EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022H0621(01)

Moladh ó Chomhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu an 17 Meitheamh 2022 chuig an gComhairle maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023 2022/C 238/01

ST/10054/2022/INIT

IO C 238, 21.6.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 238/1


MOLADH Ó CHOMHALTAÍ NA COMHAIRLE A DHÉANANN IONADAÍOCHT DO NA BALLSTÁIT A BHFUIL AN EURO MAR AIRGEADRA ACU

an 17 Meitheamh 2022

chuig an gComhairle maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023

(2022/C 238/01)

LEIS SEO, MOLANN COMHALTAÍ CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH A DHÉANANN IONADAÍOCHT DO NA BALLSTÁIT A BHFUIL AN EURO MAR AIRGEADRA ACU,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 140(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I bhfianaise a measúnaithe, tá Comhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu den tuairim chéanna leis an gCoimisiún go bhfuil comhoiriúnacht dhlíthiúil bainte amach ag an gCróit agus go n-urramaíonn sí na critéir um chóineasú agus, ag cur na dtosca breise san áireamh freisin, measann siad go gcomhlíonann an Chróit na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh.

(2)

Agus tagairt á déanamh acu freisin don mheasúnú ar chóineasú ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach, leagann Comhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu béim ar a thábhachtaí atá cur i gcrích rathúil na ngealltanas a rinneadh ar theacht isteach i Sásra Ráta Malairte II agus cuireann siad i bhfios go láidir gur gá beartais a dhíriú go hiomlán ar dhul i ngleic leis an dúshlán i ndáil le cóineasú inbhuanaithe gheilleagar na Cróite a choimeád ar bun, agus go háirithe cóineasú boilscithe, san fhadtéarma. Chuige sin, molann siad d’údaráis na Cróite leanúint de bheartas fioscach a shaothrú a bhfuil sé d’aidhm aige staid fhioscach mheántéarmach stuama a bhaint amach agus leanúint de phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cróite, chun rannpháirtíocht rathúil sa limistéar euro a áirithiú.

(3)

Tá súil ag Comhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu go gcomhoibreoidh an Chróit ar bhealach cuiditheach i dtaca le hábhair a bhaineann le rialachas an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, le bainistiú géarchéime sa limistéar euro agus le struchtúr an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a thabhairt chun críche,

DO CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:

Ba cheart an maolú maidir leis an gCróit de réir bhrí Airteagal 139(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2012 (1) a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Arna dhéanamh i Lucsamburg,17 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  IO L 112, 24.4.2012, lch. 21.


Top