This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023TN0061
Case T-61/23: Action brought on 10 February 2023 — Ona Investigación v EUIPO — Formdiet (BIOPÔLE)
Cás T-61/23: Caingean arna tabhairt an 10 Feabhra 2023 – Ona Investigación v EUIPO – Formdiet (BIOPÔLE)
Cás T-61/23: Caingean arna tabhairt an 10 Feabhra 2023 – Ona Investigación v EUIPO – Formdiet (BIOPÔLE)
IO C 112, 27.3.2023, p. 46–47
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
27.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 112/46 |
Caingean arna tabhairt an 10 Feabhra 2023 – Ona Investigación v EUIPO – Formdiet (BIOPÔLE)
(Cás T-61/23)
(2023/C 112/60)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Ona Investigación, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: T. Villate Consonni, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Formdiet, SA (Alcarras, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “BIOPÔLE” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 157 716
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 15 Samhain 2022 i gCás R 1097/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta breith a thabhairt lena nglacfar le hargóintí an iarratasóra agus lena ndiúltófar don iarratas ar thrádmharc atá faoi cheist.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.