This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CA0719
Case C-719/20: Judgment of the Court (Fourth Chamber) of 12 May 2022 (request for a preliminary ruling from the Consiglio di Stato — Italy) — Comune di Lerici v Provincia di La Spezia (Reference for a preliminary ruling — Public procurement — Waste management — In-house award — Directive 2014/24/EU — Articles 12 and 72 — Loss of ‘similar control’ conditions as a result of a business combination — Possibility for the successor operator to continue providing the service)
Cás C-719/20: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Comune di Lerici v Provincia di La Spezia (Tarchur chun réamhrialú – Soláthar poiblí – Bainistiú dramhaíola – Dámhachtain inmheánach – Treoir 2014/24/AE – Airteagail 12 agus 72 – Cailleadh coinníollacha de “rialú comhchosúil” i ndiaidh chomhcheangail gnóthas – Féidearthacht d’oibreoir a thagann i ndiaidh leanúint le cur ar fáil na seirbhíse)
Cás C-719/20: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Comune di Lerici v Provincia di La Spezia (Tarchur chun réamhrialú – Soláthar poiblí – Bainistiú dramhaíola – Dámhachtain inmheánach – Treoir 2014/24/AE – Airteagail 12 agus 72 – Cailleadh coinníollacha de “rialú comhchosúil” i ndiaidh chomhcheangail gnóthas – Féidearthacht d’oibreoir a thagann i ndiaidh leanúint le cur ar fáil na seirbhíse)
IO C 257, 4.7.2022, p. 9–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
4.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 257/9 |
Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Comune di Lerici v Provincia di La Spezia
(Cás C-719/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Soláthar poiblí - Bainistiú dramhaíola - Dámhachtain inmheánach - Treoir 2014/24/AE - Airteagail 12 agus 72 - Cailleadh coinníollacha de “rialú comhchosúil” i ndiaidh chomhcheangail gnóthas - Féidearthacht d’oibreoir a thagann i ndiaidh leanúint le cur ar fáil na seirbhíse)
(2022/C 257/13)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Consiglio di Stato
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Comune di Lerici
Cosantóir: Provincia di La Spezia
Tríú páirtí: IREN SpA, ACAM Ambiente SpA
An chuid oibríochtúil
Ní mór Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar rialacha nó cleachtas náisiúnta faoinar féidir leis an oibreoir eacnamaíoch a fhaigheann eintiteas inmheánach, trí nós imeachta tairisceana, ar eintiteas é ar a dámhadh comhlíonadh conartha phoiblí ar dtús, gan glaoch ar iomaíocht, agus ar rialaigh an t-údarás conarthach é, ar bhealach comhpháirteach, ar chaoi a bhí comhchosúil leis an rialú a rinne sé ar a sheirbhísí féin, leanúint ar aghaidh, go huathoibríoch, leis an gcomhlíonadh sin, i gcás nach ndéanann an t-údarás conarthach rialú den sórt sin ar an oibreoir sin agus nach bhfuil aon chuid dá chaipiteal ina sheilbh aige.