This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0347
Case T-347/22: Action brought on 9 June 2022 — Rauch Furnace Technology v EUIPO (Musto et Bureau (melting crucible)
Cás T-347/22: Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Rauch Furnace Technology v EUIPO – Musto et Bureau (Breogán um leá)
Cás T-347/22: Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Rauch Furnace Technology v EUIPO – Musto et Bureau (Breogán um leá)
IO C 294, 1.8.2022, p. 35–35
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
1.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 294/35 |
Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Rauch Furnace Technology v EUIPO – Musto et Bureau (Breogán um leá)
(Cás T-347/22)
(2022/C 294/50)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Rauch Furnace Technology GmbH (Gmunden, an Ostair) (ionadaí: M. Traxler, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Musto et Bureau Srl (Osteria Grande, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir
Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail Uimh. 7 737 143-0001 (Breogán um leá)
Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Márta 2022 i gCás R 1697/2021-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
An cinneadh faoi chonspóid a chur ar neamhní, mar aon leis an Dearbhú Neamhbhailíochta maidir le Dearadh Comhphobail Uimh. 7 737 143-0001; |
— |
A ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí
— |
Sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta; |
— |
Sárú ar Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle. |