This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0341
Case T-341/22: Action brought on 8 June 2022 — Deutsche Bank v EUIPO — Operación y Auditoria (avanza Tu negocio)
Cás T-341/22: Caingean arna tabhairt an 8 Meitheamh 2022 – Deutsche Bank v EUIPO – Operación y Auditoria (avanza Tu negocio)
Cás T-341/22: Caingean arna tabhairt an 8 Meitheamh 2022 – Deutsche Bank v EUIPO – Operación y Auditoria (avanza Tu negocio)
IO C 294, 1.8.2022, p. 34–35
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
1.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 294/34 |
Caingean arna tabhairt an 8 Meitheamh 2022 – Deutsche Bank v EUIPO – Operación y Auditoria (avanza Tu negocio)
(Cás T-341/22)
(2022/C 294/49)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Deutsche Bank, SA Española (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: I. Valdelomar Serrano, J. Rodriguez Fuensalida, P. Ramells Higueras agus A. Figuerola Moure, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Operación y Auditoria, SA de CV, SOFOM, ENR (Cathair Mheicsiceo, Meicsiceo)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh avanza Tu negocio – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 208 813
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Márta 2022 i gcás R 1808/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a rialú gur cuireadh Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i bhfeidhm go mícheart sa chinneadh a chonspóidtear; |
— |
rialú a dhéanamh go ndiúltaítear cosaint do na seirbhísí go léir a thagann faoi réim aicme 36 dá dtagraítear in iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 2018 813 avanza Tu negocio (fíortha); agus |
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc, lena n-áirítear na costais ionadaíochta arna dtabhú ag an iarratasóir, a bhaineann leis na himeachtaí seo. |
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.