán agus acmhainní iomchuí mar bhonn taca leis.

    (8)

    Tá faireachas agus faireachán láidir, lena n-áirítear treochtaí a leanúint, i ndáil le FSFM agus tomhaltas frithmhiocróbach (TFM) ar gach leibhéal de réimse shláinte an duine, agus sna hearnálacha tréidliachta, plandaí agus comhshaoil freisin, ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar leathadh FSFM, chun tacú le húsáid stuama ábhar frithmhiocróbach agus chun bonn eolais a chur faoi fhreagairtí coiscthe agus rialaithe ionfhabhtuithe.

    (9)

    Is den riachtanas go mbeadh antaibheathaigh speictrim chúng ar fáil chun forbairt agus leathadh na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chosc. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh na Ballstáit bearta speisialta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna soláthair i réimsí shláinte an duine agus na tréidliachta.

    (10)

    Ní mór do na Ballstáit sonraí ábhartha inchomparáide a bhailiú maidir le líon díolacháin táirgí íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbacha agus maidir le húsáid táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha de réir speicis ainmhithe (18). Cé go bhfágann cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) gur féidir feabhas a chur ar bhailiú sonraí agus faisnéise inchomparáide agus comhoiriúnaí maidir le FSFM agus TFM, is gá do na Ballstáit gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun bearnaí faireachais agus faireacháin atá ann cheana a dhúnadh agus chun iomláine na sonraí maidir le FSFM agus TFM araon a áirithiú ar gach leibhéal, lena n-áirítear trí shonraí a mholadh lena dtuairisciú agus trí chórais chomhtháite a fhorbairt chun faireachas a dhéanamh ar FSFM agus TFM lena gcuimsítear sláinte an duine, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí, bia, fuíolluisce agus an comhshaol.

    (11)

    Cé go bhfuil easpa eolais fós ann maidir le forbairt agus leathadh FSFM trí phataiginí a nochtadh do tháirgí cosanta plandaí agus do tháirgí bithicíde, ba cheart an riosca go bhforbrófaí frithsheasmhacht mar sin a chur san áireamh mar chuid den mheastóireacht sábháilteachta agus den chinnteoireacht maidir le táirgí cosanta plandaí agus táirgí bithicídeacha.

    (12)

    Cé gur lú an bhéim atá á cur ar an ngné chomhshaoil de FSFM ná ar FSFM i sláinte an duine nó i sláinte ainmhithe, tá níos mó fianaise ag teacht chun solais go bhféadfadh an comhshaol nádúrtha a bheith ina thaiscumar mór agus ina spreagthóir FSFM. I gcomhréir leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin, tá sé ríthábhachtach faireachán comhshaoil a dhéanamh ar FSFM i screamhuisce agus in uisce dromchla lena n-áirítear uiscí cósta, i bhfuíolluisce agus in ithreacha talmhaíochta chun tuiscint bhreise a fháil ar an ról atá ag iarmhair fhrithmhiocróbacha a bheith i láthair sa chomhshaol maidir le teacht chun cinn agus leathadh FSFM, maidir le leibhéil an éillithe chomhshaoil agus maidir leis na rioscaí a bhaineann le sláinte an duine. Tá faireachán riachtanach freisin chun sonraí cliniciúla a chomhlánú trí ábhar samplála ó dhaonra mór a chur ar fáil.

    (13)

    Faightear iarmhair táirgí íocshláinte go forleathan i screamhuisce agus in uiscí dromchla, lena n-áirítear uiscí cósta agus in ithreacha, agus léiríonn roinnt foilseachán gur féidir le hiarmhair antaibheathach cur le FSFM. Is pointe iontrála féideartha géinte agus orgánaigh FSFM sa chomhshaol iad gléasraí cóireála fuíolluisce.

    (14)

    Cé go bhfuil sé d’aidhm ag na tograí ón gCoimisiún i bhFómhar 2022 an faireachán comhshaoil ar FSFM i screamhuisce agus in uisce dromchla lena n-áirítear uiscí cósta, i bhfuíolluisce agus in ithreacha talmhaíochta (20) a neartú, aithnítear gur gá dul i mbun cur chuige comhtháite Aon Sláinte Amháin i leith FSFM le haghaidh córais faireachais, lena n-áirítear an comhshaol (21). Tá gá le faireachas comhtháite ar thorthaí miocrorgánach atá frithsheasmhach in aghaidh drugaí i ndaoine, in ainmhithe, i bplandaí, i mbia, i bhfuíolluisce agus sa chomhshaol chun ráigeanna a bhrath agus a chosc go tapa agus chun dul i ngleic le FSFM sna hearnálacha difriúla. D’fhéadfadh coigilteas airgeadais teacht as comhar níos dlúithe ar fud na n-earnálacha sin freisin. Is éard atá i gceist leis an bpróiseas sin sonraí agus faisnéis a chomhroinnt trasna na n-earnálacha chun FSFM a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhordaithe. Na sonraí a chuireann na córais faireachais sin ar fáil, ar leibhéil iomchuí riaracháin, féadfaidh siad tuiscint níos fearr a thabhairt ar eipidéimeolaíocht chasta FSFM chun gur féidir moltaí beartais a threorú agus tionscnaimh a fhorbairt chun freagairt do rioscaí FSFM sula n-éiríonn siad ina n-éigeandálaí mórscála.

    (15)

    Má dhéantar ionfhabhtaithe a chosc agus a rialú go dian, go háirithe i suíomhanna géarchúraim ar nós ospidéal, agus i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh, is cabhair é sin le FSFM a chomhrac. Le paindéim COVID-19, méadaíodh an fheasacht maidir le hionfhabhtuithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear bearta sláinteachais chun tarchur miocrób a laghdú, lena n-áirítear miocróib fhrithsheasmhacha. Mar sin féin, ós mar gheall ar ionfhabhtuithe (22) a bhaineann le cúram sláinte a tharlaíonn os cionn 70 % de na cásanna FSFM, tá gá le caighdeáin níos fearr ó thaobh ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú. Áirítear leis sin freisin ardchaighdeáin sábháilteachta othar. Agus gníomhaíochtaí náisiúnta á ndéanamh aici, is féidir obair na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le hionfhabhtuithe a chosc agus a rialú, sláinteachas lámh agus sábháilteacht othar a chur san áireamh (23) (24) (25).

    (16)

    Cé go n-aithnítear go maith go bhfuil úsáid mhíchuí ábhar frithmhiocróbach, i ndaoine agus in ainmhithe araon, ar an rud is mó is cúis le leibhéil mhéadaithe FSFM, tá tuarascálacha comhsheasmhacha ann maidir le heasnaimh a bhaineann le leibhéil arda maoirseachta frithmhiocróbach a áirithiú ar fud na mBallstát. Is gnéithe ríthábhachtacha iad úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach agus ardchaighdeáin maidir le hionfhabhtuithe a chosc agus a rialú ar leibhéal an phobail, na n-ospidéal agus na saoráidí cúraim fhadtéarmaigh ó thaobh teacht chun cinn agus forbairt FSFM a laghdú. Comhlánaíonn an Moladh seo Moladh ón gComhairle an 15 Samhain 2001 maidir le húsáid stuama oibreán frithmhiocróbach i leigheas an duine (26), Moladh ón gComhairle an 9 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht othar, lena n-áirítear ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláintea chosc agus a rialú (27), agus treoirlínte 2017 maidir le húsáid stuama ábhar frithmhiocróbach i sláinte an duine (28). Comhlánaíonn sé freisin an t-athbhreithniú ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais lena moltar, sa Treoir athbhreithnithe maidir le cód an Aontais a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (29), bearta rialála sonracha a thabhairt isteach chun úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach a fheabhsú.

    (17)

    Mar thoradh ar FSFM tá méadú ar ghalracht agus ar mhortlaíocht na n-ainmhithe. Cuireann sé sláinte agus leas ainmhithe i mbaol agus, dá bhrí sin, táirgiúlacht ainmhithe, agus tá tionchar mór socheacnamaíoch aige ar earnáil na talmhaíochta. Bíonn tionchar ag sláinte agus leas ainmhithe ar shábháilteacht an bhiashlabhra, go háirithe iad siúd a shaothraítear le haghaidh táirgeadh bia. Ach ardleibhéal sláinte agus leasa ainmhithe a áirithiú, cuirtear feabhas ar athléimneacht ainmhithe, rud a fhágann nach bhfuil siad chomh leochaileach céanna i leith galar, rud a chabhraíonn le húsáid ábhar frithmhiocróbach a laghdú.

    (18)

    D’fhéadfadh forbairt FSFM teacht as sloda séarachais agus aoileach a úsáidtear mar leasacháin ar ithir talmhaíochta, toisc baictéir agus géinte atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a bheith á leathadh sa chomhshaol, agus an slabhra bia á éilliú tuilleadh dá réir. Cé go bhfuil gá le tuilleadh sonraí, agus gur gá na sonraí atá ann cheana a scagadh níos fearr, moltar cleachtais stuama bhainistithe aoiligh a thabhairt isteach.

    (19)

    Dá nithiúla intomhaiste iad na spriocanna a leagtar síos is ea is fearr is féidir FSFM a chosc agus a laghdú laistigh de thréimhse shonraithe ama agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn (30). Rinneadh plé idirnáisiúnta ar na spriocanna i ndáil le FSFM, mar shampla i gcomhthéacs an Tascfhórsa Thrasatlantaigh um Fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair Fhrithmhiocróbacha (31), Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (32) agus G7 (33).

    (20)

    Áiríodh sprioc chun laghdú 50 % a dhéanamh faoi 2030 ar dhíolachán foriomlán ábhar frithmhiocróbach i gcás ainmhithe feirmshaothraithe agus sa dobharshaothrú sa Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” (34) agus sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach (35) agus ba cheart a fhaire go ndéanfaí úsáid ábhar frithmhiocróbach i measc ainmhithe feirmshaothraithe a laghdú trí bhearta tacaíochta an chomhbheartais talmhaíochta (36), ach mar sin féin, níl aon sprioc ann faoi láthair a bhaineann le FSFM in earnáil shláinte an duine ar leibhéal an Aontais. Tá spriocanna nithiúla ceaptha ag an gCoimisiún, i gcomhar leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, spriocanna lena laghdófaí úsáid neamhriachtanach ábhar frithmhiocróbach. Sna spriocanna atá molta ar leibhéal na mBallstát, tugtar aird chuí ar gach cás náisiúnta agus ar na leibhéil éagsúla atá ann de thomhaltas frithmhiocróbach agus de leathadh na bpríomhphataiginí frithsheasmhacha. Léiríonn siad leibhéal na n-iarrachtaí atá le déanamh ag gach Ballstát chun spriocanna coiteanna an Aontais a bhaint amach agus gan sláinte agus sábháilteacht othar a chur i mbaol an tráth céanna. Ina theannta sin, éascaítear tacaíocht spriocdhírithe leo i gcás inar gá agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfar sna blianta atá le teacht.

    (21)

    Is uirlis úsáideach é spriocanna molta maidir le TFM agus FSFM a chur ar bun ar leibhéal an Aontais chun an dul chun cinn a bhaint amach agus a fhaire i ndáil leis na fachtóirí bunúsacha a imríonn tionchar ar FSFM, go háirithe tomhaltas frithmhiocróbach, agus leathadh FSFM, go háirithe maidir le pataiginí arb iad an t-ualach agus an bhagairt is mó ar an tsláinte phoiblí san Aontas. Tá na spriocanna a mholtar bunaithe ar shonraí atá ann cheana a tuairiscíodh faoi fhaireachas an Aontais in 2019 (37), a roghnaíodh mar bhliain bhonnlíne, ós rud é go meastar gur cás eisceachtúil é an staid in 2020 agus 2021 agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé míchuí a bheith mar bhonn, mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus ar na bearta sriantacha neamhghnácha a bhí i bhfeidhm. Ba cheart go rannchuideodh na spriocanna molta le spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach agus is féidir iad a chomhlánú le spriocanna náisiúnta lena gcumhdaítear gnéithe eile a bhaineann le FSFM, amhail ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú, maoirseacht ar ábhair fhrithmhiocróbacha, cleachtais oidis agus oiliúint.

    (22)

    Léirítear in Eorabharaiméadar Speisialta 2022 maidir le FSFM (38) go bhfuil eolas faoi antaibheathaigh fós in easnamh san Aontas agus nach bhfuil ach leath de na daoine a cheistítear ar an eolas go bhfuil antaibheathaigh neamhéifeachtach i gcoinne víreas, agus go bhfuil difríochtaí móra fós ann i bhfeasacht shaoránaigh an Aontais ar fud na mBallstát. Ina theannta sin, tá beagnach duine as gach deichniúr saoránach de chuid an Aontais ag glacadh antaibheathaigh gan oideas. Léiríonn na torthaí sin gur gá gníomhaíochtaí cumarsáide agus múscailte feasachta maidir le FSFM agus úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach ar gach leibhéal a mhéadú agus a fheabhsú mar mhodh chun eolas agus athrú iompraíochta a chur chun cinn.

    (23)

    Tá ról tábhachtach ag oideachas, feasacht agus oiliúint gairmithe atá ag obair in earnálacha sláinte an duine, tréidliachta, an chomhshaoil agus agranamaíochta maidir le FSFM, maidir le hionfhabhtuithe a chosc agus a rialú agus maidir leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin sa chomhrac i gcoinne FSFM, de bharr, go háirithe, an ról atá acu mar thaca le húsáid stuama ábhar frithmhiocróbach agus le hoideoirí othar agus feirmeoirí. Sna cláir oideachais leanúnacha agus sna curaclaim ba cheart go n-áireofaí cúrsaí oiliúna éigeantacha agus inniúlachta trasearnála éigeantacha maidir le FSFM, maidir le hionfhabhtuithe a chosc agus a rialú, maidir le riosca comhshaoil, maidir leis an mbithshlándáil agus maidir le maoirseacht ar ábhair fhrithmhiocróbacha, de réir mar is iomchuí.

    (24)

    De réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), formheasadh 11 antaibheathach nua (an Coimisiún nó Údarás Bia agus Drugaí SAM nó an dá cheann acu a d’fhormheas) ó bhí mhí Iúil 2017 ann. Cé is moite de roinnt eisceachtaí, tá tairbhe chliniciúil theoranta ag na hantaibheathaigh nua-fhormheasta sa bhreis ar na cóireálacha atá ann cheana, ós rud é go dtagann os cionn 80 % díobh ó aicmí atá ann cheana ina bhfuil pátrúin frithsheasmhachta lánbhunaithe agus a meastar go dtiocfaidh frithsheasmhacht chun cinn go tapa iontu. Faoi láthair tá 43 antaibheathach agus comhcheangal le heintiteas teiripeach nua á bhforbairt. Ní chomhlíonann ach roinnt acu ceann amháin ar a laghad de chritéir nuálaíochta EDS (i.e. easpa tras-fhrithsheasmhachta aitheanta, suíomh nua ceangailteach, modh gníomhaíochta agus/nó aicme). Ar an iomlán, ní leor an próiseas forbartha cliniciúil agus na hantaibheathaigh a formheasadh le déanaí chun dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le teacht chun cinn agus leathadh méadaitheach FSFM. Toisc nár forbraíodh antaibheathaigh nua éifeachtacha agus nár cuireadh iad ar fáil, tá tionchar FSFM ag méadú tuilleadh; dá bhrí sin, tá géarghá le dreasachtaí nua a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

    (25)

    Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún feabhas a chur ar ullmhacht agus ar fhreagairt i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann i réimse na bhfrithbheart leighis, go háirithe trí ardtaighde agus trí fhorbairt ar fhrithbhearta leighis agus ar theicneolaíochtaí gaolmhara a chur chun cinn agus trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an mhargaidh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar an gcliseadh sa mhargadh frithmhiocróbach agus ba cheart dó forbairt agus inrochtaineacht frithbheart leighis atá ábhartha chun FSFM a chomhrac, lena n-áirítear ábhair fhrithmhiocróbacha nua agus seanábhair, diagnóisic agus vacsaíní in aghaidh pataiginí frithsheasmhacha a chur chun cinn.

    (26)

    Ó bhí Plean Gníomhaíochta 2017 maidir le FSFM ann, moladh roinnt tograí le haghaidh samhlacha eacnamaíocha nua chun ábhair fhrithmhiocróbacha nua a thabhairt ar an margadh, lena n-áirítear i gconclúidí JAMRAI (39), inar leagadh amach an 31 Márta 2021“straitéis chun dreasachtaí il-tíortha a chur chun feidhme san Eoraip chun an nuálaíocht agus rochtain ar ábhair fhrithmhiocróbacha a spreagadh” (40).

    (27)

    Choimisiúnaigh an Coimisiún staidéar dar teideal “bringing AMR Medical Counter Measures on the market” [frithbhearta leighis i ndáil le FSFM a thabhairt chuig an margadh] (41) ina n-ionsamhlaítear ceithre chineál sásraí tarraingthe a bhfuil méid éagsúil airgeadais acu chun rochtain ar ábhair fhrithmhiocróbacha a áirithiú: ráthaíocht ioncaim, cúiteamh iontrála sa mhargadh mar aon le ráthaíocht ioncaim, cúiteamh iontrála sa mhargadh i bhfoirm cnapsuime agus íocaíochtaí clochmhíle, agus roghanna maidir lena gcur chun feidhme ar leibhéal an Aontais a chur ar fáil.

    (28)

    Le clár oibre EU4Health 2023 (42) cuirtear infheistíocht shuntasach ar fáil chun FSFM a chomhrac, go háirithe tríd an ngníomhaíocht shonrach “Support innovation and access to antimicrobials” [Tacú leis an nuálaíocht agus le rochtain ar ábhair fhrithmhiocróbacha’] (43). Leis sin, beifear in ann líonra a chruthú a thacóidh leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit chun soláthar frithbheart leighis agus acmhainní cúltaca a ullmhú agus a chur chun feidhme chun frithbhearta leighis spriocdhírithe i ndáil le FSFM a tháirgeadh nó a rochtain.

    (29)

    Tá gníomhaíochtaí maidir le taighde agus nuálaíocht a fhaigheann tacaíocht ó na cláir Fís 2020 agus Fís Eorpach ríthábhachtach chun bearta i gcoinne FSFM a fhorbairt, a mheas agus a chur chun feidhme. Tá tacaíocht agus comhoibriú leanúnach ríthábhachtach i gcónaí chun tionchar an taighde agus na nuálaíochta a neartú chun ionfhabhtuithe arb iad pataiginí frithsheasmhacha is cúis leo a bhrath, a chosc agus a chóireáil agus ba cheart iad a áirithiú.

    (30)

    Is uirlisí cumhachtacha cost-éifeachtacha iad vacsaíní chun galair theagmhálacha a chosc i measc daoine agus i measc ainmhithe araon, agus dá bhrí sin tá sé d’acmhainn acu srian a chur le leathadh ionfhabhtuithe FSFM agus úsáid ábhar frithmhiocróbach a laghdú. Is gá, dá bhrí sin, úsáid vacsaínithe, mar aon le forbairt vacsaíní, a n-infhaighteacht agus rochtain orthu a chur chun cinn.

    (31)

    Tá comhar trasearnálach na mBallstát agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ríthábhachtach chun a áirithiú go gcuirfear beartais agus gníomhaíochtaí Aon Sláinte Amháin i leith FSFM chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach agus tá sé beartaithe an comhar sin a fheabhsú, go háirithe trí Líonra Aon Sláinte Amháin an Aontais maidir le FSFM (44).

    (32)

    Ba cheart ardleibhéal comhair idir Gníomhaireachtaí an Aontais (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) (45), an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) (46) agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) (47) a threisiú agus a leathnú chun an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) (48) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) (49) a áireamh, chun freagairt Aon Sláinte Amháin, fhianaise-bhunaithe, chomhleanúnach a áirithiú i ndáil le FSFM.

    (33)

    Tosaíocht i Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais Eorpaigh is ea FSFM a chomhrac i gcomhthéacs an chur chuige Aon Sláinte Amháin (50), lena n-áirítear trí fhorálacha nithiúla maidir le FSFM a chur san áireamh i gcomhthéacs na caibidlíochta faoi chomhaontú idirnáisiúnta féideartha de chuid EDS maidir le paindéimí a chosc, ullmhacht agus freagairt (51). Cé go bhfuil méadú ag teacht ar an aird dhomhanda ar FSFM, tá gá le comhar idirnáisiúnta a chothú, chun freagairt chomhordaithe ón gcomhphobal domhanda agus tacaíocht leordhóthanach a áirithiú a bheidh príomhshruthaithe i dtreo tosaíochtaí arna mbunú ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh iarrachtaí maoinithe, taighde agus beartais. I ndáil leis sin, ba cheart comhar feabhsaithe a dhéanamh, go háirithe i gcomhthéacs na Náisiún Aontaithe, G7, G20 agus leis na heagraíochtaí cheithrepháirteacha (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) (52), Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) (53), an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) (54) agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS (55)). Tá an moladh seo gan dochar don ghá atá le seasaimh an Aontais a bhunú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sna Conarthaí, go háirithe trí chinntí ón gComhairle de bhun Airteagal 218 CFAE.

    (34)

    Ba cheart faireachán rialta a dhéanamh ar an obair leantach a dhéantar ar Phlean Gníomhaíochta 2017 i ndáil le FSFM agus ar an Moladh seo chun an dul chun cinn i dtreo bhaint amach a gcuspóirí a thomhas agus bearnaí sna hiarrachtaí chun dul i ngleic le FSFM a shainaithint.

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A LEANAS A GHLACADH:

    A.    Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne FSFM

    MOLTAR DO NA BALLSTÁIT, LEIS SEO, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

    1.

    Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne FSFM (‘Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta’) a bheith i bhfeidhm agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus a chur chun feidhme faoin 14 Meitheamh 2024, bunaithe ar an gcur chuige Aon Sláinte Amháin agus lena gcuirfear san áireamh cuspóirí Phlean Gníomhaíochta Domhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus Dearbhú 2016 ó chruinniú ardleibhéil na Náisiún Aontaithe den Chomhthionól Ginearálta maidir le FSFM.

    Agus cur chuige fianaise-bhunaithe agus cost-éifeachtach á chur san áireamh do na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le FSFM a chomhrac, ba cheart dóibh:

    a.

    a bheith ina dtosaíocht ag na córais sláinte náisiúnta agus úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach a chur chun cinn.

    b.

    pleananna agus sásraí comhordúcháin, cur chun feidhme agus faireacháin idir earnálacha a áireamh chun rialachas éifeachtach a áirithiú;

    c.

    bearta sonracha a áireamh chun spriocanna intomhaiste uileghabhálacha a bhaint amach, agus socrú cur chun feidhme agus táscairí chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach, lena n-áirítear na spriocanna atá leagtha amach i roinn E den Mholadh seo;

    d.

    tagairt a dhéanamh do na gnéithe ábhartha de Phleananna Straitéiseacha an Chomhbheartais Talmhaíochta chun FSFM a chomhrac;

    e.

    bearta fianaise-bhunaithe a áireamh chun leathadh FSFM sa chomhshaol a chosc, faireachán a dhéanamh air agus é a laghdú; agus

    2.

    Acmhainní iomchuí daonna agus airgeadais iomchuí a leithdháileadh, le tacaíocht ón gCoimisiún i gcás inarb ábhartha, chun na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta a chur chun feidhme go héifeachtach.

    3.

    Meastóireacht a dhéanamh, go rialta, agus ar a laghad gach 3 bliana, ar thorthaí na bPleananna Gníomhaíochta Náisiúnta agus gníomhaíochtaí a dhéanamh chun dul i ngleic le torthaí na meastóireachtaí sin agus ionchuir ábhartha eile, agus torthaí nua agus treochtaí atá ag teacht chun cinn á gcur san áireamh an tráth céanna.

    4.

    A áirithiú go gcuirfear Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta agus meastóireacht rialta ar a dtorthaí ar fáil go poiblí laistigh de 6 mhí tar éis an mheastóireacht a chur i gcrích.

    B.    Faireachas agus faireachán ar FSFM agus ar thomhaltas frithmhiocróbach (AMC)

    MOLTAR DO NA BALLSTÁIT, LEIS SEO, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

    5.

    Bearnaí faireachais agus faireacháin atá ann cheana a dhúnadh agus iomláine na sonraí a áirithiú, lena n-áirítear go mbeadh sonraí fíor-ama ann agus rochtain thráthúil ar shonraí i gcás inarb iomchuí faoi 2030, maidir le FSFM agus AMC ar gach leibhéal (e.g. saoráidí pobail, ospidéil agus saoráidí cúraim fhadtéarmaigh) chun tacú le húsáid stuama ábhar frithmhiocróbach i sláinte an duine, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    a.

    a áirithiú, i gcomhar le ECDC, go gcuimsíonn faireachas ar FSFM i mbaictéir ó dhaoine ní hamháin aonraígh srutha fola agus aonraígh sreabháin cheirbreadhromlaigh (aonraígh ionracha) ach freisin gach aonraíoch eile ó shaotharlanna micribhitheolaíochta cliniciúla, agus go ndéantar na sonraí comhfhreagracha a thuairisciú go rialta do ECDC chun scála agus leathadh pataiginí atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát a bhrath agus a thomhas ar bhealach níos fearr;

    b.

    a cheangal, agus aon mhodheolaíocht a bhunaítear ar leibhéal an Aontais á cur san áireamh, maidir le hionfhabhtuithe arb iad orgánaigh ríthábhachtacha atá frithsheasmhach in aghaidh ildrugaí (ardtionchar diúltach ar an tsláinte) is cúis leo, orgánaigh atá frithsheasmhach in aghaidh cóireálacha líne deiridh, e.g. Acinetobacter baumannii atá frithsheasmhach in aghaidh carbaipeineimí, Enterobacteriaceae atá frithsheasmhach in aghaidh carbaipeineimí (e.g. Klebsiella pneumoniae, Escherichia coli) agus Candida auris, gur galair infhógartha iad faoin reachtaíocht náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an bhfuil orgánaigh fhrithsheasmhacha eile infhógartha, de réir na staide náisiúnta agus de réir mar is gá;

    c.

    faireachas ar FSFM i ndaoine a leathnú chun pataiginí a chumhdach a bhfuil FSFM atá ag teacht chun cinn nó FSFM bunaithe acu, mar gheall ar a dteagmháil le substaintí sa chomhshaol, go háirithe na substaintí sin a úsáidtear i dtáirgí cosanta plandaí nó i dtáirgí bithicídeacha;

    d.

    sonraí a bhailiú maidir le AMC, i ndaoine ar na leibhéil iomchuí chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar oideasú ábhar frithmhiocróbach agus chun aiseolas tráthúil a thabhairt maidir le treochtaí agus patrúin oidis lena gcuimsítear, inter alia, oideasóirí, cógaiseoirí agus páirtithe eile a bhailíonn na sonraí sin, agus i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, úsáid a bhaint as bonneagar digiteach ar leibhéal an Aontais.

    e.

    córais chomhtháite a fhorbairt chun faireachas a dhéanamh ar FSFM agus ar TFM lena gcumhdaítear sláinte an duine, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí, bia, fuíolluisce agus an comhshaol (go háirithe uisce agus ithir), agus staidéar indéantachta an Choimisiúin maidir le córais chomhtháite á gcur san áireamh, obair ghrúpa saineolaithe QTS-AIS de na heagraíochtaí ceithrepháirteacha maidir le faireachas comhtháite (56) chomh maith le tionscnaimh eile a seoladh cheana, mar shampla prótacal tríthimthriallach EDS le haghaidh faireachas domhanda comhtháite ar E. coli a tháirgeann ESBL ar fud na n-earnálacha daonna, ainmhithe agus comhshaoil. Ba cheart faireachán comhtháite leanúnach idir-earnálach mar sin a dhearadh chun ionfhabhtuithe agus ráigeanna frithsheasmhacha atá ag teacht chun cinn a bhrath go héifeachtúil agus go tapa ach chomh maith céanna a mhéid a bhaineann le hithir agus le dobharlaigh chun a chinneadh an ann do ghéinte FSFM agus ábhair fhrithmhiocróbacha, na treochtaí agus a dtocsaineacht. Ba cheart torthaí an fhaireachais sin a bheith mar bhonn eolais do straitéisí éifeachtacha chun dul i ngleic le FSFM sna hearnálacha difriúla agus ar leibhéil iomchuí riaracháin.

    FÓGRAÍTEAR, LEIS SEO, GUR DÍOL SÁSAIMH DI AN RÚN ÓN gCOIMISIÚN:

    6.

    Leanúint de mheasúnú a dhéanamh ar bhonn tuairimí ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) ar ghalair ainmhithe arb iad baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha is cúis leo, chun a fháil amach an gá aon cheann de na galair sin a liostú i Rialachán (AE) 2016/429 (57) d’fhonn iad a aicmiú le haghaidh aon fhaireachas rialála, aon bheart rialaithe nó aon bheart bainistithe eile.

    C.    Ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú

    MOLTAR DO NA BALLSTÁIT, LEIS SEO, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

    7.

    A áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm bearta chun ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú i sláinte an duine agus go ndéanfar faireachán leanúnach orthu chun rannchuidiú le leathadh pataiginí atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a theorannú, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    a.

    cosc agus rialú ionfhabhtuithe a neartú i suíomhanna cúraim sláinte agus i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    príomhinniúlachtaí a áirithiú maidir le hionfhabhtuithe a chosc agus a rialú/maidir le gairmithe sláinteachais ospidéil;

    acmhainní leordhóthanacha a áirithiú le haghaidh cláir um ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú;

    rialú cáilíochta;

    faireachas;

    treoirlínte cuí a fhorbairt; agus

    gníomhaíochtaí múscailte feasachta agus oiliúna.

    b.

    na saoráidí cúraim sláinte atá ann cheana a úasghrádú, lena n-áirítear bonneagair ospidéil chun ardleibhéal coiscthe agus rialaithe ionfhabhtaithe a áirithiú;

    c.

    naisc láidre a áirithiú le sábháilteacht othar agus le hionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte a chosc, lena n-áirítear seipsis, go háirithe trí fheabhas a chur ar an oiliúint a chuirtear ar phearsanra cúraim sláinte agus trí thacaíocht mhicribhitheolaíoch ó shaotharlanna cliniciúla agus taifid d’othair ar ardchaighdeán a áirithiú;

    d.

    a áirithiú go gcuirfear oiliúint leanúnach maidir le heolas ar ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú ar gach pearsanra i saoráidí pobail, in ospidéil agus i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh, le cabhair ó léargas oideolaíoch agus iompraíochta;

    e.

    cláir náisiúnta imdhíonta a fhorbairt agus a chur chun feidhme go hiomlán agus bearta a dhéanamh chun cosc éifeachtach a chur ar ghalair atá inchoiscthe trí vacsaíniú ar bhonn Moladh ón gComhairle an 7 Nollaig 2018 maidir leis an gComhar Neartaithe i gcoinne Galair Inchoiscthe Vacsaíní (58).

    f.

    Comhordú leordhóthanach a áirithiú idir cláir maidir le hionfhabhtuithe a chosc agus a rialú agus maoirseacht ar fhrithmhiocróbáin.

    8.

    Bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar shláinte agus ar leas bia-ainmhithe chun tarlú agus leathadh galar tógálach san fheirmeoireacht a laghdú agus chun an gá le húsáid ábhar frithmhiocróbach a laghdú ina dhiaidh sin, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

    a.

    tréidlianna agus gníomhaithe ábhartha eile a spreagadh chun comhairle a chur ar fheirmeoirí maidir le bearta coisctheacha agus rialaithe i gcoinne galair thógálacha;

    b.

    glacadh beart bithshlándála agus beart um ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú ar fheirmeacha a spreagadh;

    c.

    úsáid a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil i gcomhthéacs an chomhbheartais talmhaíochta chun gníomhaíochtaí coisctheacha a dhéanamh i gcoinne galair thógálacha (59) a théann níos faide ná íoscheanglais dlí an Aontais;

    d.

    úsáid a bhaint as an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (2021-2027) (60) le haghaidh tionscadail a áirítear sna cláir náisiúnta, agus i gcomhréir leis na rialacha incháilitheachta arna sainiú ag na Ballstáit lena mbaineann;

    e.

    gníomhaíochtaí na mBallstát a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis na ‘Treoirlínte straitéiseacha le haghaidh dobharshaothrú níos inbhuanaithe agus níos iomaíche san Aontas don tréimhse 2021 go 2030’ a thabhairt chun cinn (61);

    f.

    teicnící pórúcháin (62) a spreagadh sa dobharshaothrú chun tréithchineálacha atá frithsheasmhach in aghaidh galar a fhorbairt, mar rannchuidiú le húsáid ábhar frithmhiocróbach a laghdú;

    g.

    úsáid vacsaínithe a chur chun cinn, lena n-áirítear sa dobharshaothrú, agus roghanna malartacha chun cabhrú le galair áirithe a chosc agus úsáid neamhriachtanach ábhar frithmhiocróbach a sheachaint;

    h.

    forbairt agus úsáid breiseán beathaithe nuálach a chur chun cinn, lena n-áirítear breiseán beathaithe chun stádas fiseolaíoch ainmhithe a fheabhsú;

    i.

    a áirithiú go gcuirfear oiliúint leanúnach ar gach pearsanra i suíomhanna ábhartha, i ndáil le heolas ar ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú agus le bithshlándáil, le cabhair ó léargas oideolaíoch agus iompraíochta;

    j.

    bearta spriocdhírithe a fhorbairt de réir earnála a luaithe a bheidh sonraí maidir le húsáid ábhar frithmhiocróbach de réir speicis bia-ainmhithe ar fáil faoi Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2019/6.

    9.

    Úsáid a bhaint as dea-chleachtais bainistithe aoiligh atá bunaithe ar fhianaise agus as dea-chleachtais bainistithe sloda séarachais chun aghaidh a thabhairt ar a gcur i bhfeidhm sa talmhaíocht chun nochtadh an chomhshaoil do shubstaintí a bhfuil airíonna frithmhiocróbacha acu agus do deitéarmanaint FSFM a laghdú.

    FÓGRAÍTEAR, LEIS SEO, GUR DÍOL SÁSAIMH DI GO BHFUIL SÉ AR INTINN AG AN gCOIMISIÚN AN GHNÍOMHAÍOCHT A LEANAS A DHÉANAMH, I nDLÚTHCHOMHAR LEIS NA BALLSTÁIT:

    10.

    Forbairt a dhéanamh, i gcomhar le ECDC, ar threoirlínte an Aontais um ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú maidir le sláinte an duine, agus cur chuige costéifeachtach á chur san áireamh, go háirithe le haghaidh ospidéil agus saoráidí cúraim fhadtéarmaigh faoi [3 bliana tar éis ghlacadh an Mholta ón gComhairle]. Agus na treoirlínte sin á bhforbairt, ba cheart treorlínte idirnáisiúnta a chur san áireamh agus ba cheart dlúthchomhar le sochaithe gairmiúla Eorpacha agus náisiúnta a áirithiú.

    D.    Maoirseacht ar ábhair fhrithmhiocróbacha agus úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach

    MOLTAR DO NA BALLSTÁIT, LEIS SEO, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

    11.

    A áirithiú go gcuirfear bearta i bhfeidhm i sláinte an duine chun tacú le húsáid stuama oibreán frithmhiocróbach, i suíomhanna cúraim sláinte, lena n-áirítear suíomhanna cúraim sláinte phríomhúil agus saoráidí cúraim fhadtéarmaigh, agus cúram pobail go háirithe tríd an méid seo a leanas:

    a.

    úsáid a bhaint as treoirlíne an Aontais maidir le cóireáil ionfhabhtuithe coiteanna agus maidir le próifiolacsas imobráide a chur chun feidhme agus a oiriúnú do chúinsí náisiúnta i gcás inar gá, chun na cleachtais is fearr a urramú agus an úsáid stuama a bhaintear as ábhair fhrithmhiocróbacha a optamú;

    b.

    bearta a cheapadh le haghaidh gairmithe sláinte, lena n-áirítear cógaiseoirí chun a áirithiú go gcloíonn siad le treoirlínte maidir le húsáid stuama;

    c.

    glacadh tástálacha diagnóiseacha a spreagadh agus tacú leo, go háirithe i gcúram príomhúil, chun an chóireáil fhrithmhiocróbach a optamú, agus;

    d.

    inniúlachtaí agus eagrú iomchuí an phearsanra a áirithiú.

    12.

    Cláir a bheith i bhfeidhm acu chun ábhair fhrithmhiocróbacha nár úsáideadh, atá imithe in éag agus atá fágtha ón bpobal, ó ospidéil agus ó shaoráidí cúraim fhadtéarmaigh, ó fheirmeacha, ó sholáthraithe cógas tréidliachta, ó áitribh tréidliachta agus ó shaoráidí monaraíochta ábhar frithmhiocróbach a bhailiú agus a dhiúscairt go sábháilte.

    FÓGRAÍTEAR, LEIS SEO, GUR DÍOL SÁSAIMH DI GO BHFUIL SÉ AR INTINN AG AN gCOIMISIÚN AN GHNÍOMHAÍOCHT A LEANAS A DHÉANAMH, I nDLÚTHCHOMHAR LEIS NA BALLSTÁIT:

    13.

    Oibriú chun treoirlínte an Aontais a fhorbairt maidir le cóireáil a chur ar mhór-ionfhabhtuithe coitianta i measc daoine agus maidir le próifiolacsas imobráide i measc daoine, lena n-áireofaí faisnéis maidir le húsáid tástálacha diagnóiseacha leordhóthanacha, an gá atá le hantaibheathaigh, rogha antaibheathaigh iomchuí (más gá), an dáileog agus na heatraimh dáileoige, agus fad na cóireála/próifiolacsais, agus an cleachtas is fearr atá ar fáil, infhaighteacht antaibheathach agus an gá atá lena áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr agus is stuama astu á gcur san áireamh. Agus na treoirlínte sin á bhforbairt, ba cheart leabhar antaibheathach AWaRe EDS (63) a chur san áireamh agus ba cheart dlúthchomhar le sochaithe gairmiúla Eorpacha agus náisiúnta a áirithiú. Ina theannta sin, agus i bhfianaise go bhféadfaidh patrúin frithsheasmhachta in orgánaigh a bheith éagsúil ó réigiún go réigiún, ba cheart do Bhallstáit aonair na ceanglais shonracha chliniciúla a chinneadh.

    FÓGRAÍTEAR, LEIS SEO, GUR DÍOL SÁSAIMH DI AN RÚN ÓN gCOIMISIÚN AGUS MOLTAR DO NA BALLSTÁIT NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ A LEANAS A DHÉANAMH:

    14.

    An riosca go bhforbrófar frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha daonna agus tréidliachta ó úsáid táirgí cosanta plandaí nó táirgí bithicídeacha a mheas, bunaithe ar thaighde agus fianaise eolaíoch, mar chuid den mheastóireacht sábháilteachta agus den chinnteoireacht ar na táirgí sin agus athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí de réir mar is iomchuí má thagann fianaise nua chun cinn. I gcás inar gá, ba cheart coinníollacha nó srianta iomchuí úsáide a chur chun feidhme i gcás na dtáirgí lena mbaineann.

    E.    Spriocanna molta maidir le tomhaltas frithmhiocróbach agus le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha

    IARRTAR AR NA BALLSTÁIT, LEIS SEO, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

    15.

    Bearta náisiúnta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú, faoi 2030, go ndéanfar laghdú 20 % san Aontas ar thomhaltas iomlán antaibheathach i measc daoine (i nDáileoig Laethúil Sainmhínithe in aghaidh an 1 000 áitritheoir in aghaidh an lae), in earnáil an phobail agus in earnáil na n-ospidéal le chéile, lena n-áirítear i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh agus i suíomhanna cúraim baile, i gcomparáid leis an mbliain bhonnlíne 2019.

    16.

    Bearta náisiúnta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú, faoi 2030, maidir le 65 % ar a laghad de thomhaltas iomlán antaibheathach i measc daoine, go mbaineann sé leis an ngrúpa ‘Access’ d’antaibheathaigh mar a shainítear in aicmiú ‘AWaRe’ EDS (64).

    17.

    Bearta náisiúnta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar, faoi 2030, laghdú 15 % ar mhinicíocht iomlán na n-ionfhabhtuithe srutha fola le Staphylococcus aureus atá frithsheasmhach in aghaidh meiticilline (MRSA) (líon in aghaidh 100 000 duine), san Aontas i gcomparáid leis an mbliain bhonnlíne 2019.

    18.

    Bearta náisiúnta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar, faoi 2030, laghdú 10 % ar mhinicíocht iomlán na n-ionfhabhtuithe srutha fola le Escherichia coli atá frithsheasmhach in aghaidh ceifileaspóiríní den tríú glúin (líon in aghaidh 100 000 daonra) san Aontas, i gcomparáid leis an mbliain bhonnlíne 2019.

    19.

    Bearta náisiúnta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar, faoi 2030, laghdú 5 % ar mhinicíocht iomlán na n-ionfhabhtuithe srutha fola le niúmóine Klebsiella atá frithsheasmhach in aghaidh carbaipeineimí (líon in aghaidh 100 000 daonra) san Aontas, i gcomparáid leis an mbliain bhonnlíne 2019.

    Cuirtear i láthair san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo rannchuidithe a mholtar do na Ballstáit aonair chun spriocanna sin an Aontais a bhaint amach.

    20.

    Táscairí a bhunú agus dea-chleachtais maidir lena n-úsáid a chomhroinnt, a thacódh leis na spriocanna molta a bhaint amach chomh maith le spriocanna maidir le gnéithe eile a bhaineann le FSFM, mar shampla rialú ionfhabhtaithe, maoirseacht ar ábhair fhrithmhiocróbacha, cleachtais oidis agus oiliúint.

    FÓGRAÍTEAR, LEIS SEO, GUR DÍOL SÁSAIMH DI AN RÚN ÓN gCOIMISIÚN AGUS MOLTAR DO NA BALLSTÁIT NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ A LEANAS A DHÉANAMH:

    21.

    Bearta iomchuí a chur i bhfeidhm chun rannchuidiú le sprioc an Phlean Gníomhaíochta ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus an Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach a bhaint amach, is é sin laghdú 50 % ar dhíolacháin fhoriomlána na n-ábhar frithmhiocróbach a úsáidtear le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe agus sa dobharshaothrú faoi 2030.

    F.    Feasacht, oideachas agus oiliúint

    MOLTAR DO NA BALLSTÁIT, LEIS SEO, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

    22.

    A áirithiú, i gcomhar le hinstitiúidí ardoideachais agus gairmiúla chomh maith le páirtithe leasmhara, agus le cabhair ó léargas oideolaíoch agus iompraíochta, a mhéid a bhaineann le, inter alia, leigheas, leis an altranas, leis an gcnáimhseachas, leis an gcógaisíocht, leis an bhfiaclóireacht, leis an tréidliacht, leis an talmhaíocht agus leis an agranamaíocht, leis na heolaíochtaí comhshaoil agus éiceolaíocha, go n-áirítear ina gcláir oideachais agus curaclaim leanúnacha oiliúint agus inniúlacht trasearnálach éigeantach maidir le FSFM, maidir le hionfhabhtuithe a chosc agus a rialú, maidir le rioscaí comhshaoil, maidir leis an mbithshlándáil, agus maidir le maoirseacht ábhar frithmhiocróbach, lena n-áirítear úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach, de réir mar is iomchuí.

    23.

    Feasacht a mhúscailt i measc na ngairmithe poiblí agus sláinte atá ag obair in earnálacha sláinte an duine agus na tréidliachta maidir le cláir a bheith ann chun ábhair fhrithmhiocróbacha nár úsáideadh, atá imithe in éag agus iarsmaí d’ábhar frithmhiocróbach a bhailiú agus a dhiúscairt go sábháilte agus maidir le tábhacht na gclár sin chun FSFM a chosc, agus na dea-chleachtais a chomhroinnt.

    24.

    Cumarsáid agus ardú feasachta maidir le FSFM agus úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach a mhéadú agus a fheabhsú chun eolas agus athrú iompraíochta a chur chun cinn tríd an méid seo a leanas:

    a.

    faisnéis a thugtar cothrom le dáta go rialta a sholáthar do ghairmithe atá ag obair in earnálacha sláinte an duine, na tréidliachta agus na hagranamaíochta maidir le FSFM ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil chomh maith le hábhair faisnéise maidir le FSFM agus an tábhacht a bhaineann le hionfhabhtú a chosc agus a rialú go héifeachtach, le rioscaí comhshaoil, le bithshlándáil agus le maoirseacht ar ábhair fhrithmhiocróbacha, lena n-áirítear úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach;

    b.

    gníomhaíochtaí múscailte feasachta poiblí agus feachtais chumarsáide ar mhórscála maidir le FSFM a fhorbairt, go háirithe maidir lena chosc trí shláinteachas, go háirithe sláinteachas láimhe, agus úsáid stuama a bhaint as ábhair fhrithmhiocróbacha ar an leibhéal náisiúnta;

    c.

    feachtais chumarsáide spriocdhírithe a fhorbairt chun feasacht a mhúscailt i ngrúpaí sonracha den daonra, agus úsáid á baint as modhanna agus bealaí cumarsáide iomchuí do na grúpaí sonracha sin.

    25.

    Eolas a chomhroinnt agus comhordú a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí múscailte feasachta agus na feachtais chumarsáide thuasluaite, idir an Coimisiún, na Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, agus na comhlachtaí ábhartha eile, chun a dtionchar a uasmhéadú.

    FÓGRAÍTEAR, LEIS SEO, GUR DÍOL SÁSAIMH DI AN RÚN ÓN gCOIMISIÚN:

    26.

    Tacú le gníomhaíochtaí múscailte feasachta na mBallstát maidir le FSFM agus le húsáid stuama ábhar frithmhiocróbach agus iad a chomhlánú trí ghníomhaíochtaí cumarsáide uile-Eorpacha agus cur chuige costéifeachtach a chur san áireamh agus ar bhonn riachtanais na mBallstát.

    27.

    Tacú leis na Ballstáit maidir le hoiliúint leanúnach agus foghlaim ar feadh an tsaoil do na gairmithe atá ag obair in earnálacha sláinte an duine, na tréidliachta agus na hagranamaíochta maidir leis an mbagairt a bhaineann le FSFM agus lena chosc i gcomhréir leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin trí dheiseanna oiliúna, mar shampla an tionscnamh maidir le hOiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sábháilte (65).

    G.    Taighde agus forbairt agus dreasachtaí le haghaidh nuálaíochta agus rochtain ar ábhair fhrithmhiocróbacha agus ar fhrithbhearta leighis eile i ndáil le FSFM

    FÓGRAÍTEAR, LEIS SEO, GUR DÍOL SÁSAIMH DI AN RÚN ÓN gCOIMISIÚN AGUS MOLTAR DO NA BALLSTÁIT NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ A LEANAS A DHÉANAMH:

    28.

    Tacú le taighde agus nuálaíocht theicneolaíoch le dreasachtaí brú chun ionfhabhtuithe i measc daoine de bharr pataiginí atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a bhrath, a chosc agus a chóireáil, lena n-áirítear comhpháirtíocht Eorpach a bhunú agus infheistíocht shuntasach a dhéanamh in FSFM ‘Aon Sláinte Amháin’ chun go bhféadfar taighde agus nuálaíocht trasearnálach a chomhordú, a ailíniú agus a chistiú.

    29.

    Forbairt agus inrochtaineacht ábhar frithmhiocróbach agus frithbheart leighis eile a chur chun cinn ar bhealach comhordaithe le tionscnaimh náisiúnta agus il-tíortha, atá ábhartha chun FSFM i measc daoine a chomhrac, go háirithe tástálacha diagnóiseacha agus vacsaíní atá dírithe ar phataiginí atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha.

    CHUIGE SIN, IS DÍOL SÁSAIMH DON CHOMHAIRLE É GO BHFUIL SÉ BEARTAITHE AG AN gCOIMISIÚN AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

    a.

    leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit pataiginí tosaíochta atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát a shainaithint, frithbhearta leighis i ndáil le FSFM atá ann cheana, atá ar na bacáin agus atá in easnamh a mhapáil, agus próifílí sprioctháirgí a shainiú i gcomhréir le tionscnaimh náisiúnta;

    b.

    tacú le taighde agus forbairt ar fhrithbhearta leighis FSFM, go háirithe trí chomhordú a dhéanamh ar chistiú do thaighde aistritheach agus d’fhorbairt céimeanna déanacha frithbheart leighis FSFM, lena n-áirítear trialacha cliniciúla ar ábhair fhrithmhiocróbacha;

    c.

    feabhas a chur ar leanúnachas soláthair ábhar frithmhiocróbach agus frithbheart leighis eile i ndáil le FSFM san Aontas, go háirithe, i gcomhar leis na Ballstáit, trí thacú le tionscnaimh na mBallstát agus iad a chomhordú maidir le monarú, soláthar agus stoc-charnadh agus trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar leibhéal an Aontais;

    d.

    réamhaisnéis éilimh a fheabhsú, leochaileachtaí sa slabhra soláthair antaibheathach a mheasúnú agus aghaidh a thabhairt orthu, agus gníomhaíochtaí stoc-charntha spriocdhírithe antaibheathach a chur chun feidhme mar is iomchuí chun ganntanais a sheachaint.

    30.

    Rannchuidiú le dearadh agus rialachas scéime dreasachta tarraingthe il-tíortha de chuid an Aontais chun nuálaíocht, forbairt ar ábhair fhrithmhiocróbacha nua agus rochtain ar ábhair fhrithmhiocróbacha atá ann agus cinn nua a fheabhsú ina bhféadfaidh na Ballstáit a bheith rannpháirteach ar bhonn deonach. D’fhéadfadh scéim mar sin, e.g. a bheith i bhfoirm ráthaíochta ioncaim, cúitimh iontrála sa mhargadh mar aon le ráthaíocht ioncaim, cúitimh iontrála sa mhargadh i bhfoirm cnapshuime nó íocaíochtaí clochmhíle, agus d’fhéadfaí í a mhaoiniú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal náisiúnta, de réir mar is iomchuí.

    31.

    Acmhainní a chomhthiomsú, gníomhaíochtaí comhoibríocha a dhéanamh, ranníocaíochtaí a dhéanamh le cur chun feidhme na scéime dreasachta tarraingthe, agus gealltanas a thabhairt a bheith rannpháirteach sa líonra (66) dá dtagraítear faoi chlár oibre EU4Health 2023.

    32.

    Athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an scéim agus ar a tionchar ar fhorbairt agus ar inrochtaineacht ábhar frithmhiocróbach.

    33.

    Forbairt agus cur ar an margadh roghanna malartacha éifeachtacha fianaise-bhunaithe ar úsáid ábhar frithmhiocróbach agus vacsaíní do shláinte ainmhithe a dhreasú.

    H.    Comhar

    MOLTAR DO NA BALLSTÁIT, LEIS SEO, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

    34.

    Sonraí maidir le FSFM agus maidir le tomhaltas frithmhiocróbach a thuairisciú don Chóras Domhanda um Fhaireachas agus um Fhaireachas in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha (GLASS) (67).

    35.

    Deiseanna a ghlacadh maidir leis na cruinnithe rialta de Líonra Aon Sláinte Amháin an Aontais i ndáil le FSFM agus le coistí agus meithleacha ábhartha eile ina bpléitear FSFM chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    a.

    feabhas a chur ar an gcomhar eatarthu, agus leis an gCoimisiún, le Gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, agus le páirtithe leasmhara, gairmithe agus saineolaithe FSFM;

    b.

    dea-chleachtais a mhalartú, go háirithe maidir le bearta chun a áirithiú go gcloíonn gairmithe cúraim sláinte le treoirlínte maidir le húsáid stuama, agus maidir le bearta éifeachtacha cruthaithe chun feasacht a mhúscailt;

    c.

    Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le FSFM agus tuarascálacha agus meastóireachtaí cur chun feidhme gaolmhara a chomhroinnt le chéile, leis an gCoimisiún agus le Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, agus malartú ábhartha taithí a chumasú.

    36.

    Feabhas a chur ar an gcomhar maidir le FSFM idir gairmithe atá ag obair in earnálacha sláinte an duine, na tréidliachta, an chomhshaoil agus na hagranamaíochta agus le páirtithe leasmhara, chun an cur chuige Aon Sláinte Amháin maidir le FSFM a fheabhsú.

    FÓGRAÍTEAR, LEIS SEO, GUR DÍOL SÁSAIMH DI AN RÚN ÓN gCOIMISIÚN:

    37.

    Feabhas a chur ar an gcomhar maidir le FSFM idir EFSA, EMA, ECDC, EEA agus ECHA agus an cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ maidir le FSFM a threisiú trí mheitheal idirghníomhaireachta FSFM. Déanfaidh an mheitheal an méid seo a leanas:

    a.

    ardán éifeachtach a chur ar fáil chun cruinnithe rialta a thionól chun malartú faisnéise maidir le FSFM a áirithiú agus chun iarrataí agus sainorduithe atá ar na bacáin a phlé; agus

    b.

    oibriú i dtreo comhtháthú sonraí faireachais ar fud na n-earnálacha.

    38.

    Creat faireacháin a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar na torthaí a baineadh amach maidir le Plean Gníomhaíochta 2017 FSFM agus an Moladh seo a chur chun feidhme.

    I.    Domhanda

    FÓGRAÍTEAR, LEIS SEO, GUR DÍOL SÁSAIMH DI AN RÚN ÓN gCOIMISIÚN AGUS MOLTAR DO NA BALLSTÁIT NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ A LEANAS A DHÉANAMH:

    39.

    Tacú le forbairt caighdeán ag na Comhlachtaí Idirnáisiúnta Socruithe Caighdeánacha, agus le cur chun feidhme na gcaighdeán sin ag tríú tíortha, go háirithe ar mhaithe leis an méid seo a leanas:

    a.

    le haghaidh caighdeáin agus treoirlínte níos uaillmhianaí WOAH maidir le húsáid fhreagrach agus stuama oibreán frithmhiocróbach sa tréidliacht, rud a léireoidh an gá atá le deireadh a chur de réir a chéile le húsáid ábhar frithmhiocróbach chun fás a chur chun cinn nó an táirgeacht i gcás ainmhithe a mhéadú ar scála domhanda;

    b.

    chun treoir a fhorbairt maidir le húsáid stuama oibreán frithmhiocróbach chun críoch fíteashláintíochta ag an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí (68);

    c.

    chun caighdeáin Codex Alimentarius a chur chun feidhme (69), Code of Practice to Minimize and Contain Foodborne Antimicrobial Resistance [Cód Cleachtais chun an Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair Fhrithmhiocróbacha Bia-iompartha a Íoslaghdú agus a Shrianadh] (70), Guidelines on Integrated Monitoring and Surveillance of Foodborne Antimicrobial Resistance [Treoirlínte maidir le Faireachán agus Faireachas Comhtháite ar an bhFrithsheasmhacht in aghaidh ábhair Fhrithmhiocróbacha Bia-iompartha] (71) agus Guidelines for Risk Analysis of Foodborne Antimicrobial Resistance [Treoirlínte le haghaidh Anailís Riosca ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha Bia-iompartha] (72).

    40.

    Oibriú i dtreo FSFM a chosc trí chur chuige Aon Sláinte Amháin, trí acmhainneachtaí a neartú i gcomhar le heagraíochtaí ceithrepháirteacha, mar a thuairiscítear i nGníomhaíocht 5 den Phlean Gníomhaíochta Comhpháirteach ‘Aon Sláinte Amháin’ (2022-2026) (OH JPA), arna fhorbairt ag eagraíochtaí ceathairpháirteacha (73).

    41.

    Oibriú i dtreo forálacha nithiúla ábhartha maidir le FSFM a chuimsiú i gcomhréir le cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcomhthéacs na caibidlíochta maidir le comhaontú idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ag EDS maidir le paindéimí a chosc, le hullmhacht ina leith agus le freagairt dóibh, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/451 ón gComhairle (74).

    42.

    Tacú le tionscnaimh EDS chun treoir a ullmhú maidir leis an gcaoi ar cheart dea-chleachtais mhonaraíochta a chur i bhfeidhm i dtaca le bainistiú dramhaíola agus fuíolluisce i gcomhthéacs ábhair fhrithmhiocróbacha a tháirgeadh tar éis chinneadh Bhord Feidhmiúcháin EDS an 30 Samhain 2018 maidir leis an ábhar sin (75).

    43.

    Tacú le FSFM mar ardtosaíocht pholaitiúil i suíomhanna G7 agus G20, as a dtiocfaidh gealltanais uaillmhianacha ar an leibhéal domhanda, lena n-áirítear chun go gcomhroinnfear go cothrom, i measc thíortha G20 nó G7, an t-ualach airgeadais a eascraíonn as dreasachtaí brú agus tarraingthe maidir le hábhair fhrithmhiocróbacha.

    44.

    Tacú le comhdháil ardleibhéil na Náisiún Aontaithe maidir le FSFM in 2024 chun gealltanais dhomhanda a ardú chun aghaidh a thabhairt FSFM.

    45.

    Tacú le ‘Ardán Comhpháirtíochta Il-Pháirtithe Leasmhara’ de chuid na n-eagraíochtaí ceithrepháirteacha maidir le FSFM (76), agus páirt ghníomhach a ghlacadh ann, chun cabhrú le fís dhomhanda chomhroinnte a bhunú agus chun comhdhearcadh níos mó a fhorbairt maidir le FSFM.

    46.

    Acmhainneacht forbartha a chur ar fáil agus tacú le gníomhaíochtaí FSFM i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

    a.

    a bheith rannpháirteach i dTionscnamh Fhoireann na hEorpa leis an Afraic maidir le slándáil inbhuanaithe sláinte trí úsáid a bhaint as cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ (77), lena ndírítear go háirithe ar rannchuidiú le dul i ngleic le FSFM;

    b.

    tacú le Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta FSFM ‘Aon Sláinte Amháin’ a chur chun feidhme i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, go háirithe trí Chiste Iontaobhais Ilpháirtí na Náisiún Aontaithe maidir le FSFM (78);

    c.

    rannchuidiú leis na hiarrachtaí chun dul i ngleic le galair thógálacha agus FSFM i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim mar shampla tríd an gComhpháirtíocht maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha (Comhghnóthas Sláinte Domhanda EDCTP3) (79) agus, i gcás inarb iomchuí, trí thionscnaimh neamhrialtasacha, mar shampla an Lárionad Idirnáisiúnta um Réitigh maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha (ICARS) (80), an Chomhpháirtíocht Dhomhanda um Thaighde agus Forbairt Antaibheathach (GARDP) (81) agus ReAct (82).

    J.    Tuairisciú

    FÓGRAÍTEAR, LEIS SEO, GUR DÍOL SÁSAIMH DI AN RÚN ÓN gCOIMISIÚN:

    47.

    Tuairisciú don Chomhairle maidir leis an obair leantach a rinneadh ar an Moladh seo 4 bliana tar éis a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Lucsamburg, 13 Meitheamh 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. PEHRSON


    (1)  https://health.ec.europa.eu/publications/hera-factsheet-health-union-identifying-top-3-priority-health-threats_en.

    (2)  https://www.ecdc.europa.eu/sites/default/files/documents/Health-burden-infections-antibiotic-resistant-bacteria.pdf.

    (3)  https://www.ecdc.europa.eu/en/news-events/eaad-2022-launch.

    (4)  https://www.oecd.org/health/health-systems/AMR-Tackling-the-Burden-in-the-EU-OECD-ECDC-Briefing-Note-2019.pdf.

    (5)  https://health.ec.europa.eu/system/files/2020-01/amr_2017_action-plan_0.pdf.

    (6)  https://health.ec.europa.eu/system/files/2022-04/amr_2018-2022_actionplan_progressreport_en.pdf.

    (7)  Conclúidí ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019 maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtreo an Aontais a bheith ina réigiún dea-chleachtais i ndáil leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac.

    (8)  Conclúidí ón gComhairle an 7 Nollaig 2021 maidir leis an Aontas Sláinte Eorpach a neartú.

    (9)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

    (10)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

    (11)  https://cordis.europa.eu/programme/id/HORIZON_HORIZON-HLTH-2024-DISEASE-09-01; https://research-and-innovation.ec.europa.eu/system/files/2022-02/ec_rtd_he-partnerships-onehealth-amr.pdf.

    (12)  https://www.eib.org/en/index.htm.

    (13)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

    (14)  https://digitallibrary.un.org/record/845917#record-files-collapse-header.

    (15)  https://www.who.int/publications/i/item/9789241509763.

    (16)  Conclúidí ón gComhairle an 17 Meitheamh 2016 maidir leis na chéad chéimeanna eile faoi chur chuige Aon Sláinte Amháin chun an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac.

    (17)  https://health.ec.europa.eu/publications/overview-report-member-states-one-health-national-action-plans-against-antimicrobial-resistance_en.

    (18)  i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2019/6 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta.

    (19)  Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022. lch. 26).

    (20)  Togra ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheathlú agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce. COM(2022) 540 final agus Togra ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 le haghaidh Treoir maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (athmhúnlú) COM (2022) 541 final).

    (21)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte agus na Sábháilteachta Bia, Staidéar ar anailís a sheasfaidh an aimsir ar phlean gníomhaíochta 2017 FSFM: tuarascáil chríochnaitheach, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023,https://data.europa.eu/doi/10.2875/636347.

    (22)  https://www.ecdc.europa.eu/en/publications-data/health-burden-infections-antibiotic-resistant-bacteria-2016-2020

    (23)  EDS: Croí-chomhábhair le haghaidh cláir um ionfhabhtú a chosc agus a rialú (https://www.who.int/teams/integrated-health-services/infection-prevention-control/core-components)

    (24)  Treoirlínte EDS maidir le Sláinteachas Láimhe i gCúram Sláinte (https://www.who.int/publications/i/item/9789241597906)

    (25)  Plean gníomhaíochta domhanda 2021–2030 maidir le sábháilteacht othar: i dtreo deireadh a chur le díobháil inseachanta i gcúram sláinte. an Ghinéiv: An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte; 2021. Ceadúnas: CC BY-NC-SA 3.0 IGO

    (26)  Moladh ón gComhairle an 15 Samhain 2001 maidir le húsáid stuama oibreán frithmhiocróbach i leigheas an duine (IO L 34, 5.2.2002, lch. 13).

    (27)  Moladh ón gComhairle an 9 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht othar, lena n-áirítear ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte a chosc agus a rialú (IO C 151, 3.7.2009, lch. 1).

    (28)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52017XC0701(01).

    (29)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cód an Aontais i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/83/CE [agus lena leasaítear Treoracha] agus Treoir 2009/35/CE.

    (30)  ECDC, EFSA and EMA Joint Scientific Opinion on a list of outcome indicators as regards surveillance of antimicrobial resistance and antimicrobial consumption in humans and food-producing animals.[Tuairim Chomhpháirteach Eolaíoch ó ECDC, EFSA agus EMA a mhéid a bhaineann le liosta táscairí toraidh i ndáil le faireachas ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus ar thomhaltas frithmhiocróbach i ndaoine agus i mbia-ainmhithe]..

    (31)  https://www.cdc.gov/drugresistance/tatfar/index.html.

    (32)  https://sdgs.un.org/goals.

    (33)  https://www.g7germany.de/resource/blob/974430/2042058/5651daa321517b089cdccfaffd1e37a1/2022-05-20-g7-health-ministers-communique-data.pdf.

    (34)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions - A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system - COM/2020/381 final [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith na Cógaisíochta sa Chomhshaol COM(2019) 128 final]..

    (35)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social committee and the Committee of the Regions Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách, Plean Gníomhaíochta an Aontais:“Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil” COM(2021) 400. [“I dTreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú” COM(2021) 400].

    (36)  Ar bhonn táscaire toraidh R.43 (an sciar d’aonaid bheostoic lena mbaineann gníomhaíochtaí a dtacaítear leo chun teorainn a chur le húsáid ábhar frithmhiocróbach) de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT (Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

    (37)  Bunaithe ar na sonraí atá ar fáil cheana ón Líonra Eorpach um Fhaireachas ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (EARS-Net).

    (38)  https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2632.

    (39)  https://eu-jamrai.eu/.

    (40)  https://eu-jamrai.eu/wp-content/uploads/2021/03/EUjamrai_D9.2_Strategy-for-a-multi-country-incentive-in-Europe_INSERM-FHI.pdf.

    (41)  An Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, Study on bringing AMR medical countermeasures to the market : final report, [Staidéar ar fhrithbhearta leighis i ndáil le FSFM a thabhairt chuig an margadh: tuarascáil chríochnaitheach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023, https://data.europa.eu/doi/10.2925/442912.

    (42)  https://health.ec.europa.eu/publications/2023-eu4health-work-programme_en.

    (43)  https://health.ec.europa.eu/system/files/2022-11/wp2023_annex_en.pdf.

    (44)  https://health.ec.europa.eu/antimicrobial-resistance/events_en?f%5B0%5D=topic_topic%3A173.

    (45)  https://www.efsa.europa.eu/eu.

    (46)  https://www.ecdc.europa.eu/en.

    (47)  https://www.ema.europa.eu/en.

    (48)  https://www.eea.europa.eu/about-us.

    (49)  https://echa.europa.eu/.

    (50)  https://health.ec.europa.eu/system/files/2023-02/international_ghs-report-2022_en.pdf.

    (51)  https://www.who.int/news-room/questions-and-answers/item/pandemic-prevention--preparedness-and-response-accord.

    (52)  https://www.fao.org/home/en.

    (53)  https://www.unep.org/.

    (54)  https://www.woah.org/en/home/.

    (55)  https://www.who.int/.

    (56)  The Quadripartite Organizations established the Technical Group on Integrated Surveillance on Antimicrobial use and resistance [Bhunaigh na heagraíochtaí ceithrepháirteacha an grúpa teicniúil um fhaireachas comhtháite ar úsáid ábhar frithmhiocróbach agus frithsheasmhacht] (who.int)

    (57)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 084, 31.3.2016, lch. 1).

    (58)  Moladh 2018/C 466/01 ón gComhairle an 7 Nollaig 2018 maidir leis an gComhar Neartaithe i gcoinne Galair Inchoiscthe Vacsaíní (IO C 466, 28.12.2018, lch. 1).

    (59)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

    (60)  https://oceans-and-fisheries.ec.europa.eu/funding/emfaf_en.

    (61)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, Treoirlínte straitéiseacha le haghaidh dobharshaothrú níos inbhuanaithe agus níos iomaíche san Aontas don tréimhse 2021 go 2030 (2021) 236 final.

    (62)  Teicnící innealtóireachta DNA atá teoranta do speicis a úsáid a bhfuil measúnú riosca déanta orthu agus toradh fabhrach leis.

    (63)  https://www.who.int/publications/i/item/WHO-MHP-HPS-EML-2022.02.

    (64)  https://www.who.int/publications/i/item/2021-aware-classification.

    (65)  https://food.ec.europa.eu/horizontal-topics/official-controls-and-enforcement/legislation-official-controls/better-training-safer-food_en.

    (66)  CP-p-23-16 Tacú leis an nuálaíocht agus le rochtain ar ábhair fhrithmhiocróbacha.

    (67)  https://www.who.int/initiatives/glass.

    (68)  https://www.ippc.int/en/.

    (69)  Foodborne antimicrobial resistance (fao.org)

    (70)  https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FStandards%252FCXC%2B61-2005%252FCXC_061e.pdf.

    (71)  https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/ar/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FStandards%252FCXG%2B94-2021%252FCXG_94e.pdf.

    (72)  https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FStandards%252FCXG%2B77-2011%252FCXG_077e.pdf

    (73)  One health joint plan of action (2022–2026): working together for the health of humans, animals, plants and the environment [Plean comhpháirteach gníomhaíochta ‘Aon Sláinte Amháin’ (ag obair le chéile ar mhaithe le sláinte an duine, ainmhithe, plandaí agus an comhshaol)] (who.int)

    (74)  Cinneadh (AE) 2022/451 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh chun comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí, chomh maith le leasuithe comhlántacha ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) IO L 92, 21.3.2022, lch. 1.

    (75)  https://apps.who.int/gb/ebwha/pdf_files/EB144/B144_19-en.pdf.

    (76)  https://www.fao.org/antimicrobial-resistance/quadripartite/the-platform/en/.

    (77)  https://europa.eu/capacity4dev/tei-jp-tracker/tei/sustainable%C2%A0health-security-africa.

    (78)  https://mptf.undp.org/fund/amr00.

    (79)  https://research-and-innovation.ec.europa.eu/research-area/health/edctp_en.

    (80)  https://icars-global.org/

    (81)  https://gardp.org/

    (82)  https://www.reactgroup.org/


    IARSCRÍBHINN

    COM(2023) 191 final

    Rannchuidithe na mBallstát chun spriocanna molta an Aontais a leagtar amach i bpointe E den Mholadh seo a bhaint amach (1).

    1.   

    Spriocanna molta náisiúnta maidir le tomhailt iomlán antaibheathach in earnáil an phobail agus in earnáil na n-ospidéal curtha le chéile, lena n-áirítear i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh (Dáileog Laethúil Shainithe in aghaidh 1 000 cónaitheoir in aghaidh an lae)

    Ballstát

    Tomhailt iomlán antaibheathach in earnáil an phobail agus in earnáil na n-ospidéal curtha le chéile, lena n-áirítear saoráidí cúraim fhadtéarmaigh (DDD in aghaidh 1 000 áitritheoir in aghaidh an lae) in 2019 (2)

    Sprioc molta an laghdaithe faoi 2030

    NL

    9,5

    3 %

    AT

    11,6

    3 %

    EE

    11,8

    3 %

    SE

    11,8

    3 %

    DE

    12,6  (3)

    9 %

    SI

    13,0

    9 %

    LV

    13,9

    9 %

    HU

    14,4

    9 %

    FI

    14,7

    9 %

    DK

    15,3

    9 %

    LT

    16,1

    9 %

    CZ

    16,9

    9 %

    HR

    18,8

    9 %

    PT

    19,3

    9 %

    SK

    19,3

    9 %

    BG

    20,7

    18 %

    MT

    20,7

    18 %

    LU

    21,1

    18 %

    BE

    21,4

    18 %

    IT

    21,7

    18 %

    IE

    22,8

    27 %

    PL

    23,6

    27 %

    ES

    24,9

    27 %

    FR

    25,1

    27 %

    RO

    25,8

    27 %

    CY

    30,1

    27 %

    EL

    34,1

    27 %

    2.   

    Spriocanna molta náisiúnta maidir le céatadán tomhailte antaibheathach an ghrúpa ‘Access’ le hais thomhailt na n-antaibheathach go léir (Access, Watch, Reserve, Unclassified [Rochtain, Faire, Cúltaisce, Neamhaicmithe]) a liostaítear in aicmiú AWaRe EDS (4))

    Ballstát

    Céatadán tomhailte antaibheathach an ghrúpa ‘Access’ le hais thomhailt na n-antaibheathach go léir (Access, Watch, Reserve, Unclassified [Rochtain, Faire, Cúltaisce, Neamhaicmithe]) a liostaítear in aicmiú AWaRe EDS in 2019 (5)

    Sprioc molta faoi 2030

    DK

    79,1

    65 % ar a laghad

    FI

    73,2

    FR

    72,0

    NL

    71,2

    SE

    71,0

    IE

    70,3

    LV

    68,6

    BE

    67,9

    LT

    67,5

    ES

    63,0

    HR

    62,7

    SI

    62,1

    PT

    61,4

    EE

    61,3

    65 % ar a laghad

    PL

    60,4

    CZ

    60,2

    LU

    59,5

    AT

    58,1

    RO

    52,8

    HU

    50,5

    MT

    49,9

    IT

    48,9

    CY

    48,9

    EL

    46,8

    BG

    45,1

    SK

    42,4

    DE

    Gan sonraí (6)

    3.   

    Spriocanna molta náisiúnta maidir le minicíocht ionfhabhtuithe srutha fola Staphylococcus aureus atá frithsheasmhach in aghaidh meiticilline (MRSA) (líon in aghaidh 100 000 duine)

    Ballstát

    Minicíocht ionfhabhtuithe srutha fola Staphylococcus aureus atá frithsheasmhach in aghaidh meiticilline (MRSA) (líon na n-ionfhabhtuithe srutha fola (7) in aghaidh 100 000 duine) in 2019

    Sprioc molta an laghdaithe faoi 2030

    NL

    0,4

    3 %

    DK

    0,8

    3 %

    EE

    0,8

    3 %

    FI

    1,1

    3 %

    SE

    1,3

    3 %

    BG

    1,5

    3 %

    LV

    1,9

    6 %

    LU

    2,1

    6 %

    AT

    2,2

    6 %

    LT

    2,2

    6 %

    SI

    2,4

    6 %

    BE

    2,6

    6 %

    HR

    2,7

    6 %

    IE

    3,1

    6 %

    CZ

    3,1

    6 %

    DE

    3,6

    10 %

    MT

    3,8

    10 %

    HU

    4,2

    10 %

    ES

    4,2

    10 %

    PL

    4,3

    10 %

    EL

    4,6

    10 %

    SK

    5,0

    10 %

    FR

    5,6

    18 %

    CY

    6,9

    18 %

    PT

    11,4

    18 %

    IT

    13,6

    18 %

    RO

    13,7

    18 %

    4.   

    Spriocanna molta náisiúnta maidir le minicíocht ionfhabhtuithe srutha fola Escherichia coli atá frithsheasmhach in aghaidh ceifileaspóirine den tríú glúin (líon in aghaidh 100 000 duine)

    Na Ballstáit

    Minicíocht ionfhabhtuithe srutha fola Escherichia coli atá frithsheasmhach in aghaidh ceifileaspóirine den tríú glúin (8) (líon in aghaidh 100 000 duine) in 2019

    Sprioc molta an laghdaithe faoi 2030

    EL

    2,6

    0 %

    BG

    4,3

    0 %

    NL

    4,5

    0 %

    LV

    5,0

    0 %

    HR

    5,3

    0 %

    LT

    5,6

    0 %

    HU

    5,7

    0 %

    CY

    6,2

    5 %

    RO

    6,3

    5 %

    SK

    6,4

    5 %

    CZ

    6,6

    5 %

    DK

    6,6

    5 %

    AT

    7,1

    10 %

    PL

    7,4

    10 %

    SI

    7,7

    10 %

    ES

    7,8

    10 %

    EE

    7,9

    10 %

    FI

    8,0

    10 %

    IE

    8,3

    10 %

    FR

    8,6

    10 %

    SE

    9,6

    10 %

    LU

    10,1

    12 %

    PT

    10,3

    12 %

    DE

    12,0

    12 %

    MT

    12,4

    12 %

    BE

    13,2

    12 %

    IT

    23,2

    12 %

    5.   

    Spriocanna náisiúnta molta maidir le minicíocht ionfhabhtuithe srutha fola Klebsiella pneumoniae atá frithsheasmhach in aghaidh carbaipeineimí (líon in aghaidh 100 000 duine)

    Ballstát

    Minicíocht ionfhabhtuithe srutha fola Klebsiella pneumoniae atá frithsheasmhach in aghaidh carbaipeineimí (9) (líon in aghaidh 100 000 duine) in 2019

    Sprioc molta an laghdaithe faoi 2030

    EE

    0,00

    0 %

    LV

    0,00

    0 %

    NL

    0,02

    0 %

    SE

    0,03

    0 %

    SI

    0,05

    2 %

    FI

    0,06

    2 %

    DK

    0,07

    2 %

    CZ

    0,09

    2 %

    HU

    0,09

    2 %

    IE

    0,11

    2 %

    LU

    0,16

    2 %

    DE

    0,20

    2 %

    AT

    0,20

    2 %

    FR

    0,22

    2 %

    BE

    0,27

    2 %

    SK

    0,52

    4 %

    LT

    0,54

    4 %

    ES

    0,76

    4 %

    HR

    1,20

    4 %

    PL

    1,38

    4 %

    MT

    2,13

    4 %

    BG

    2,29

    4 %

    CY

    2,61

    5 %

    PT

    2,93

    5 %

    RO

    7,12

    5 %

    IT

    8,51

    5 %

    EL

    13,05

    5 %


    (1)  Tá dul chun cinn déanta ag roinnt Ballstát maidir le haghaidh a thabhairt ar FSFM nó ar thomhailt ábhar frithmhiocróbach ó bhí bliain bhonnlíne 2019 ann.

    (2)  Sonraí ón Líonra Eorpach um Fhaireachas ar Thomhailt Ábhar Frithmhiocróbach (ESAC-Net). Is ó Eurostat a thagann na sonraí maidir leis an daonra.

    (3)  Níor thuairiscigh an Ghearmáin sonraí tomhailte le haghaidh earnáil na n-ospidéal do ESAC-Net. Rinneadh meastachán ar an tomhaltas iomlán bunaithe ar mheánchion an Aontais de thomhaltas na hearnála ospidéil mar chuid den tomhailt iomlán.

    (4)  https://www.who.int/publications/i/item/2021-aware-classification

    (5)  Sonraí ón Líonra Eorpach um Fhaireachas ar Thomhailt Ábhar Frithmhiocróbach (ESAC-Net). Is ó Eurostat a thagann na sonraí maidir leis an daonra.

    (6)  Níor thuairiscigh an Ghearmáin sonraí tomhailte le haghaidh earnáil na n-ospidéal do ESAC-Net. Dá bhrí sin, ní féidir an céatadán sin a ríomh.

    (7)  Bunaithe ar na sonraí atá ann cheana maidir le haonraígh ionracha atá ar fáil ón Líonra Eorpach Faireachais um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (EARS-Net), ina bhfuil aonraígh ionracha den chuid is mó (> 99 %) de bhunadh ionfhabhtuithe srutha fola agus gan ach céatadán an-bheag (<1 %) d’aonraígh de bhunadh meiningitídí. Is ó Eurostat a thagann na sonraí maidir leis an daonra.

    (8)  Bunaithe ar na sonraí atá ann cheana maidir le haonraígh ionracha atá ar fáil ón Líonra Eorpach Faireachais um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (EARS-Net), ina bhfuil aonraígh ionracha den chuid is mó (> 99 %) de bhunadh ionfhabhtuithe srutha fola agus gan ach céatadán an-bheag (<1 %) d’aonraígh de bhunadh meiningitídí. Is ó Eurostat a thagann na sonraí maidir leis an daonra.

    (9)  Bunaithe ar na sonraí atá ann cheana maidir le haonraígh ionracha atá ar fáil ón Líonra Eorpach Faireachais um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (EARS-Net), ina bhfuil aonraígh ionracha den chuid is mó (> 99 %) de bhunadh ionfhabhtuithe srutha fola agus gan ach céatadán an-bheag (<1 %) d’aonraígh de bhunadh meiningitídí. Is ó Eurostat a thagann na sonraí maidir leis an daonra.


    Top