This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02012R0648-20220812
Regulation (EU) No 648/2012 of the European Parliament and of the Council of 4 July 2012 on OTC derivatives, central counterparties and trade repositories (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
D’fhéadfadh sé nach bhfuil na leasuithe seo a leanas sa téacs comhdhlúite seo:
Gníomh leasaitheach | Cineál an leasaithe | An fhoroinn lena mbaineann | Teacht i bhfeidhm |
---|---|---|---|
32022R1671 | Arna leasú le | airteagal 89 mír 1 mír neamhuimhrithe 1 | 01/10/2022 |
32022R2554 | Arna leasú le | airteagal 80 mír 1 | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | airteagal 56 mír 3 mír neamhuimhrithe 1 | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | airteagal 79 mír 2 | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | airteagal 79 mír 1 | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | airteagal 26 mír 6 | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | airteagal 34 mír 3 mír neamhuimhrithe 1 | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | iarscríbhinn I roinn II pointe (b) | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | airteagal 26 mír 3 | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | iarscríbhinn III roinn III pointe (a) | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | iarscríbhinn I roinn II pointe (c) | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | iarscríbhinn III roinn II pointe (f) | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | iarscríbhinn I roinn II pointe (a) | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | airteagal 34 mír 1 | 17/01/2025 |
32022R2554 | Arna leasú le | iarscríbhinn III roinn II pointe (c) | 17/01/2025 |
02012R0648 — GA — 12.08.2022 — 020.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 648/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 201 27.7.2012, lch. 1) |
Arna leasú le:
Arna cheartú le:
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 648/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Iúil 2012
maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:
comhaltaí CEBC agus comhlachtaí Ballstát eile a bhfuil feidhmeanna cosúla á bhfeidhmiú acu agus comhlachtaí poiblí Aontais eile a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann;
an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta;
the central banks and public bodies charged with or intervening in the management of the public debt in the following countries:
Japan;
United States of America;
Australia;
Canada;
Hong Kong;
Mexico;
Singapore;
Switzerland;
the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland.
Cé is moite den oibleagáid tuairiscithe faoi Airteagal 9, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heintitis seo a leanas:
bainc forbartha iltaobhacha, mar atá liostaithe faoi Roinn 4.2 de Chuid 1 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2006/48/CE;
eintitis earnála poiblí de réir bhrí phointe (18) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2006/48/CE nuair atá siad ar úinéireacht ag rialtais láir agus a bhfuil socruithe rathaíochta follasacha arna soláthar ag rialtais láir;
an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;
Chuige sin, faoin 17 Samhain 2012 déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an gcóir idirnáisiúnta a chuirtear ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann agus ar an gcóir a chuirtear ar na bainc cheannais.
Beidh ar áireamh sa tuarascáil sin anailís chomparáideach ar an gcóir a chuirtear ar na comhlachtaí sin agus ar na bainc cheannais i gcreat dlíthiúil líon suntasach tríú tíortha, lena n-áirítear ar a laghad na trí dhlínse is tábhachtaí ó thaobh méid na gconarthaí arna dtrádáil, agus na caighdeáin bainistithe riosca is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthach a chuireann na comhlachtaí sin agus na bainc cheannais i gcrích sna dlínsí sin. Má thagtar ar an tátal sa tuarascáil, go háirithe i ndáil leis an anailís chomparáideach, go bhfuil sé riachtanach freagrachtaí airgid na mbanc ceannais tríú tír sin a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh agus tuairiscithe, déanfaidh an Coimisiún iad a chur leis an liosta a leagtar amach i mír 4.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “CCP” duine dlítheanach a idirchuireann é féin idir na contrapháirtithe sna conarthaí a thrádáiltear ar mhargadh airgeadais amháin nó níos mó, agus ar an dóigh sin gurb é an ceannaitheoir é do gach díoltóir agus gurb é an díoltóir é do gach ceannaitheoir;
ciallaíonn “stór trádála” duine dlítheanach a dhéanann taifid ó dhíorthaigh a bhailiú agus a chothabháil go lárnach;
ciallaíonn “imréiteach” an próiseas chun suíomhanna a bhunú, lena n-áirítear glanoibleagáidí a ríomh, agus a áirithiú go bhfuil ionstraimí airgeadais, airgead tirim, nó an dá rud, ar fáil leis na neamhchosaintí a urrú a eascraíonn as na suíomhanna sin;
ciallaíonn “ionad trádála” córas arna fheidhmiú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh de réir bhrí Airteagal 4(1)(1) agus Airteagal 4(1)(13) de Threoir 2004/39/CE seachas inmheánaitheoir córasach de réir bhrí Airteagal 4(1)(7), lena dtugtar leasanna ceannaithe nó leasanna díola in ionstraimí airgeadais le chéile sa chóras, ar dhóigh as a n-eascraíonn conradh i gcomhréir le Teideal II nó le Teideal III den Treoir sin;
ciallaíonn “díorthach” nó “conradh díorthach” ionstraim airgeadais mar a leagtar amach i bpointe (4) go pointe (10) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE mar a chuirtear chun feidhme iad in Airteagal 38 agus Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006;
ciallaíonn “aicme díorthach” fothacar de dhíorthaigh a bhfuil comharthaí sóirt coitianta agus bunriachtanacha á roinnt acu agus a chuimsíonn ar a laghad an gaol leis an mbunsócmhainn, an cineál bunsócmhainne agus airgeadra an mhéid bharúlaigh. Féadfaidh díorthaigh a bhaineann leis an aicme chéanna aibíochtaí éagsúla a bheith acu;
ciallaíonn “díorthach TAC” nó “conradh díorthach TAC” conradh díorthach nach ndéantar a fhorghníomhú ar mhargadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1)(14), de Threoir 2004/39/CE ná ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 2a den Rialachán seo;
ciallaíonn “contrapháirtí airgeadais”
gnólacht infheistíochta a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
institiúid creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
gnóthas árachais nó gnóthas athárachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/39/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
GCUI agus, i gcás inarb ábhartha, a chuideachta bainistíochta, atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, ach amháin má cuireadh an GCUI sin ar bun go heisiach chun fónamh do phlean nó do phleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe;
institiúid um chóir ar scor ceirde (IORP) mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
ciste infheistíochta malartach (CIM) mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE, a bhunaítear san Aontas nó a bhainistíonn bainisteoir ciste infheistíochta malartach (AIFM) a údaraítear nó a chláraítear i gcomhréir leis an Treoir sin, ach amháin má cuireadh an ciste infheistíochta malartach sin ar bun go heisiach chun fónamh do phlean nó do phleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe, nó más eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin, dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 2(3) de Threoir 2011/61/AE, é an ciste infheistíochta malartach sin, agus, i gcás inarb iomchuí, a mbunaítear a AIFM san Aontas;
taisclann lárnach urrús a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimhir 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );
ciallaíonn “contrapháirtí neamhairgeadais” gnóthas atá bunaithe san Aontas seachas na heintitis dá dtagraítear i bpointe (1) agus i bpointe (8);
ciallaíonn “socrú scéimeanna pinsin”:
institiúidí um chóir ar scor ceirde de réir bhrí Airteagal 6(a) de Threoir 2003/41/CE, lena n-áirítear aon eintiteas údaraithe atá freagrach as institiúid den sórt sin a bhainistiú agus a ghníomhaíonn thar a ceann amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Treoir sin mar aon le haon eintiteas dlítheanach a bhunaítear chun críche infheistíocht na n-institiúidí sin, a ghníomhaíonn go heisiach ar mhaithe leis na hinstitiúidí sin amháin;
gnóthaí um chóir ar scor ceirde na n-institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2003/41/CE;
gnóthaí um chóir ar scor ceirde de chuid gnóthas árachais saoil a chumhdaítear le Treoir 2002/83/CE, ar choinníoll go ndéanfar na sócmhainní agus dliteanais uile a fhreagraíonn don ghnó a imfhalú, a bhainistiú agus a eagrú ar leithligh ó ghníomhaíochtaí eile an ghnóthais árachais, agus gan aon deis ar aistriú a bheith ann;
aon eintitis eile atá údaraithe, nó socruithe, atá ach amháin faoi mhaoirseacht a fheidhmíonn ar bhonn náisiúnta, ar choinníoll gur fíor an méid a leanas:
tugtar aitheantas dóibh faoin dlí náisiúnta; agus
is é is príomhchuspóir dóibh sochair scoir a sholáthar.
ciallaíonn “riosca creidmheasa contrapháirtí” an riosca a mhainníonn contrapháirtí in idirbheart roimh shocraíocht chríochnaitheach shreafaí airgid an idirbhirt;
ciallaíonn “socrú idir-inoibritheachta” socrú idir dhá chontrapháirtí lárnacha nó níos mó lena mbaineann idirbhearta a fhorghníomhú thar chórais éagsúla;
ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás inniúil mar a dtagraítear é sa reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe (8) den Airteagal seo, an t-údaras inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(5), nó an t-údarás a ainmneoidh gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 22;
ciallaíonn “comhalta imréitigh” gnóthas a bhíonn rannpháirteach i gcontrapháirtí lárnach agus atá freagrach as na hoibleagáidí airgeadais ag éirí as an rannpháirtíocht sin a chomhlíonadh;
ciallaíonn “cliant” gnóthas a bhfuil gaol conarthach aige le comhalta imréitigh de chontrapháirtí lárnach a chuireann ar chumas an ghnóthais sin a idirbhearta leis an gcontrapháirtí lárnach sin a imréiteach;
ciallaíonn “grúpa” an grúpa gnóthas comhdhéanta de mháthairghnóthas agus a fhoghnóthais de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE nó an grúpa gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus Airteagal 80(7) agus (8) de Threoir 2006/48/CE;
ciallaíonn “institiúid airgeadais” gnóthas seachas institiúid chreidmheasa, arb é a phríomhghníomaíocht sealúchais a fháil nó gabháil do cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí atá liostaithe i bpointe (2) go pointe (12) d'Iarscríbhinn I de Threoir 2006/48/CE;
ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta airgeadais” institiúid airgeadais ar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, go heisiach nó go príomha, a foghnóthais, ar institiúid chreidmheasa ceann amháin ar a laghad de na foghnóthais sin, agus nach cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha é de réir bhrí Airteagal 2(15) de Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais ( 6 );
ciallaíonn “gnóthas seirbhísí coimhdeacha” aon ghnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht a bheith i seilbh maoine nó maoin a bhainistiú, seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú, nó ghníomhaíocht chomhchosúil atá coimhdeach le príomhghníomhaíocht institiúide creidmheasa amháin nó níos mó;
ciallaíonn “sealúchas cáilitheach” sealúchas díreach nó indíreach ar bith i gcontrapháirtí lárnach nó i stór trádála ina bhfuil ar a laghad 10 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist, mar a leagtar amach in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisiúnaithe a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe ( 7 ), agus na coinníollacha maidir le comhiomlánú de atá leagtha amach in Airteagal 12(4) agus (5) den Treoir sin á gcur san áireamh, nó a chiallaíonn gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an chontrapháirtí lárnaigh nó an stóir thrádála ina bhfuil an sealúchas sin ar marthain;
ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas mar a thuairiscítear in Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE;
ciallaíonn “fochuideachta” gnóthas fochuideachta mar a thuairiscítear in Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE, lena n-áirítear fochuideachta ar bith de ghnóthas fochuideachta máthairghnóthais deiridh;
ciallaíonn “rialú” an caidreamh idir máthairghnóthas agus foghnóthas, mar a thuairiscítear in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE;
ciallaíonn “dlúthnaisc” staid ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nasctha mar seo a leanas:
rannpháirtíocht, trí úinéireacht dhíreach, nó trí rialú ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal gnóthais, nó;
rialú nó gaolmhaireacht chomhchosúil idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas nó fochuideachta de fhochuideachta a mheastar a bheith freisin ina fhochuideachta den mháthairghnóthas atá i gceannas ar na gnóthais sin.
Maidir le cás ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nasctha go buan leis an duine céanna trí ghaolmhaireacht rialaithe, measfar freisin go bhfuil dlúthnasc idir daoine den sórt sin.
ciallaíonn “caipiteal” caipiteal suibscríofa de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile ( 8 ) sa mhéid is go bhfuil sé íoctha, móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, comhghabhann sé na caillteanais i gcásanna gnóthais leantaigh, agus, i gcás féimheachta nó leachtaithe, rangaítear é i ndiaidh gach éilimh eile;
ciallaíonn “cúlchistí” cúlchistí mar a leagtar amach in Airteagal 9 den Cheathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 bunaithe ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí ( 9 ) agus brabúis agus caillteanais a thugtar ar aghaidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm an bhrabúis nó an chaillteanais deiridh;
ciallaíonn “bord” bord riaracháin nó bord maoirseachta, nó an dá cheann, i gcomhréir le dlí náisiúnta na gcuideachtaí;
ciallaíonn “comhalta neamhspleách den bhord” comhalta den bhord nach bhfuil gaol gnó, fola nó gaol eile aige/aici a bheadh ina chúis coinbhleachta leasanna leis an gcontrapháirtí lárnach lena mbaineann nó lena scairshealbhóirí rialaithe, lena lucht bainistíochta nó lena chomhaltaí imréitigh, agus nach raibh gaol den sórt sin aige sna cúig bliana roimh a chomhaltas den bhord;
ciallaíonn “lucht bainistíochta sinsearaí” an duine nó na daoine a bhainistíonn gnó an chontrapháirtí lárnaigh nó an stóir trádála go hiarbhír agus comhalta nó comhaltaí feidhmiúcháin an bhoird;
ciallaíonn ‘banna faoi chumhdach’ banna a chomhlíonann ceanglais Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
ciallaíonn ’eintiteas banna faoi chumhdach’ eisitheoir an bhanna faoi chumhdach nó comhthiomsú cumhdaigh banna faoi chumhdach.
Airteagal 2a
Cinntí coibhéise chun díorthaigh TAC a shainmhíniú
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2) den Rialachán seo.
Airteagal 3
Idirbhearta laistigh de ghrúpa
I ndáil le contrapháirtí airgeadais, is ionann idirbheart laistigh de ghrúpa agus aon cheann díobh seo a leanas:
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile atá mar chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas;
go bhfuil an contrapháirtí airgeadais sin bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, go bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 13(2) i dtaca leis an tríú tír;
is contrapháirtí airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha é an contrapháirtí eile atá faoi réir na gceanglas stuamachta iomchuí;
áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán; agus
tá an dá contrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú;
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile, i gcás inar cuid den scéim chosanta institiúideach chéanna an dá chontrapháirtí, dá dtagraítear in Airteagal 80(8) de Threoir 2006/48/CE, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a)(ii) den mhír seo;
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar idir institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna nó idir institiúid chreidmheasa den sórt sin agus an comhlacht lárnach, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2006/48/CE; nó
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí neamhairgeadais atá mar chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go n-áirítear na contrapháirtithe araon sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus go bhfuil siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú agus go bhfuil an contrapháirtí sin bunaithe san Aontas nó i ndlínse tríú tír a bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún ina leith amhail dá dtagraítear in Airteagal 13(2) i dtaca leis an tríú tír sin.
Chun críocha an Airteagail seo, measfar go mbeidh contrapháirtithe san áireamh sa chomhdhlúthú céanna más rud é gur fíor ceann de na nithe seo a leanas fúthu araon:
go bhfuil siad áirithe i gcomhdhlúthú i gcomhréir le Treoir 83/349/CEE nó le Caighdeáin Idirnáisiúnta Tuairiscithe Airgeadais (IFRS) arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo de chuid tríú tír agus a chinntear a bheith coibhéiseach le IFRS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 (nó caighdeáin chuntasaíochta tríú tír a gceadaítear iad a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin); nó
go bhfuil siad cuimsithe ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna i gcomhréir le Treoir 2006/48/CE nó le Treoir 2006/49/CE nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna arna dhéanamh ag údarás inniúil tríú tír atá fíoraithe a bheith coibhéiseach leis an maoirseacht sin atá á rialú ag na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 143 de Threoir 2006/48/CE nó in Airteagal 2 de Threoir 2006/49/CE.
TEIDEAL II
IMRÉITEACH, TUAIRISCIÚ AGUS MAOLÚ RIOSCA DÍORTHACH THAR AN GCUNTAR
Airteagal 4
Oibleagáid imréitigh
Déanfaidh contrapháirtithe na conarthaí díorthacha uile a bhaineann le haicme díorthach thar an gcuntar a dearbhaíodh a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh a imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 5(2), más rud é i dtaca leis na conarthaí sin go gcomhlíonann siad araon na coinníollacha seo a leanas:
gur tugadh i gcrích iad ar cheann de na slite seo a leanas:
idir dhá chontrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1);
idir contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) agus contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);
idir dhá chontrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);
idir, ar thaobh amháin, contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) nó contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus, ar an taobh eile, eintiteas a bhunaítear i dtríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbunófaí an t-eintiteas sin san Aontas;
idir dhá eintiteas atá bunaithe i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas, ar choinníoll go mbeadh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag an gconradh sin laistigh den Aontas, nó inar riachtanach nó inarb iomchuí oibleagáid den sórt sin chun cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo a bheith á seachaint; agus
déantar iad a dhéanamh nó a nuachan an dáta óna dtiocfaidh an oibleagáid imréitigh i bhfeidhm, nó tar éis an dáta sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an dá chontrapháirtí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) ar an dáta a ndéantar iad a dhéanamh nó a athnuachan.
Maidir leis an díolúine atá leagtha amach sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige ach amháin:
sa chás go ndéanann dhá chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas agus a bhaineann leis an ngrúpa céanna fógra i scríbhinn a thabhairt ar dtús dá gcuid údarás inniúil faoi seach go bhfuil sé ar intinn acu úsáid a bhaint as an díolúine do na conarthaí díorthacha thar an gcuntar atá tugtha i gcrích acu eatarthu féin. Déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 30 lá féilire sula ndéanfar an díolúine a úsáid. Laistigh de 30 lá féilire tar éis do na húdaráis inniúla an fógra sin a fháil, féadfaidh siad agóid a dhéanamh in aghaidh úsáid na díolúine sin más rud é ngach ndéanann na hidirbhearta idir na contrapháirtithe na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 a chomhall, gan dochar do cheart na n-údarás inniúil agóid a dhéanamh tar éis don tréimhse 30 lá féilire seo a dhul in éag i gcás nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhall a thuilleadh. I gcás ina mbíonn easaontú idir na húdaráis inniúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar idir dhá chontrapháirtí a bhaineann leis an ngrúpa céanna atá bunaithe i mBallstát agus i dtríú tír más rud é, laistigh de 30 lá féilire tar éis don chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas fógra a thabhairt dó, go ndéanann údarás inniúil an chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas an contrapháirtí a údarú an díolúine sin a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 á gcomhall. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM faoin gcinneadh sin.
Chun na críche sin, déanfar comhalta imréitigh den chontrapháirtí, déanfar cliant de, nó bunóidh sé socruithe imréitigh indíreach le comhalta imréitigh, ar choinníoll nach ndéanann na socruithe sin an riosca contrapháirtí a mhéadú agus go ndéanann siad a áirithiú go dtairbhíonn sócmhainní agus suíomhanna an chontrapháirtí den chosaint a bhfuil éifeacht choibhéiseach aici léi seo dá dtagraítear in Airteagal 39 agus in Airteagal 48.
Ceadófar do chomhaltaí imréitigh agus cliaint rialú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun cur leis an Rialachán seo trí na coinníollacha a shonrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoina meastar go bhfuil na téarmaí tráchtála cothrom, réasúnta, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, bunaithe ar an méid seo a leanas:
ceanglais chothroime agus trédhearcachta i ndáil le táillí, praghsanna, beartais lascaine agus téarmaí agus coinníollacha conarthacha ginearálta eile maidir leis an bpraghasliosta, gan dochar do rúndacht na socruithe conarthacha a dhéantar leis na contrapháirtithe aonair;
fachtóirí a chuimsítear le téarmaí tráchtála réasúnta chun socruithe conarthacha atá neamhchlaonta réasúnta a áirithiú;
ceanglais chun seirbhísí imréitigh a éascú ar bhonn cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, ag féachaint do na costais agus na rioscaí gaolmhara, ionas go mbeidh aon difríochtaí sna táillí a ghearrtar i gcomhréir le rioscaí, costais agus sochair, agus
na critéir le haghaidh rialaithe riosca don chomhalta imréitigh nó don chliant a bhaineann leis na seirbhísí imréitigh a chuirtear ar fáil.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar a thabharfar i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó a chuirfear i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) ( 10 ) ar choinníoll:
i gcás eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin, nach n-eiseoidh an t-eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin ach urrúsuithe a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 agus Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin];
nach n-úsáidfear an conradh díorthach thar an gcuntar ach chun neamhréireanna ráta úis nó airgeadra a fhálú faoin mbanna faoi chumhdach nó urrúsú; agus
go maolóidh na socruithe faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú riosca creidmheasa contrapháirtí go leordhóthanach i ndáil leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar a thug an t-eintiteas banna faoi chumhdach nó an t-eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i gcrích i dtaca leis an mbanna faoi chumhdach nó an t-urrúsú.
Cuirfidh na ÚEManna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Iúil 2018.
Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 4a
Contrapháirtithe atá faoi réir na n-oibleagáidí imréitigh
Nuair nach ndéanfaidh contrapháirtí airgeadais a shuíomhanna a ríomh nó nuair a sháróidh toradh an ríomha sin ceann ar bith de na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear i bpointe (b) d'Airteagal 10(4), déanfaidh an contrapháirtí airgeadais an méid seo a leanas:
cuirfidh sé fógra láithreach maidir leis sin chuig ÚEUM agus chuig an údarás inniúil, agus, i gcás inarb ábhartha, sonróidh sé an tréimhse arna húsáid don ríomh;
bunóidh sé socruithe imréitigh laistigh de cheithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a thabhairt; agus
beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do na conarthaí díorthach thar an gcuntar ar fad a bhaineann le haon aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a dhéantar nó a nuaitear tráth is déanaí ná ceithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a thabhairt.
Beidh sé ar chumas an chontrapháirtí airgeadais a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach ndéanfar fomheastachán córasach ar an suíomh sin mar gheall ar an ríomh ar mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin.
D'ainneoin na chéad fhomhíre, i gcás GCUI agus CIManna, déanfar na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar leibhéal an chiste.
Cuideachta bainistíochta GCUI a bhfuil níos mó ná GCUI amháin á bhainistiú aici, agus na AIFManna a bhfuil níos mó ná CIM amháin á bhainistiú acu, beidh sé ar a gcumas a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach dtarlóidh an méid seo a leanas mar thoradh ar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an chiste:
ní dhéanfar fomheastachán córasach ar shuíomhanna chistí ar bith atá á mbainistiú acu nó ná ndéanfar amhlaidh i gcás suíomhanna an bhainisteora; agus
ní thiocfar timpeall ar an oibleagáid imréitigh.
Bunóidh údaráis inniúla ábhartha an chontrapháirtí airgeadais agus na n-eintiteas eile laistigh den ghrúpa nósanna imeachta comhair d'fhonn a áirithiú go ndéanfar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an ghrúpa go héifeachtach.
Airteagal 5
An nós imeachta maidir le hoibleagáid imréitigh
Laistigh de shé mhí ón ÚEUM fógra a fháil i gcomhréir le mír 1 nó tar éis dó nós imeachta aitheantais a leagtar amach in Airteagal 25 a chur i gcrích, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó comhairliúchán poiblí a sheoladh agus tar éis dul dó i gcomhairle leis an BERS agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla tríú tíortha, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun tacaíocht an Choimisiúin a fháil ina leith, ar dréachtchaighdeáin iad lena sonraítear an méid seo a leanas:
an aicme díorthach thar an gcuntar ar cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4;
an dáta nó na dátaí óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, lena n-áirítear aon chéimniú isteach agus catagóirí na gcontrapháirtithe a mbeidh feidhm ag an oibleagáid maidir leo.
▼M12 —————
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Le linn dó na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt faoin mír seo, ní dhéanfaidh ÚEUM dochar don fhoráil idirthréimhseach a bhaineann le conarthaí díorthacha C6 mar a leagtar síos in Airteagal 95 de Threoir 2014/65/AE ( 11 ).
Tar éis an fógra a thabhairt, foilseoidh ÚEUM glao ar fhorbairt tograí le haghaidh imréiteach na n-aicmí díorthach sin.
Agus é d'aidhm uileghabhálach leo an riosca sistéamach a laghdú, déanfar leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó an chuid dá dtagraítear i mír 2(a) na critéir seo a leanas a bhreithniú:
méid an chaighdeánaithe ar théarmaí conarthacha agus ar phróisis oibríochtúla na haicme ábhartha conarthaí díorthacha thar an gcuntar;
toirt agus leachtacht na haicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;
an fháil atá ar fhaisnéis chothrom, iontaofa agus a bhfuil glacadh go forleathan léi maidir le praghsáil san aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á n-ullmhú, féadfaidh ÚEUM an idirnascthacht idir contrapháirtithe a úsáideann na haicmí ábhartha díorthach thar an gcuntar, an tionchar ionchasach ar leibhéil an riosca creidmheasa contrapháirtí idir na contrapháirtithe agus an tionchar ar iomaíocht ar fud an Aontais a bhreithniú.
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar a thuilleadh na critéir dá dtagraítear i bpointe (8a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ina sonraítear tuilleadh na critéir dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4.
Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó an chuid dá dtagraítear i mír 2(b), déanfar na critéir seo a leanas a bhreithniú:
an toirt a mbeidh coinne léi den aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;
an imréitíonn níos mó ná ceann amháin de na contrapháirtithe lárnacha an aicme chéanna díorthach thar an gcuntar cheana féin;
cumas na gcontrapháirtithe lárnacha ábharthacha an toirt a mbeidh coinne léi a láimhseáil agus bainistiú a dhéanamh ar an riosca a eascróidh as aicme ábhartha díorthacha thar an gcuntar imréiteach;
cineál agus líon na gcontrapháirtithe atá gníomhach agus a mbeidh coinne leis go mbeidh siad gníomhach laistigh den mhargadh don aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;
an tréimhse ama a theastóidh ó chontrapháirtí a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh chun socruithe a dhéanamh lena chonarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach;
acmhainn bainistithe riosca agus dhlíthiúil agus oibríochtúil an réimse de chontrapháirtithe a bheidh gníomhach sa mhargadh don aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar agus ar acmhainn í a bhféadfaí teacht i dtír uirthi leis an oibleagáid imréitigh de bhun Airteagal 4(1).
Airteagal 6
Clár poiblí
Áireofar an méid seo a leanas ar an gclár:
na haicmí díorthach thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh de bhun Airteagal 4;
na CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 17 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 agus dáta an údaraithe nó an aitheantais faoi seach, lenar léirítear cé na CPLanna atá údaraithe nó aitheanta chun críche na hoibleagáide imréitigh;
na dátaí óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, lena n-áirítear aon chur chun feidhme céimnithe isteach;
na haicmí díorthach thar an gcuntar arna sainaithint ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 5(3);
▼M12 —————
na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil fógra tugtha ag an údarás lárnach do ÚEUM ina leith chun críche na hoibleagáide imréitigh, agus dáta an fógra do gach ceann a thabhairt.
Cuirfidh ÚEUM aon dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 6a
An oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí
Is ceadmhach do ÚEUM iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) maidir le haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar nó cineál sonrach contrapháirtí a chur ar fionraí i gcás ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
níl na haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar oiriúnach a thuilleadh don imréiteach lárnach i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(4) agus in Airteagal 5(5);
is dócha go scoirfidh contrapháirtí lárnach de na haicmí sonracha sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach agus nach bhfuil aon chontrapháirtí lárnach eile in ann na haicmí sonracha sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach gan bhriseadh;
is gá an oibleagáid imréitigh do na haicmí sonracha sin de díorthaigh thar an gcuntar nó do chineál contrapháirtí sonrach a chur ar fionraí chun bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó chun feidhmiú ordúil mhargaí airgeadais an Aontais a sheachaint nó aghaidh a thabhairt uirthi agus tá an cur ar fionraí i gcomhréir leis na haidhmeanna sin.
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír agus roimh an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22.
Gabhfaidh leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír fianaise gur comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach inti.
I gcás ina measfaidh ÚEUM gur athrú ábhartha sna critéir don oibleagáid trádála a bhfuil éifeacht leo dá dtagraítear in Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 é an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, féadfar a áireamh san iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo iarraidh an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(2) den Rialachán sin a chur ar fionraí freisin maidir leis na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hiarrata an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí.
Laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis na hiarrata dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil ón údarás inniúil, ar bhonnna gcúiseanna agus na fianaise a chuirfidh an t-údarás inniúil ar fáil, iarrfaidh ÚEUM ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fionraí nó déanfaidh sé an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhiúltú. Cuirfidh ÚEUM an cinneadh sin in iúl don údarás inniúil lena mbaineann. I gcás ina ndiúltóidh ÚEUM an iarraidh a dhéanfaidh an t-údarás inniúil, cuirfidh sé cúiseanna ar fáil i scríbhinn.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).
Beidh cur ar fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 5 bailí ar feadh na tréimhse tosaigh céanna.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).
Déanfaidh ÚEUM, in am trátha roimh dheireadh na tréimhse cur ar fionraí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo nó roimh dheireadh na tréimhse sínidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm i gcónaí leis na forais a bhí ann leis an bhfionraí a chur i bhfeidhm. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfidh ÚEUM cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú.
Leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh, féadfar freisin síneadh a chur le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 7.
Beidh an síneadh a chuirfear le cur ar fionraí na hoibleagáide trádála bailí don tréimhse chéanna a gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh.
Airteagal 6b
Fionraí na hoibleagáide imréitigh i gcás réitigh
I gcás ina gcomhlíonfaidh CPL na coinníollacha faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ), féadfaidh údarás réitigh an CPL a ainmnítear faoi Airteagal 3(1) den Rialachán seo nó an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo, ar a dtionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht ar chomhalta imréitigh de chuid an CPL faoi réiteach, iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a chur ar fionraí i leith aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó i leith cineál sonrach contrapháirtí i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
na haicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a bhfuiltear ag iarraidh fionraí ina leith, údaraítear don CPL atá faoi réiteach iad a imréiteach; agus
is gá an oibleagáid imréitigh d’aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó do chineál sonrach contrapháirtí a chur ar fionraí chun bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas maidir le réiteach an CPL, nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, agus tá an cur ar fionraí sin i gcomhréir leis na haidhmeanna sin.
Beidh fianaise go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den fhomhír sin ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Tabharfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír fógra faoina iarraidh réasúnaithe do ESMA agus do BERS, an tráth céanna a chuirtear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin.
Cuirfidh ESMA a iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus do BERS an tráth céanna a chuirtear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin.
Agus an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuairim a d’eisigh ESMA dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23 , na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo maidir leis na haicmí díorthach thar an gcuntar sin agus an gá leis an bhfionraí chun bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú rianúil na margaí airgeadais san Aontas a sheachaint nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin.
I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún an fionraí a iarradh, tabharfaidh sé cúiseanna ina leith sin i scríbhinn don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus do ESMA. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle láithreach ina leith sin agus cuirfidh sé na cúiseanna a tugadh don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 ar aghaidh chucu agus chuig ESMA. Ní dhéanfar an fhaisnéis sin a phoibliú.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).
Beidh fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 6 bailí ar feadh na tréimhse tosaigh céanna.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).
Beidh fianaise ag gabháil leis an iarraidh go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 á gcomhlíonadh i gcónaí.
Tabharfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír a iarraidh réasúnaithe do ESMA agus do BERS, an tráth céanna a thugtar an iarraidh don Choimisiún.
Ní dhéanfar an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a phoibliú.
Gan moill mhíchuí tar éis fógra faoin iarraidh a fháil, agus má mheasann sé gur gá sin, tar éis dul i gcomhairle le BERS, déanfaidh ESMA tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cé acu atá nó nach bhfuil feidhm fós ag na forais is bonn leis an bhfionraí, agus an gá le bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas, nó le haghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23 , agus na critéir a leagtar amach i d’Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo á gcur san áireamh. Seolfaidh ESMA cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú.
Féadfaidh an gníomh cur chun feidhme a chuireann síneadh le fionraí na hoibleagáide imréitigh síneadh a chur freisin le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 6.
Beidh an síneadh a chuirfear le fionraí na hoibleagáide trádála bailí ar feadh na tréimhse céanna leis an síneadh a chuirfear le fionraí na hoibleagáide imréitigh.
Airteagal 7
Rochtain ar chontrapháirtí lárnach
Aon CPP a bheidh údaraithe chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, glacfaidh sé na conarthaí sin a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, beag beann ar an ionad trádála. Áireofar leis sin, go háirithe, go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar conas a thrádálfar conarthaí ar an ionad trádála sin a láimhseálfar sna téarmaí seo a leanas:
ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach, i gcás nach mbeadh cuimsiú na gconarthaí sin sa dún-amach agus i nósanna imeachta glanluachála eile de chuid CPP atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta is infheidhme ina bhaol ar fheidhmiú réidh agus ordúil, ar bhailíocht agus/nó ar in-fhorfheidhmitheacht na nósanna imeachta sin; agus
traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CPP céanna faoi shamhail riosca a chomhlíonann Airteagal 41.
Féadfaidh CCP a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an CCP, lena n-áirítear ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh.
Ní fhéadfaidh údarás inniúil an ionaid um fhorghníomhú agus údarás inniúil an chontrapháirtí lárnach rochtain ar chontrapháirtí lárnach a dhiúltú tar éis iarraidh fhoirmiúil a fháil ón ionad um fhorghníomhú ach amháin sa chás ina mbeadh an rochtain sin ina bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó sa chás ina mbeadh tionchar dochrach acu ar an riosca sistéimeach.
Airteagal 8
Rochtain ar ionad trádála
Ní dheonófar rochtain an chontrapháirtí lárnaigh ar an ionad trádála ach amháin sa chás ina mbeadh gá le hidir-inoibritheacht de bharr rochtana den sórt sin nó nach ndéanfaí bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí go háirithe mar thoradh ar ilroinnt leachtachta agus go mbeadh sásra leordhóthanach curtha ar bun ag an ionad trádála chun ilroinnt den sórt sin a chosc.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 9
Oibleagáid tuairiscithe
Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach:
a rinneadh roimh an 12 Feabhra 2014 agus atá fós le híoc an dáta sin;
a rinneadh an 12 Feabhra 2014 nó tar a éis sin.
D'ainneoin Airteagal 3, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach laistigh den ghrúpa céanna i gcás inar contrapháirtí neamhairgeadais ceann amháin, ar a laghad, de na contrapháirtithe nó i gcás ina mbeadh sé incháilithe mar chontrapháirtí neamhairgeadais dá mbeadh sé bunaithe san Aontas, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:
áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán;
tá an dá contrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú; agus
ní contrapháirtí airgeadais é an máthairghnóthas.
Tabharfaidh na contrapháirtithe fógra dá n-údaráis inniúla go bhfuil sé beartaithe acu an díolúine dá dtagraítear sa tríú fomhír a chun i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí ach i gcás nach dtiocfaidh na húdaráis inniúla a gcuirtear fógra chucu, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ar chomhaontú maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear sa tríú fomhír.
Chun a áirithiú go mbeidh na sonraí go léir ag an gcontrapháirtí airgeadais a a bhfuil gá aige leo chun an oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais na mionsonraí a sholáthar don chontrapháirtí airgeadais, ar mionsonraí iad a bhaineann leis na conarthaí díorthach thar an gcuntar a tugadh chun críche eatarthu agus nach féidir a bheith ag súil leis le réasún go mbeidís i seilbh an chontrapháirtí airgeadais. Is ar an gcontrapháirtí neamhairgeadais a bheidh an fhreagracht a áirithiú go mbeidh na mionsonraí sin cruinn.
In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais sin atá tar éis infheistiú cheana féin i gcóras tuairiscithe a chinneadh mionsonraí a gconarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú do chontrapháirtithe airgeadais nó do stór trádála. Sa chás sin, cuirfidh na contrapháirtithe neamhairgeadais an cinneadh sin in iúl do na contrapháirtithe airgeadais lenar thug siad conarthaí díorthach thar an gcuntar chun críche sula ndéanfaidh siad na mionsonraí sin a thuairisciú. Sa chás sin, is iad na contrapháirtithe neamhairgeadais a bheidh freagrach, agus faoi dhliteanas dlíthiúil maidir leis na mionsonraí sin a thuairisciú agus maidir lena gcruinneas a áirithiú.
Contrapháirtí neamhairgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus a thugann conradh díorthach thar an gcuntar chun críche le heintiteas arna bhunú i dtríú tír, ní cheanglófar air tuairisciú de bhun an Airteagail seo agus ní bheidh sé dliteanach go dlíthiúil mionsonraí maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar den sórt sin a thuairisciú ná cruinneas na mionsonraí sin a áirithiú, ar choinníoll:
go mbeadh an t-eintiteas tríú tíre sin cáilithe mar chontrapháirtí airgeadais dá mbunófaí san Aontas é;
gur dearbhaíodh go bhfuil an córas dlí maidir le tuairisciú a bhfuil an t-eintiteas tríú tíre sin faoina réir coibhéiseach de bhun Airteagal 13; agus
gur thuairiscigh an contrapháirtí sin de chuid tríú tír an fhaisnéis sin de bhun chóras dlí an tríú tír sin lena tuairisciú do stór trádála atá faoi réir oibleagáid infheidhmithe atá ceangailteach ó thaobh dlí rochtain dhíreach láithreach ar na sonraí a dheonú do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3).
Sa chás sin, áiritheoidh ÚEUM go mbeidh rochtain ag na heintitis ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 81(3) ar mhionsonraí uile na gconarthaí díorthachaa theastaíonn uathu chun a ndualgais agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.
Níor cheart go mbeadh aon dliteanas ar an eintiteas tuairiscithe nó ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe ag éirí as an nochtadh sin.
Sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, sna tuarascála dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3:
na páirtithe sa chonradh díorthach agus, murab ionann iad, tairbhí na gceart agus na n-oibleagáidí a thagann as;
príomhthréithe na gconarthaí díorthacha, lena n-áirítear a gcineáil, an aibíocht fholuiteach, an luach barúlach, an praghas agus an dáta socraíochta.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 3, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh ina sonrófar:
caighdeáin agus formáidí sonraí na faisnéise a bheidh le tuairisciú, ina mbeidh ceann amháin den mhéid seo a leanas ar a laghad:
aitheantóirí domhanda eintitis dhlítheanaigh (LEInna);
uimhreacha aitheantais idirnáisiúnta urrús ( ISINanna);
aitheantóirí uathúla trádála (UTInna);
na modhanna agus na socruithe maidir le tuairisciú;
minicíocht na dtuarascálacha;
an dáta faoina ndéanfar conarthaí díorthach a thuairisciú.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á gceapadh aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a aontófar ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda, agus a gcomhsheasmhacht leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2015/2365 ( 14 ) agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 10
Contrapháirtithe neamhairgeadais
I gcás nach ndéanfaidh contrapháirtí neamhairgeadais a shuíomhanna a ríomh nó nuair a sháróidh toradh an ríomha sin i leith cheann amháin nó níos mó d'aicmí díorthach thar an gcuntar na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear de bhun phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais sin an méid seo a leanas:
tabharfaidh sé fógra láithreach maidir leis sin do ÚEUM agus don údarás inniúil ábhartha, agus, i gcás inarb ábhartha, sonróidh sé an tréimhse arna húsáid don ríomh;
bunóidh sé socruithe imréitigh laistigh de cheithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a thabhairt;
beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do na conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéantar nó a nuaitear tráth is déanaí ná ceithre mhí tar éis an fógra a thabhairt dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a bhaineann leis na haicmí sócmhainne sin ar ina leith a sháróidh toradh an ríomha na tairseacha réitigh nó, i gcás nach bhfuil a shuíomh ríofa ag an gcontrapháirtí neamhairgeadais, a bhaineann le haon aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh.
Beidh sé ar chumas an chontrapháirtí neamhairgeadais a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach ndéanfar fomheastachán córasach ar an suíomh mar gheall ar an ríomh ar mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, tar éis dul dó dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, lena sonraítear na nithe seo a leanas:
na critéir chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a bhunú ar conarthaí iad is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear an riosca a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht tráchtála nó leis an ngníomhaíocht mhaoinithe cistíochta dá dtagraítear i mír 3; agus
luachanna na dtairseach imréitigh, a chinntear agus ábharthacht shistéamach shuim na nglansuíomhanna agus na neamhchosaintí de réir contrapháirtí agus de réir aicme díorthach thar an gcuntar á gcur san áireamh.
Tar éis dó comhairliúchán poiblí oscailte a sheoladh, cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú tréimhsiúil ar na tairseacha réitigh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír agus, i gcás inar gá, agus aird á tabhairt go háirithe ar idirnascthacht na gcontrapháirtithe airgeadais, molfaidh sé na caighdeáin theicniúla rialála a leasú i gcomhréir leis an mhír seo.
Gabhfaidh tuarascáil ó ÚEUM ar an ábhar sin leis an athbhreithniú tréimhsiúil céanna.
Airteagal 11
Teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach
Contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais a dhéanann conradh díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach, áiritheoidh siad, agus dícheall cuí á fheidhmiú acu, go bhfuil nósanna imeachta agus socruithe iomchuí i bhfeidhm chun riosca oibríochtúil agus riosca creidmheasa contrapháirtí a thomhas, faireachán a dhéanamh air agus a mhaolú, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ar a laghad:
deimhniú tráthúil ar théarmaí an chonartha díorthach thar an gcuntar iomchuí, agus é sin a dhéanamh trí mheán leictreonach nuair atá an meán sin ar fáil;
próisis fhoirmiúlaithe atá daingean, láidir agus in-iniúchta chun punanna a réiteach, chun an riosca atá bainteach a bhainistiú; agus chun díospóidí idir páirtithe a shainaithint go luath agus a réiteach, agus chun faireachán a dhéanamh ar luach na gconarthaí atá amuigh.
Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a), (b) nó (c) a a bheidh déanta ag contrapháirtithe atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón dá údarás inniúla ábhartha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;
nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.
Mura n-éiríonn leis na húdaráis inniúla teacht ar chinneadh dearfach laistigh de 30 lá féilire tar éis dóibh an t-iarratas ar dhíolúine a fháil, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar comhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag comhpháirtithe neamhairgeadais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;
nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.
Tabharfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 10(5) go bhfuil sé ar intinn aige an díolúine a chur i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí go dtí an tráth, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ach amháin nach gcomhaontóidh ceann amháin nó ceann eile de na húdaráis inniúla ar cuireadh fógra chucu go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh.
Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) go (d) a bheidh déanta ag contrapháirtí atá bunaithe san Aontas agus contrapháirtí atá bunaithe i ndlínse tríú tír, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí atá bunaithe san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;
nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.
Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag contrapháirtí neamhairgeadais atá bunaithe san Aontas agus contrapháirtí atá bunaithe i ndlínse tríú tír, beidh sé díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;
nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.
Tabharfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 10(5) go bhfuil sé ar intinn aige an díolúine a chur i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí go dtí an tráth, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ach amháin nach gcomhaontóidh an t-údarás inniúil a gcuirtear fógra chuige go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh.
Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag contrapháirtí neamhairgeadais agus contrapháirtí airgeadais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an gcontrapháirtí airgeadais, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;
nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.
Tabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí airgeadais fógra faoi aon chinneadh den sórt sin don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(5). Tá an díolúine bailí mura rud é nach gcomhaontóidh an t-údarás inniúil ar gcuirtear fógra chuige go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh. I gcás ina mbíonn easaontú idir na húdaráis inniúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh údarás inniúil fógra chuig ÚEUM i ndáil le haon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 6, mhír 8 nó mhír 10 nó le haon fhógra a gheofar de bhun mhír 7, mhír 9 nó mhír 10 agus déanfaidh siad sonraí an idirbhirt laistigh de ghrúpa lena mbainfidh a sholáthar do ÚEUM.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:
na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i mír 1;
coinníollacha an mhargaidh lena gcuirtear cosc ar an marcáil don mhargadh dá dtagraítear i mír 2 agus na critéir le haghaidh úsáid na marcála do shamhail dá dtagraítear i mír 2;
mionsonraí na n-idirbheart laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe agus a bheidh le háireamh san fhógra dá dtagraítear i mír 7, i mír 9 agus i mír 10;
mionsonraí na faisnéise maidir le hidirbhearta laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe agus dá dtagraítear i mír 11.
na conarthaí a meastar éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha a bheith acu laistigh den Aontas nó na cásanna ina mbeadh sé riachtanach nó iomchuí cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo, amhail dá dtagraítear i mír 12, a bheith á seachaint
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh na ÚEManna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála comhchoiteanna ina sonrófar na nithe seo a leanas:
na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta, mar aon leis na socruithe um leithscaradh dá dtagraítear i mír 3;
na nósanna imeachta maoirseachta chun bailíochtú tosaigh agus leanúnach na nósanna imeachta bainistithe riosca sin a áirithiú;
na nósanna imeachta atá le leanúint ag na contrapháirtithe agus ag na húdaráis inniúla ábhartha nuair a chuirfear na díolúintí faoi mhír 6 go mír 10 i bhfeidhm;
na critéir infheidhme dá dtagraítear i mír 5 go mír 10 lena n-áirítear go háirithe gach ar cheart a mheas mar bhac praiticiúil nó dlíthiúil ar aistriú pras cistí dílse idir contrapháirtithe agus ar dhliteanais a aisíoc eatarthu.
Déanfar an leibhéal agus an cineál comhthaobhachta i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó arna gcur i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí an Rialacháin seo, agus a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 4(5) den Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18, agus in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 agus de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin] a chinneadh agus cuirfear san áireamh aon bhaic ar chomhthaobhacht a mhalartú maidir le socruithe comhthaobhachta a bheidh ann cheana faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, cé is moite de na dréachtchaighdeáin sin dá dtagraítear i bpointe (aa) den chéad fhomhír, faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2018.
Cuirfidh ÚBE, i gcomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear i bpointe (aa) den chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.
Ag brath ar nádúr dlíthiúil an chontrapháirtí, tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 12
Pionóis
Faoin 17 Feabhra 2013, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar air ina dhiaidh sin.
Airteagal 13
Sásra chun rialacha dúblacha nó codarsnacha a sheachaint
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina ndearbhaítear an méid seo a leanas i dtaca le socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe an tríú tír:
go bhfuil siad coibhéiseach leis na ceanglais atá leagtha síos i Rialachán seo faoi Airteagail 4, 9, 10 agus 11;
go n-áirithíonn siad rúndacht ghairmiúil atá coibhéiseach leis an rúndacht ghairmiúil a leagtar amach sa Rialachán seo; agus
go ndéantar iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus a fhorfheidhmiú ar mhodh chothromasach agus neamhshaofa ionas go ndéanfar maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú sa tríú tír sin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).
Airteagal 13a
Leasuithe ar chonarthaí leagáide chun críche athchóirithe tagarmharcanna a chur chun feidhme
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 ach maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a rinneadh a leasú nó a rinneadh a nuachan agus:
atá riachtanach chun críoch tagarmharc a athsholáthar i gcomhthéacs athchóirithe tagarmharcanna;
nach n-athraíonn an tábhacht eacnamaíoch ná an toisc riosca a léirítear le tagairt do thagarmharc i gconarthaí den sórt sin; agus
nach gcuimsíonn athruithe eile ar an gconradh sin a bhaineann le haon téarmaí dlíthiúla atá sa chonradh sin nach mbaineann leis an tagarmharc a bhfuil tagairt déanta dó agus, dá bhrí sin, a bhféadfadh an conradh a leasú ar bhealach gur gá go héifeachtach é a mheas mar chonradh nua.
TEIDEAL III
CONTRAPHÁIRTITHE LÁRNACHA A ÚDARÚ AGUS A MHAOIRSIÚ
CAIBIDIL 1
Coinníollacha agus Nósanna Imeachta chun Contrapháirtí Lárnach a Údarú
Airteagal 14
Contrapháirtí Lárnach a Údarú
Tabharfaidh contrapháirtí lárnach, gan aon mhoill mhíchuí, fógra don údarás inniúil i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha d'údarú.
Airteagal 15
Gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú
Is i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach faoi Airteagal 17 a dhéanfar leathnú ar údarú.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Eanáir 2021.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 16
Ceanglais chaipitil
Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 17
Nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú
Déanfaidh an t-údarás inniúil tuairim an choláiste a bhreithniú go cuí, ar tuairim í ar thángthas uirthi i gcomhréir le hAirteagal 19. Sa chás nach n-aontaíonn údarás inniúil an contrapháirtí lárnach le tuairim dhearfach an choláiste, beidh sa chinneadh na cúiseanna iomlána atá leis agus beidh míniú ann ar aon diall suntasach ón tuairim dhearfach sin.
I gcás ina dtiocfaidh comhaltaí uile an choláiste, seachas údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, ar chomhthuairim de thoil a chéile, de bhun Airteagal 19(1), nár cheart don chontrapháirtí lárnach údarú a fháil, ní údarófar an contrapháirtí lárnach agus is sa chás sin amháin nach ndéanfar é a údarú. Sa tuairim sin, luaifear i scríbhinn na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe atá ag an gcoláiste lena mheas nach bhfuil ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo nó dlí Aontais eile á gcomhlíonadh.
I gcás nár thángthas ar chomhthuairim de thoil a chéile amhail dá dtagraítear sa tríú fomhír agus i gcás ina léiríonn tromlach dhá thrian den choláiste tuairim diúltach, féadfaidh aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, bunaithe ar an tromlach dhá thrian sin den choláiste, laistigh de 30 lá féilire ón tráth a nglacfar an tuairim dhiúltach sin, an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Sa chinneadh um tharchur, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe atá ag comhaltaí ábhartha an choláiste lena mheas nach bhfuil ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo nó codanna eile de dhlí an Aontais á gcomhlíonadh. Sa chás sin, déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chinneadh maidir leis an údarú a tharchur siar agus fanfaidh sé go ndéanfar aon chinnidh um údarú a d'fhéadfadh ÚEUM a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚEUM. Ní dhéanfar an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM tar éis tréimhse 30 lá dá dtagraítear sa cheathrú fomhír a bheith caite.
I gcás ina dtiocfaidh comhaltaí uile an choláiste, seachas údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, ar chomhthuairim de thoil a chéile de bhun Airteagal 19(1), nár cheart údarú a thabhairt don chontrapháirtí lárnach, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát bunaíochta an chontrapháirtí lárnaigh an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe an cinneadh a tharchur chuig na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.
Féadfaidh ÚEUM imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm, arna iarraidh sin ag aon chomhalta den choláiste nó ar a thionscnamh féin, tar éis dó údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chur ar an eolas.
Airteagal 18
Coláiste
Is éard a bheidh sa choláiste:
an Cathaoirleach nó ceann ar bith de na comhaltaí neamhspleácha ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 24a(2);
údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh;
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an CPL atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an CPL dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo ar bhonn comhiomlán in imeacht tréimhse bliana, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, BCE faoi chuimsiú na gcúraimí maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 15 ).
údaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an CPL, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (c), faoi réir toiliú a fháil ó údarás inniúil an CPL. Iarrfaidh na húdaráis inniúla sin toiliú údarás inniúil an CPL le bheith rannpháirteach sa choláiste agus údar á thabhairt acu leis an iarratas bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag anás airgeadais CPL ar chobhsaíocht airgeadais a mBallstáit faoi seach. I gcás nach ndeonóidh údarás inniúil an CPL an iarraidh, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin i scríbhinn.
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála, a soláthraíonn an contrapháirtí lárnach seirbhísí dóibh;
na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;
na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar thaisclanna urrús lárnacha a bhfuil na contrapháirtithe lárnacha nasctha leo;
na comhaltaí ábhartha de CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí lárnach agus na comhaltaí iomchuí de CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil socruithe maidir le hidir-inoibritheacht bunaithe leo;
bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí Aontais is ábhartha do na hionstraimí airgeadais a imréitítear;
bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPL nó atá le himréiteach ag CPL seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (h), faoi réir toiliú údarás inniúil an CPL. Iarrfaidh na bainc cheannais eisiúna sin toiliú údarás inniúil an CPL le bheith rannpháirteach sa choláiste agus údar á thabhairt acu leis an iarratas bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag anás airgeadais CPL ar a n-airgeadra eisiúna faoi seach. I gcás nach ndeonóidh údarás inniúil an CPL an iarraidh, tabharfaidh údarás inniúil an CPL cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin i scríbhinn.
Foilseoidh údarás inniúil an CPL liosta de chomhaltaí an choláiste ar a shuíomh gréasáin. Déanfaidh údarás inniúil an CPL an liosta sin a nuashonrú gan moill mhíchuí tar éis aon athrú a dhéanfar ar chomhdhéanamh an choláiste. Cuirfidh údarás inniúil an CPL fógra chuig ESMA maidir leis an liosta sin laistigh de 30 lá féilire tar éis an coláiste a bhunú nó tar éis athraithe maidir lena chomhdhéanamh. Tar éis fógra a fháil ó údaráis inniúilla an CPL, foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí liosta chomhaltaí an choláiste sin.
Déanfaidh an coláiste, gan dochar do fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:
ullmhú na tuairime dá dtagraítear in Airteagal 19;
malartú faisnéise, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagal 84;
comhaontú maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh na gcomhaltaí ar bhonn deonach;
comhordú ar chláir scrúdaithe maoirseachta bunaithe ar mheasúnú riosca an chontrapháirtí lárnaigh; agus
cinneadh nósanna imeachta agus pleananna teagmhasacha chun tabhairt faoi chásanna géarchéime, amhail dá dtagraítear in Airteagal 24.
D’fhonn feidhmiú na gcúraimí arna sannadh do choláistí de bhun na chéad fhomhíre a éascú, beidh de cheart ag comhaltaí an choláiste dá dtagraítear i mír 2 rannchuidiú le socrú chláir oibre chruinnithe an choláiste, go háirithe trí phointí a chur le clár oibre cruinnithe.
Cinnfidh an comhaontú sin na socruithe praiticiúla d’fheidhmiú an choláiste, lena n-áirítear rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:
nósanna imeachta vótála dá dtagraítear in Airteagal 19(3);
na nósanna imeachta i ndáil le clár oibre chruinnithe an choláiste a shocrú;
minicíocht chruinnithe an choláiste;
formáid agus raon feidhme na faisnéise atá le cur ar fáil ag údarás inniúil an CPL do chomhaltaí an choláiste, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil i gcomhréir le Airteagal 21(4);
na tréimhsí íosta is iomchuí chun go ndéanfaidh comhaltaí an choláiste an doiciméadacht ábhartha a mheas;
módúlachtaí na cumarsáide idir comhaltaí an choláiste;
Féadfar a chinneadh sa chomhaontú freisin cad iad na cúraimí a chuirfear de chúram ar údarás inniúil an CPL nó ar chomhalta eile den choláiste.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Eanáir 2021.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 19
Tuairim ón gColáiste
Laistigh de 30 lá féilire tar éis dó í a fháil, agus bunaithe ar na torthaí sa tuarascáil sin, tiocfaidh an coláiste ar chomhthuairim ina gcinnfear an gcomhlíonann an contrapháirtí lárnach is iarratasóir na ceanglais uile atá leagtha síos sa Rialachán seo.
Gan dochar don ceathrú fomhír d'Airteagal 17(4) agus, mura dtiocfar ar chomhthuairim i gcomhréir leis an dara fomhír, glacfaidh an coláiste tuairim le tromlach laistigh den tréimhse ama céanna.
I gcás ina bhféadfaidh an coláiste tuairim a thabhairt uaidh, féadfaidh aon bhanc ceannais eisiúna, ar comhalta den choláiste é de bhun pointí (h) agus (i) d’Airteagal 18(2), moltaí a ghlacadh i ndáil leis an airgeadra a eisíonn sé.
Maidir le coláistí ina bhfuil 12 chomhalta nó ina bhfuil suas le 12 chomhalta, beidh vóta ag beirt chomhaltaí, a thagann ón mBallstát céanna, ar a mhéad, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála. Maidir le coláistí ina bhfuil níos mó ná 12 chomhalta, beidh vóta ag triúr comhaltaí, ar a mhéad, a thagann ón mBallstát céanna, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála.
Má bhíonn BCE ina chomhalta den choláiste de bhun phointe (c) agus phointe (h) d’Airteagal 18(2), beidh dhá vóta aige.
Ní bheidh aon chearta vótála ag comhaltaí an choláiste dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (ca) agus pointe (i) d’Airteagal 18(2) i leith thuairimí an choláiste.
Airteagal 20
Údarú a tharraingt siar
Gan dochar d'Airteagal 22(3), déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh údarú a tharraingt siar sa chás, maidir leis an gcontrapháirtí lárnach:
nár úsáid sé an t-údarú laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigeann sé an t-údarú go sainráite nó i gcás nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige nó aon ghníomhaíocht déanta aige i rith na sé mhí roimhe sin;
go bhfuair sé údarú trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile;
nach bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh aige agus nach bhfuil na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh déanta aige laistigh de thréimhse ama socraithe;
i gcás ina bhfuil sé tar éis aon de na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo a shárú go córasach agus go tromchúiseach.
Airteagal 21
Athbhreithniú agus meastóireacht
Beidh na contrapháirtithe lárnacha faoi réir cigireachtaí ar an láthair. Arna iarraidh sin do ESMA, féadfaidh údaráis inniúla cuireadh a thabhairt d’fhoireann ESMA páirt a ghlacadh sna cigireachtaí ar an láthair.
Aon fhaisnéis a fuarthas ó na contrapháirtithe lárnacha le linn nó i dtaobh cigireachtaí ar an láthair, féadfaidh an t-údarás inniúil í a chur ar aghaidh chuig ESMA.
CAIBIDIL 2
Contrapháirtithe lárnacha a mhaoirsiú agus a fhormhaoirsiú
Airteagal 22
Údarás inniúil
I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé go soiléir na róil faoi seach agus ainmneoidh sé údarás amháin le bheith freagrach as comhar agus as malartú faisnéise a chomhordú leis an gCoimisiún, le ÚEUM, le húdaráis inniúla na mBallstát eile, le ÚBE agus le comhaltaí ábhartha CEBC, i gcomhréir le hAirteagail 23, 24, 83 agus 84.
Beidh na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar a áireamh leo iarrataí ar ghníomhaíocht leasúcháin laistigh de thréimhse ama socraithe.
CAIBIDIL 3
Comhar
Airteagal 23
Comhar idir na húdaráis
Airteagal 23a
Comhar maoirseachta idir na húdaráis inniúla agus ESMA i dtaca le CPLanna údaraithe
Is ceadmhach freisin do na húdaráis inniúla dréachtchinntí a chur faoi bhráid ESMA sula ndéanfaidh siad aon ghníomh nó beart a ghlacadh i gcomhréir lena ndualgas faoi Airteagal 22(1).
I gcás nach mbeidh cóineasú ná comhsheasmhacht le feiceáil i dtaca le cur chun feidhme an Rialacháin seo sa dréachtchinneadh arna chur faoi bhráid ESMA i gcomhréir le mír 2, eiseoidh ESMA treoirlínte nó moltaí ar mhaithe le pé cóineasú nó comhsheasmhacht is gá i gcur chun feidhme an Rialacháin seo a chur chun cinn de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 24
Cásanna éigeandála
Cuirfidh údarás inniúil an CPL nó aon údarás inniúil ábhartha eile ESMA, an coláiste, comhaltaí ábhartha CEBC agus údaráis ábhartha eile ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi aon chás éigeandála a bhaineann le CPL, lena n-áirítear forbairtí i margaí airgeadais a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leachtacht an mhargaidh, do tharchur beartas airgeadais, d’oibriú réidh córas íocaíochta nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil an CPL nó ceann dá chomhaltaí imréitigh bunaithe.
CAIBIDIL 3A
An Coiste Maoirseachta do CPLanna
Airteagal 24a
An Coiste Maoirseachta do CPLanna
Beidh a leanas ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna:
an Cathaoirleach, ag a mbeidh cead vótála;
beirt chomhaltaí neamhspleácha, ag a mbeidh cead vótála;
údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo le CPL údaraithe, a bheidh ag vótáil; i gcás ina n-ainmneoidh an Ballstát níos mó ná údarás amháin mar údarás inniúil, féadfaidh gach ceann d’údaráis inniúla an Bhallstáit sin a chinneadh ionadaí amháin a cheapadh chun a bheith rannpháirteach de bhun na míre seo; i gcás na nósanna imeachta vótála a leagtar amach in Airteagal 24c, áfach, measfar ionadaithe uile an Bhallstáit a bheidh i gceist mar aon chomhalta vótála amháin.
Na bainc cheannais eisiúna seo a leanas:
i gcás ina dtagann an Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile i dtaca le CPLanna tríú tír, i leith ullmhúchán gach cinnidh dá mbaineann le hAirteagail dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo maidir le CPLanna Leibhéal 2 agus le hAirteagal 25(2a), na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) a bhfuil comhaltacht ar an gCoiste Maoirseachta CPL iarrtha acu, ach nach mbeidh cead vótála acu;
i gcás ina dtagann an Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile i dtaca le CPLanna arna n-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14, i gcomhthéacs an phlé a bhaineann le pointe (b) agus le fophointe (iv) de phointe (c) de mhír 7 den Airteagal seo, bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPLanna údaraithe tríú tír a bhfuil comhaltacht ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna iarrtha acu, agus nach mbeidh cead vótála acu.
Tabharfar comhaltacht go huathoibríoch chun críche fhophointe (i) agus fophointe (ii), arna iarraidh sin aon uair amháin i scríbhinn ar an gCathaoirleach.
Sula ndéanfar ceapachán an Chathaoirligh agus chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna, agus suas go mí amháin tar éis don Bhord Maoirseoirí a ghearrliosta a chur i dtoll a chéile, cuirfidh an Bord Maoirseoirí an gearrliosta sin d’iarratasóirí roghnaithe, lena n-urramaítear an chothromaíocht inscne, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa na hiarratasóirí roghnaithe a fhormheas nó a dhiúltú tar éis di éisteacht leo.
I gcás nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach nó aon duine de na comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna a thuilleadh na coinníollacha a cheanglaítear chun a gcuid dualgas a fheidhmiú nó i gcás go bhfuarthas ciontach iad as mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh an duine sin a chur as oifig. Is le tromlach cáilithe a ghníomhóidh an Chomhairle.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle scéala a chur chuig an gCoimisiún á rá gur dóigh leo go gcomhlíontar na coinníollacha chun Cathaoirleach nó duine de chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna a chur as oifig, agus tabharfaidh an Coimisiún freagra air sin.
Cúig bliana a mhairfidh téarma oifige Chathaoirleach agus chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna; féadfar síneadh amháin a chur leis an tréimhse sin.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar chathaoirleach nó ar dhuine de chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh.
I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, beidh Cathaoirleach agus comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna, ach a n-éirí siad as an tseirbhís, fós faoi cheangal iad féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe.
I dtaca le CPLanna údaraithe, nó le CPLanna a bhfuil iarratas ar údarú déanta acu i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna, chun críche Airteagal 23a(1) den Rialachán seo, cinntí a ullmhú agus na cúraimí sin a leagtar ar ESMA in Airteagal 23a(2) den Rialachán seo agus sna pointí seo a leanas a chur i gcrích:
anailís athbhreithnithe piaraí ar ghníomhaíochtaí maoirseachta na n-údarás inniúil uile a sheoladh i ndáil le húdarú agus maoirseacht na gcontrapháirtithe lárnacha i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, agus sin a dhéanamh uair sa bhliain ar a laghad;
ar a laghad uair sa bhliain, measúnuithe uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar athléimneacht CPLanna i leith forbairtí dochracha sa mhargadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, ag cur san áireamh, i gcás inar féidir, éifeacht chomhiomlán na socruithe téarnaimh agus réitigh CPL ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais;
malartú agus plé rialta a chur chun cinn i measc na n-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
gníomhaíochtaí agus cinntí ábhartha maoirseachta arna nglacadh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 agus a ndualgais á ndéanamh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir le húdarú agus maoirsiú CPLanna arna mbunú ar a gcríoch;
dréachtchinntí arna gcur faoi bhráid ESMA ag údarás inniúil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 23a(2);
dréachtchinntí arna gcur ar bhonn deonach faoi bhráid ESMA ag údarás inniúil i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 23a(2);
forbairtí ábhartha de chuid an mhargaidh, lena n-áirítear cásanna nó imeachtaí a fhágfaidh a lorg nó ar dócha dóibh a lorg a fhágáil ar fhóntacht stuamachta nó airgeadais nó teacht aniar CPLanna arna n-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 nó ar a gcomhaltaí imréitigh;
beidh sé ar an eolas faoi gach tuairim agus moladh arna nglacadh ag coláistí i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo agus pléifidh sé iad d’fhonn cur le feidhmiú comhleanúnach agus comhsheasmhach na gcoláistí agus d’fhonn comhsheasmhacht a chothú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo ina measc.
Chun críocha phointe (a) go pointe (d) sa chéad fhomhír, tabharfaidh na húdaráis inniúla gach faisnéis agus doiciméadacht ábhartha do ESMA gan moill mhíchuí.
Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna an méid seo a leanas a dhéanamh:
bunaithe ar a chuid gníomhaíochtaí i gcomhréir le pointí (a) go (d) de mhír 5, iarraidh ar an mBord Maoirseoirí a mheas an gá do ESMA treoirlínte, moltaí agus tuairimí a ghlacadh d’fhonn aghaidh a thabhairt ar easpa cóineasaithe agus comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo i measc na n-údarás inniúil agus na gcoláistí. Breithneoidh an Bord Maoirseoirí na hiarrataí sin go cuí agus tabharfaidh sé freagra iomchuí;
tuairimí maidir le cinntí arna nglacadh ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear in Airteagal 17 agus Airteagal 19 den Rialachán sin, a bhaineann le cúraimí arna mbronnadh ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo.
Gheobhaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna tacaíocht ó fhoireann thiomnaithe de chuid ESMA, ag a mbeidh a ndóthain eolais, scileanna, agus taithí acu d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
cruinnithe an Choiste Maoirseachta CPL a ullmhú;
na hanailísí a ullmhú is gá le gur féidir leis an gCoiste Maoirseachta do CPLanna a chúraimí a dhéanamh;
tacú leis an gCoiste Maoirseachta do CPLanna ina chomhar idirnáisiúnta ar an leibhéal riaracháin.
Airteagal 24b
Comhairliúchán leis na bainc cheannais eisiúna
Airteagal 24c
Cinnteoireacht laistigh den Choiste Maoirseachta do CPLanna
Déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna a chuid cinntí le tromlach glan dá chuid comhaltaí. I gcás comhionannas vótaí, is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh.
Airteagal 24d
Cinnteoireacht laistigh den bhord maoirseoirí
I gcás ina gcuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna dréachtchinntí faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí de bhun Airteagail 25(2), 25(2a), 25(2b), 25(2c), 25(5), 25p, 85(6), 89(3b) den Rialachán seo agus, ina theannta sin, do CPLanna Leibhéal 2, agus dóibh siúd amháin, i gcomhréir le hAirteagail 41, 44, 46, 50 agus 54 den Rialachán seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh maidir leis na dréachtchinntí sin i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de 10 lá oibre.
I gcás ina gcuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna tríú tír dréachtchinntí faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí de bhun airteagail nach ionann agus iad siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh i ndáil leis na dréachtchinntí sin i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de 3 lá oibre.
Airteagal 24e
Cuntasacht
CAIBIDIL 4
Caidreamh le tríú tíortha
Airteagal 25
Aitheantas contrapháirtí lárnaigh tríú tír
Ní fhéadfaidh ÚEUM, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3. aitheantas a thabhairt do chontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír a chuir isteach ar aitheantas a fháil seirbhísí imréitigh nó gníomhaíochtaí imréitigh a sholáthar ach amháin i sna cásanna seo a leanas:
go bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6;
go bhfuil an contrapháirtí lárnach údaraithe sa tríú tír ábhartha, agus go bhfuil sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe éifeachtaigh lena n-áirithítear go ndéantar na ceanglais stuamachta atá infheidhme sa tríú tír sin a chomhlíonadh go hiomlán;
go bhfuil socruithe comhair bunaithe de bhun mhír 7;
the CCP is established or authorised in a third country that is not considered, by the Commission in accordance with Directive (EU) 2015/849 of the European Parliament and of the Council ( 16 ), as having strategic deficiencies in its national anti-money laundering and counter financing of terrorism regime that poses significant threats to the financial system of the Union;
níor cinneadh go raibh tábhacht shistéamach leis an CPL nó gur dócha go mbeadh tábhacht shistéamach leis i gcomhréir le mír 2a, rud a fhágann gur CPL Leibhéal 1 atá ann.
Tar éis dul i gcomhairle le BERS agus leis na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3, cinnfidh ESMA an bhfuil tábhacht shistéamach le CPL tríú tír nó an dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis i leith chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit (CPL Leibhéal 2) trí na critéir seo uile a chur san áireamh:
cineál, méid, agus castacht ghnó an CPL san Aontas, agus lasmuigh den Aontas, a mhéid a d’fhéadfadh sin tionchar sistéamach a imirt ar an Aontas nó ar cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, lena n-áirítear:
luach na n-idirbheart a imréitíonn an CPL, i dtéarmaí comhiomlána agus i ngach airgeadra de chuid an Aontais, nó neamhchosaint chomhiomlán an CPL atá i mbun gníomhaíochtaí imréitigh chuig a chomhaltaí imréitigh, agus a mhéid is eol, chuig a gcliaint agus a gcliaint indíreacha atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear i gcás inar ainmnigh Ballstát iad sin mar institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (O-SIInna) de bhun Airteagal 131(3) de Threoir 2013/36/AE; agus
próifíl riosca an CPL, i dtéarmaí inter alia rioscaí dlíthiúla, oibríochtúla, agus gnó;
an éifeacht a bheadh ag cliseadh nó suaitheadh an CPL sin ar na nithe seo a leanas:
margaí airgeadais, lena n-airítear leachtacht na margaí dá bhfóntar;
institiúidí airgeadais;
an córas airgeadais go ginearálta; nó
cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;
struchtúr chomhaltaí imréitigh an CPL, lena n-áirítear, a mhéid is eol sin, struchtúr an líonra de chliaint dhíreacha agus indíreacha atá ag comhaltaí imréitigh an CPL, atá bunaithe san Aontas;
a mhéid is ann do sheirbhísí malartacha imréitigh arna soláthar ag CPLanna eile in ionstraimí airgeadais arna n-ainmniú in airgeadraí de chuid an Aontais do chomhaltaí imréitigh agus, a mhéid is eol sin, dá gcuid cliant díreach agus indíreach atá bunaithe san Aontas;
caidrimh na CPLanna, idirthuilleamaíochtaí na CPLanna agus na hidirghníomhaíochtaí atá nó a bhíonn idir an CPL agus bonneagair eile de chuid an mhargaidh airgeadais, institiúidí airgeadais eile agus an córas airgeadais go ginearálta a mhéid gur dócha go mbeidh tionchar aige ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann nó níos mó de na Ballstáit.
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82 chun na critéir a leagtar amach sa chéad fhomhír a shonrú a thuilleadh faoin 2 eanáir 2021.
Gan dochar do pé toradh a bheidh ar an bpróiseas aitheantais, tar éis dó an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i gcrích, cuirfidh ESMA in iúl don CPL is iarratasóir, laistigh de 30 lá ó chinnfear gurb iomlán d’iarratas an CPL i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 4, cibé acu a mheastar nó nach meastar gur CPL Leibhéal 1 é.
I gcás ina gcinnfidh ESMA go bhfuil tábhacht shistéamach le CPL nó gur dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis (CPL Leibhéal 2) i gcomhréir le mír 2a, ní thabharfaidh sé aitheantas don CPL sin chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí áirithe imréitigh a sholáthar ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas, sa bhreis ar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) go (d) de mhír 2:
comhlíonfaidh an CPL, tráth a n-aithneofar é, agus tar a éis sin ar bhonn leanúnach, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V. I ndáil le comhlíontacht an CPL le hAirteagail 41, 44, 46, 50 agus 54, rachaidh ESMA i gcomhairle leis na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 24b(1). Cuirfidh ESMA san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 25a, a mhéid a chomhlíonann CPL na ceanglais sin trí cheanglais inchomparáide is infheidhme sa tríú tír a chomhlíonadh;
chuir na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 dearbhú i scríbhinn ar fáil do ESMA, laistigh de 30 lá oibre ón gcinneadh nach CPL ar Leibhéal 1 CPL tríú tír i gcomhréir le mír 2a nó tar éis an athbhreithnithe i gcomhréir le mír 5, go gcomhlíonann an CPL na ceanglais seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith forchurtha ag na bainc cheannais eisiúna sin, agus iad i mbun a gcúraimí beartais airgeadaíochta:
pé eolas a iarrfaidh an banc ceannais go cuí réasúnta a thíolacadh, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin faighte cheana féin ag ESMA;
comhoibriú go hiomlán agus go cuí leis an mbanc ceannais eisiúna i gcomhthéacs an mheasúnaithe, arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25b(3), ar theacht aniar an CPL i leith forbairtí dochracha sa mhargadh;
cuntas taisce thar oíche a oscailt sa bhanc ceannais eisiúna nó fógra a thabhairt faoin intinn ceann a oscailt ann, i gcomhréir leis na critéir agus na ceanglais ábhartha rochtana.
na ceanglais sin a chomhlíonadh, arna gcur i bhfeidhm i gcásanna eisceachtúla ag an mbanc ceannais eisiúna, ina inniúlachtaí chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sealadacha leachtachta sistéamacha lena ndéantar difear do tharchur na mbeartas airgeadaíochta nó d’oibriú rianúil córas íocaíochta, agus a bhaineann le rialú rioscaí leachtachta, ceanglais chorrlaigh, comhthaobhacht, socruithe socraíochta nó socruithe idir-inoibritheachta.
Leis na ceanglais dá dtagraítear i bhfophointe (iv), áiritheofar éifeachtúlacht, fóntacht agus teacht aniar na gcontrapháirtithe lárnacha agus déanfar na ceanglais a ailíniú leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V den Rialachán seo.
Beidh cur i bhfeidhm na gceanglas dá dtagraítear i bhfophointe (iv) ina choinníoll don aitheantas ar feadh tréimhse teoranta ama suas le 6 mhí. I gcás ina measfaidh an banc ceannais eisiúna ag deireadh na tréimhse sin go bhfuil an cás eisceachtúil leanúnach, féadfar síneadh a chur le cur i bhfeidhm na gceanglas chun críocha aitheantais uair amháin ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí.
Sula bhforchuirfidh sé na ceanglais dá dtagraítear i bhfophointe (iv) nó sula gcuirfidh sé síneadh lena gcur i bhfeidhm, cuirfidh an banc ceannais eisiúna ESMA, na bainc cheannais eisiúna eile dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 agus comhaltaí choláiste CPLanna tríú tír ar an eolas agus tabharfaidh sé míniú dóibh ar an éifeacht a bheidh ag na ceanglais a bhfuil sé ar intinn aige a fhorchur ar éifeachtúlacht, fóntacht agus teacht aniar CPLanna agus tabharfaidh sé bonn cirt maidir leis an bhfáth a bhfuil na ceanglais riachtanach agus comhréireach chun a áirithiú go dtarchuirfear an beartas airgeadaíochta nó go n-oibreoidh na córais íocaíochta go rianúil maidir leis an airgeadra a eisíonn sé. Cuirfidh ESMA tuairim faoi bhráid an bhainc ceannais eisiúna laistigh de 10 lá oibre ón uair a seolfar na dréachtcheanglais nó an dréachtsíneadh. I gcásanna éigeandála, ní rachaidh an tréimhse thuasluaite thar 24 uair. Ina thuairim, cuirfidh ESMA san áireamh go háirithe éifeachtaí na gceanglas arna bhforchur ar éifeachtúlacht, fóntacht agus teacht aniar an CPL. Féadfaidh na bainc cheannais eile dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 tuairim a thíolacadh laistigh den spriocdháta céanna. Ar thabhairt i gcrích na tréimhse comhairliúcháin, breithneoidh an banc ceannais eisiúna go cuí na leasuithe a mholtar i dtuairimí ESMA nó na mbanc ceannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír (3).
Tabharfaidh an banc ceannais eisiúna scéala freisin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle sula gcuirfidh sé síneadh le cur i bhfeidhm na gceanglas sin dá dtagraítear i bhfophointe (iv).
Comhoibreoidh an banc ceannais eisiúna le ESMA agus leis na bainc cheannais eisiúna eile dá dtagraítear i bhfophointe (f) de mhír 3 agus comhroinnfidh sé faisnéis leo ar bhonn leanúnach maidir leis na ceanglais dá dtagraítear i bhfophointe (iv), go háirithe i ndáil le measúnú ar na rioscaí leachtachta sistéamacha agus ar éifeachtaí na gceanglas forchurtha ar éifeachtúlacht, fóntacht agus teacht aniar CPLanna.
I gcás ina bhforchuirfidh banc ceannais eisiúna aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear sa phointe seo agus aitheantas faighte ag CPL Leibhéal 2, measfar aon cheanglas den sórt sin a bheith ina choinníoll ar aitheantas agus tabharfaidh na bainc cheannais eisiúna dearbhú i scríbhinn do ESMA, laistigh de 90 lá oibre, go gcomhlíonann an CPL an ceanglas.
I gcás nach bhfuil dearbhú i scríbhinn tugtha ag banc ceannais eisiúna do ESMA faoin sprioc-am, féadfaidh ESMA a mheas go bhfuil an ceanglas sin comhlíonta;
tá an méid seo a leanas tugtha ag an CPL do ESMA:
ráiteas scríofa, sínithe ag ionadaí dlíthiúil an CPL sin, ina gcuirfear in iúl go dtoilíonn an CPL gan choinníoll don mhéid seo a leanas:
tuairim réasúnaithe dlí ó shaineolaí neamhspleách dlí á dhearbhú gur bailí don toiliú a tugadh agus gurb in-fhorfheidhmithe faoi na dlíthe ábhartha is infheidhme;
tá na bearta riachtanacha ar fad curtha chun feidhme agus na nósanna imeachta uile is gá curtha ar bun ag an CPL chun a áirithiú go gcomhlíonfar go héifeachtach na ceanglais a leagtar síos i bpointe (a) agus pointe (c);
níl gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2c.
Féadfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le comhaontú ó na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3, i gcomhréir le hAirteagal 24b(3) agus de réir an mhéid tábhachta sistéamaí atá leis an CPL i gcomhréir le mír 2a den Airteagal seo, a chinneadh, ar bhonn measúnú réasúnaithe iomlán, go bhfuil a oiread sin tábhachta sistéamaí le CPL nó le roinnt dá seirbhísí imréitigh nár cheart aitheantas a thabhairt don CPL sin maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí áirithe imréitigh a sholáthar. Ní bhainfidh pé comhaontú a thabharfaidh bainc cheannais eisiúna ach leis an airgeadra a eisíonn sé, agus leis sin amháin; ní bheidh aon bhaint aige leis an moladh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo. Sa mheasúnú uaidh, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:
míneoidh sé cé mar nach dtabharfaí aghaidh go leordhóthanach, le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2b, ar an riosca cobhsaíochta airgeadais don Aontas ná do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;
cuirfidh sé síos ar shaintréithe na seirbhísí imréitigh arna soláthar ag an CPL, lena n-áirítear na ceanglais leachtachta agus socrúcháin fhisiciúil a bhaineann le soláthar na seirbhísí sin;
soláthróidh sé measúnú cainníochtúil teicniúil ar chostais agus sochair agus iarmhairtí aon chinneadh nach n-aithníonn an CPL chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh áirithe a sholáthar, agus cuirfidh sé san áireamh an méid a leanas:
gurb ann d’ionadaithe malartacha féideartha chun na seirbhísí imréitigh lena mbaineann a sholáthar do na comhaltaí imréitigh sna hairgeadraí lena mbaineann, agus a mhéid is eol sin, dá gcliaint dhíreacha agus indíreacha atá bunaithe san Aontas;
na hiarmhairtí a d’eascródh as conarthaí de chuid an CPL, atá fós gan chomhlíonadh, faoi raon feidhme an ghnímh cur chun feidhme.
Ar bhonn an mheasúnaithe uaidh, molfaidh ESMA don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndearbhófar nár cheart aitheantas a thabhairt don CPL sin maidir le seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh áirithe a sholáthar.
Beidh líon íosta de 30 lá oibre, ar a laghad, ag an gCoimisiún ina ndéanfaidh sé an moladh ó ESMA a mheas.
Tar éis dó an moladh dá dtagraítear sa dara fomhír a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún, mura mbeidh an dara rogha ann, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar an méid seo a leanas:
tar éis na tréimhse oiriúnaithe a shonróidh an Coimisiún i gcomhréir le pointe (b) den fhomhír seo, ní ceadmhach don CPL tríú tír sin cuid dá sheirbhísí imréitigh, nó iomlán na seirbhísí sin, a sholáthar do chomhaltaí imréitigh agus ionaid trádála arna mbunú san Aontas ach a n-údarófar é sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14;
tréimhse oiriúnaithe iomchuí don CPL, dá chomhaltaí imréitigh agus dá chliaint. Ní mhairfidh an tréimhse oiriúnaithe níos faide ná 2 bhliain, agus ní ceadmhach síneadh a chur léi, ar feadh 6 mhí, ach uair amháin i gcás inarb ann fós do na cúiseanna a bhí ann an tréimhse oiriúnaithe a dheonú;
na coinníollacha faoina bhféadfaidh an CPL sin leanúint de sheirbhísí imréitigh a sholáthar le linn na tréimhse oiriúnaithe dá dtagraítear i bpointe (b);
aon bhearta a ghlacfar i gcaitheamh na tréimhse oiriúnaithe, chun teorainn a chur leis na costais a d’fhéadfadh a bheith ann do chomhaltaí imréitigh agus dá gcliaint, go háirithe dóibh siúd atá bunaithe san Aontas.
Tráth a mbeidh na seirbhísí agus an tréimhse oiriúnaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den cheathrú fomhír á sonrú, breithneoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
saintréithe na seirbhísí atá á dtairiscint ag an CPL agus a n-inionadaitheacht;
cibé acu a áireofar nó nach n-áireofar, agus a mhéid a dhéanfar sin, idirbhearta imréitithe i raon an ghnímh cur chun feidhme, agus iarmhairtí dlíthiúla agus eacnamaíocha an mhéid sin á gcur san áireamh;
na hiarmhairtí costais a d’fhéadfadh a bheith ann do chomhaltaí imréitigh agus, más eol, dá gcliaint, go háirithe iad siúd atá bunaithe san Aontas.
Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).
Agus measúnú á dhéanamh aige an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 2, rachaidh ESMA i gcomhairle leis na húdaráis seo a leanas:
údarás inniúil an Bhallstáit ina gcuireann an contrapháirtí lárnach seirbhísí imréitigh ar fáil nó ina bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a chur ar fáil agus a bheidh roghnaithe ag an gcontrapháirtí lárnach;
na húdaráis áitiúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an chontrapháirtí lárnaigh atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 42, nó a mheasann an contrapháirtí lárnach go ndéanfaidh siad na ranníocaíochtaí is mó leis an gciste sin, ar bhonn comhiomlán ar feadh tréimhse bliana;
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála atá lonnaithe san Aontas, a soláthraíonn nó a soláthróidh an contrapháirtí lárnach seirbhísí dóibh;
na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha atá bunaithe san Aontas ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;
comhaltaí ábhartha CEBC de chuid na mBallstát ina gcuireann an contrapháirtí lárnach seirbhísí imréitigh ar fáil nó ina bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a chur ar fáil agus comhaltaí ábhartha CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;
bainc cheannais eisiúna aon airgeadra de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn an CPL nó atá le himréiteach ag an CPL
Soláthróidh an contrapháirtí lárnach iarrthach an fhaisnéis uile do ESMA atá riachtanach maidir lena aitheantas. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ESMA spriocdháta síos a mbeidh ar an CPL iarrthach faisnéis bhreise a sholáthar faoi. Déanfaidh ESMA an fhaisnéis uile a fhaigheann sé ón CPL is iarratasóir a tharchur láithreach chuig coláiste do CPLanna tríú tír.
Is ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 maidir le CPLanna Leibhéal 1 agus i bpointí (a) go (d) de mhír 2 agus mír 2b maidir le CPLanna Leibhéal 2 a bhunófar an cinneadh aitheantais. Beidh sé neamhspleách ar aon mheasúnú ar bonn é le cinneadh coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 13(3). Laistigh de 180 lá oibre ón tráth a gcinnfear gurb iomlán don iarratas i gcomhréir leis an dara fomhír, cuirfidh ESMA in iúl i scríbhinn don chontrapháirtí lárnach iarrthach le míniú lán-réasúnaithe, cibé acu a deonaíodh an t-aitheantas nó a diúltaíodh dó.
Foilseoidh ESMA liosta na gcontrapháirtithe lárnacha a aithníodh i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin, ina luafar cibé acu CPLanna Leibhéal 1 nó CPLanna Leibhéal 2 iad.
Déanfaidh ESMA, ar dhul i gcomhairle leis na húdaráis agus eintitis dá dtagraítear i mír 3, athbhreithniú ar an aitheantas a thugtar do CPL atá bunaithe i dtríú tír:
má tá rún ag an CPL sin raon a chuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí a leathnú nó a laghdú san Aontas, cuirfidh an CPL sin in iúl do ESMA agus tíolacfaidh sé gach faisnéis riachtanach; agus
i gcás ar bith, gach 5 bliana, ar a laghad.
Déanfar an t-athbhreithniú sin i gcomhréir le míreanna 2 go 4.
I gcás ina gcinnfidh ESMA, tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, gur cheart CPL tríú tír a aicmíodh mar CPL Leibhéal 1 a aicmiú mar CPL Leibhéal 2, socróidh ESMA tréimhse oiriúnaithe iomchuí nach faide ná 18 mí ar lena linn nach mór don CPL na ceanglais dá dtagraítear i mír 2b a chomhlíonadh. Féadfaidh ESMA síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse oiriúnaithe sin ar iarraidh réasúnaithe ón CPL nó ón údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na comhaltaí imréitigh, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an síniú sin de bharr imthosca eisceachtúla agus impleachtaí do na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas.
Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, lena gcinnfear go ndéanfar an méid seo a leanas:
áiritheofar le socruithe dlí agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonfaidh CPLanna atá údaraithe sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach na ceanglais ar ceangal dlí iad atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV den Rialachán seo;
déanfar maoirseacht agus forfheidhmiú ar na CPLanna sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach;
beidh foráil i gcreat dlí an tríú tír sin maidir le córas coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do CPLanna atá údaraithe faoi chórais dlí tríú tír;
Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi réir chomhlíonadh éifeachtach leanúnach aon cheanglais a leagann aon tríú tír síos sa ghníomh sin agus cumas ESMA a fhreagrachtaí a fheidhmiú go héifeachtach maidir le CPLanna tríú tír ar tugadh aitheantas dóibh faoi mhír 2 agus mír 2b nó maidir leis an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 6b, lena n-áirítear trí bhíthin teacht ar chomhaontú faoi na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 agus iad sin a chur i bhfeidhm.
I gcás ina sainaithneoidh ESMA aon fhorbairt rialála nó maoirseachta sna tríú tíortha sin a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, cuirfidh sé an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa, agus an Chomhairle, agus comhaltaí choláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c ar an eolas gan mhoill. Coinneofar faoi rún an fhaisnéis ar fad den chineál sin.
Cuirfidh ESMA tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin agus chomhaltaí choláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c maidir leis na forbairtí rialála agus maoirseachta sna tríú tíortha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn bliantúil.
Bunóidh ESMA socruithe comhair éifeachtacha le húdaráis inniúla ábhartha na dtríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 6. Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:
an sásra um fhaisnéis a mhalartú idir ESMA, na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar an bhfaisnéis uile a iarrann ESMA maidir leis na CPLanna a údaraítear i dtríú tíortha, amhail athruithe suntasacha ar na múnlaí agus paraiméadair riosca, síneadh gníomhaíochtaí agus seirbhísí CPL, athruithe i struchtúr na gcliantchuntas agus athruithe in úsáid na gcóras íocaíochta a dhéanann difear nach beag don Aontas;
an sásra chun fógra pras a thabhairt do ÚEUM i gcás ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil coinníollacha a údaraithe nó dlí eile á sárú ag contrapháirtí lárnach a bhfuil maoirseacht á déanamh ag an údarás inniúil air, ar coinníollacha iad a bhfuil sé faoina réir;
an sásra lena dtabharfaidh údarás inniúil tríú tír fógra pras do ÚEUM i gcás ina ndéanfar an ceart chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil do chomhaltaí imréitigh nó do chliaint atá bunaithe san Aontas a dheonú do chontrapháirtí lárnach a mbeidh maoirseacht á déanamh ag an údarás inniúil sin air;
na nósanna imeachta a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú, lena n-áirítear comhaontú údarás tríú tír imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a cheadú i gcomhréir le hAirteagail 25g agus 25h faoi seach;
na nósanna imeachta is gá chun go ndéanfar faireachán éifeachtach ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tír;
na nósanna imeachta lena n-áiritheoidh údaráis tríú tír forfheidhmiú éifeachtach na gcinntí a ghlacfaidh ESMA i gcomhréir le hAirteagail 25b, 25f go 25m, 25p agus 25q.
na nósanna imeachta lena gcuirfidh údaráis tríú tír eolas ar fáil gan aon mhoill mhíchuí, do ESMA, don choláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c, agus do na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3, maidir le haon chásanna éigeandála a bhaineann leis an CPL aitheanta, lena n-áirítear forbairtí i margaí airgeadais, a d’fhéadfadh éifeacht dhochrach a bheith acu ar leachtacht an mhargaidh agus ar chobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais nó ceann dá Bhallstáit, agus na nósanna imeachta agus na pleananna teagmhasacha chun dul i ngleic leis na cásanna sin.
toiliú ó na húdaráis sa tríú tír maidir le haon fhaisnéis a tugadh do ESMA a chomhroinnt ina dhiaidh sin faoi chuimsiú na socruithe comhair leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 agus le comhaltaí an choláiste do CPLanna tríú tír, faoi réir na gceanglas rúndachta gairmiúla a leagtar amach in Airteagal 83.
I gcás ina measfaidh ESMA nach ndearna údarás inniúil sa tríú tír oiread agus ceann de na forálacha a leagtar síos i socrú comhair arna bhunú i gcomhréir leis an mír seo a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé sin in iúl faoi rún agus gan mhoill don Choimisiún. I gcás den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an gníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le mír 6 a athbhreithniú.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 25a
Comhlíonadh inchomparáide
Chun a áirithiú go mbeidh cuspóirí rialála na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V agus leasanna an Aontais ar an iomlán curtha san áireamh go héifeachtach sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena sonrófar an méid seo a leanas:
na híoseilimintí atá le measúnú chun críocha mhír 1 den Airteagal seo;
na modúlachtaí agus na coinníollacha maidir le déanamh an mheasúnaithe.
Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le Airteagal 82 faoin 2 Eanáir 2021.
Airteagal 25b
Comhlíonadh leanúnach na gcoinníollacha aitheantais
Iarrfaidh ESMA daingniú ó gach CPL Leibhéal 2 gach bliain ar a laghad go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (c) agus pointe (d) d’Airteagal 25(2b) á gcomhlíonadh fós.
I gcás ina measfaidh banc ceannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) nach bhfuil an choinníoll dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 25(2b) á comhlíonadh ag CPL Leibhéal 2 a thuilleadh, cuirfidh sé fógra faoi sin láithreach chuig ESMA.
Airteagal 25c
Coláiste do CPLanna tríú tír
Is éard a bheidh sa choláiste:
Cathaoirleach an Choiste Maoirseachta do CPLanna, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoláiste;
beirt chomhaltaí neamhspleácha de chuid an Choiste Maoirseachta do CPLanna;
na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22; sna Ballstáit inar n-ainmníodh níos mó ná údarás amháin mar údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 22, tiocfaidh na húdaráis sin ar chomhaontú faoi ionadaí coiteann.
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas;
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála atá bunaithe san Aontas, a soláthraíonn nó a soláthróidh na CPLanna seirbhísí dóibh;
na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar thaisclanna lárnacha urrús atá bunaithe san Aontas a bhfuil na CPLanna nasctha leo nó ina bhfuil sé ar intinn acu a bheith nasctha leo;
comhaltaí CEBC.
Airteagal 25d
Táillí
Gearrfaidh ESMA na táillí seo a leanas ar CPLanna atá bunaithe i dtríú tír i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3:
táillí a bhaineann le hiarratais ar aitheantas de bhun Airteagal 25;
táillí bliantúla a bhaineann le cúraimí ESMA i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir leis na CPLanna a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 82, chun an méid seo a leanas a shonrú a thuilleadh:
gach cineál táille;
pé cúis dar dlite na táillí;
méid na dtáillí;
mar atá na táillí le híoc ag na heintitis seo a leanas:
CPL a dhéanann iarratas ar aitheantas;
CPL aitheanta a aicmítear mar CPL Leibhéal 1 i gcomhréir le Airteagal 25(2);
CPL aitheanta a aicmítear mar CPL Leibhéal 2 i gcomhréir le Airteagal 25(2b).
Airteagal 25e
Na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 25f go 25h a fheidhmiú
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ESMA nó d’aon oifigeach, nó d’aon duine eile a údaróidh ESMA de bhun Airteagail 25f go 25h, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.
Airteagal 25f
Iarraidh ar fhaisnéis
Nuair a bheidh iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh aige faoi mhír 1, léireoidh ESMA an méid seo a leanas:
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
cuspóir na hiarrata;
an fhaisnéis atáthar a iarraidh;
an sprioc-am maidir leis an bhfaisnéis a sholáthar;
cuirfidh sé in iúl don té a n-iarrfar an fhaisnéis air nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil ach, i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nár cheart an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 25j, i dteannta phointe (a) de Roinn V d’Iarscríbhinn III, má bhíonn na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.
Tráth a gceanglaíonn ESMA, trí bhíthin cinnidh, go gcuirfí faisnéis ar fáil faoi mhír 1, léireoidh sé an méid seo a leanas:
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
cuspóir na hiarrata;
an fhaisnéis atáthar a iarraidh;
an sprioc-am maidir leis an bhfaisnéis a sholáthar;
na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a iarradh neamhiomlán;
an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 25j, i dteannta phointe (a) de Roinn V d’Iarscríbhinn III, le haghaidh mainneachtain an fhaisnéis a éileofar a sholáthar nó má bhíonn na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus
an ceart achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair bhord achomhairc ESMA agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘An Chúirt Bhreithiúnais’) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 25g
Imscrúduithe ginearálta
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar CPLanna Leibhéal 2 agus ar thríú páirtithe gaolmhara chuig a bhfuil feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí oibríochtúla seachfhoinsithe ag na CPLanna sin. Chuige sin, cumhachtófar na hoifigigh agus daoine eile a údaróidh ESMA chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forfheidhmiú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
cóipeanna deimhnithe de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin nó den ábhar eile sin a dhéanamh nó a fháil nó sleachta astu siúd a dhéanamh nó a fháil;
CPLanna Leibhéal 2 nó a n-ionadaithe nó a mbaill foirne a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoileoidh go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdúcháin;
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
Féadfaidh na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) a bheith rannpháirteach sna himscrúduithe sin i gcás inarb ábhartha iad i dtaca lena gcúraimí beartais airgeadais a chur i gcrích, ach iarraidh réasúnaithe a thíolacadh chuig ESMA.
Cuirfear an Coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i bhforfheidhmiú a gcúraimí.
Airteagal 25h
Cigireachtaí ar an láthair
Feadfaidh na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) iarraidh réasúnaithe ar ESMA páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair i gcás inarb ábhartha iad maidir lena gcúraimí beartais airgeadaíochta a dhéanamh.
Cuirfear an coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i bhforfheidhmiú a chúraimí.
Déanfaidh na hoifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag ESMA cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
Airteagal 25i
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur
Chun a chuid nó a cuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 25f agus chun imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25g agus le hAirteagal 25h. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 25e.
Nuair a bheidh a chúraimí nó a cúraimí á gcur i gcrích aige nó aici, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ESMA ina ghníomhaíochtaí.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe faoin Airteagal seo.
Airteagal 25j
Fíneálacha
Measfar go ndearna CPL sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an CPL nó a bhainistíocht shinsearach d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí géaraitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm ar an méid bunúsach. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann, mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith, a chur leis an méid bunúsach.
Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí maolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm ar an méid bunúsach. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann, mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith, a dhealú ón méid bunúsach.
Maidir le gníomh nó neamhghníomh CPL, i gcás ina bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
Airteagal 25k
Íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis
Déanfaidh ESMA, trí bhíthin cinnidh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur d’fhonn iallach a chur:
ar CPL Leibhéal 2 deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun phointe (a) d’Airteagal 25q(1);
ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 25f(1) faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í arna hiarraidh trí bhíthin cinnidh de bhun Airteagal 25f;
ar CPL Leibhéal 2:
géilleadh d’imscrúdú agus go háirithe do thaifid, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna seoladh trí bhíthin cinneadh de bhun Airteagal 25g a chomhlánú agus a cheartú; nó
géilleadh do chigireacht ar an láthair arna ordú trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 25h.
Airteagal 25l
Daoine lena mbaineann a éisteacht
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo i gcás ina mbeidh gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ESMA cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.
Airteagal 25m
Nochtadh, nádúr, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha
Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéanfar an forfheidhmiú.
Airteagal 25n
Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais
Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir ESMA fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchuirfear a chealú, a ísliú, nó a mhéadú.
Airteagal 25o
Leasuithe ar Iarscríbhinn IV
Chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 maidir le bearta a ghlacadh chun Iarscríbhinn IV a leasú.
Airteagal 25p
Aitheantas a tharraingt siar
Gan dochar d’Airteagal 25q, agus faoi réir na míreanna seo a leanas, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 25(3), tarraingeoidh ESMA siar cinneadh aitheantais arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 sna cásanna seo a leanas:
i gcás nár úsáid an CPL lena mbaineann an t-aitheantas faoi cheann 6 mhí, inar thréig sé an t-aitheantas go sainráite nó inar scar sé de bheith i mbun gnó le níos mó ná 6 mhí anuas;
i gcás ina bhfuair an CCP lena mbaineann aitheantas trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó trí aon mhodh neamhrialta eile;
i gcás inar sháraigh an CPL lena mbaineann go tromchúiseach córasach aon cheann de na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos in Airteagal 25 nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh aon cheann de na coinníollacha sin agus, in aon cheann de na cásanna sin, nach ndearna sé an ghníomhaíocht feabhais a d’iarr ESMA faoi cheann tréimhse a socraíodh go hiomchuí a mhairfidh suas le 6 mhí ar a mhéad;
i gcás nach bhfuil ESMA in ann a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo maidir leis an CPL lena mbaineann a fheidhmiú go héifeachtach, de bharr nár chuir údarás tríú tír an CPL an fhaisnéis uile is ábhartha ar fáil do ESMA ná nach ndeachaigh sé i gcomhar le ESMA i gcomhréir le hAirteagal 25(7);
i gcás inar tarraingíodh siar nó inar cuireadh ar fionraí an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6), nó nach gcomhlíontar a thuilleadh aon choinníollacha a bhaineann leis.
Féadfaidh ESMA tarraingt siar an aitheantais a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, gníomhaíocht, nó aicme ionstraimí airgeadais ar leith.
Agus dáta theacht i bhfeidhm an chinnidh an t-aitheantas a tharraingt siar á chinneadh aige, déanfaidh ESMA a dhícheall aon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh a íoslaghdú agus déanfaidh sé foráil do thréimhse oiriúnaithe iomchuí nach mairfidh níos faide ná 2 bhliain.
Má chinneann ESMA nach ndearnadh gníomhaíocht feabhais faoi cheann na huastréimhse 6 mhí a socraíodh faoi phointe (c) den chéad fhomhír den Airteagal seo nó nach bhfuil an beart a rinneadh iomchuí, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 25(3), tarraingeoidh ESMA siar an cinneadh aitheantais.
Airteagal 25q
Bearta maoirseachta ag ESMA
I gcás ina ndéanfaidh ESMA amach, i gcomhréir le hAirteagal 25i(5), go ndearna CPL Leibhéal 2 ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí seo a leanas:
a cheangal ar an CPL deireadh a chur leis an sárú;
fíneálacha a fhorchur faoi Airteagal 25j;
fógraí poiblí a eisiúint;
aitheantas an CPL a tharraingt siar, nó an t-aitheantas atá aige i dtaca le seirbhís, gníomhaíocht nó aicme ionstraimí airgeadais ar leith a tharraingt siar, faoi Airteagal 25p.
Agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ESMA cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
fad agus minicíocht an tsáraithe;
ar nochtadh leis an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta an CPL nó ina chórais bhainistithe nó sna rialuithe inmheánacha;
an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.
Nuair a bheidh a chinneadh, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, á phoibliú aige, poibleoidh ESMA freisin go bhfuil an ceart ag an CPL lena mbaineann achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh, an fíoras, i gcás inarb ábhartha, gur taisceadh achomharc den sórt sin, á shonrú nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin agus go bhfuil bord achomhairc ESMA ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
TEIDEAL IV
CEANGLAIS AR CHONTRAPHÁIRTITHE LÁRNACHA
CAIBIDIL 1
Ceanglais Eagrúcháin
Airteagal 26
Forálacha Ginearálta
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 27
Lucht bainistíochta sinsearaí agus an bord
Beidh saineolas leordhóthanach ar sheirbhísí airgeadais, seirbhísí bainistithe riosca agus seirbhísí imréitigh ag comhaltaí bord an chontrapháirtí lárnaigh, lena n-áirítear a chomhaltaí neamhspleácha, agus beidh dea-cháil a ndóthain orthu.
Airteagal 28
Coiste riosca
Airteagal 29
Taifead a choimeád
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin rialála cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 30
Scairshealbhóirí agus comhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu
Airteagal 31
Faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis inniúla
Más dócha go ndéanfaidh iompar comhalta den bhord dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh, déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta is iomchuí, agus a bhféadfadh sé a bheith ar áireamh an comhalta sin a bhriseadh ón mbord.
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach i gcontrapháirtí lárnach (“an díoltóir beartaithe”) a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don údarás inniúil ar dtús ina thaobh sin, agus tabharfaidh sé méid an tsealúchais atá beartaithe le fios. Tabharfaidh duine den sórt sin fógra don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an contrapháirtí lárnach de bheith mar fhochuideachta an duine sin.
Ar shlí phras agus laistigh de dhá lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa mhír seo a fháil, agus ón bhfhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, admhóidh an t-údarás inniúil i scríbhinn chuig an bhfaighteoir beartaithe nó chuig an díoltóir, go bhfuil sé faighte aige.
Beidh 60 lá oibre ar a mhéad ag an údarás inniúil ón dáta a n-admhófar i scríbhinn go bhfuil an fógra agus na doiciméid ar fad atá ag gabháil leis an bhfógra faighte aige ar bhonn an liosta dá dtagraítear in Airteagal 32(4) (“an tréimhse um measúnú”), chun an measúnú a dhéanamh a ndéantar foráil dó in Airteagal 32(1) (“an measúnú”).
Cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe ar an eolas faoi dháta éagtha na tréimhse um measúnú nuair a admhóidh sé go bhfuil an fógra faighte.
Brisfear an tréimhse um measúnú ar feadh tréimhse idir dáta an iarratais ar fhaisnéis ón údarás inniúil agus an dáta a bhfaighidh an faighteoir beartaithe an freagra. Ní sháróidh an briseadh 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarratais bhreise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú faisnéise ach ní gá go mbrisfear an tréimhse um measúnú dá bharr.
Féadfaidh an t-údarás inniúil an briseadh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 a fhadú suas le 30 lá oibre ar a laghad i gcás ina bhfuil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe:
lonnaithe nó rialaithe lasmuigh den Aontas;
ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil faoi réir maoirseachta faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 73/239/CEE, Treoir 92/49/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1992 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach seachas árachas saoil ( 17 ), nó Treoracha 2002/83/CE, 2003/41/CE, 2004/39/CE, 2005/68/CE, 2006/48/CE, 2009/65/CE nó 2011/61/AE.
Airteagal 32
Measúnú
I gcás ina bhfuil an fógra a ndéantar foráil dó in Airteagal 31(2) agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(3) á measúnú, déanfaidh an t-údarás inniúil, oiriúnacht an fhaighteora bheartaithe agus fóntacht airgeadais na héadála beartaithe a mheas maidir le seo a leanas d'fhonn bainistiú fónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh ina bhfuil an éadáil bheartaithe a áirithiú, agus ag féachaint don tionchar is dócha a bheidh ag an bhfaighteoir beartaithe ar an gcontrapháirtí lárnach:
dea-cháil agus fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe;
clú agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar an éadáil bheartaithe;
an mbeidh an contrapháirtí lárnach in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;
an bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir 2005/60/CE nó iarracht air á déanamh, nó go bhféadfadh an éadáil bheartaithe an riosca ina leith a mhéadú.
I gcás ina bhfuil fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe á mheasúnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith ar an gcineál gnó a dhéantar agus atáthar ag brath a dhéanamh sa chontrapháirtí lárnach ina bhfuil an éadáil beartaithe.
I gcás ina bhfuil inniúlacht an chontrapháirtí lárnaigh an Rialachán seo a chomhlíonadh á mheasúnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith air i dtaobh an bhfuil struchtúr ag an ngrúpa a mbeidh sé mar chuid de lenar féidir maoirseacht éifeachtach a dhéanamh, faisnéis a mhalartú go héifeachtach i measc na n-údarás inniúil agus leithdháileadh na bhfreagrachtaí i measc na n-údarás inniúil a chinneadh.
Beidh measúnú an údaráis inniúil maidir leis an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(3) faoi réir tuairim ón gcoláiste de bhun Airteagal 19.
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla iomchuí go dlúth le chéile nuair a bheidh an measúnú á dhéanamh i gcás inar ceann díobh seo a leanas an faighteoir beartaithe:
contrapháirtí lárnach eile, institiúid chreidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile;
máthairghnóthas contrapháirtí lárnaigh eile, institiúid chreidmheasa gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile;
duine nádúrtha nó dlítheanach a rialaíonn contrapháirtí lárnach eile, institiúid chreidmheasa gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córais socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile.
Airteagal 33
Coinbhleachtaí leasa
Cuimseoidh na socruithe i scríbhinn arna mbunú i gcomhréir le mír 1 an méid seo a leanas:
na cúinsí ar coinbhleacht leasa iad nó a d'fheadfadh coinbhleacht leasa a chur faoi deara, lena mbaineann baol ábhartha damáiste do leasanna ceann amháin nó níos mó de na comhaltaí imréitigh nó de na cliaint;
nósanna imeachta a bheidh le leanúint agus bearta le glacadh leo d'fhonn coinbhleacht den chineál sin a bhainistiú.
Airteagal 34
Leanúnachas gnó
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 35
Eisfhoinsiú
I gcás ina ndéanann contrapháirtí lárnach feidhmeanna oibríochtúla, seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú, leanfaidh sé de bheith freagrach go hiomlán as a oibleagáidí go léir a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus áiritheoidh sé na nithe seo a leanas i gcónaí:
ní tharmligtear freagrachtaí an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar eisfhoinsiú;
ní thagann athrú ar chaidreamh agus oibleagáidí an chontrapháirtí lárnaigh i leith a chomhaltaí imréitigh ná i gcás inarb ábhartha, i leith a gcliant;
ní athróidh na coinníollacha chun contrapháirtí lárnach a údarú;
ní chuirtear cosc le heisfhoinsiú ar fheidhmeanna maoirseachta ná formhaoirseachta a fheidhmiú, lena n-áirítear rochtain ar an láithreán a bheith ar fáil ar fhaisnéis atá ag teastáil chun na sainorduithe sin a chomhlíonadh;
ní fhágtar an contrapháirtí lárnach gan na córais agus rialtáin atá de dhíth chun na rioscaí a bhfuil aghaidh le thabhairt orthu a bhainistiú de thoradh eisfhoinsiú;
déanfaidh an soláthraí seirbhísí ceanglais um leanúnachas gnó a chur chun feidhme a bheadh coibhéiseach leis na ceanglais nach foláir do chontrapháirtí lárnach a chomhlíonadh faoin Rialachán seo;
coinníonn an contrapháirtí lárnach an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear, ar leordhóthanacht caipitil an tsoláthraí seirbhísí agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna eisfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le heisfhoinsiú a bhainistiú agus déanann sé maoirseacht ar na feidhmeanna sin agus na rioscaí sin a bhainistiú ar bhonn leanúnach;
bíonn rochtain dhíreach ag an gcontrapháirtí lárnach ar fhaisnéis ábhartha na bhfeidhmeanna eisfhoinsithe;
bíonn an soláthraí seirbhísí ag comhoibriú go díreach leis an údarás inniúil maidir leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe;
tugann an soláthraí seirbhísí cosaint d'aon fhaisnéis rúnda a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach agus lena chomhaltaí imréitigh agus cliaint nó, i gcás ina mbeidh an soláthraí seirbhísí bunaithe i dtríú tír, áirithíonn sé go mbeidh na caighdeáin um chosaint sonraí an tríú tír sin, nó na caighdeáin a leagtar síos sa chomhaontú idir na tíortha lena mbaineann, inchomparáide leis na caighdeáin um chosaint sonraí atá i bhfeidhm san Aontas.
Ní dhéanfaidh CPL mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca a sheachfhoinsiú mura mbeidh an seachfhoinsiú sin formheasta ag an údarás inniúil. Beidh an cinneadh ón údarás inniúil faoi réir tuairim ón gcoláiste de bhun Airteagal 19.
CAIBIDIL 2
Rialacha maidir le Gnó a Dhéanamh
Airteagal 36
Forálacha Ginearálta
Airteagal 37
Ceanglais rannpháirtíochta
Cuirfidh an CPL an t-údarás inniúil ar an eolas maidir le haon fhorbairt dhiúltach shuntasach maidir le próifíl riosca aon cheann dá chomhaltaí imréitigh arna cinneadh i gcomhthéacs mheasúnú an CPL dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó aon mheasúnú eile le conclúid chomhchosúil, lena n-áirítear aon mhéadú ar an riosca a thugann aon chomhaltaí imréitigh dá chuid chuig an CPL, a mheasann an CPL go bhféadfadh an riosca sin nós imeachta mainneachtana a ghníomhachtú.
Airteagal 38
Trédhearcacht
Tabharfaidh contrapháirtí lárnach cuntas go leithleach i dtaobh chostas agus ioncaim na seirbhísí a sholáthraítear agus nochtfaidh sé an fhaisnéis sin don údarás inniúil.
Nochtfaidh contrapháirtí lárnach go poiblí líon na n-idirbheart a imréitítear i leith gach aicme díorthaigh arna himréiteach ag an gcontrapháirtí lárnach ar bhonn comhiomlán.
Cuirfidh contrapháirtí lárnach faisnéis maidir leis na samhlacha corrlaigh tosaigh a úsáideann sé ar fáil dá chomhaltaí imréitigh. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:
míniú soiléir ar dhearadh na samhla corrlaigh tosaigh agus an dóigh ina n-oibríonn sí;
míniú soiléir ar phríomhthoimhdí agus príomhtheorainneacha na samhla corrlaigh tosaigh agus na cúinsí faoi nach bhfuil na toimhdí sin bailí a thuilleadh;
tá sé doiciméadaithe.
Airteagal 39
Leithscaradh agus iniomparthacht
Comhlíontar an ceanglas sócmhainní agus suíomhanna a idirdhealú i gcuntais leis an gcontrapháirtí lárnach má chloítear leis na coinníollacha seo a leanas:
taifeadtar na sócmhainní agus suíomhanna i gcuntais leithleacha;
cuirtear cosc ar shuíomhanna a thaifeadtar ar chuntais éagsúla a ghlanadh;
ní nochtar na sócmhainní lena gcumhdaítear na suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas do chaillteanais atá nasctha le suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas eile.
CAIBIDIL 3
Ceanglais Stuamachta
Airteagal 40
Neamhchosaint a bhainistiú
Déanfaidh contrapháirtí lárnach a neamhchosaint leachtachta agus creidmheasa ar gach comhalta imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí ar chontrapháirtí lárnach eile a bhfuil socrú idir-inoibritheachta déanta aige leis a thomhas agus a mheasúnú ar bhonn fíorama nó ar bhonn ama atá gar dó. Beidh fáil ag contrapháirtí lárnach ar na foinsí praghsála ábhartha go tráthúil agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach chun a neamhchosaintí a thomhas go héifeachtach. Is ar bhonn costais réasúnaigh a dhéanfar é sin.
Airteagal 41
Ceanglais éarlaise
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 42
Ciste mainneachtana
Suífidh an contrapháirtí lárnach méid íosta nach rachaidh méid an chiste mainneachtana, ar aon chúinse, faoina bhun.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 43
Acmhainní eile airgeadais
Airteagal 44
Rialuithe riosca leachtachta
Tomhaisfidh contrapháirtí lárnach, ar bhonn laethúil, na riachtanais leachtachta a d'fhéadfadh a bheith aige. Cuirfear san áireamh ann an riosca leachtachta a bheadh ann tar éis mhainneachtain an dá chomhalta imréitigh ar a laghad, a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 45
Mainneachtain i bhfoirm chascáide
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 45a
Srianta sealadacha i gcás teagmhas suntasach neamh-mhainneachtana
I gcás teagmhas suntasach neamh-mhainneachtana mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23, féadfaidh an t-údarás inniúil ceangal a chur ar an CPL staonadh ó aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas ar feadh tréimhse a shonróidh an t-údarás inniúil, ar tréimhse í nach faide ná cúig bliana:
íocaíocht díbhinne a dhéanamh nó gealltanas neamh-inchúlghairthe a thabhairt chun íocaíocht díbhinne a dhéanamh, ach amháin i gcás cearta i leith díbhinní dá dtagraítear go sonrach i Rialachán (AE) 2021/23 mar chineál cúitimh;
aischeannach gnáthscaireanna;
oibleagáid a chruthú luach saothair inathraitheach mar a shainítear i mbeartas luacha saothair an CPL de bhun Airteagal 26(5) den Rialachán seo, sochair phinsin lánroghnacha nó pacáistí téarfa a íoc leis an lucht bainistíochta sinsearaí mar a shainmhínítear i bpointe 29 d’Airteagal 2 den Rialachán seo.
Ní chuirfidh an t-údarás inniúil srian ar an CPL i dtaobh aon cheann de na gníomhaíochtaí sa chéad fhomhír a dhéanamh, má tá oibleagáid dhlíthiúil ar an CPL an ghníomhaíocht sin a dhéanamh agus má bunaíodh an oibleagáid roimh na teagmhais de bhun na chéad fhomhíre.
Airteagal 46
Ceanglais maidir le comhthaobhacht
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, le BERS agus le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar:
an cineál comhthaobhachta ar féidir é a mheas a bheith fíorleachtach, amhail airgead tirim, ór, bannaí rialtais agus bannaí ardcháilíochta corparáide agus, bannaí faoi chumhdach,
na caolchorrlaigh dá dtagraítear i mír 1; agus,
na coinníollacha faoina bhféadfar na ráthaíochtaí bainc thráchtála a ghlacadh mar chomhthaobhacht faoi mhír 1.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 47
Beartas infheistíochta
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 48
Nósanna imeachta mainneachtana
Airteagal 49
Athbhreithniú ar shamhlacha, tástáil struis agus aistástáil
Beidh na samhlacha agus na paraiméadair a ghlacfar, lena n-áirítear aon athrú suntasach orthu, faoi réir tuairim ón gcoláiste i gcomhréir leis na míreanna seo a leanas.
Áiritheoidh ESMA go dtabharfar an fhaisnéis maidir le torthaí na dtástálacha struis do na hÚMEnna, don Chóras Eorpach Banc Ceannais agus don bhord réitigh aonair chun iad a chumasú neamhchosaint na ngnóthas airgeadais ar mhainneachtain na CPLanna a mheasúnú.
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, na húdaráis inniúla ábhartha eile agus le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:
na cineálacha tástálacha a bheidh le déanamh le haghaidh aicmí éagsúla d'ionstraimí airgeadais agus punanna;
rannpháirtíocht comhaltaí imréitigh nó páirtithe eile sna tástálacha;
minicíocht na dtástálacha;
tréimhse ionchais na dtástálacha;
an fhaisnéis ríthábhachtach dá dtagraítear i mír 3.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Eanáir 2021.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 50
Socraíocht
CAIBIDIL 4
Ríomhanna agus tuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 575/2013
Airteagal 50a
Ríomh an KCPL
Déanfaidh CPL an caipiteal hipitéiseach a ríomh mar seo a leanas:
nuair:
KCCP |
= |
an caipiteal hipitéiseach |
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an comhalta imréitigh in iúl |
EADi |
= |
méid neamhchosanta an chontrapháirtí lárnaigh ar an gcomhalta imréitigh i, lena n-áirítear idirbhearta an chomhalta imréitigh féin leis an gcontrapháirtí lárnach, idirbhearta cliant arna ráthú ag an gcomhalta imréitigh, luachanna uile comhthaobhachta arna sealbhú ag an gcontrapháirtí lárnach, lena n-áirítear ranníocaíocht réamh-mhaoinithe le ciste mainneachtana an chomhalta imréitigh, i gcoinne na n-idirbheart sin, maidir leis an luacháil ag deireadh an dáta tuairiscithe rialála sula malartófar an glao a dhéanfar ar chorrlach nuair a dhéanfar an glao deiridh ar chorrlach an lá sin; |
RW |
= |
ualú riosca 20 %; agus |
cóimheas caipitil |
= |
8 %. |
Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla maidir le cur i bhfeidhm lena sonrófar na gnéithe seo a leanas chun críocha mír 3:
minicíochtaí agus dátaí na ríomhanna a leagtar síos i mír 2;
cásanna ina bhféadfadh údarás inniúil institiúide atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh minicíochtaí níos airde de ríomh agus de thuairisciú ná na cinn dá dtagraítear i bpointe (a) a iarraidh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 01.01.14.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.'
Airteagal 50b
Rialacha ginearálta maidir le ríomh an KCCP
Chun críocha KCCP a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 50a(2), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
déanfaidh contrapháirtithe lárnacha luach a neamhchosaintí ar a gcomhaltaí imréitigh a ríomh mar seo a leanas:
le haghaidh neamhchosaintí a eascróidh as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d'Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha an luach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 3 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí den Rialachán sin trí úsáid a bhaint as tréimhse corrlaigh faoi riosca deich lá gnó;
le haghaidh neamhchosaintí a eascróidh as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear i bpointe (b) d'Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha an luach (EADi) a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
EADi = max{EBRMi – IMi – DFi; 0}
nuair:
EADi |
= |
an luach neamhchosanta |
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an comhalta imréitigh in iúl: |
EBRMi |
= |
luach na neamhchosanta roimh mhaolú an riosca atá cothrom le luach neamhchosanta an chontrapháirtí lárnaigh ar an gcomhalta imréitigh i a thiocfaidh as gach conradh agus idirbheart leis an gcomhalta imréitigh sin, arna ríomh gan an chomhthaobhacht a bhreacann an comhalta imréitigh sin a chur san áireamh; |
IMi |
= |
an corrlach tosaigh arna bhreacadh ag comhalta imréitigh i leis an gcontrapháirtí lárnach; |
DFi |
= |
ranníocaíocht réamh-mhaoinithe an chomhalta imréitigh le ciste mainneachtana i. |
Maidir leis na luachanna uile atá san fhoirmle sin, bainfidh siad leis an luacháil ag deireadh an lae sula malartófar an corrlach a glaodh ar ghlao corrlaigh deireanach an lae sin;
le haghaidh cásanna dá dtagraítear sa tríú habairt den dara fomhír d'Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh contrapháirtithe lárnacha luach na n-idirbheart dá dtagraítear sa chéad abairt den fhomhír sin i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i bpointe (a)(ii) den Airteagal seo, agus cinnfidh siad EBRMi i gcomhréir le Teideal V de Chuid a Trí den Rialachán sin;
maidir le hinstitiúidí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is ionann na tacair ghlanluachála agus iad siúd a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 272 den Rialachán sin;
déanfaidh contrapháirtí lárnach a bhfuil neamhchosaintí aige ar chontrapháirtí lárnach amháin nó níos mó na neamhchosaintí sin a láimhseáil amhail is gur neamhchosaintí ar chomhaltaí imréitigh iad agus cuirfidh sé aon chorrlach nó ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe a fhaightear ó na contrapháirtithe lárnacha sin san áireamh chun KCCP a ríomh;
measfaidh contrapháirtí lárnach a bhfuil socrú conarthach ceangailteach i bhfeidhm aige lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile a fhaightear óna chomhaltaí imréitigh, nó cuid de, a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe, measfaidh sé an corrlach tosaigh sin a bheith ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe chun críocha an ríofa i mír 1 agus ní ina chorrlach tosaigh;
i gcás ina sealbhófar comhthaobhacht i gcoinne cuntas ina bhfuil níos mó ná ceann amháin de na cineálacha conartha agus idirbhirt dá dtagraítear in Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) 575/2013, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha an corrlach tosaigh a sholáthróidh a gcomhaltaí imréitigh nó a gcliaint, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le EADanna na gcineálacha conartha agus idirbhirt arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo, gan an corrlach tosaigh a chur san áireamh sa ríomh;
déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil níos mó ná aon chiste mainneachtana amháin acu ríomh ar gach ciste mainneachtana ina aonar;
i gcás ina gcuireann comhalta imréitigh seirbhísí imréitigh ar fáil do chliaint, agus ina gcoinnítear idirbhearta agus comhthaobhacht na gcliant atá ag an gcomhalta imréitigh i bhfochuntais ar leith atá dealaithe ó na cinn a bhaineann le gnólacht dhílsithe an chomhalta imréitigh, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha EADi a ríomh i gcomhair gach fochuntas ar leithligh agus déanfaidh siad EADi iomlán an chomhalta imréitigh a ríomh mar shuim EADanna na bhfochuntas cliant agus EAD fhochuntas gnólachta dílsithe an chomhalta imréitigh;
chun críocha phointe (f), i gcás nach roinntear DFi idir fochuntais na gcliant agus fochuntais gnólachta dílsithe an chomhalta imréitigh, cionroinnfidh na contrapháirtithe lárnacha DFi in aghaidh an fhochuntais de réir an chodáin áirithe atá ag corrlach tosaigh an fhochuntais sin i ndáil leis an gcorrlach tosaigh iomlán arna bhreacadh ag an gcomhalta imréitigh nó i gcomhair chuntas an chomhalta imréitigh;
ní dhéanfaidh na contrapháirtithe an ríomh i gcomhréir le hAirteagal 50a(2) lena leagtar amach gur in airgead tirim amháin a chumhdaíonn an ciste mainneachtana idirbhearta.
Chun críocha phointe (a)(ii) den Airteagal seo, bainfidh an contrapháirtí úsáid as an modh a shonraítear in Airteagal 223 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus coigeartuithe maoirseachta luaineachta a leagtar amach in Airteagal 224 den Rialachán sin chun luach na neamhchosanta a ríomh.
Airteagal 50c
Faisnéis a thuairisciú
Chun críocha Airteagal 308 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013curtha isteach ag OP], tuairisceoidh an contrapháirtí lárnach an fhaisnéis seo a leanas chuig na comhaltaí imréitigh sin atá aige agus atá ina n-institiúidí agus chuig a údaráis inniúla.
an caipiteal hipitéiseach (KCPL);
suim na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe (DFCM);
suim a acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe a bhfuil ceangal air a úsáid - de réir an dlí nó mar gheall ar chomhaontú conarthach lena chomhaltaí imréitigh - chun a chaillteanais a chumhdach mar gheall ar mhainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh sula n-úsáideann sé ranníocaíochtaí ciste mainneachtana na gcomhaltaí imréitigh eile (DFCPL).
▼M13 —————
Nuair atá níos mó ná aon chiste mainneachtana amháin ag contrapháirtí lárnach, déanfaidh sé an fhaisnéis a thuairisciú sa chéad fhomhír maidir le gach ciste mainneachtana ina aonar
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn an méid seo a leanas a shonrú:
an teimpléad aonfhoirmeach chun críocha an tuairiscithe arna sonrí i mír 1;
minicíochtaí agus dátaí an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 2;
cásanna ina bhféadfadh údarás inniúil institiúide atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh minicíochtaí níos airde de thuairisciú ná na cinn dá dtagraítear i bpointe (b) a iarraidh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 50d
Ríomh na n-ítímí sonracha a bheidh le tuairisciú ag an gcontrapháirtí lárnach
Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
Nuair a fhéachtar leis faoi rialacha an chontrapháirtí lárnaigh go n-úsáidfidh sé cuid nó iomlán a n-acmhainní airgeadais taobh leis na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe óna chomhaltaí imréitigh i gcaoi lena bhfágtar na hacmhainní sin ar chomhchéim le ranníocaíochtaí réamh-mhaointihe ó chomhalta imréitigh i dtéarmaí conas a ionsúitear na caillteanais a thabhaíonn an contrapháirtí lárnach i gcás mainneachtana nó dócmhainneachta ag ceann amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí imréitigh, cuirfidh an contrapháirtí lárnach méid comhfhreagrach na n-acmhainní sin leis an DFCM;
a chur le méid iomlán na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe (DF) mar seo a leanas:
.
▼M13 —————
TEIDEAL V
SOCRUITHE IDIR-INOIBRITHEACHTA
Airteagal 51
Socruithe idir-inoibritheacha
Airteagal 52
Bainistiú riosca
Déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha sin atá ag déanamh socraithe idir-inoibritheachta:
beartais leordhóthanacha, nósanna imeachta leordhóthanacha agus córais leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun rioscaí a eascraíonn ón socrú a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú ionas go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh ar shlí thráthúil;
comhaontú a dhéanamh faoina gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach, lena n-áirítear an dlí is infheidhme a rialaíonn an caidreamh eatarthu;
rioscaí creidmheasa agus leachtachta a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú go héifeachtach ionas nach mbeidh tionchar ag mainneachtain comhalta imréitigh contrapháirtí lárnaigh amháin ar chontrapháirtí lárnach idir-inoibritheach;
an idirthuilleamaíocht agus na comhghaoil a d'fheadfadh teacht chun cinn ó shocrú idir-inoibritheachta agus a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chreidmheas agus na rioscaí leachtachta a bhaineann le comhdhlúthú comhaltaí imréitigh agus le hacmhainní comhroinnte airgeadais, iad sin a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus dul i ngleic leo.
Chun críocha phointe (b), den chéad fhomhír úsáidfidh contrapháirtithe lárnacha na rialacha céanna maidir leis an bpointe a dtagann orduithe aistrithe isteach ina gcórais faoi seach mar aon leis an bpointe do-athraitheachta mar atá leagtha amach i dTreoir 98/26/CE, i gcás ina bhfuil siad ábhartha.
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, beidh cuntas imlíne i dtéarmaí an tsocraithe faoi conas a bhainisteofar iarmhairt na mainneachtana sa chás go loiceann ceann de na comhpháirtithe lárnacha a bhfuil socrú idir-inoibritheachta curtha i gcrích leis.
Chun críocha phointe (d), den chéad fhomhír, beidh smacht daingean faoin socrú ag na comhpháirtithe lárnacha ar athúsáid comhthaobhachta na gcomhaltaí imréitigh, má cheadaíonn na húdaráis inniúla a leithéid. Tabharfar breac-chuntas sa chomhaontú ar conas a tugadh aghaidh ar na rioscaí sin agus cuirfear cuimsiú leordhóthanach agus an gá maidir le teorainn a chur le tadhlacht san áireamh.
Airteagal 53
Corrlaigh a sholáthar idir chontrapháirtithe lárnacha
Airteagal 54
Socruithe idir-inoibritheachta a fhormheas
Ullmhóidh ÚEUM dréachtaí do na treoirlínte nó na moltaí sin tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC.
TEIDEAL VI
STÓRTHA TRÁDÁLA A CHLÁRÚ AGUS MAOIRSEACHT A DHÉANAMH ORTHU
CAIBIDIL 1
Coinníollacha agus Nósanna Imeachta maidir le stór trádála a chlárú
Airteagal 55
Stór trádála a chlárú
Airteagal 56
Iarratas ar chlárúchán
Chun críocha Airteagal 55(1) déanfaidh stór trádála ceann amháin díobh seo a leanas a chur faoi bhráid ÚEUM:
iarratas ar chlárú;
iarratas ar shíneadh ama ar an gclárú i gcás ina bhfuil an stór trádála cláraithe cheana faoi Chaibidil III de Rialachán (AE) 2015/2365.
Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar faoi.
Tar éis do ÚEUM a mheasúnú go bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don stór trádála.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ceapfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an méid seo a leanas:
mionsonraí an iarratais maidir leis an gclárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;
mionsonraí iarratais shimplithe ar shíneadh ama ar an gclárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh ina sonrófar an méid seo a leanas:
formáid an iarratais ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;
formáid an iarratais ar shíneadh ama ar an gclárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.
Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, ceapfaidh ÚEUM formáid shimplithe.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 57
Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus dul i gcomhairle leo roimh chlárú
Airteagal 58
An t-iarratas a scrúdú
Airteagal 59
Fógra a thabhairt faoin chinntí ÚEUM i ndáil le clárú
Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan aon mhoill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 57(1) faoina chinneadh.
Airteagal 60
Na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 61 go hAirteagal 63 a fheidhmiú
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM nó d'aon oifigeach nó d'aon duine eile a údaróidh ÚEUM faoi Airteagal 61 go hAirteagal 63, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.
Airteagal 61
Iarraidh ar fhaisnéis
Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
cuirfidh sé in iúl don té a n-iarrtar an fhaisnéis air nach mbeidh sé de cheanglas air an fhaisnéis sin a chur ar fáil, ach i gcás go dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nár cheart go mbeadh an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil mícheart ná míthreorach; agus
léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (a) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.
Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
sonróidh sé na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 66 i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éileofar tugtha ar aird go neamhiomlán;
léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (a) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus
sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 62
Imscrúduithe ginearálta
Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1). Chuige sin, cumhachtófar do na hoifigigh agus do na daoine eile a údaróidh ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
cóipeanna cleamhnaithe a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
aon duine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) nó a n-ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
Airteagal 63
Cigireachtaí ar an láthair
Airteagal 64
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur
Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 61 agus chun imscrúduithe a sheoladh agus chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 62 agus le hAirteagal 63. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 60.
Nuair a bheidh a chúraimí á gcur i gcrích aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí.
Glacfar na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82.
Airteagal 65
Fíneálacha
Measfar go ndearna stór trádála sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an stór trádála nó a lucht bainistíochta sinsearaí d'aon turas chun an sárú a dhéanamh.
Déanfar méideanna bunúsacha na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (c) de Roinn I d'Iarscríbhinn I agus i bpointe (c) go pointe (g), de Roinn II d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) de Roinn III d'Iarscríbhinn I, EUR 10 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná ►M12 EUR 200 000 ◄ ;
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointí (d) go (h) de Roinn I d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (h) de Roinn II d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 100 000 .
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i Roinn I d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 10 000 .
Chun a chinneadh ar cheart méid bunúsach na bhfíneálacha a bheith ag ceann íochtair, ag lár nó ag ceann uachtair na dteorainneacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, tabharfaidh ÚEUM aird ar láimhdeachas bliantúil an stóir thrádála lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Beidh an méid bunúsach ag ceann íochtair na teorann i gcás stórtha trádála ar lú a láimhdeachas bliantúil ná EUR 1 mhilliún, beidh sé i lár na teorann i gcás an stóir thrádála a bhfuil a láimhdeachas idir EUR 1 mhilliún agus EUR 5 mhilliún agus beidh sé ag ceann uachtair na teorann i gcás an stóir thrádála ar mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 5 mhilliún.
Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí géaraitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.
Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí maolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.
Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh stóir thrádála, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
Airteagal 66
Tráthíocaíochtaí pionósacha
Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchur d'fhonn iallach a chur:
ar stór trádála chun deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 73(1)(a); nó
ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 61(1):
chun faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í a iarrfar le cinneadh de bhun Airteagal 61; nó
chun dul faoi imscrúdú agus go háirithe taifid, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun Airteagal 62;
chun dul faoi chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh a ghlactar de bhun Airteagal 63.
Airteagal 67
Daoine lena mbaineann a éisteacht
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir leis na cinntí dá dtagraítear i bpointí (a), (c) agus (d) d'Airteagal 73(1), má tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun gar-dhamáiste suntasach don chóras airgeadais a chosc nó chun gar-dhamáiste suntasach do shláine a chosc, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a chosc, lena n-áirítear cobhsaíocht nó cruinneas na sonraí a thuairiscítear do stór trádála. I gcás mar sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.
Airteagal 68
Nochtadh, nádúr, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha
Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát arb ina chríoch a dhéanfar é. Beidh an t-ordú á fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh, gan d'fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ón údarás náisiúnta a cheapfaidh rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios do ÚEUM agus don Chúirt Bhreithiúnais.
Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh seisean dul i gceann an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.
Ní fhéadfar an forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith na Cúirte Breithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.
Airteagal 69
Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais
Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir ÚEUM fíneáil nó tráthíocaíocht phionósach. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an tráthíocaíocht phionósach a fhorchuirfear a chealú, a ísliú, nó a mhéadú.
Airteagal 70
Leasuithe ar Iarscríbhinn II
Chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 maidir le bearta a ghlacadh chun Iarscríbhinn II a leasú.
Airteagal 71
Clárúchán a tharraingt siar
Gan dochar d'Airteagal 73, déanfaidh ÚEUM clárúchán stóir thrádála a tharraingt siar i gcás maidir leis an stór trádála:
go dtréigeann sé an clárúchán go sainráite nó nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na sé mhí roimhe sin;
go bhfuair sé an clárúchán trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;
nach gcomhlíonann sé na coinníollacha faoinar cláraíodh é a thuilleadh;
Airteagal 72
Táillí maoirseachta
Airteagal 73
Bearta maoirseachta ag ÚEUM
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 64(5), go bhfaighidh ÚEUM go ndearna stór trádála ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí seo a leanas:
a cheangal ar an stór trádála deireadh a chur leis an sárú;
fíneálacha a fhorchur faoi Airteagal 65;
fógraí poiblí a eisiúint;
mar rogha dheiridh, clárúchán an stóir thrádála a tharraingt siar.
Agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
fad agus minicíocht an tsáraithe;
ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta an ghnóthais nó ina chórais bainistithe nó sna rialuithe inmheánacha;
cibé acu atá baint ag an gcoir airgeadais leis an sárú, atá sí éascaithe nó atá sí, ar bhealach eile, inchurtha ina leith;
an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.
Nuair atá a chinneadh, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, á phoibliú aige, poibleoidh ÚEUM freisin go bhfuil an ceart ag an stór trádála lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh, an fíoras, i gcás inarb ábhartha, gur taisceadh achomharc den sórt sin, á shonrú nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag achomharc den sórt sin agus go bhfuil an Bord Achomhairc ÚEUM ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 74
Cúraimí ÚEUM a tharmligean chuig údaráis inniúla
Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha. Bainfidh an comhairliúchán sin leis na nithe seo a leanas:
raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;
an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus
an fhaisnéis atá riachtanach a bheith á tharchur ag ÚEUM agus chuig ÚEUM
CAIBIDIL 2
Caidreamh le tríú tíortha
Airteagal 75
Coibhéis agus comhaontuithe idirnáisiúnta
Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena gcinntear go n-áirithítear an méid seo a leanas le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír:
go gcomhlíontar leis na stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais sin atá leagtha síos sa Rialachán seo;
go bhfuil na stórtha trádála faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin; agus
go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear go ndéanfar rúin ghnó a chosaint, ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe, agus go mbeidh siad coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach sa Rialachán seo.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).
Tar éis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt chun críche, agus i gcomhréir leis na comhaontuithe sin, bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla iomchuí na tríú tíortha ábhartha. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:
an sásra i gcomhair malartú faisnéise idir ÚEUM agus aon údarás eile de chuid an Aontais a bhfuil freagrachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo de pháirt amháin agus le húdaráis inniúla na tríú tíortha lena mbaineann den pháirt eile; agus
na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta.
Airteagal 76
Socruithe comhair
Féadfaidh údaráis ábhartha tríú tíortha nach bhfuil aon stórtha trádála bunaithe ina ndlínse dul i dteagmháil le ÚEUM d'fhonn socruithe comhair le haghaidh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála.
Féadfaidh ÚEUM socruithe comhair a bhunú leis na húdaráis ábhartha sin maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála an Aontais go bhfuil gá ag na húdaráis sin a ndualgais agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear go ndéanfar rúin ghnó a chosaint ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe.
Airteagal 76a
Rochtain fhrithpháirteach dhíreach ar shonraí
Arna iarraidh sin ag na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2), lena gcinnfear an gcomhlíonann creat dlíthiúil thríú tír an údaráis iarrthaigh na coinníollacha uile seo a leanas:
tá stórtha trádála arna mbunú sa tríú tír sin údaraithe go hiomchuí;
déantar maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach ar stórtha trádála sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach;
tá ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear rúin a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe a chosaint, agus tá siad coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach sa Rialachán seo;
tá stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorfheidhmithe rochtain dhíreach láithreach ar an bhfaisnéis a dheonú do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3).
Airteagal 77
Aitheantas a thabhairt do stórtha trádála
Déanfaidh stór trádála dá dtagraítear i mír 1 a iarratas ar aitheantas mar aon leis an bhfaisnéis riachtanach go léir a chur faoi bhráid ÚEUM, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis a bheidh riachtanach lena fhíorú go mbeidh an stór trádála údaraithe agus go mbeidh sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí i dtríú tír:
atá aitheanta ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 75(1), mar thír a bhfuil creat rialála agus maoirseachta coibhéiseach agus forfheidhmithe aici;
go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta déanta aici leis an Aontas de bhun Airteagal 75(2); agus
go bhfuil socruithe comhair déanta aici de bhun Airteagal 75(3) lena áirithiú go mbíonn rochtain láithreach agus leanúnach ag údaráis an Aontais, lena n-áirítear ÚEUM, ar gach faisnéis is gá.
Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar faoi.
Laistigh de 180 lá oibre ón dáta a gcuirfear isteach iarratas comhlánaithe, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don stór trádála is iarratasóir le míniú lánréasúnaithe i dtaobh ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é.
Foilseoidh ÚEUM liosta na stórtha trádála a bhfuil aitheantas tugtha dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin.
TEIDEAL VII
CEANGLAIS A BHAINEANN LE STÓRTHA TRÁDÁLA
Airteagal 78
Ceanglais ghinearálta
Cuirfidh stór trádála ar bun na nósanna imeachta agus na beartais seo a leanas:
na nósanna imeachta chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach go héifeachtach;
nósanna imeachta chun iomláine agus cruinneas na sonraí a thuairisceofar a fhíorú;
beartais maidir le sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile arna iarraidh sin ag na contrapháirtithe nó na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 9 nó i gcás eile inar gá sin.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ceapfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar:
na nósanna imeachta le haghaidh sonraí idir stórtha trádála a réiteach;
na nósanna imeachta a chuirfidh an stór trádála i bhfeidhm chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe á gcomhlíonadh ag an gcontrapháirtí atá ag déanamh na tuairiscithe agus ag an eintiteas atá ag déanamh an tíolactha agus chun iomláine agus cruinneas na sonraí a tuairiscítear faoi Airteagal 9 a fhíorú.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 79
Iontaofacht oibríochtúil
Airteagal 80
Coimirciú agus taifeadadh
Ní dhéanfaidh duine nádúrtha a bhfuil dlúth nasc aige le stór trádála nó duine dlítheanach a bhfuil caidreamh máthairghnóthas nó fochuideachta aige nó aici leis an stór trádála, faisnéis rúnda arna taifeadadh i stór trádála a úsáid chun críocha tráchtála.
Airteagal 81
Trédhearcacht agus infhaighteacht sonraí
Cuirfidh stór trádála an fhaisnéis riachtanach ar fáil do na heintitis seo a leanas chun a chur ar a gcumas a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh:
ÚEUM;
ÚBE;
ÚEÁPC;
BERS;
an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha a fhaigheann rochtain ar na stórtha trádála;
an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar ionaid trádála na gconarthaí tuairiscithe;
comhaltaí ábhartha CEBC, lena n-áirítear BCE agus a chúraimí mar chuid de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 19 ) á gcomhlíonadh aige;
na húdaráis ábhartha de chuid tríú tír a rinne comhaontú idirnáisiúnta leis an Aontas dá dtagraítear in Airteagal 75;
údaráis mhaoirseachta arna sainiú faoi Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 );
urrúis ábhartha de chuid an Aontais agus údaráis ábhartha margaidh a gcumhdaíonn a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe maoirseachta faoi seach conarthaí, margaí, rannpháirtithe agus sócmhainní foluiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;
na húdaráis ábhartha de chuid tríú tíre a rinne comhaontú comhair le hÚEUM, amhail dá dtagraítear in Airteagal 76;
an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 );
na húdaráis réitigh arna sainiú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 22 );
an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;
údaráis inniúla nó údaráis inniúla náisiúnta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus Threoracha 2003/41/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE agus 2014/65/AE, agus údaráis mhaoirseachta de réir bhrí Threoir 2009/138/CE;
na húdaráis inniúla arna sainiú i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán seo;
na húdaráis ábhartha tríú tír a bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha de bhun Airteagal 76(a) ina leith;
na húdaráis réitigh a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/23.
Tarchuirfidh stór trádála na sonraí sin chuig údaráis inniúla i gcomhréir leis na ceanglais faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ( 23 ).
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh lena sonrófar an méid seo a leanas:
an fhaisnéis a fhoilseofar nó a chuirfear ar fáil i gcomhréir le mír 1 agus mír 3;
minicíocht tuairiscithe na faisnéise dá dtagraítear i mír 1;
na caighdeáin oibríochtúla is gá chun sonraí a chomhiomlánú agus chun comparáid a dhéanamh ar na sonraí idir na stórtha trádála, agus a theastaíonn ó na heintitis dá dtagraítear i mír 3 chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin;
na téarmaí agus na coinníollacha, na socruithe agus an doiciméadacht riachtanach faoina ndeonóidh stórtha trádála rochtain ar na heintitis dá dtagraítear i mír 3.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á gceapadh aige, áiritheoidh ÚEUM nach nochtfar le foilsiú na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 céannacht aon pháirtí in aon chonradh.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 82
An tarmligean a fheidhmiú
TEIDEAL VIII
FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal 83
Rúndacht ghairmiúil
Airteagal 84
Malartú faisnéise
TEIDEAL IX
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 85
Tuarascálacha agus Athbhreithniú
Faoin 17 Meitheamh 2023 cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhraid an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas:
tionchar Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 ) ar leibhéal an imréitigh a dhéanann contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais agus ar leithdháileadh an imréitigh laistigh de gach cineál contrapháirtí, go háirithe maidir le contrapháirtithe airgeadais a bhfuil méid teoranta gníomhaíochta acu i margaí díorthach thar an gcuntar agus maidir le hoiriúnacht na dtairseach imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(4);
tionchar Rialachán (AE) 2019/834 ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht na sonraí a thuairiscítear chuig stórtha trádála, chomh maith le cáilíocht na faisnéise arna cur ar fáil ag stórtha trádála;
na hathruithe ar an gcreat tuairiscithe, lena n-áirítear glacadh agus cur chun feidhme tuairiscithe tarmligthe a leagtar síos in Airteagal 9(1a) agus go háirithe an tionchar a bheidh aige ar an ualach tuairiscithe do chontrapháirtithe neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh;
inrochtaineacht seirbhísí imréitigh, go háirithe an raibh an ceanglas chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, ar théarmaí tráchtála cothroma, réasúnta, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3a) éifeachtach chun rochtain ar imréiteach a éascú.
Cuirfidh ÚEUM, faoin 18 Nollaig 2019, agus gach 12 mhí ina dhiaidh sin go dtí an síneadh deiridh dá dtagraítear sa tríú fomhír, i gcomhar le ÚEÁPC, ÚBE agus ÚEUM, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar an méid seo a leanas:
an ndearna contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus socruithe do scéimeanna pinsean iarracht iomchuí agus ar cheap siad réitigh theicniúla inmharthana chun rannpháirtíocht na socruithe sin san imréiteach lárnach a éascú trí chomhthaobhacht airgid agus neamhairgid a phostáil mar chorrlaigh athrúcháin, lena n-áirítear impleachtaí na réiteach sin ar leachtacht agus comh-thimthriallacht an mhargaidh agus na himpleachtaí dlíthiúla nó eile a d'fhéadfadh a bheith ag baint leo;
méid agus cineál na ngníomhaíochtaí a dhéanann socruithe do scéimeanna pinsean i margaí díorthach thar an gcuntar imréitithe agus neamh-imréitithe, laistigh de gach aicme sócmhainní, agus aon riosca sistéamach gaolmhar don chóras airgeadais;
iarmhairtí an cheanglais imréitigh nach mór socruithe do scéimeanna pinsean a straitéisí infheistíochta a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon athruithe ar leithdháileadh a sócmhainní airgid agus neamhairgid;
impleachtaí na dtairseach imréitigh a shonraítear de bhun phointe (b) d'Airteagal 10(4) maidir le socruithe do scéimeanna pinsean;
tionchar ceanglas dlíthiúil eile ar an difreálach costais idir conarthaí díorthach thar an gcuntar imréitithe agus conarthaí díorthach thar an gcuntar neamh-imréitithe, lena n-áirítear na ceanglais chorrlaigh maidir le díorthaigh neamh-imréitithe agus ríomh an chóimheasa giarála i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
an bhfuil gá le bearta breise chun réiteach imréitigh maidir le socruithe do scéimeanna pinsean a éascú.
Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun síneadh aon bhliana a chur, faoi dhó, leis an tréimhse dhá bhliain dá dtagraítear in Airteagal 89(1) i gcás ina gcinnfidh sé nár ceapadh aon réiteach teicniúil inmharthana agus nach mbeidh aon athrú ar éifeacht dhochrach conarthaí díorthach a imréiteach go lárnach ar shocair scoir pinsinéirí sa todhchaí.
Déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha, na comhaltaí imréitigh agus na socruithe do scéimeanna pinsean, a seacht ndícheall rannchuidiú le réitigh theicniúla inmharthana a cheapadh a éascóidh imréiteach na gconarthaí díorthach thar an gcuntar sin ag na socruithe sin.
Bunóidh an Coimisiún grúpa saineolaithe comhdhéanta d'ionadaithe thar ceann contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh, socruithe do scéimeanna pinsean agus páirtithe ábhartha eile a bhaineann le réitigh theicniúla inmharthana den sórt sin chun faireachán a dhéanamh ar a n-iarrachtaí agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ar réitigh theicniúla inmharthana a cheapadh lena n-éascófar imréiteach na gconarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanann socruithe do scéimeanna pinsean, lena n-áirítear aistriú comhthaobhachta airgid agus neamhairgid mar chorrlaigh athrúcháin a dhéanann na socruithe sin. Tiocfaidh an grúpa sin le chéile gach sé mhí ar a laghad. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na hiarrachtaí a dhéanann contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus socruithe do scéimeanna pinsean agus a chuid tuarascálacha á ndréachtú aige de bhun na chéad fhomhíre.;
Faoin 18 Nollaig 2020 ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina mheasúnófar an méid seo a leanas:
an gcruthaítear leis na hoibleagáidí chun idirbhearta a thuairisciú faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus faoin Rialachán seo oibleagáid tuairiscithe dúblach i gcás díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad agus an bhféadfaí tuairisciú na n-idirbheart i gcás díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad a laghdú nó a shimpliú do na contrapháirtithe go léir gan aon chaillteanas míchuí faisnéise a bheith ann;
a riachtanaí nó a oiriúnaí atá sé an oibleagáid trádála do dhíorthaigh faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 a ailíniú leis na hathruithe a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2019/834 ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh;
an ceart aon trádálacha a thiocfaidh go díreach as seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, lena n-áirítear comhbhrú punainne, a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), ag cur san áireamh a mhéid a dhéantar rioscaí a mhaolú leis na trádálacha sin, go háirithe riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca oibriúcháin, agus an bhféadfaí teacht timpeall ar an oibleagáid imréitigh nó an bhféadfadh dídhreasú maidir leis an imréiteach lárnach teacht as.
Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.
Faoin 18 Bealtaine 2020, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfar an méid a leanas a mheas sa tuarascáil sin:
comhsheasmhacht na gceanglas tuairiscithe do dhíorthaigh thar an gcuntar faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus faoi Airteagal 9 den Rialachán seo, i dtéarmaí shonraí an chonartha dhíorthach atá le tuairisciú agus i dtéarmaí na rochtana ar shonraí a bhíonn ag na heintitis ábhartha agus cibé ar cheart na ceanglais sin a ailíniú;
a indéanta atá sé slabhraí tuairiscithe a shimpliú a thuilleadh maidir leis na contrapháirtithe uile, lena n-áirítear do na cliaint uile indíreacha, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le tuairisciú tráthúil agus na bearta a glacadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (CE) Uimh. 600/2014 á gcur san áireamh;
ailíniú na hoibleagáide trádála do dhíorthaigh faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 leis na hathruithe a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2019/834 ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh;
i gcomhar le BERS, ar cheart aon trádálacha a thiocfaidh go díreach as seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, lena n-áirítear comhbhrú punainne, a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1). Déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil:
imscrúdú ar chomhbhrú punainne agus seirbhísí eile laghdaithe riosca iarthrádála atá ar fáil lena laghdaítear rioscaí neamh-mhargaidh i bpunanna díorthach gan riosca margaidh na bpunann a athrú, amhail idirbhearta a athchothromú;
tabharfar míniú inti chomh maith ar na cuspóirí agus ar na meicníochtaí a bhaineann leis na seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála sin, a mhéid a mhaolaítear riosca leo, riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca oibriúcháin san áireamh, agus measúnóidh sé an gá atá le trádálacha den sórt sin a imréiteach, nó an gá iad a dhíolmhú ón gceanglas imréitigh, chun riosca sistéamach a bhainistiú; agus
déanfaidh sé measúnú freisin ar a mhéid a chuirtear, le díolúine ón oibleagáid imréitigh do sheirbhísí den sórt sin, in éadan imréiteach lárnach agus a mhéid a d'fhéadfadh sé go dtiocfadh contrapháirtithe timpeall ar an oibleagáid imréitigh;
an bhféadfaí cur leis an liosta d'ionstraimí airgeadais a mheastar a bheith fíorleachtach lena mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa, i gcomhréir le Airteagal 47 agus an bhféadfaí a áireamh ar an liosta sin ceann amháin nó níos mó de na cistí margaidh airgid arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 25 ).
Díreofar sa tuarascáil ar a laghad ar líon agus ar chastacht socruithe den sórt sin agus ar leordhóthanacht na gcóras agus na samhlacha bainistithe riosca. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.
Cuirfidh an BERS measúnú ar fáil don Choimisiún faoi aon riosca sistéamach a d'fhéadfadh a bheith ann de thoradh socruithe comh-inoibritheachta.
Faoi cheann 12 mhí ó tharchur na tuarascála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an ghnímh sin cur chun feidhme. Cuirfidh an Coimisiún a thuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.
Faoin 2 Eanáir 2023, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar éifeachtacht na nithe seo a leanas a mheasúnú:
cúraimí ESMA, go háirithe cúraimí an Choiste Maoirseachta do CPLanna, maidir le cóineasú agus comhleanúnachas chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chothú i measc na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 22 agus i measc na gcoláistí dá dtagraítear in Airteagal 18;
an creat maidir le CPLanna tríú tír a aithint agus a mhaoirsiú;
an creat maidir le cothrom na Féinne a ráthú i measc CPLanna údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 agus i measc CPLanna údaraithe agus CPLanna tríú-tír a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25;
roinnt na bhfreagrachtaí idir ESMA, na húdaráis inniúla agus na bainc cheannais eisiúna.
Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.
Airteagal 86
Nós imeachta coiste
Airteagal 87
Leasú ar Threoir 98/26/CE
In Airteagal 9(1) de Threoir 98/26/CE, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
“I gcás inar chuir oibreoir córais urrús comhthaobhach ar fáil d'oibreoir córais eile maidir le córas idir-inoibritheach, ní bheidh tionchar ag imeachtaí dócmhainneachta in aghaidh an oibreora córais is faighteoir ar chearta an oibreora córais a sholáthraíonn an t-urrús comhthaobhach.”.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh iontu tagairt do Threoir 98/26/CE nó gabhfaidh an tagairt sin leo tráth a bhfoilsithe go hoifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar an tagairt sin.
Airteagal 88
Láithreáin ghréasáin
Beidh láithreán gréasáin á choimeád ag ÚEUM ina gcuirfear na mionsonraí seo a leanas ar fáil:
conarthaí atá incháilithe don oibleagáid imréitigh faoi Airteagal 5;
pionóis arna bhforchur trí sháruithe ar Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7 go hAirteagal 11;
contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe seirbhísí agus gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas, agus atá bunaithe san Aontas, agus an cineál seirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe a chur ar fáil nó a chomhlíonadh, lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoina n-údarú;
pionóis a fhorchuirtear maidir le sáruithe ar Theideal IV agus ar Theideal V;
contrapháirtithe lárnacha, atá údaraithe chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas, agus atá bunaithe i dtríú tír, agus na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe chun iad a sholáthar nó a chomhlíonadh, lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoina n-údarú;
stórtha trádála atá údaraithe seirbhísí nó gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas;
pionóis agus fíneálacha a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 65 agus le hAirteagal 66;
an clár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.
Airteagal 89
Forálacha idirthréimhseacha
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4 maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo arna ndéanamh ag socruithe do scéimeanna pinsean ón 17 Lúnasa 2018 go dtí an 16 Meitheamh 2019.
Maidir leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar, a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Airteagal 4 ar shlí eile, agus a rinne na heintitis sin i rith na tréimhse sin, beidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 11.
Foilseoidh ÚEUM, ar an láithreán gréasáin atá aige, liosta de chineálacha eintiteas agus de chineálacha socruithe dá dtagraítear in Airteagal 2(10)(c) agus (d) a bhfuil díolúine faighte acu i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Chun comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú tuilleadh, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú piaraí ar na heintitis a chuirfear san áireamh ar an liosta gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
I gcás contrapháirtí lárnach a údaraíodh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe maidir le seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 25 chun críocha an Rialacháin seo laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49.
I gcás ina gcinnfidh ESMA, tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gur chóir CPL a fuair aitheantas roimh an 1 Eanáir 2020 a aicmiú mar CPL Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 25(2a), socróidh ESMA tréimhse oiriúnaithe iomchuí nach faide ná 18 mí ar lena linn nach mór don CPL na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 25(2b) a chomhlíonadh. Féadfaidh ESMA síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse oiriúnaithe sin ar iarraidh réasúnaithe ón CPL nó ó aon cheann de na húdaráis inniúla atá freagrach as an maoirsiú ar na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an síniú sin de bharr imthosca eisceachtúla agus de bharr an tionchair ar na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas.
I gcás aitheantas a bheith tugtha ag údarás inniúil do chontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír chun seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta a Bhallstáit sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 45, 47 agus 49, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin fógra a thabhairt do ÚEUM faoin aitheantas sin laistigh de mhí amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála faoi Airteagal 5(1).
Le linn na hidirthréimhse a leagtar amach in Airteagal 497 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, san fhaisnéis a thuairisceoidh contrapháirtí lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin i gcomhréir le hAirteagal 50c(1) den Rialachán seo, áireoidh sé méid foriomlán an chorrlaigh tosaigh, mar a shainmhínítear i bpointe (140) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
níl ciste mainneachtana ag an gcontrapháirtí lárnach;
níl socrú ceangailteach ar bun ag an gcontrapháirtí lárnach lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile nó cuid de a fuarthas ó na comhaltaí imréitigh sin a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe.
I gcás stór stádála atá bunaithe i dtríú tír a gceadaítear dó taifid díorthach i mBallstát a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 9, Airteagal 56 agus Airteagal 81, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 77 laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála agus cur chun feidhme sin.
I gcás stór stádála atá bunaithe i dtríú tír a gceadaítear dó taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 56 agus 81, féadfar é a úsáid chun an ceanglas um thuairisciú faoi Airteagal 9 a chomhlíonadh go dtí go nglacfar cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don stór trádála faoin Rialachán seo.
Airteagal 90
Foireann agus acmhainní ESMA
Faoin 2 Eanáir 2022, déanfaidh ESMA measúnú ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgas a ghlacadh de láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.
Airteagal 91
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Liosta de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 65(1)
Sáruithe a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla nó le coinbhleachtaí leasa:
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(1) más rud é nach mbeidh socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí soiléire trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, lena gcuirtear cosc ar fhaisnéis atá faoi rún a nochtadh;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(2) más rud é nach ndéantar socruithe eagraíochtúla agus riaracháin i scríbhinn a chothabháil nó a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann maidir lena bhainisteoirí, lena fhostaithe, nó maidir le haon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach aige leo trí naisc dhlútha;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(3) más rud é nach gcuirtear beartais leordhóthanacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun a áirithiú go gcomhlíontar forálacha uile an Rialacháin seo, lena n-áirítear a bhainisteoirí agus a fhostaithe a bheith á gcomhlíonadh;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(4) le stór más rud é nach ndéantar struchtúr eagrúcháin leordhóthanacha a chothabháil nó a oibriú chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an stóir thrádála a áirithiú agus é ag comhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(5) más rud é nach ndeighltear go hoibríochtúil a sheirbhísí coimhdeacha óna fheidhm i ndáil le taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil go lárnach;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(6) más rud é nach n-áirithítear gur leor dea-cháil agus taithí an lucht bainistíochta sinsearaí agus na chomhalta an bhoird lena áirithiú go ndéanfaidh siad bainistiú fónta stuama ar an stór trádála;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(7) más rud é nach mbíonn ceanglais chuspóireacha neamh-idirdhealaitheacha aige agus ceanglais a nochtar go poiblí, le haghaidh rochtana ag soláthróirí seirbhísí agus ag gnóthais faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe faoi Airteagal 9;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(8) más rud é nach nochtar go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus más rud é nach gceadaítear rochtain ar leith d'eintitis tuairiscithe ar sheirbhísí sonracha nó más rud é go ngearrtar praghsanna agus táillí nach bhfuil bainteach leis an gcostas;
sáróidh stór trádála pointe (a) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach go héifeachtach;
sáróidh stór trádála pointe (b) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun cruinneas agus iomláine na sonraí tuairiscithe a fhíorú;
sáróidh stór trádála pointe (c) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé beartais leordhóthanacha ar bun maidir le sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile i gcás ina n-iarrfaidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 9 nó i gcás eile inar gá sin.
Sáruithe a bhaineann le riachtanais oibríochtúla:
sáraíonn stór trádála Airteagal 79(1) más rud é nach ndéantar foinsí riosca oibríochtúil a shainaithint ná nach ndéantar na rioscaí sin a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt;
sáraíonn stór trádála Airteagal 79(2) más rud é nach ndéantar beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a bhunú, a chur chun feidhme nó a chothabháil, a mbeidh sé d'aidhm leo a áirithiú go ndéanfar a fheidhmeanna a choinneáil slán agus a athshlánú go tráthúil agus oibleagáidí an stóir thrádála a chomhlíonadh;
sáraíonn stór trádála Airteagal 80(1) le stór mura n-áirithítear rúndacht, sláine nó cosaint na faisnéise a fhaightear faoi Airteagal 9;
sáraíonn stór trádála Airteagal 80(2) más rud é go n-úsáidtear na sonraí a fhaigheann sé faoin Rialachán seo le haghaidh cuspóirí tráchtála sa chás nach dtugann na contrapháirtithe ábhartha a dtoiliú é sin a dhéanamh;
sáraíonn stór trádála Airteagal 80(3) más rud é nach ndéantar an fhaisnéis a fhaightear faoi Airteagal 9 a thaifeadadh go pras nó trína cothabháil ar feadh deich mbliana ar a laghad ón dáta a ndéanfar na conarthaí ábhartha a fhoirceannadh nó más rud é nach mbainfear leas as nósanna imeachta tráthúla agus éifeachtúla chun taifid a choimeád d'fhonn athruithe a dhéantar ar fhaisnéis a taifeadadh a dhoiciméadú;
sáraíonn stór trádála Airteagal 80(4) más rud é nach ndéantar suíomhanna a áireamh de réir aicme díorthach agus de réir eintiteas tuairiscithe bunaithe ar mhionsonraí na gconarthaí díorthacha a tuairiscíodh i gcomhréir le hAirteagal 9;
sáraíonn stór trádála Airteagal 80(5) más rud é nach gceadaítear do na páirtithe i gconradh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gconradh sin agus an fhaisnéis sin a cheartú ar bhealach tráthúil;
sáraíonn stór trádála Airteagal 80(6) más rud é nach ndéantar gach beart réasúnach le cosc a chur ar aon mhí-úsáid maidir leis an bhfaisnéis atá á coimeád ina córais.
Sáruithe a bhaineann le trédhearcacht faisnéise agus infhaighteacht faisnéise:
sáraíonn stór trádála Airteagal 81(1) más rud é nach bhfoilsítear faisnéis go rialta, agus ar shlí a bhfuil rocháin éasca air faoi shuíomhanna comhiomlána de réir aicme na ndíorthach i ndáil leis na conarthaí a thuairiscítear dó;
sáraítear Airteagal 81(2) le stór trádála más rud é gceadaítear rochtain dhíreach, láithreach a bheith ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3) ar mhionsonraí na gconarthaí díorthacha a mbíonn gá acu leo lena ndualgais agus lena sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.
Sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta:
sáraíonn stór trádála Airteagal 61(1) trí fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach a chur ar fáil mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis ón ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 61(2) nó mar fhreagairt ar chinneadh ón ÚEUM lena n-éilítear faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 61(3);
go gcuireann stór trádála freagraí míchearta nó míthreoracha ar fáil do cheisteanna a chuirtear de bhun Airteagal 62(1)(c);
nach ndéanann stór trádála in am trátha beart maoirseachta a ghlacann ÚEUM de bhun Airteagal 73 a chomhlíonadh ►M12 ; ◄
sáróidh stór trádála Airteagal 55(4) mura dtabharfaidh sé fógra do ÚEUM in am trátha faoi aon athruithe ábhartha ar choinníollacha an chlárúcháin bhunaidh.
IARSCRÍBHINN II
Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun Airteagal 65(3) a chur i bhfeidhm
Beidh na comhéifeachtaí seo a leanas infheidhme go carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2):
Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí géaraitheacha:
i gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair;
i gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is faide ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5;
i gcás ina nochtar leis an sárú laigí sistéamacha in eagraíocht an stóir thrádála, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistíochta nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2;
i gcás ina bhfuil tionchar diúltach ag an sárú ar cháilíocht na sonraí a choinníonn sé, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5;
i gcás ina ndearnadh an sárú d'aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2.
i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7;
i gcás nár chomhoibrigh lucht bainistíochta sínsearaí an stóir thrádála le ÚEUM le linn dó a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.
Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí maolaitheacha:
i gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is lú ná deich lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,9;
i gcás ina bhfuil lucht bainistíochta sínsearaí an stóir thrádála in ann a léiriú go ndearna siad gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7;
i gcás inar chuir an stór trádála an sárú in iúl do ÚEUM ar bhealach tapa, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4;
i gcás ina ndearna an stór trádála bearta dá dheoin féin chun a áirithiú nach bhféadfar sárú den chineál céanna a dhéanamh sa todhchaí, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6.
IARSCRÍBHINN III
Liosta de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 25j(1)
Sáruithe a bhaineann le ceanglais chaipitil:
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 16(1) mura bhfuil caipiteal tosaigh buan EUR 7,5 milliún ar a laghad ar fáil aige;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 16(2) mura bhfuil caipiteal tosaigh aige, lena n-áirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí, atá comhréireach leis an riosca a thagann as a ghníomhaíochtaí agus ar leor i gcónaí é chun a áirithiú go ndéantar foirceannadh nó athstruchtúrú ordúil ar na gníomhaíochtaí sin in imeacht tréimhse iomchuí ama agus chun an CPL a chosaint go leordhóthanach ar rioscaí creidmheasa, contrapháirtí, margaidh, oibríochtúla, dlíthiúla agus gnó nach bhfuil cumhdaithe cheana le hacmhainní airgeadais sonracha dá dtagraítear in Airteagail 41 go 44.
Sáruithe a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla nó le coinbhleachtaí leasa:
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(1) mura bhfuil socruithe daingne rialachais aige, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagrúcháin ag a bhfuil freagrachtaí dea-shainithe trédhearcacha comhsheasmhacha, próisis éifeachtacha chun na rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(2) mura nglacann sé beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach a ndóthain chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo, lena n-áirítear chun a áirithiú go gcomhlíonann a bhainisteoirí agus a fhostaithe iad;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(3) mura ndéanann sé struchtúr eagrúcháin leordhóthanach a chothabháil nó a oibriú chun a leanúnachas agus a fheidhmiú ordúil a áirithiú nó mura mbaineann sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(4) mura gcoimeádann sé deighilt shoiléir idir na freagrachtaí tuairiscithe do bhainistiú riosca agus na freagrachtaí a bhaineann le hoibríochtaí eile an CPL;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(5) mura ndéanann sé beartas luacha saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a chothabháil lena gcuirtear bainistiú riosca fónta agus éifeachtach chun cinn agus nach gcruthaítear dreasachtaí leis chun caighdeáin riosca a mhaolú;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(6) mura ndéanann sé córais teicneolaíochta faisnéise a chothabháil atá leordhóthanach chun déileáil le castacht, éagsúlacht agus cineálacha na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a dhéantar chun ardchaighdeáin slándála a áirithiú mar aon le sláine agus rúndacht na faisnéise a choinnítear a áirithiú;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(7) mura ndéanann sé a shocruithe rialachais, na rialacha lena rialaítear an CPL, nó a chritéir iontrála do chomhaltas imréitigh, a chur ar fáil don phobal saor in aisce;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(8) mura bhfuil sé faoi réir iniúchtaí minice agus neamhspleácha nó mura ndéanann sé torthaí na n-iniúchtaí sin a thuairisciú don bhord nó mura gcuireann sé ar fáil iad do ESMA;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 27(1) nó an dara fomhír d’Airteagal 27(2) mura n-áirithíonn sé gur leor dea-cháil agus taithí na bainistíochta sinsearaí agus chomhaltaí an bhoird lena áirithiú go ndéantar bainistiú fónta stuama ar an CPL;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 27(2) mura n-áirithíonn sé gur comhaltaí neamhspleácha iad aon trian de chomhaltaí an bhoird, i.e. beirt ar a laghad, nó mura dtugann sé cuireadh d’ionadaithe chliaint na gcomhaltaí imréitigh chuig cruinnithe le haghaidh ábhar atá ábhartha d’Airteagal 38 agus d’Airteagal 39 nó má dhéanann sé cúiteamh na gcomhaltaí neamhspleácha nó na gcomhaltaí neamhfheidhmiúcháin eile den bhord a nascadh le feidhmíocht ghnó an CPL;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 27(3) mura ndéanann sé róil agus freagrachtaí an bhoird a chinneadh go soiléir nó mura gcuireann sé miontuairiscí na gcruinnithe boird ar fáil don údarás inniúil agus do na hiniúchóirí;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 28(1) mura gcuireann sé coiste riosca ar bun nó mura gcomhdhéanann sé an coiste sin d’ionadaithe de na comhaltaí imréitigh, de chomhaltaí neamhspleácha an bhoird agus d’ionadaithe a gcliant, má chomhdhéanann sé an coiste riosca ar chaoi a mbíonn tromlach ag ceann de na grúpaí ionadaithe sin sa choiste riosca, nó mura gcuireann sé ESMA ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí agus cinntí an choiste riosca i gcás inar iarr ESMA go gcuirfí ar an eolas go cuí é;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 28(2) mura ndéanann sé an sainordú, na socruithe rialachais chun a neamhspleáchas a áirithiú, na nósanna imeachta oibriúcháin, na critéir iontrála agus an sásra toghcháin le haghaidh chomhaltaí an choiste riosca a chinneadh go soiléir, na socruithe rialachais a chur ar fáil go poiblí nó a chinneadh go ndéanann comhalta neamhspleách den bhord cathaoirleacht ar an gcoiste riosca agus go dtuairiscíonn sé chuig an mbord agus go dtionólann sé cruinnithe go rialta;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 28(3) mura gceadaíonn sé don choiste riosca comhairle a thabhairt don bhord maidir le haon socruithe a d’fhéadfadh a bheith acu ar bhainistiú riosca CPL nó mura ndéanann sé iarrachtaí réasúnacha dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca maidir le forbairtí a mbíonn tionchar acu ar bhainistiú riosca an CPL i staideanna éigeandála;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 28(5) mura gcuireann sé ESMA ar an eolas go pras faoi aon chinneadh inar chinn an bord gan comhairle an choiste riosca a leanúint;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 29(1) mura gcoimeádann sé na taifid ar fad ar na seirbhísí agus ar an ngníomhaíocht a sholáthraítear, ar feadh 10 mbliana ar a laghad, ionas gur féidir le ESMA faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht an CPL leis an Rialachán seo;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 29(2) mura gcoimeádann sé ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis conradh a fhoirceannadh, an fhaisnéis ar fad ar na conarthaí atá próiseáilte aige ar shlí a bhféadtar téarmaí tosaigh an idirbhirt a shainaithint sula ndéanann an CPL é a imréiteach;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 29(3) mura gcuireann sé na taifid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 d’Airteagal 29 agus an fhaisnéis ar fad ar shuíomhanna na gconarthaí imréitithe, gan beann ar an ionad ina ndearnadh na hidirbhearta, ar fáil do ESMA arna iarraidh sin dó, agus do chomhaltaí ábhartha CEBC;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 30(1) mura gcuireann sé ESMA ar an eolas go hiomlán, nó má chuireann sé ar an eolas go bréagach nó go neamhiomlán é faoi chéannacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, cibé acu is scairshealbhóirí díreacha nó neamhdhíreacha iad, daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu, nó faoi mhéideanna na sealúchas sin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 30(4) má cheadaíonn sé do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1) tionchar a imirt ar dócha go ndéanann sé dochar do bhainistiú fhónta agus stuama an CPL;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 31(1) mura gcuireann sé ESMA ar an eolas go hiomlán, nó má chuireann sé ar an eolas go bréagach nó go neamhiomlán é maidir le haon athruithe ar a bhainistíocht nó mura soláthraíonn sé an fhaisnéis go léir is gá do ESMA chun comhlíonadh Airteagal 27(1) agus an dara fomhír d’Airteagal 27(2) a mheasúnú;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 33(1) mura ndéanann sé socruithe eagrúcháin agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a chothabháil agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann idir é féin, lena n-áirítear a bhainisteoirí, a fhostaithe, nó aon duine a bhfuil rialú díreach nó indíreach nó dlúthnaisc aige leo sin, agus a chomhaltaí imréitigh nó a gcliaint a bhfuil eolas ag an CPL orthu nó mura ndéanann sé nósanna imeachta leordhóthanacha a chothabháil agus a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa féideartha a réiteach;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 33(2) mura nochtann sé go soiléir nádúr ginearálta nó foinsí coinbhleachtaí leasa don chomhalta imréitigh sula nglactar le hidirbhearta nua ón gcomhalta imréitigh sin, don chomhalta imréitigh nó do chliant lena mbaineann an comhalta imréitigh arb eol don CPL cé hé i gcás nach leor socruithe eagrúcháin agus riaracháin atá ag an CPL sin chun coinbhleacht leasa a bhainistiú, nach leor na socruithe sin le go n-áirithítear, le muinín réasúnach, go ndéantar rioscaí damáiste do leasanna comhalta imréitigh nó do leasanna cliaint a chosc;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 33(3) mura gcuireann sé san áireamh sna socruithe i scríbhinn atá aige aon chúinsí a bhfuil an CPL ar an eolas fúthu nó ar cheart dó a bheith ar an eolas fúthu, a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú mar thoradh ar struchtúr agus ar ghníomhaíochtaí gnó na ngnóthas eile a bhfuil caidreamh máthairghnóthais nó fochuideachta aige leo;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 33(5) mura ndéanann sé gach céim réasúnach chun mí-úsáid aon fhaisnéise a chosc a choimeádtar ina chórais nó má chuireann sé cosc ar úsáid na faisnéise sin i gcomhair gníomhaíochtaí eile gnó, nó ag duine nádúrtha a bhfuil dlúthnasc aige le CPL nó duine dlítheanach a bhfuil caidreamh máthairghnóthais nó fochuideachta aige leis an CPL, faisnéis rúnda arna taifeadadh i CPL a úsáid chun críoch tráchtála gan toiliú a fháil roimh ré ón gcliant ar leis an fhaisnéis rúnda sin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 36(1) mura ngníomhaíonn sé go cothrom agus go gairmiúil ar mhaithe le leasanna na gcomhaltaí imréitigh agus a gcliant;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 36(2) mura rialacha inrochtana trédhearcacha agus cothroma atá aige maidir le láimhseáil phras a dhéanamh ar ghearáin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 37(1) nó (2) má úsáideann sé, ar bhonn leanúnach, critéir, idirdhealaitheacha, neamh-thrédhearcacha suibiachtúla, nó mura ndéanann sé ar bhealaí eile rochtain chothrom agus oscailte ar an CPL sin a áirithiú ar bhonn leanúnach nó mura n-áirithíonn sé ar bhonn leanúnach go mbíonn acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus cumas oibríochtúil leordhóthanach ag a chomhaltaí imréitigh chun na hoibleagáidí a bhaineann le bheith páirteach in CPL a chomhlíonadh, nó mura ndéanann sé, ar bhonn bliantúil, athbhreithniú cuimsitheach ar chomhlíontacht a chomhaltaí imréitigh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 37(4) mura mbíonn nósanna imeachta oibiachtúla agus trédhearcacha aige maidir le comhaltaí imréitigh nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 37(1) a thuilleadh a chur ar fionraí agus a scor go hordúil;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 37(5) má dhéanann sé rochtain a dhiúltú do chomhalta imréitigh a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 37(1) i gcás nach dtugtar údar cuí le rochtain a dhiúltú i scríbhinn agus nach bhfuil sé bunaithe ar anailís riosca chuimsitheach;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(1) mura dtugann sé do chliaint a gcomhaltaí imréitigh rochtain leithleach ar na seirbhísí sonracha atá á soláthar;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 39(7) mura dtairgeann sé na leibhéil éagsúla leithscartha dá dtagraítear sa mhír sin ar théarmaí tráchtála réasúnacha.
Sáruithe a bhaineann le riachtanais oibríochtúla:
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 34(1) mura ndéanann sé beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste a bhunú, a chur chun feidhme nó a chothabháil, arb é is aidhm dó a chuid oibríochtaí a athshlánú go tráthúil agus a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, lena gceadaítear ar a laghad na hidirbhearta ar fad a athshlánú tráth an bhriste de dhroim an phlean sin ionas gur féidir leis an CPL leanúint ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 34(2) mura ndéanann sé próiseas leordhóthanach a bhunú, a chur chun feidhme nó a chothabháil atá dírithe ar shócmhainní agus suíomhanna na gcliant agus na gcomhaltaí imréitigh a shocrú go tráthúil agus go hordúil nó a aistriú go tráthúil i gcás ina ndéantar údarú a tharraingt siar de bhun cinneadh faoi Airteagal 25;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 an dara fomhír d’Airteagal 35(1) má dhéanann sé mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca an CPL sin a sheachfhoinsiú gan formheas ó ESMA;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 39(1) mura gcoimeádann sé taifid agus cuntais leithleacha ionas gur féidir leis, tráth ar bith agus gan mhoill, sna cuntais leis an CPL, na sócmhainní agus na suíomhanna a choimeádtar do chuntas comhalta imréitigh amháin a idirdhealú ó shócmhainní agus ó shuíomhanna a choimeádtar do chuntas aon chomhalta imréitigh eile agus óna shócmhainní féin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 39(2) mura dtairgeann sé taifid agus cuntais leithleacha a choimeád nó mura gcoimeádann sé arna iarraidh sin taifid agus cuntais leithleacha lena gcuirtear ar chumas gach comhalta imréitigh, sna cuntais leis an CPL, sócmhainní agus suíomhanna an chomhalta imréitigh sin a idirdhealú ó na sócmhainní agus ó na suíomhanna a choimeádtar do chuntais a chliaint imréitigh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 39(3) mura dtairgeann sé taifid agus cuntais leithleacha a choimeád nó mura gcoimeádann sé arna iarraidh sin taifid agus cuntais leithleacha lena gcuirtear ar chumas gach comhalta imréitigh, sna cuntais leis an CPL, sócmhainní agus suíomhanna a choinnítear i gcomhair cuntas cliaint amháin a idirdhealú ó shócmhainní agus suíomhanna a choinnítear i gcomhair cuntas cliant eile, nó mura dtairgeann sé do na comhaltaí imréitigh go bhféadfaí tuilleadh cuntas a oscailt ina n-ainm féin i gcomhair chuntas a gcliant i gcás ina n-iarrtar sin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 40 mura ndéanann sé a neamhchosaint leachtachta agus creidmheasa ar gach comhalta imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí, ar CPL eile a bhfuil socrú idir-inoibritheachta déanta aige leis, a thomhas agus a mheasúnú ar bhonn fíorama nó ar bhonn am atá gar dó, nó mura bhfuil rochtain aige ar na foinsí praghsála ábhartha chun a acmhainní a thomhas go héifeachtach ar bhonn costais réasúnaigh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 41(1) mura ndéanann sé éarlaisí ar mhaithe le teorannú neamhchosaintí creidmheasa a fhorchur, a ghlaoch agus a bhailiú óna chomhaltaí imréitigh nó, i gcás inarb iomchuí, ó CPLanna eile a bhfuil socrú idir-inoibritheachta déanta aige leo, nó má dhéanann sé éarlaisí a fhorchur, a ghlaoch agus a bhailiú nach bhfuil leordhóthanach chun neamhchosaintí a mheasann an CPL a d’fhéadfadh a bheith ann a chumhdach roimh leachtú na suíomhanna ábhartha nó chun na caillteanais a chumhdach a eascraíonn as ar a laghad 99 % de ghluaiseachtaí na neamhchosaintí thar thréimhse ionchais iomchuí nó a áirithiú go ndéanann contrapháirtí lárnach urrús comhthaobhach a sholáthar go hiomlán dá neamhchosaintí ar a chomhaltaí imréitigh ar fad, agus, nuair is iomchuí, ar CPLanna a bhfuil socruithe idir-inoibritheachta aige leo, ar bhonn laethúil ar a laghad, nó i gcás inar gá, chun aon iarmhairtí comhthimthriallacha a chur san áireamh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 41(2) mura nglacann sé samhlacha agus paraiméadair maidir lena cheanglais éarlaise a leagan síos a léiríonn saintréithe riosca na dtáirgí a imréitítear agus an tréimhse idir éarlaisí a bhailiú, leachtacht mhargaidh agus athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann le linn an idirbhirt á gcur san áireamh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 41(3) mura ndéanann sé éarlaisí a ghlaoch agus a bhailiú ar bhonn ionlae, ar a laghad nuair a sháraítear tairseacha réamhshainithe;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 42(3) mura ndéanann sé ciste mainneachtana a chothabháil lena gcuirtear ar a chumas ar a laghad, faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte, mainneachtain an chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith a sheasamh, nó chun mainneachtain an dara agus an tríú comhalta imréitigh is mó a sheasamh más mó suim a neamhchosaintí, nó mura ndéanann sé cásanna a fhorbairt nach gcuimsítear leo na tréimhsí ba luainí a chonacthas sna margaí a soláthraíonn CPL a sheirbhísí dóibh agus réimse cásanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo, lena gcuirtear san áireamh acmhainní airgeadais a dhíoltar go tobann agus laghduithe tapa ar leachtacht mhargaidh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 43(2) má chuireann a chistí mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 42 agus a acmhainní eile dá dtagraítear in Airteagal 43(1) ar a chumas mainneachtain an dá chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith a sheasamh faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 44(1) mura mbíonn rochtain i gcónaí aige ar leachtacht leordhóthanach chun a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí a chomhlíonadh nó mura ndéanann sé na riachtanais leachtachta a d’fhéadfadh a bheith aige a thomhas gach lá;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 45(1), (2) agus (3) mura mbaineann sé leas as na héarlaisí arna gcur suas ag comhalta imréitigh mainneachtana sula mbaineann sé leas as sócmhainní airgeadais eile chun caillteanais a chumhdach;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 45(4) mura mbaineann sé úsáid as acmhainní dílse tiomnaithe sula n-úsáideann sé na ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 46(1) má ghlacann sé le comhthaobhacht fhíorleachtach lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh chun a neamhchosaint tosaigh agus reatha ar a chomhaltaí imréitigh a chumhdach i gcás nach gceadaítear aon chomhthaobhacht eile faoin ngníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 46(3);
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 47(1) má infheistíonn sé a chuid acmhainní airgeadais seachas airgead tirim nó ionstraimí airgeadais fíorleachtacha lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh agus ar féidir iad a leachtú go pras gan ach éifeacht dhíobhálach an-bheag a imirt ar phraghsanna;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 47(3) mura ndéanann sé ionstraimí airgeadais a chur suas mar éarlaisí nó mar ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana a thaisceadh, lena n-áirithítear lánchosaint na n-ionstraimí airgeadais sin i gcás ina bhfuil siad sin ar fáil, nó mura ndéanann sé socruithe eile ardslándála le hinstitiúidí airgeadais údaraithe a úsáid;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 47(4) má dhéanann sé taiscí in airgead tirim trí shocruithe ardslándála le hinstitiúidí airgeadais údaraithe nó trí shaoráidí seasmhacha taisce de chuid na mbanc ceannais nó trí mheán inchomparáide eile a chuireann na bainc cheannais ar fáil;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 47(5) má thaisceann sé sócmhainní le tríú páirtí gan a áirithiú go bhfuil sócmhainní na gcomhaltaí imréitigh inaitheanta go leithleach ó acmhainní an CPL nó sócmhainní an tríú páirtí sin trí bhíthin cuntais ar a bhfuil teidil éagsúla a bheith ar leabhair an tríú páirtí nó trí bhíthin aon bhearta coibhéiseacha lena mbaintear an leibhéal céanna cosanta amach nó mura bhfuil rochtain phras aige ar na hionstraimí airgeadais nuair is gá;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 47(6) má dhéanann sé a chaipiteal nó na suimeanna atá ag eascairt as na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 41 go 44 a infheistiú ina urrúis féin ná in urrúis a mháthairchuideachta nó a fhochuideachta;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 48(1) mura bhfuil nósanna imeachta mionsonraithe i bhfeidhm aige a bhíonn le leanúint i gcás nach gcomhlíonann comhalta imréitigh na ceanglais rannpháirtíochta a leagtar síos in Airteagal 37 laistigh den teorainn ama agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú ag an CPL, nó mura dtugann sé cuntas ar na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás nach bhfógraíonn CPL mainneachtain comhalta imréitigh, nó mura ndéanann sé na nósanna imeachta sin a athbhreithniú go bliantúil;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 48(2) mura ndéanann sé beart pras chun caillteanais agus brúnna leachtachta ag eascairt as mainneachtain comhalta imréitigh a shrianadh agus chun a áirithiú nach gcuirfidh leachtú suíomhanna de chuid aon chomhaltaí imréitigh isteach ar a n-oibríochtaí ná nach ndéanfaidh sé comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a neamhchosaint ar chaillteanais nach féidir leo a réamh-mheas ná a rialú;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 48(3) mura gcuireann sé ESMA ar an eolas go pras sula ndéantar an próiseas mainneachtana a dhearbhú nó a thionscnamh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 48(4) mura bhfíoraíonn sé go bhfuil a nósanna imeachta réamhshocraithe in-fhorfheidhmithe agus nach dtugann sé na céimeanna réasúnacha ar fad lena áirithiú go bhfuil na cumhachtaí dlíthiúla aige suíomhanna dílsithe an chomhalta imréitigh mainneachtana a leachtú agus suíomhanna chliaint an chomhalta imréitigh mainneachtana a leachtú nó a aistriú;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 49(1) mura ndéanann sé athbhreithniú go rialta ar na samhlacha agus ar na paraiméadair ar glacadh leo chun a cheanglais éarlaise, ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana, ceanglais chomhthaobhachta agus sásraí rialaithe eile riosca a ríomh, trí gan tástálacha struis diana agus rialta a chur i bhfeidhm ar na samhlacha chun a dteacht aniar faoi dhálaí margaidh sochreidte ach foircneacha a mheas; trí gan cúltástálacha a dhéanamh chun iontaofacht na modheolaíochta ar glacadh léi a mheas, nó mura bhfaigheann sé bailíochtú neamhspleách, trí gan ESMA a chur ar an eolas maidir le torthaí na dtástálacha a rinneadh, nó trí gan bailíochtú ESMA a fháil roimh dó aon athrú tábhachtach ar na samhlacha agus na paraiméadair a ghlacadh sa chás nár cheadaigh ESMA glacadh sealadach an athraithe sin sula ndearnadh é a bhailíochtú;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 49(2) mura ndéanann sé gnéithe tábhachtacha dá nósanna imeachta mainneachtana a thástáil go rialta nó mura dtugann sé gach céim réasúnach lena áirithiú go dtuigeann na comhaltaí imréitigh ar fad iad agus go mbíonn socraíochtaí iomchuí i bhfeidhm acu le freagairt ar theagmhas mainneachtana;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50(1) mura mbaineann sé leas as airgead bainc ceannais, i gcás ina bhfuil sé praiticiúil agus nuair a bhíonn a leithéid ar fáil nó mura dtugann sé céimeanna chun srian dian a chur le rioscaí um shocraíocht airgid thirim i gcás nach mbaintear leas as airgead bainc ceannais;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50(3) mura ndéanann sé an príomhriosca a dhíchur trí shásraí maidir le seachadadh in áit íocaíochta a úsáid a mhéid is féidir, i gcás ina bhfuil oibleagáid ar CPL ionstraimí airgeadais a sheachadadh nó a fháil mar sheachadadh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50a nó Airteagal 50b mura ndéanann sé KCCP a ríomh mar a shonraítear sna hAirteagail sin nó mura leanann sé na rialacha maidir le KCCP a ríomh a leagtar amach in Airteagal 50a(2), Airteagal 50b agus Airteagal 50d;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50a(3) mura ndéanann sé KCCP a ríomh níos lú ná uair sa ráithe nó níos annaimhe ná mar atá ceangailte ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 50a(3);
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 51(2) mura bhfuil rochtain neamh-idirdhealaitheach ag an CPL ar na sonraí atá riachtanach dó chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh ón ionad trádála áirithe sin a mhéid a chomhlíonann an CPL sin na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla arna mbunú ag an ionad trádála agus ar an gcóras socraíochta ábhartha;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 52(1) má dhéanann sé socrú idir-inoibritheachta gan aon cheann de na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a) go (d) den mhír sin a chomhlíonadh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 53(1) mura ndéanann sé idirdhealú sna cuntais ar na sócmhainní agus na suíomhanna atá sealbhaithe do chuntas CPL eile lena ndearna sé socrú idir-inoibritheachta;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 54(1) má dhéanann sé socrú idir-inoibritheachta gan formheas ESMA a fháil roimh ré;
Sáruithe a bhaineann le trédhearcacht faisnéise agus infhaighteacht faisnéise:
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(1) mura ndéanann sé na praghsanna ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil ar leithligh a nochtadh lena n-áirítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na laghduithe sin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(1) mura ndéanann sé costais agus ioncaim a sheirbhísí a nochtadh do ESMA;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(2) mura ndéanann sé na rioscaí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraítear a nochtadh dá chomhaltaí imréitigh agus dá chliaint;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(3) mura nochtann sé dá chomhaltaí imréitigh agus do ESMA an fhaisnéis faoi phraghsanna a úsáidtear chun neamhchosaintí ag deireadh an lae maidir lena chomhaltaí imréitigh a ríomh nó mura nochtann sé go poiblí líon na n-idirbheart a imréitíodh i leith gach ionstraime arna himréiteach ag an CPL ar bhonn comhiomlán;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(4) mura nochtann sé go poiblí na riachtanais oibríochtúla agus theicniúla a bhaineann leis na prótacail chumarsáide lena gcumhdaítear formáidí inneachair agus formáidí teachtaireachtaí a úsáideann sé le hidirghníomhú le tríú páirtithe, lena n-áirítear na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 7;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(5) mura nochtann sé go poiblí aon sáruithe a rinne comhaltaí imréitigh ar na critéir dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 38(1), ach amháin i gcás ina measann ESMA gur bagairt a bheadh sa nochtadh sin don chobhsaíocht airgeadais nó do mhuinín sa mhargadh agus go gcuirfeadh nochtadh don phobal den chineál sin na margaí airgeadais i mbaol mór nó go ndéanfadh sé damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(6) mura soláthraíonn sé uirlis ionsamhlúcháin dá comhaltaí imréitigh lena gceadófar dóíbh méid na héarlaise tosaigh breise, ar bhonn comhlán, a d’fhéadfadh an CPL a éileamh ar idirbheart nua a imréiteach nó tríd an uirlis sin a dhéanamh inrochtana ar bhonn neamhurraithe.
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(7) mura soláthraíonn sé faisnéis mar gheall ar na samhlacha don éarlais tosaigh a úsáideann sé dá comhaltaí imréitigh mar atá sonraithe i bpointí (a), (b) agus (c) den dara habairt den mhír sin.
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 39(7) mura nochtann sé go poiblí na leibhéil chosanta agus na costais a bhaineann leis na leibhéil éagsúla leithscartha a chuireann sé ar fáil;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 49(3) mura nochtann sé go poiblí faisnéis ríthábhachtach ar a shamhail bainistithe riosca agus na toimhdí ar glacadh leo chun na tástálacha struis dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a dhéanamh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50(2) mura dtugann sé le fios go soiléir na hoibleagáidí atá air maidir le hionstraimí airgeadais a sholáthar, lena n-áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil sé d’oibleagáid air ionstraim airgeadais a sheachadadh nó a fháil mar sheachadadh agus a shlánaíonn nó nach slánaíonn sé na rannpháirtithe ar chaillteanais a tharlaíonn le linn an phróisis seachadta.
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50c(1) mura ndéanann sé an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 50c(1) a nochtadh do na comhaltaí imréitigh aige atá ina n-institiúidí nó dá n-údaráis inniúla;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50c(2) má dhéanann sé a chomhaltaí imréitigh ar institiúidí iad a chur ar an eolas níos lú ná uair sa ráithe nó níos annaimhe ná mar atá ceangailte ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 50c(2).
Sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta:
sáraíonn CPL Airteagal 25f mura gcuireann sé faisnéis ar fáil mar fhreagairt ar chinneadh lena n-éilítear faisnéis de bhun Airteagal 25f(3), nó má chuireann sé faisnéis mhícheart nó mhíthreorach ar fáil mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis ó ESMA i gcomhréir le hAirteagal 25f(2) nó mar fhreagairt ar chinneadh ó ESMA lena n-éilítear faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 25f(3);
má chuireann CPL nó a ionadaithe freagraí míchearta nó míthreoracha ar fáil ar cheisteanna a cuireadh de bhun phointe (c) d’Airteagal 25g(1);
má sháraíonn CPL pointe (e) d’Airteagal 25g(1) de bharr nach gcomhlíonann sé iarraidh ESMA ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí;
mura ndéanann CPL Leibhéal 2 in am trátha beart maoirseachta, a cheanglaítear trí bhíthin cinneadh a ghlac ESMA, a chomhlíonadh de bhun Airteagal 25q;
mura ngéilleann CPL Leibhéal 2 do chigireacht ar an láthair a cheanglaítear le cinneadh cigireachta arna ghlacadh ag ESMA de bhun Airteagal 25h.
IARSCRÍBHINN IV
Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun Airteagal 25j(3) a chur i bhfeidhm
Beidh na comhéifeachtaí seo a leanas infheidhme go carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 25j(2):
Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca géaraitheacha:
i gcás ina ndéantar an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair;
i gcás ina ndéantar an sárú ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5 ;
i gcás ina léirítear an sárú laigí sistéamacha in eagar an CPL, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistithe nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2 ;
i gcás ina mbíonn tionchar diúltach ag an sárú ar cháilíocht ghníomhaíochtaí agus sheirbhísí an CPL, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5 ;
i gcás ina ndéantar an sárú d’aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;
i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7 ;
i gcás nach bhfuil bainistíocht shinsearach an eintitis tar éis comhoibriú le ESMA le linn do ESMA a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5 .
Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí maolaitheacha:
i gcás ina ndéantar an sárú ar feadh tréimhse is lú ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,9 ;
i gcás ina bhfuil bainistíocht shinsearach an CPL in ann a léiriú go ndearna siad gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7 ;
i gcás ina gcuireann an CPL an sárú in iúl do ESMA go pras, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4 ;
i gcás ina ndéanann an CPL, dá dheoin féin, bearta chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6 .
( 1 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
( 2 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
( 3 ) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus leis an ngnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
( 4 ) Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
( 6 ) IO L 35, 11.2.2003, lch. 1.
( 7 ) IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.
( 8 ) IO L 372, 31.12.1986, lch. 1.
( 9 ) IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.
( 10 ) Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, Ich. 35)
( 11 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 2002/92/AE ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
( 12 ) Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena léasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014 (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 022, 22.1.2021, lch. 1).
( 13 ) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
( 14 ) Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).
( 15 ) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle lena gcuirtear cúraimí sonracha ar an mBanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63);
( 16 ) Directive (EU) 2015/849 of the European Parliament and of the Council of 20 May 2015 on the prevention of the use of the financial system for the purpose of money laundering or terrorist financing, amending Regulation (EU) No 648/2012 of the European Parliament and of the Council, and repealing Directive 2005/60/EC of the European Parliament and of the Council and Commission Directive 2006/70/EC (OJ L 141, 5.6.2015, p. 73).
( 17 ) IO L 228, 11.8.1992, lch. 1.
( 18 ) IO L 168, 27.6.2002, lch. 43.
( 19 ) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 ón gComhairle lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
( 20 ) Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12).
( 21 ) Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009,lch. 1)
( 22 ) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
( 23 ) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
( 24 ) Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42).
( 25 ) Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).
( 26 ) IO L 191, 13.7.2001, lch. 45.