This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016E212
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART FIVE - THE UNION'S EXTERNAL ACTION#TITLE III - COOPERATION WITH THIRD COUNTRIES AND HUMANITARIAN AID#CHAPTER 2 - ECONOMIC, FINANCIAL AND TECHNICAL COOPERATION WITH THIRD COUNTRIES#Article 212 (ex Article 181a TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A CÚIG - GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS
TEIDEAL III - COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL
CAIBIDIL 2 - COMHAR EACNAMAÍOCH, AIRGEADAIS AGUS TEICNIÚIL LE TRÍÚ TÍORTHA
Airteagal 212 (sean-Airteagal 181a CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A CÚIG - GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS
TEIDEAL III - COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL
CAIBIDIL 2 - COMHAR EACNAMAÍOCH, AIRGEADAIS AGUS TEICNIÚIL LE TRÍÚ TÍORTHA
Airteagal 212 (sean-Airteagal 181a CCE)
IO C 202, 7.6.2016, p. 142–142
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/142 |
Airteagal 212
(sean-Airteagal 181a CCE)
1. Gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, agus go háirithe d'Airteagail 208 go 211, cuirfidh an tAontas i gcrích bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil, lena n-áirítear cúnamh, agus cúnamh airgeadais go háirithe, le tríú tíortha seachas na tíortha i mbéal forbartha. Beidh na gníomhaíochtaí sin comhchuí le beartas forbartha an Aontais agus cuirfear i gcrích iad faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí a ghníomhaíochta seachtraí. Déanfaidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.
2. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun mír 1 a chur chun feidhme.
3. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh na rialacha mionsonraithe um chomhar Aontais a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht.
Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.