This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012AA0006
Opinion No 6/2012 (pursuant to the second subparagraph of Article 287(4) of the Treaty on the Functioning of the European Union) on the proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council laying down the rules for the participation and dissemination in ‘Horizon 2020 — the Framework Programme for Research and Innovation (2014-2020)’
Tuairim Uimh. 6/2012 (de bhun an dara fomhír d’Airteagal 287(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirteachas in “Fís 2020 — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)” , agus na rialacha maidir leis na torthaí a scaipeadh
Tuairim Uimh. 6/2012 (de bhun an dara fomhír d’Airteagal 287(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirteachas in “Fís 2020 — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)” , agus na rialacha maidir leis na torthaí a scaipeadh
IO C 318, 20.10.2012, p. 1–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
20.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
TUAIRIM Uimh. 6/2012
(de bhun an dara fomhír d’Airteagal 287(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh)
maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirteachas in “Fís 2020 — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)”, agus na rialacha maidir leis na torthaí a scaipeadh
2012/C 318/01
CLÁR NA nÁBHAR
|
Mír |
Leathanach |
||
RÉAMHRÁ … |
1-3 |
2 |
||
ACHOIMRE … |
I-XIII |
3 |
||
BARÚLACHA GINEARÁLTA … |
4-8 |
4 |
||
BARÚLACHA SONRACHA … |
9-38 |
5 |
||
Comhchreat Straitéiseach … |
9 |
5 |
||
Sraith chomhleanúnach rialacha rannpháirteachais … |
10-14 |
5 |
||
Samhail nua cistithe costais … |
15-20 |
6 |
||
Critéir shimplithe cháilitheachta agus chistithe … |
21-23 |
6 |
||
Straitéis rialaithe an Choimisiúin … |
24-32 |
7 |
||
Cineálacha nua cistithe … |
33-35 |
8 |
||
Nuálaíocht … |
36-38 |
9 |
||
|
|
10 |
TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 179 go 190 agus Airteagal 287(4), an dara fomhír, de,
Ag féachaint do Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (1), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1081/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),
Ag féachaint do Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach a chur chun feidhme (3), arna leasú go deireanach le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 478/2007 ón gCoimisiún (4),
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirteachas gnóthas, ionad taighde agus ollscoileanna i ngníomhaíochtaí faoin Seachtú Creatchlár agus maidir le scaipeadh torthaí taighde (2007-2013) (5),
Ag féachaint do shraith tograí reachtacha an Choimisiúin atá comhdhéanta den Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear “Fís 2020” — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) (COM(2011) 809 leagan deireanach), an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirteachas in “Fís 2020” — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus na rialacha maidir leis na torthaí a scaipeadh (COM(2011) 810 leagan deireanach), an togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear “Fís 2020” — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) chun feidhme (COM(2011) 811 leagan deireanach) agus an togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle maidir le Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (2014-2018) a chomhlánaíonn “Fís 2020” — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (COM(2011) 812 leagan deireanach),
Ag féachaint don iarraidh ón gComhairle an 6 Eanáir 2012 ar thuairim i leith na rialacha rannpháirteachais,
Ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le “Fís 2020” — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (COM(2011) 808 leagan deireanach) le tacaíocht ó na doiciméid inmheánacha oibre (SEC(2011) 1427 leagan deireanach agus SEC(2011) 1428 leagan deireanach),
Ag féachaint don Chinneadh C(2011) 174 leagan deireanach ón gCoimisiún dar teideal “Cinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2011 maidir le trí bheart um chur chun feidhme Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Chinneadh 2006/970/Euratom ón gComhairle a shimpliú agus lena leasaítear Cinntí C(2007) 1509 agus C(2007) 1625”,
Ag féachaint do Thuarascálacha Bliantúla agus Speisialta na Cúirte agus dá Tuairim Uimh. 1/2006 maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirteachas gnóthas, ionad taighde agus ollscoileanna i ngníomhaíochtaí faoin Seachtú Creatchlár agus maidir le scaipeadh torthaí taighde (2007-2013) (6), agus dá Tuairim Uimh. 1/2010 maidir le Feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais bhuiséad an Aontais Eorpaigh: Rioscaí agus dúshláin (7), agus dá Tuairim Uimh. 6/2010 maidir le togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (8) agus dá Tuairim Uimh. 7/2011 maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 (9),
TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A LEANAS A GHLACADH:
RÉAMHRÁ
1. |
Rinneadh cáineadh forleathan ar an gclár a tháinig roimh “Fís 2020”, an Seachtú Creatchlár um Thaighde agus Forbairt Theicniúil, i ngeall ar chomh casta agus a bhí an clár sin (e.g. éagsúlacht na scéimeanna agus na n-ionstraimí cistithe) agus na rialacha rannpháirteachais a bhain leis (e.g. neamh-chomhsheasmhacht maidir le rialacha a chur i bhfeidhm nó nósanna imeachta a chur chun feidhme) (10). Dá bharr sin, is ard-tosaíocht pholatiúil de chuid Pharlaimint na hEorpa agus de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh simpliú a dhéanamh ar bhainistiú agus ar chur chun feidhme chistiú taighde agus nuálaíochta an Aontais (11). Bhí bearta tugtha isteach ag an gCoimisiún cheana chun roinnt de na laigí reatha a réiteach i rith shaolré an tSeachtú Creatchlár. Mar shampla, d’fhág Cinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2011 go bhféadfadh tairbhithe, faoi choinníollacha áirithe, a gcuid cleachtais chuntasaíochta féin a úsáid agus costais tionscadal á n-éileamh acu. |
2. |
Is é príomhaidhm na rialacha rannpháirteachais faoi “Fís 2020” (12) tógáil ar na bearta um shimpliú a cuireadh chun feidhme cheana féin sa Seachtú Creatchlár. Sna “rialacha”, leagtar síos na coinníollacha maidir le roghnú tionscadal, rannpháirteachas na n-eintiteas sna tionscadail, maoiniú na dtionscadal, coinníollacha cistithe amhail rátaí cistithe agus ceanglais incháilitheachta a shocrú agus torthaí a scaipeadh. Is ceisteanna iad seo atá tábhachtach ní amháin i gcás na dtairbhithe, ach d’fhéadfadh tionchair a bheith acu ar fheidhmíocht fhoriomlán an Chreatchláir “Fís 2020”. Mar shampla, má bhíonn laghdú ar mhealltacht i gceist mar thoradh ar rialacha casta, méadaítear an baol nach mbainfear amach cuspóir foriomlán an chláir, is é sin tacú leis an straitéis Eoraip 2020. |
3. |
A mhéad is féidir, leanann tuairim na Cúirte struchtúr mheabhrán míniúcháin an Choimisiúin ar na “rialacha atá beartaithe”. Tógtar comhthéacs foriomlán an “phacáiste rialála” san áireamh leis freisin agus, go sonrach, na bearta bainistíochta a chumhdaíonn an straitéis rialaithe atá leagtha amach sa togra do “rialachán Fís 2020”. |
ACHOIMRE
I. |
Is é an simpliú an mórphrionsabal ginearálta atá taobh thiar de na bearta atá sna “rialacha atá beartaithe”. Go ginearálta, measann an Chúirt go gcabhróidh na bearta go mór chun aghaidh a thabhairt ar na mórdhúshláin a bhaineann le cistiú thaighde an Aontais, má chuirtear chun feidhme iad mar atá beartaithe. Mar gheall go mbeidh a mhéad agus go n-éireoidh leis na bearta seo ag brath go príomhúil ar iad a chur chun feidhme go héifeachtach, beidh treoir thráthúil phraiticiúil shoiléir gan débhrí ríthábhachtach chuige sin. |
II. |
Ba cheart do “Fís 2020” meicníochtaí a aithint chun comhordú a dhéanamh le beartais eile de chuid an AE, amhail an beartas Comhtháthaithe, d’fhonn tionchar iolraitheach acmhainní an Aontais a mhéadú más féidir, luas a chur faoi dhul chun cinn i dtreo Limistéir Taighde Eorpaigh aontaithe, agus an baol a mhaolú go bhféadfaí cistiúchán difriúil ón AE a charnadh le haghaidh aon ghníomhaíocht amháin. |
III. |
Trí shraith aonair rialacha a thabhairt isteach, agus gan chead a thabhairt imeacht uathu ach amháin má tá riachtanais shonracha mar údar leis, bheadh an Coimisiún ag neartú an bhogtha i dtreo sraithe comhleanúnaí rialacha maidir le rannpháirteachas. Leag an Chúirt béim ar an ngá go gcuirfí na “rialacha atá beartaithe” i bhfeidhm go comhsheasmhach thar gach gníomhaíocht faoi “Fís 2020” agus le dlúthchomhar idir na comhlachtaí cur chun feidhme éagsúla. Ba cheart údar soiléir a bheith le haon eisceacht ón raon feidhme maidir leis na “rialacha atá beartaithe” a chur i bhfeidhm agus ba cheart iad a laghdú chuig an t-íosmhéid atá riachtanach. |
IV. |
Measann an Chúirt go ndéanfaidh an tsamhail chistithe costais, atá thar a bheith simplithe, iontaofacht na samhla a fheabhsú, an baol a laghdú go mbeidh míréireachtaí maidir le héilimh na dtairbhithe ar chostais, cuntasaíocht tionscadail a fhágáil níos simplí agus fáil réidh le cuid de na céimeanna fíoraithe atá de dhíth faoin tsamhail chistithe atá ann faoi láthair faoin Seachtú Creatchlár, rud a éascóidh an próiseas chun iarratas a dhéanamh agus a chuirfidh borradh faoi. |
V. |
Ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh sna “rialacha atá beartaithe” áfach idir gníomhaíochtaí atá incháilithe chun aisíocaíocht 100 % a fháil agus iad atá teoranta d’uasmhéid 70 % (gníomhaíochtaí gar don mhargadh). Ba cheart a shonrú go soiléir a bhfuil i gceist le “gníomhaíochtaí gar don mhargadh” sna rialacha cur chun feidhme. |
VI. |
Tugann an Chúirt faoi deara gur imeacht mór ón Seachtú Creatchlár atá ann an rogha maidir le costais neamhdhíreacha a chistiú ar bhonn na bhfíorchostas. Níl sé soiléir cén tionchar a bheidh ag an athrú seo ar rannpháirtithe ina n-aonar. Ba cheart don Choimisiún dearbhú a thabhairt nach mbeidh cásanna míchuibhiúla ann, mar thoradh ar an gcur chuige nua, ina gcaillfidh na rannpháirtithe amach go suntasach, rud a d’imreodh tionchar diúltach ar mhealltacht an chláir. |
VII. |
Is beart dearfach atá san aisíocaíocht atáthar a bheartú ar CBL neamh-inghnóthaithe mar chostas incháilithe. Measann an Chúirt go bhfuil sé riachtanach go dtabharfadh an Coimisiún treoir shoiléir maidir le céard is CBL inghnóthaithe ann áfach. |
VIII. |
Is é tuairim na Cúirte gur pointe tosaigh an-mhaith chun an baol go mbeidh earráidí ann a laghdú é an creat rialaithe inmheánach barrfheabhsaithe atá tógtha ar bhonn straitéise atá bunaithe ar riosca, straitéis atá nasctha go dlúth leis an tsamhail nua chistithe atá beartaithe. Tá teorainneacha ag baint leis an gcur chuige seo áfach mar gheall go gcaithfear dul i ngleic le rioscaí áirithe — i ngeall ar an gcineál riosca atá i gceist leo — le rialuithe éifeachtacha chun iad a chosc. |
IX. |
Measann an Chúirt gur forbairt dhearfach atá sa chumhdach níos leithne atá beartaithe don Chiste um Ráthaíocht Rannpháirtithe. Beidh gá le measúnuithe a dhéanamh i ndáil le rioscaí féideartha dlí má dhéantar ionstraimí a chur san áireamh faoi chumhdach an Chiste i bhfoirm comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí. |
X. |
Cuireann an Chúirt fáilte roimh an aidhm atá ag an gCoimisiún deimhniú iniúchta éigeantach amháin a bheith ar ráitis airgeadais ag deireadh an tionscadail. Tá sé dearbhaithe ag iniúchtaí a rinne an Chúirt le déanaí nach bhfuil ach iontaofacht theoranta ag deimhnithe iniúchta, agus nach mbeidh an rialú seo ach éifeachtach i bpáirt dá bharr. Ar an gcaoi chéanna, thug iniúchtaí na Cúirte le fios go bhfuil rátaí ísle rannpháirteachais agus glactha ann i ndáil le deimhnithe ar mhodheolaíochtaí. Mura ndéanfaí feabhsú sa dá réimse sin, d’imreofaí tionchar diúltach ar straitéis rialaithe athbhreithnithe an Choimisiúin. |
XI. |
Is é dearcadh na Cúirte gur cheart go ndéanfaí nuálaíocht (theicniúil) a spreagadh mar thoradh ar dhámhachtainí a úsáid, lena n-áirithiú gurb ann do ghiaráil maidir le foinsí breise cistithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar feabhsú mar sin ar ghnéithe neamhairgeadais, amhail íomhá láidir agus clú bunaithe ar shármhaitheas, eisiachas agus aitheantas idirnáisiúnta. |
XII. |
Measann an Chúirt nár cheart soláthar a úsáid ach amháin i gcásanna ina bhfuil údar cuí leis, a mbeadh tairbhí breise ann dá bharr nach mbeadh ann dá mbainfí úsáid as deontais. |
XIII. |
Ní thugtar le fios go soiléir sa “phacáiste rialála” céard a ghlacfar leis mar “ghníomhaíochtaí nuálaíochta”. Chuirfeadh an Chúirt fáilte roimh shainmhíniú soiléir, chomh maith le teorannú oiriúnach ar raon feidhme na ngníomhaíochtaí nuálaíochta a ndéantar cistiú orthu le nach maoineofar ach na gníomhaíochtaí sin atá nua i ndáiríre. |
BARÚLACHA GINEARÁLTA
4. |
In “Fís 2020”, tá cuspóir leagtha síos ag an gCoimisiún dó féin na taighdeoirí is mó le rá agus na fiontair is nuálaíocha a mhealladh. Sa chomhthéacs seo, tá ról ríthábhachtach ag an mórphrionsabal ginearálta maidir leis na rialacha rannpháirteachais a shimpliú. Léirítear simpliú go láidir i bpríomhghnéithe na “rialacha” (féach an Iarscríbhinn chun forbhreathnú iomlán a fháil ar na cuspóirí agus na tosaíochtaí atá taobh thiar de na bearta simpliúcháin sa “phacáiste rialála”):
|
5. |
Go ginearálta, measann an Chúirt go gcabhróidh na bearta atá molta ag an gCoimisiún go mór chun aghaidh a thabhairt ar na mórdhúshláin a bhaineann le cistiú thaighde an Aontais (e.g. rialacha rannpháirteachais neamh-chomhleanúnacha, castacht agus ualach riaracháin), má chuirtear chun feidhme iad mar atá beartaithe. Mar shampla, téann an comhtháthú atá beartaithe ar na gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde agus nuálaíocht (e.g. na Comhthionscnaimh Theicneolaíochta (CTT) a bhaineann le taighde) i ngleic leis an gcáineadh coitianta maidir leis na rialacha a chur i bhfeidhm ar bhealach neamh-chomhleanúnach faoin Seachtú Creatchlár agus déantar éascú leis ar idir-inoibritheacht agus comhoiriúnacht idir gníomhaíochtaí taighde san Aontas (féach mír 10). |
6. |
Tugtar isteach go leor bearta simpliúcháin leis na “rialacha” a léirítear sa tsamhail chistithe costais (14) (féach mír 15) agus sna forálacha airgeadais (e.g. ceanglais maidir le taifeadadh ama agus an moladh maidir le CBL a chur san áireamh sa sainmhíniú ar chostais incháilithe, féach mír 21) (15). Tá dhá chuid i gceist le cur chuige an Choimisiúin: ar lámh amháin, tá sé mar aidhm leis na bearta atá molta an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú (mar shampla, simplítear an dearbhú maidir le costais agus bíonn sé níos éasca do rannpháirtithe ranníocaíocht an AE a ríomh má bhíonn an tsamhail chistithe níos simplí); ar an lámh eile, tá sé mar aidhm leis na bearta seo obair bhainistíochta agus rialaithe an Choimisiúin a laghdú, agus cur chun feidhme na straitéise rialaithe beartaithe a éascú le cothroime idir iontaoibh agus rialú. Mar shampla, má dhéantar na socruithe cistithe a bharrfheabhsú agus a shimpliú ba cheart go gcabhródh sé sin, inter alia, leis an gCoimisiún rialú níos fearr a bhaint amach (16) (féach mír 24) (17). |
7. |
Ar an iomlán, téann na “rialacha atá beartaithe” i ngleic leis na ceisteanna práinneacha tábhachtacha a luaitear i mír 1. Tá a mhéad agus go n-éireoidh leis na bearta seo ag brath ar iad a chur chun feidhme go héifeachtach (18). Athdhearbhaíonn an Chúirt a moladh gur cheart don Choimisiún treoir thráthúil phraiticiúil shoiléir gan débhrí maidir le cur chun feidhme a sholáthar ar mhaithe le ráthaíochtaí leordhóthanacha a thabhairt do thairbhithe agus don Choimisiún araon (19). Ba cheart na rialacha mionsonraithe rannpháirteachais a tharchur faoin dáta ar a fhoilseofar na chéad ghlaonna ar thairiscintí ar a dhéanaí. |
8. |
Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil cur chun feidhme roinnt de na bearta atá molta (e.g. CBL incháilithe agus cuntais neamh-úsmhara le haghaidh réamhchistiú) ag brath ar ghlacadh an Rialacháin Airgeadais nua (20). Ar an dáta ar eisíodh an tuairim seo, ní raibh an nós imeachta reachtach ná na Rialacha Cur Chun Feidhme curtha i gcrích don Rialachán Airgeadais nua. |
BARÚLACHA SONRACHA
Comhchreat Straitéiseach
9. |
Tá sé i gceist ag an gCoimisiún raon iomlán na dtacaíochtaí taighde agus nuálaíochta a thabhairt le chéile in aon chomhchreat straitéiseach amháin (21). Mar a shonraigh an Chúirt roimhe seo (22), ba cheart do “Fís 2020” meicníochtaí comhordaithe a aithint i measc bheartais eile an AE (mar shampla, idir Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe). Leis an gcomhordú seo, d’fhéadfaí ráta cómhaoinithe an Chláir le haghaidh cláir oibríochtúla a shocrú agus foinsí éagsúla cistithe an AE á gcur san áireamh, agus ar an gcaoi sin d’fhéadfaí tionchar iolraíoch de chuid acmhainní an Aontais a mhéadú. Chuirfí luas faoin dul chun cinn i dtreo Limistéir Taighde Eorpaigh aontaithe dá bharr sin (23). Chomh maith leis sin, mhaolódh sé an baol go bhféadfaí deontais éagsúla ón AE a charnadh le haghaidh aon ghníomhaíocht amháin (24). |
Sraith chomhleanúnach rialacha maidir le rannpháirteachas
10. |
Trí shraith aonair rialacha a thabhairt isteach, agus gan chead a thabhairt imeacht uathu ach amháin má tá údar leis de bharr riachtanas sonrach, bheadh an Coimisiún ag neartú an bhogtha i dtreo sraithe comhleanúnaí rialacha maidir le rannpháirteachas. Faoin Seachtú Creatchlár, bhí roinnt leibhéal rialacha ann (e.g. sraith chaighdeánach rialacha maidir le rannpháirteachas agus rialacha sonracha le haghaidh Gníomhaíochtaí Comhordaithe agus Tacaíochta (GCT) (25) nó gach comhthionscnamh teicneolaíochta taighde (26)). Dá bharr sin, mheas an pobal taighde go raibh an tsraith rialacha a bhí ag gabháil leis an Seachtú Creatchlár casta agus neamh-chomhleanúnach (27). |
11. |
D’fhéadfadh an cur chuige comhtháite atá beartaithe (mar shampla, na rialacha maidir le ceisteanna amhail critéir incháilitheachta agus mheasúnaithe agus cearta maoine intleachtúla, a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach den chuid is mó i gcás gach comhchoda de “Fís 2020”) (28) a bheith mar chéim thábhachtach maidir leis an méid seo a leanas:
|
12. |
Níl sé soiléir áfach conas agus cá mhéad a dhéanfar na rialacha maidir le rannpháirteachas a chur i bhfeidhm go comhleanúnach i gcás gach gníomhaíochta faoi “Fís 2020”, e.g. i dtaca leis an gCreatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (CIN), na comhthionscnaimh theicneolaíochta agus na gníomhaíochtaí arna mbainistiú ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT). Is mian leis an gCúirt béim a leagadh air gur cheart údar soiléir a bheith le haon eisceacht a bhíonn ann agus iad a laghdú a mhéad is féidir, nó déanfar rialacha d’eisceachtaí. Sa chomhthéacs sin, bheadh níos mó deimhneachta dlí ann dá mbeadh liosta sa rialachán de na gníomhaíochtaí agus de na gníomhartha sin ina bhfuiltear ag súil le heisceachtaí ón tsraith aonair rialacha. |
13. |
Lena chois sin, tá comhordú suntasach idir na comhlachtaí lena mbaineann de dhíth chun gníomhaíochtaí atá laistigh de raon feidhme clár nó tionscnamh eile faoi láthair (amhail iad siúd sa liosta i mír 12) a chomhtháthú go hiomlán. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún (29) gur cheart síneadh breise a dhéanamh ar bhainistiú “Fís 2020” chun gníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin atá ann faoi láthair agus comhlachtaí seachtracha eile amhail na comhghnóthais a dhéanann bainistíocht ar na comhthionscnaimh theicneolaíochta a thógáil san áireamh (30). |
14. |
Is mian leis an gCúirt a dhearbhú arís an moladh a rinne sí roimhe seo gur cheart don Choimisiún maoirseacht iomchuí a dhéanamh ar na socruithe bainistíochta seo le go bhféadfar leas iomlán a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil. Go háirithe, teastaíonn dlúthchomhar chun comhtháthú a dhéanamh ar na comhghnóthais mar bhealach chun beartais an AE a chur i gcrích. Chuige sin, ní mór do na comhghnóthais córas rialaithe inmheánach atá cuimsitheach stóinsithe a thógáil ar dtús. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta (31). Cuireann an Chúirt in iúl freisin go bhfuil sé ríthábhachtach na rialacha a chur i bhfeidhm go héifeachtach comhleanúnach. Molann sí gur cheart don Choimisiún leathnú suntasach a dhéanamh ar phríomhmheicníochtaí ailínithe amhail an Coiste Imréitigh Taighde (CIT) (32) chun láidriú breise a dhéanamh ar na bearta cothrománacha. |
Samhail nua chistithe costais
15. |
Tá samhail chistithe beartaithe ag an gCoimisiún (in Airteagal 22 agus in Airteagal 24 de na “rialacha”) atá comhdhéanta de:
|
16. |
Tá an tsamhail i bhfad níos simplí agus tá sé deartha chun dul i ngleic leis na fadhbanna a bhí roimh thairbhithe faoin Seachtú Creatchlár, mar a raibh baint dhíreach ag castacht na samhla cistithe agus líon na dteaglamaí a bhí ar fáil idir catagóirí na gcostas, na modhanna chun costais a ríomh agus na rátaí aisíocaíochta (33). Mar shampla, faoin Seachtú Creatchlár bíonn rátaí cistithe ag brath ar an stádas dlíthiúil (e.g. mar chomhlacht poiblí neamhbhrabúis nó mar chuideachta atá dírithe ar bhrabús a dhéanamh), an cineál gníomhaíochta (i.e. taighde, taispeáint, bainistíocht nó eile) nó an cineál costais (i.e. foireann, fochonraitheoireacht nó costais dhíreacha agus neamhdhíreacha eile) (34). |
17. |
Faoin tsamhail atá beartaithe, fuarthas réidh go hiomlán leis an idirdhealú idir cineálacha difriúla gníomhaíochta, rud a chuir go mór le chomh casta agus a bhí samhail an tSeachtú Creatchlár (35). Lena chois sin, fágtar go mbeidh an tsamhail cistithe costais níos simplí agus go mbeidh baol níos lú go ndéanfar earráidí trí chistiú a thabhairt isteach do chostais dhíreacha iomlána taighde (ráta aisíocaíochta amháin le haghaidh costais dhíreacha a shocraítear ag tús gach tionscadail), chomh maith le ranníocaíocht sheasta ainmniúil i dtreo chostais neamhdhíreacha (20 %) le haghaidh gach tairbhí agus gach cineál gníomhaíochta. |
18. |
Tugann an Chúirt faoi deara go bhfágann na bearta simpliúcháin seo:
|
19. |
Ní dhéantar idirdhealú soiléir sna “rialacha” áfach idir gníomhaíochtaí atá incháilithe chun aisíocaíocht 100 % a fháil (gníomhaíochtaí caighdeánacha) agus iad siúd atá teoranta d’uasmhéid 70 % (gníomhaíochtaí gar don mhargadh). Níl an sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí gar don mhargadh amhail fréamhshamhaltú, tástáil, taispeáint, forbairt thurgnamhach, treoirthionscadail nó macasamhlú margaí soiléir, toisc roinnt sainmhínithe a bheith ann. Ba cheart a shonrú go soiléir sna rialacha cur chun feidhme a bhfuil i gceist le “gníomhaíochtaí gar don mhargadh”. |
20. |
Tugann an Chúirt faoi deara gur imeacht mór ón Seachtú Creatchlár atá sa tsamhail chistithe atá beartaithe i ngeall gur baineadh an rogha costais neamhdhíreacha a chistiú ar bhonn na bhfíorchostas. Níl sé soiléir cén tionchar a bheidh ag an tsamhail aisíocaíochta costas atá beartaithe ar rannpháirtithe ina n-aonar. Ar an ábhar sin, ba cheart don Choimisiún dearbhú a thabhairt nach mbeidh cásanna míchuibhiúla ann, mar thoradh ar an gcur chuige nua, ina gcaillfidh na rannpháirtithe amach go suntasach, rud a d’imreodh tionchar diúltach ar mhealltacht an chláir. |
Critéir shimplithe cháilitheachta agus cistithe
21. |
Tá foráil sna “rialacha” maidir le bearta breise a thabhairt isteach chun na rialacha cáilitheachta a shimpliú. Is é an aidhm atá leis seo go mbeadh na rialacha seo ag teacht le cleachtais na dtairbhithe (e.g. ceanglais maidir le taifeadadh ama (37)). |
22. |
Tugann an Chúirt faoi deara go leanfar ar aghaidh le córais taifeadta ama a úsáid agus measann sí go bhfuil sé seo oiriúnach i ngeall is go bhfuil sé ríthábhachtach bunús na gcostas foirne a thabhaítear go hiarbhír a thabhairt (38). Is beart dearfach é áfach fáil réidh le taifeadadh ama i gcás na mball foirne atá ag obair go heisiach ar thionscadail de chuid an AE trína chur ar a gcumas dearbhú comhfreagrach a shíniú. Ar mhaithe le cur chuige comhsheasmhach a áirithiú ar fud na heagraíochta, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanann an tairbhí a ghnáthchleachtais chuntasaíochta agus bhainistíochta féin a chomhlíonadh, mar go mbeidh an beart nua seo i mbaol míréireachtaí mura ndéanfaí sin. Mar shampla, ba cheart an dearbhú ón tairbhí a bheith ag teacht le fianaise eile (e.g. ba cheart líon na n-uaireanta oibre a rinneadh ar an tionscadal nó tagairtí do na cúraimí nó cineálacha gníomhaíochta a bheith comhsheasmhach le conarthaí fostaíochta nó le socruithe inmheánacha eile). |
23. |
Tá sé ceadaithe sna “rialacha” aisíocaíocht a dhéanamh ar cháin bhreisluacha (CBL) neamh-inghnóthaithe (39). Leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé na rialacha a athrú d’fhonn glacadh le CBL neamh-inghnóthaithe mar chostas incháilithe i dTuairim Uimh. 1/2006 ón gCúirt (40). Tá sé ríthábhachtach treoir shoiléir a sholáthar maidir le cad is CBL inghnóthaithe ann. I dtuairim na Cúirte, le go mbeidh CBL incháilithe, ní mór di gan a bheith in-aisíoctha leis an tairbhí faoin reachtaíocht náisiúnta is infheidhme. |
Straitéis rialaithe an Choimisiúin
Straitéis athbhreithnithe agus bearta rialaithe
24. |
Tugtar léiriú maith gurb é simpliú príomhaidhm “Fís 2020” sa bhainistíocht airgeadais atá beartaithe sa chlár (41). Chomh maith leis an tsamhail chistithe costas a thabhairt isteach (féach mír 15 go mír 20), tá sé beartaithe straitéis athbhreithnithe rialaithe a chur chun feidhme i “rialachán Fís 2020” (42). Athraítear an bhéim sa straitéis seo ó íoslaghdú rátaí earráide i dtreo rialaithe bunaithe ar riosca agus calaois a bhrath, agus ag an am céanna baintear amach an méid seo a leanas:
|
25. |
Tá nasc dlúth ag na bloic thábhachtacha tógála den straitéis rialaithe leis an tsamhail chistithe atá beartaithe. Mar atá tuairisc orthu i “rialachán Fís 2020”, ba cheart go laghdófaí an baol míréireachtaí mar thoradh ar na tairbhí a bhaineann le bearta áirithe simpliúcháin (e.g. deireadh a chur le foinsí athfhillteacha earráidí) agus ba cheart go mbeadh córas rialaithe agus iniúchta níos simplí agus níos éifeachtaí ann dá bharr. Mar shampla, dá dtabharfaí isteach rialacha simplithe a rialódh costais neamhdhíreacha (féach mír 17), laghdófaí an ráta earráidí ina dhiaidh sin (43). Lena chois sin, d’fhéadfadh straitéis maidir le rialuithe bunaithe ar riosca agus calaois a bhrath a threisiú, a bheadh deartha agus curtha chun feidhme i gceart, cabhrú le nach dtarlódh earráidí. |
26. |
Tugann an Chúirt faoi deara go bhfuil straitéis bunaithe ar riosca á forbairt a bhfuil sé mar sprioc léi ráta earráidí iarmharacha gar do 2 % a bhaint amach. Is pointe tosaigh an-mhaith chun an riosca earráidí a laghdú é creat rialaithe inmheánaigh barrfheabhsaithe atá tógtha thart ar straitéis bunaithe ar riosca. Tá teorainneacha ag baint leis an gcur chuige sin áfach. Caithfear dul i ngleic le rioscaí áirithe, i ngeall ar an gcineál riosca atá i gceist leo, le rialuithe éifeachtacha chun iad a chosc. |
27. |
Sa chomhthéacs seo, ba í conclúid na Cúirte (44) gur measadh nach bhfuil céatadán suntasach de na deimhnithe iniúchta (deimhniúchán ex ante ar mhodheolaíochtaí costála agus deimhniúchán iniúchta ex post ar éilimh ar chostais, dhá ghné thábhachtach i meicníocht rialaithe nua an Choimisiúin) éifeachtach ach i bpáirt (féach freisin mír 30 go mír 32). Dá bhrí sin, tá an baol ann nach mbeidh ach éifeachtúlacht theoranta ag na bearta atá molta agus nach gcabhróidh siad a ndóthain chun an laghdú spriocdhírithe ar an ráta earráidí iarmharacha a bhaint amach. Lena chois sin, ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach bhfágfaidh aon leibhéal gníomhaíochta iniúchta ex post réamhchinntithe nach mbeidh an Coimisiún in ann ráta earráidí iarmharacha gar do 2 % a bhaint amach (45). |
Ciste um Ráthaíocht Rannpháirtithe
28. |
Mhol an Coimisiún gur cheart an Ciste um Ráthaíocht Rannpháirtithe (“an Ciste”) a choinneáil ar feadh thréimhse iomlán “Fís 2020”. Tá an Ciste, atá i mbun oibriúcháin cheana féin faoin Seachtú Creatchlár (46), mar chuid lárnach de straitéis rialaithe an Choimisiúin. Tá sé mar aidhm leis buiséad an AE a chosaint trí bheith ag feidhmiú mar chomhthaobhacht le haghaidh deontas le tairbhithe (47). Mar thoradh ar an méid sin, ní ghearrfar aon ráthaíocht ná urrús breise ar na rannpháirtithe (48). Murab ionann agus an Seachtú Creatchlár, bheadh an CIP, gníomhaíochtaí EIT agus ionstraimí amhail na comhthionscnaimh theicneolaíochta faoi chumhdach an Chiste (49). |
29. |
Tugann an Chúirt faoi deara gur laghdaíodh an t-ualach riaracháin ar thairbhithe nuair a tugadh isteach an Ciste faoin Seachtú Creatchlár. Mar shampla, mar gheall gur chuir sé urrús ar fáil i bhfoirm comhthaobhachta, bhí an Coimisiún in ann líon na dtástálacha inmharthanachta airgeadais a laghdú i gcás formhór na rannpháirtithe agus fáil réidh le cineálacha eile comhthaobhachta (e.g. ráthaíochtaí bainc). Ar an gcaoi sin, is forbairt dhearfach atá sa chumhdach níos leithe a áirithítear má chuirtear an CIP, an EIT agus na comhthionscnaimh theicneolaíochta faoi scáth an Chiste. Ní mór measúnú a dhéanamh ar na rioscaí dlí a d’fheadfadh a bheith ann (struchtúir dhifriúla dlí (50)) má chuirtear ionstraimí amhail comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (e.g. comhthionscnaimh theicneolaíochta) san áireamh faoi chumhdach an Chiste, áfach, go háirithe más ioncam a shannfar don Chiste atá i gceist le haon shuim a ghnóthaítear (51). |
Nósanna imeachta deimhniúcháin
30. |
Foráiltear maidir le dhá nós imeachta deimhniúcháin (52) sa togra ón gCoimisiún, a dhéanfaidh iniúchóir neamhspleách. Tá an dá nós imeachta ina ngnéithe den chreat rialaithe inmheánaigh athbhreithnithe faoi “Fís 2020” (53). Is iad seo a leanas na nósanna imeachta:
|
31. |
Ar mhaithe leis an ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú, molann an Coimisiún líon na ndeimhnithe ar na ráitis airgeadais a laghdú i gcomparáid leis an Seachtú Creatchlár (54). Ó thaobh simplithe de, cuireann an Chúirt fáilte leis an aidhm atá ag an gCoimisiún deimhniú éigeantach amháin a bheith ann ag deireadh an tionscadail. Mar sin féin, is ar iontaofacht na ndeimhnithe iniúchta, go príomha, atá an próiseas deimhniúcháin ag brath chun bheith ina nós imeachta rialaithe éifeachtach. Dearbhaítear in iniúchta a rinne an Chúirt le déanaí nach raibh an rialú seo éifeachtach ach i bpáirt don dá bhliain roimhe sin (55). Athdhearbhaíonn an Chúirt a moladh gur cheart iontaofacht na ndeimhnithe iniúchta a fheabhsú trí fheasacht an iniúchóra dheimhniúcháin maidir le hincháilitheacht an chaiteachais a mhéadú. |
32. |
Is é an cuspóir atá leis an Deimhniú maidir le Modheolaíocht úsáid na modheolaíochtaí cearta a chur chun cinn i measc na dtairbhithe agus costais dhíreacha a bhaineann leis an bhfoireann á n-éileamh acu bunaithe ar scála na gcostas aonaid (56). Má dhéantar talamh slán de go bhfuil a gcur chun feidhme éifeachtach, roghnódh tairbhithe go ndéanfaí deimhniúchán ar a modheolaíocht agus, dá bharr sin, thiocfadh laghdú ar líon iomlán na n-earráidí a bhaineann le costais foirne. Mar a shonraigh an Chúirt roimhe seo (57), áfach, baineann rátaí ísle rannpháirteachais agus glactha sa Seachtú Creatchlár an bonn ó iarrachtaí an Choimisiúin nósanna imeachta a shimpliú. Tugann an Chúirt spreagadh don Choimisiún simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta chun iarratas a dhéanamh agus luas a chur faoi agus critéir shimplí a shonrú go soiléir maidir leis an deimhniú seo a fháil. Mura mbainfí an méid sin amach, d’imreofaí tionchar diúltach ar straitéis rialaithe athbhreithnithe an Choimisiúin. |
Cineálacha nua cistithe
33. |
Tugtar isteach dámhachtainí, soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí ar réitigh nuálacha mar chineálacha nua cistithe na “rialacha atá beartaithe” (58). Tá sé i gceist ag an gCoimisiún dámhachtainí a úsáid le bronnadh má bhaintear amach spriocanna réamhshainithe atá dírithe ar thaighde (59). Cuirfidh soláthar ar chumas an Choimisiúin seirbhísí taighde agus forbartha a sholáthar agus feidhmiú mar chustaiméir lainseála le haghaidh réiteach nuálaíoch (60). |
34. |
Is é réasúnaíocht bhunaidh na ndámhachtainí infheistíocht i dtaighde agus nuálaíocht a spreagadh ar fiú i bhfad níos mó í ná luach airgid na dámhachtana. Dá bhrí sin, chomh maith le bheith simplí ó thaobh riaracháin de, d’fhéadfadh an buntáiste a bheith ag roinnt le dámhachtainí go mbeadh tionchar ard giarála acu (61). Le go mbeidh an tionchar seo ann, ní mór don dámhachtain infheistíocht phríobháideach a spreagadh. Gan tionchar giarála, ní fheidhmeoidh an dámhachtain ach mar ionstraim chun iarrachtaí difriúla taighde a mhaoinítear le hairgead poiblí a chomhordú, agus ní mheallfaidh sí infheistíocht bhreise sa taighde. Ba cheart nasc a dhéanamh mar sin idir dámhachtainí agus spreagadh na nuálaíochta (teicniúla), lena n-áirithiú go ndéanfar giaráil ar fhoinsí breise cistithe. Le go mbeidh seasamh níos fearr ag an ngné seo, ba cheart don Choimisiún aird a dhíriú ar mhealltacht neamhairgeadais na ndámhachtainí a fheabhsú, e.g. trí chlú agus cáil a chruthú don dámhachtain bunaithe ar shármhaitheas, eisiachas agus aitheantas idirnáisiúnta. |
35. |
Is é réasúnaíocht an tsoláthair réamhthráchtála agus soláthar poiblí na réiteach nuálaíoch ná borradh a chur faoin éileamh ar earraí nó seirbhísí, rud a thacóidh lena nglacadh sa mhargadh (62) agus a fheabhsóidh iomaíochas Eorpach. I gcomparáid le deontais, is é atá i bpraghas soláthair an chonartha costais na gconraitheoirí móide a gcorrlach brabúis chomh maith. D’fhéadfadh sé go bhfágfadh an ghné seo go mbeadh soláthar mar ionstraim níos costasaí ná deontais fad agus a bhaineann sé le taighde a chistiú. Níor cheart soláthar a úsáid mar sin ach amháin má tá údar leis mar go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh leasanna breise ann (e.g. margadh nua a chruthú nó nuálaíocht a spreagadh) nach dtarlódh dá n-úsáidfí deontais. Ba cheart na cúiseanna go bhfuil soláthar á úsáid a léiriú go soiléir sula ndéantar aon teagmháil le conraitheoirí féideartha. Ar an ábhar sin, níor cheart soláthar a úsáid nuair nach bhfuil mar chuspóir leis ach simpliú a dhéanamh ar riaradh an chreatchláir. |
Nuálaíocht
36. |
Déantar taighde agus nuálaíocht a chomhtháthú sa togra reachtach maidir le “Fís 2020” trí chistiú comhleanúnach gan uaim a sholáthar ón smaoineamh go dtí an margadh (63). Déantar tagairt don téarma “nuálaíocht” ar fud na “rialacha atá beartaithe” agus an “phacáiste rialála” (64). |
37. |
Thug an Chúirt faoi deara in Tuarascáil Speisialta Uimh. 4/2011 (65) go ndéantar léirmhíniú leathan ar choincheap na nuálaíochta. Ní thugtar le fios go soiléir céard a ghlacfar leis mar “ghníomhaíochtaí nuálaíochta” sa “phacáiste rialála”. In ionad é sin a dhéanamh, baintear úsáid as raon leathan téarmaí tuairisciúla chun brí an fhocail a léiriú, amhail sóisialta, ceannasach sa domhan, teicneolaíochta, bunaithe ar thaighde, tionsclaíoch, sochaíoch, glas, teicniúil, folláine agus nuálaíocht fheidhmeach (66). D’fhéadfaí go mbeadh míthuiscintí ann agus go mbeadh cur chun feidhme na dtionscadal níos casta mar gheall go bhfuil débhrí ag baint leis an sainmhíniú ar nuálaíocht. Ba cheart sainmhíniú beacht a thabhairt sa togra. |
38. |
Ba cheart go gcuirfí teorainn shoiléir le raon na ngníomhaíochtaí nuálaíochta is féidir a mhaoiniú in “Fís 2020” trína aithint go bhfuil baol ann go ndéanfar cistiú a róscaipeadh i raon leathan tionscadal nuálaíochta nach bhfuil ach tionchar féideartha teoranta acu ar iomaíochas thionscal na hEorpa. Ba cheart tagairt a dhéanamh sa “phacáiste rialála” do chreat aitheanta nuálaíochta amhail Lámhleabhar Osló (67) agus raon feidhme na ngníomhaíochtaí nuálaíochta a theorannú go cinn atá nua ar domhan. |
Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuairim seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aici an 19 Iúil 2012.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Vítor Manuel da SILVA CALDEIRA
Uachtarán
(1) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.
(2) IO L 311, 26.11.2010, lch. 9.
(3) IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.
(4) IO L 111, 28.4.2007, lch. 13.
(5) IO L 391, 30.12.2006, lch. 1.
(6) IO C 203, 25.8.2006, lch. 1.
(7) http://eca.europa.eu
(8) IO C 334, 10.12.2010, lch. 1.
(9) IO C 47, 17.2.2012, lch. 1.
(10) An Measúnú Eatramhach ar an Seachtú Creatchlár, Tuarascáil Deiridh, an 12 Samhain 2010, lch. 56, cuir i gcás; Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuairim Uimh. 1/2006, mír 12 et seq. agus an Tuarascáil Bhliantúil a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2009, mír 6.7.
(11) Comhairle an Aontais Eorpaigh (10268/10) — Conclúidí na Comhairle arna nglacadh ag an gComhairle Iomaíochais ag an gcruinniú a bhí aige an 26 Bealtaine 2010, lch. 2; agus an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2010 (P7_TA (2010)0401), Uimh. 7 et seq.
(12) Tá an tsraith tograí le haghaidh “Fís 2020” (dá ngairtear “Fís 2020” nó “an pacáiste rialála” anseo feasta) comhdhéanta den rialachán lena mbunaítear “Fís 2020” (COM(2011) 809 leagan deireanach) (dá ngairtear “rialachán Fís 2020” anseo feasta), an togra le haghaidh rialacháin lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirteachas in “Fís 2020” — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus na rialacha maidir leis na torthaí a scaipeadh (dá ngairtear “na rialacha atá beartaithe” nó “na rialacha” anseo feasta), (COM(2011) 810 leagan deireanach) agus an togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear “Fís 2020” chun feidhme (COM(2011) 811 leagan deireanach).
(13) Is réamhriachtanas é na rialacha rannpháirteachais a shimpliú chun an straitéis rialaithe atá beartaithe a chur chun feidhme; COM(2011) 811 leagan deireanach, lch. 105 (bearta bainistíochta).
(14) COM(2011) 810 leagan deireanach, Airteagal 22 agus Airteagal 24.
(15) COM(2011) 810 leagan deireanach, Airteagal 23 agus Airteagal 25.
(16) Ag an am céanna, fágann sé go mbeidh sé níos éasca an cuspóir ginearálta de laghdú 5 % ar líon na mball foirne i ngach institiúid agus gníomhaireacht Eorpach a bhaint amach; COM(2011) 890 leagan deireanach, lch. 4.
(17) COM(2011) 809 leagan deireanach, lch. 97 et seq.
(18) Mar a shonraítear i staidéar ó Pharlaimint na hEorpa maidir le “Rialacha Airgeadais sna Creatchláir Taighde — Rialacha a chuíchóiriú maidir le rannpháirteachas i gcláir thaighde an AE”: “Ba cheann de na príomhchonclúidí ón staidéar seo ná go bhfuil níos mó fadhbanna ann maidir leis an gcaoi a gcuirtear na rialacha chun feidhme ná mar atá leis na rialacha féin. Bíonn easpa iontaoibhe frithpháirtí idir na tairbhithe agus an Coimisiún ann dá dheasca chomh maith le hualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar an dá thaobh.”; Ard-Stiúrthóireacht na mBeartas Inmheánach, Roinn Beartais D: Gnóthaí Buiséadacha, (PE 411.275), 26.5.2010; lch. 62.
(19) Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuarascáil Speisialta Uimh. 1/2004, mír 12; Tuarascáil Speisialta Uimh. 9/2007, mír 71; Tuarascáil Speisialta Uimh. 8/2009, mír 47 go mír 49; agus Tuairim Uimh. 1/2006, mír 11.
(20) COM(2010) 815 leagan deireanach.
(21) COM(2011) 809 leagan deireanach, aithris 15 agus Airteagal 4.
(22) Tuairim Uimh. 7/2011, mír 14.
(23) Tá an Limistéar Taighde Eorpach comhdhéanta de gach gníomhaíocht, clár agus beartas taighde agus forbartha san Eoraip a bhfuil gné thrasnáisiúnta ag baint leis. Le chéile, cuireann siad ar chumas taighdeoirí, institiúidí taighde agus gnólachtaí gluaiseacht, iomaíocht agus comhoibriú a mhéadú thar theorainneacha.
(24) Tuairim Uimh. 1/2006, mír 16.
(25) Aithnítear Gníomhaíochtaí Comhordaithe agus Tacaíochta (e.g. LET-NETanna nó tionscnaimh Airteagal 185) ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach sa Seachtú Creatchlár. D’fhéadfaí go mbeidh ceanglais bhreise i gceist lena gcur chun feidhme le struchtúir thiomnaithe chur chun feidhme áfach, agus ní mór dóibh na critéir incháilitheachta náisiúnta atá leagtha amach sa chomhchlár taighde a chomhlíonadh.
(26) Déantar comhthionscnaimh theicneolaíochta, cuid lárnach de thaighde an AE, a eisiamh go sainráite ó rialacha an tSeachtú Creatchlár maidir le rannpháirteachas. Mar thoradh air sin, tá sraith rialacha agus nósanna imeachta dá chuid féin ag gach comhthionscnamh teicneolaíochta le haghaidh glaonna ar thairiscintí agus forálacha airgeadais.
(27) An 4ú Tuarascáil Faireacháin de chuid an tSeachtú Creatchlár 2010 ón gCoimisiún Eorpach, lch. 50; Measúnú Eatramhach an Choimisiúin Eorpaigh ar an Seachtú Creatchlár, lch. 56.
(28) COM(2011) 810 leagan deireanach, aithris 6.
(29) COM(2011) 809 leagan deireanach, lch. 95.
(30) Ar an ábhar sin, déanfar barrfheabhsú ar úsáid na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin trí athdháileadh féideartha a dhéanamh ar na tascanna le go mbainfear speisialtóireacht amach. Déanfar athnuachan ar shainorduithe breise le haghaidh comhghnóthas atá ann faoi láthair agus bunófar cinn nua, COM(2011) 809 leagan deireanach, lch. 95 agus lch. 96.
(31) Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2009, mír 61 go mír 66; Tuairim Uimh. 1/2010, mír 17 agus an Tuarascáil Bhliantúil a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2009, mír 5.56.
(32) In 2011, bunaíodh an Cinneadh ón gCoimisiún maidir le trí bheart um chur chun feidhme Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE a shimpliú an Coiste Imréitigh Taighde (CIT) le sainordú chun an seasamh críochnaitheach a ghlacadh ar chúrsaí cothrománacha a bhaineann leis an gcur chun feidhme (e.g. comhleanúnachas ó thaobh straitéise ex post de chuid Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin, cur i bhfeidhm na bhforálacha airgeadais, an nós imeachta deimhniúcháin etc.); (C(2011) 174).
(33) Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuarascáil Bhliantúil a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2010, mír 6.7.
(34) Tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme na gCreatchlár Taighde a shimpliú (2010/2079(INI)), mír 17; Conclúidí maidir le cláir shimplithe agus níos éifeachtúla a dtacaíonn le Taighde agus Nuálaíocht Eorpach, an 3016ú cruinniú den Chomhairle Iomaíochais an 26 Bealtaine 2010, lch. 4; COM(2010) 187 leagan deireanach, lch. 8.
(35) Tugadh cásanna faoi deara i rith iniúchtaí airgeadais Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Déanann tairbhithe faoin Seachtú Creatchlár a gcuid costais a rangú faoi 16 chatagóir costais. Baineann leibhéil chistithe dhifriúla le gach catagóir. Dá thoradh sin, d’fhéadfaí go mbeidh an méid cistithe difriúil má dhéantar míreanna costais a rangú go mícheart, mar gheall go ndéantar an mhír chéanna a chistiú ag ráta 50 % faoi chatagóir amháin (e.g. gníomhaíochtaí taispeána) áit go bhfuil ráta 100 % i gceist faoi chatagóirí eile (e.g. gníomhaíochtaí bainistíochta).
(36) Taispeánadh i staidéar a rinne grúpa saineolach maidir le “Tionchar an chistithe taighde sheachtraigh bunaithe ar thionscadail ar bhainistíocht airgeadais in Ollscoileanna — Tuarascáil an Ghrúpa Shaineolaigh, cathaoirleach Sabine Herlitschka, Samhain 2008”, mar shampla, go n-úsáidtear cur chuige cistithe lena gcumhdaítear na costais dhíreacha iomlána móide ráta comhréidh (20 % de ghnáth) de na costais neamhdhíreacha (forchostais) go minic san Eoraip (e.g. Deutsche Forschungsgemeinschaft na Gearmáine agus Fonds National Suisse na hEilvéise).
(37) COM(2011) 810 leagan deireanach, Airteagal 25 (Uaireanta táirgiúla bliantúla).
(38) Tuairim Uimh. 1/2006, mír 67.
(39) Tá cáin bhreisluacha neamh-incháilithe faoin Seachtú Creatchlár; Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 31(3)(e). Fágtar an fhoráil seo amach ó “rialachán Fís 2020” mar atá sé beartaithe. Tagraíonn an togra don Rialachán Airgeadais, ina bhfuil CBL neamh-inghnóthaithe san áireamh mar mhír incháilithe.
(40) Tuairim Uimh. 1/2006, mír 64.
(41) COM(2011) 809 leagan deireanach, aithris 32.
(42) COM(2011) 809 leagan deireanach, lch. 97.
(43) De réir na tuairisce sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann le “rialachán Fís 2020”, baineann thart ar 28 % de na hearráidí i gcás iniúchtaí faoin Seachtú Creatchlár, de réir méide, le costais neamhdhíreacha. Táthar ag súil leis go dtiocfaidh laghdú ar an ráta sin faoi “Fís 2020” mar sin; COM(2011) 809 leagan deireanach, lch. 100.
(44) Tuarascáil Bhliantúil a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2010, mír 6.19 go mír 6.28.
(45) Go dtí lár Mheitheamh 2012, rinneadh iniúchadh ar thart ar 7,25 % de thairbhithe an tSeachtú Creatchlár nó bhí iniúchadh sceidealaithe dóibh. Faoin Séú Creatchlár, rinneadh iniúchadh ar 8,45 % de na tairbhithe. I gcás an dá chreatchlár, níl laghdú tagtha ar an ráta earráidí chuig an leibhéal 2 % a bhíothas ag súil leis. Faisnéis curtha ar fáil ag an gCoimsiún Eorpach — Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus Taighde (RTD).
(46) COM(2011) 810, Airteagal 32 go hAirteagal 33.
(47) Ranníocann na tairbhithe 5 % de ranníocaíocht iomlán an AE dá dtionscadal chuig an gCiste, agus an ciste iomlán sin mar chomhthaobhacht ar féidir leis an AE leas a bhaint as i gcás caillteanais airgeadais a bhaineann leis na tionscadail.
(48) COM(2011) 810, Airteagal 32, mír 4.
(49) SEC(2011) 1427 leagan deireanach, Imleabhar 2 — cuid 2/2, Iarscríbhinn 3.
(50) Mar shampla, roghnaíodh struchtúr sonrach dlí na gcomhthionscnamh teicneolaíochta, ag baint úsáide as an gcreat “Comhlacht Comhphobail”, le go mbeadh ar chumas an Choimisiúin cur leis na hacmhainní a bhíothas ag súil leis ar bhealach díreach inrialaithe. Mar atá cúrsaí i láthair na huaire, áfach, níor glacadh aon chinneadh deireadh maidir le conas leanúint ar aghaidh le haitheantas na gcomhthionscnamh teicneolaíochta. Maidir le comhthionscnaimh theicneolaíochta nua a bhunú, tá cineálacha eile struchtúir dlí (e.g. comhlachtaí speisialta) á bplé faoi láthair mar chuid den leasú atáthar a dhéanamh faoi láthair ar Rialachán Airgeadais an AE. Dá bhrí sin ba cheart cearta a thugtar do chomhpháirtithe príobháideacha, leithdháileadh na mbrabús nó rioscaí maidir le dócmhainneacht a thógáil san áireamh agus an CIP, an EIT agus na comhthionscnaimh theicneolaíochta á dtógáil san áireamh faoi scáth an Chiste.
(51) COM(2011) 810, Airteagal 33, mír 4.
(52) COM(2011) 810, Airteagal 28 go hAirteagal 30.
(53) COM(2011) 809, lch. 99.
(54) Faoi “Fís 2020”, níl ach deimhniú amháin den sórt sin (a thagann i bhfeidhm nuair a shroichtear an tairseach 325 000 euro) de dhíth in aghaidh an tairbhithe ag deireadh an tionscadail i gcomparáid leis na deimhnithe eatramhacha a bhí de dhíth faoin Seachtú Creatchlár.
(55) Tuarascáil Bhliantúil a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2010, mír 6.19 go mír 6.21.
(56) Deimhnithe arna n-eisiúint ag iniúchóirí seachtracha — Nótaí treoracha le haghaidh tairbhithe agus iniúchóirí, leagan an 1 Iúil 2010, lch. 13.
(57) Tuarascáil Bhliantúil a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2010, mír 6.25.
(58) COM(2011) 810 leagan deireanach, Airteagal 34 go hAirteagal 35 agus Airteagal 48 go hAirteagal 49. Seoladh treoirthionscadail soláthair réamhthráchtála cheana féin i rith an tSeachtú Creatchlár (e.g. faoi FP7-ICT-2011-12). Bhí dámhachtainí san áireamh sna rialacha faoin Seachtú Creatchlár agus níor baineadh úsáid astu mar chineál cistithe ar leithligh.
(59) COM(2011) 810 leagan deireanach, lch. 3.
(60) COM(2011) 810 leagan deireanach, Airteagal 2, mír 1(13) agus mír 1(14).
(61) COM(2010) 187, lch. 6 (mír dheiridh).
(62) SEC(2011) 1427, lch. 19.
(63) COM(2011) 808, lch. 4.
(64) Mar shampla “soláthar poiblí na réiteach nuálaíocha” (COM(2011) 810, pointe 14 d’Airteagal 2(1), Airteagal 19(8), Airteagal 35 agus Airteagal 49). Déantar teorannú in Airteagal 22(5) ar an ráta cistithe le haghaidh liosta de ghníomhaíochtaí nuálaíochta (gar don mhargadh).
(65) http://eca.europa.eu
(66) COM(2011) 809 leagan deireanach, “Nuálaíocht shóisialta” (aithris 11 agus Iarscríbhinn I (lch. 30)) “ceannasach sa domhan” (Iarscríbhinn I, Cuid I, lch. 32); “teicneolaíochta, bunaithe ar thaighde” (Iarscríbhinn I, Cuid I, lch. 36); “tionsclaíoch” (Iarscríbhinn I, Cuid II, lch. 47); “sochaíoch” (Iarscríbhinn I, Cuid II, lch. 48); “glas” (ditto); “teicniúil” (Iarscríbhinn I, Cuid II, lch. 51); “folláine” (Iarscríbhinn I, Cuid III, lch. 60); agus “feidhmeach” (Iarscríbhinn I, Cuid III, lch. 68).
(67) “Gníomhaíochtaí Eolaíochta agus Teicneolaíochta a Thomhas” — Lámhleabhar Osló — Treoirlínte maidir le sonraí nuálaíochta a bhailiú agus a léirmhíniú, an tríú eagrán, Comhfhoilseachán de chuid ECFE agus Eurostat.
IARSCRÍBHINN
Na cuspóirí agus na tosaíochtaí is cúis leis na bearta simpliúcháin sa “phacáiste rialála”
Cuspóirí agus Tosaíochtaí |
Bearta simpliúcháin arna ndíorthú ó na cuspóirí agus ó na tosaíochtaí |
||||||||||||||||||
Sraith amháin rialacha rannpháirteachais |
|
||||||||||||||||||
Cur chun feidhme a éascú |
|
||||||||||||||||||
Rialacha cistiúcháin níos simplí agus níos áisiúla don úsáideoir |
|
||||||||||||||||||
Straitéis nua rialála |
|
||||||||||||||||||
(1) COM(2011) 808 leagan deireanach.
(2) COM(2011) 809 leagan deireanach.
(3) COM(2011) 810 leagan deireanach.
(4) COM(2011) 811 leagan deireanach.