This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022XC0309(03)
Notice of the impending expiry of certain anti-dumping measures 2022/C 113/05
Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe 2022/C 113/05
Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe 2022/C 113/05
C/2022/1316
IO C 113, 9.3.2022, p. 24–24
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
9.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 113/24 |
Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe
(2022/C 113/05)
1. Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.
2. Nós imeachta
Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidh siad arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d’onnmhaireoirí, d’ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.
3. Teorainn ama
Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (Aonad G-1), CHAR 4/39, 1049, an Bhruiséil, an Bheilg (2) aon tráth tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.
4. Déantar an fógra seo a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036.
Táirge |
Tír thionscnaimh nó tír is onnmhaireoir |
Bearta |
Tagairt |
Dáta éaga (3) |
Aigéad tríchlóraisicianúrach (TCCA) |
Daon-Phoblacht na Síne |
Dleacht frithdhumpála |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid thríchlóraisicianúraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
6.12.2022 |
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu
(3) Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo.