This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Leis an rialachán seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), leagtar síos treoirlínte maidir le conairí agus réimsí tosaíochta i mbonneagar tras-Eorpach fuinnimh a fhorbairt ar bhonn tráthúil.
I mí Aibreáin 2013, rinneadh treoirlínte an AE a fhormheas, maidir le bonneagar fuinnimh Eorpach a fhorbairt.
Tá fás inbhuanaithe ar cheann de thosaíochtaí na Straitéise Eoraip 2020. Bainfear é seo amach trí gheilleagar níos inbhuanaithe agus níos iomaíocha, atá níos tíosaí ar fhuinneamh, a chur chun cinn. Faoin straitéis seo, rinneadh tosaíocht de bhonneagar fuinnimhtrí bhéim a chur ar an ghá atá ann le gréasáin na hEorpa a uasghrádú láithreach, agus iad a nascadh ar leibhéal na mór-roinne, go háirithe chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú.
Sa bhliain 2011, tháinig Ballstáit an AE ar chomhaontú maidir leis na nithe seo a leanas:
Faoi na treoirlínte, bunaíodh 12 ghrúpa réigiúnacha le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh (Gréasán Tras-Eorpach Fuinnimh (GTE-F)), agus roghnaigh na grúpaí seo tionscadail.
I mí Dheireadh Fómhair 2013, glacadh sa Choimisiún le liosta de 248 bpríomhthionscadail bhonneagair (“tionscadail leasa choitinn”), tionscadail lena mbainfidh nósanna imeachta níos tapa agus níos éifeachtúla maidir le deonú ceadanna mar aon le caitheamh feabhsaithe rialála
Féadfar tacaíocht airgeadais a chur ar fáil freisin do na tionscadail faoin Saoráid um Chónascadh na hEorpa(CEF), saoráid faoinar leithdháileadh beagnach €6bn do bhonneagar tras-Eorpach fuinnimh suas go dtí 2020.
Chun bheith sa liosta, ní mór:
Cruthófar liosta nua AE gach 2 bhliain.
Sonraítear sna treoirlínte gur cheart tionscadail leasa choitinn a chur i bhfeidhm chomh tapa agus is féidir agus gur cheart dlúthfhaireachán agus dlúthmheasúnú a dhéanamh orthu, agus ualach riaracháin thionscnóirí an tionscadail á íoslaghdú.
Sonraítear ann chomh maith gur cheart don Choimisiún comhordaitheoirí Eorpachaa ainmniú do na tionscadail a bhfuil deacrachtaí áirithe os a gcomhair.
Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 |
- |
- |
IO L 115, 25.4.2013, lch. 39 |
Nuashonraithe 04.04.2014