Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C:2022:248A:FULL

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, CA 248, 30 Meitheamh 2022


    Display all documents published in this Official Journal
     

    ISSN 1977-107X

    Iris Oifigiúil

    an Aontais Eorpaigh

    C 248A

    European flag  

    An t-eagrán Gaeilge

    Faisnéis agus Fógraí

    65
    30 Meitheamh 2022


    Clár

    Leathanach

     

    V   Fógairtí

     

    NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

     

    An Chomhairle

    2022/C 248 A/01

    Fógra folúntais CONS/AD/179/22

    1


    GA

     


    V Fógairtí

    NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

    An Chomhairle

    30.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    CA 248/1


    Fógra folúntais CONS/AD/179/22

    (2022/C 248 A/01)

     

    EOLAS GINEARÁLTA

    Roinn

    LIFE.5 Sláinte

    Ionad oibre

    An Bhruiséil, Áras Justus Lipsius

    Teideal an phoist

    Stiúrthóir

    Grúpa feidhme agus grád

    AD 14

    An t-imréiteach slándála atá riachtanach

    NO

    SPRIOC-AM LE hAGHAIDH IARRATAS

    an 13 Iúil 2022 — 12.00 meán lae (am na Bruiséile)

    Cé sinne?

    Cuidíonn Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) leis an gComhairle Eorpach, le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus lena gcomhlachtaí ullmhúcháin i ngach réimse a bhaineann lena ngníomhaíochtaí. Faoi údarás an Ardrúnaí, cuireann sí comhairle agus tacaíocht ar fáil don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle agus dá nUachtaráin i ngach réimse gníomhaíochta, lena n-áirítear comhairle faoi bheartais agus comhairle dhlíthiúil, comhordú le hinstitiúidí eile, comhréitigh a fhorbairt, maoirseacht a dhéanamh chomh maith leis na nithe uile is gá chun dea-ullmhúchán a dhéanamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle agus chun go mbeidh siad á reáchtáil mar is cuí.

    Is faoin Ard-Stiúrthóireacht um Thalmhaíocht, Iascach, Gnóthaí Sóisialta agus Sláinte atá sé an t-eagrúchán de na foirmíochtaí den Chomhairle “Talmhaíocht agus Iascach” agus “Fostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí” (Comhairle EPSCO) a chomhordú, a thagann le chéile timpeall 10 n-uaire agus 4 huaire in aghaidh na bliana faoi seach.

    Cúig ard-stiúrthóireacht atá in DG LIFE: LIFE.1, a bhíonn ag plé le saincheisteanna a bhaineann leis an talmhaíocht (CST — An Coiste Speisialta um Thalmhaíocht); LIFE.2, a bhíonn ag plé le hIascach; LIFE.3, a bhíonn ag plé le Ceisteanna Tréidliachta agus Sláinte Plandaí, Bia, agus Foraoiseacht; LIFE.4, a bhíonn ag plé le saincheisteanna a bhaineann le fostaíocht agus beartas sóisialta; LIFE.5 a bhíonn ag plé le saincheisteanna a bhaineann le sláinte; tuairiscíonn gach ceann acu don Ard-Stiúrthóir.

    Pléann Stiúrthóireacht LIFE.5 leis na réimsí beartais seo a leanas: Sláinte, Cógaisíocht, Feistí leighis agus Cistiú. Go sonrach, láimhseálann an Stiúrthóireacht na tograí reachtacha agus na tionscnaimh bheartais agus tugann sí comhairle d’Uachtaránacht na Comhairle agus d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí maidir leis na hábhair sin go léir. Cuidíonn an Stiúrthóireacht leis an gComhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóir (Comhairle EPSCO) agus leis na cruinnithe ábhartha de chuid Coreper agus de chuid na meithle a bhíonn ag plé le comhaid reachtacha agus neamhreachtacha araon a ullmhú. Ina theannta sin, ullmhaíonn an Stiúrthóireacht seasaimh an Aontais a bheidh le glacadh sna heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, comhaltaí ar bhoird bhainistíochta a cheapadh don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach).

    Ár dtairiscint

    Is post dúshlánach é post an Stiúrthóra in LIFE.5 i dtimpeallacht spéisiúil ó thaobh na polaitíochta de, ina bhfuil éagsúlacht geallsealbhóirí agus foirne ardcháilithe.

    Faoi údarás an Ard-Stiúrthóra, déanfaidh tú do Stiúrthóireacht agus acmhainní na Stiúrthóireachta a bhainistiú ar bhealach gairmiúil, eagróidh tú a cuid gníomhaíochtaí, tacóidh tú leis an bhfoireann agus spreagfaidh tú í i mbun a cuid oibre di. Cinnteoidh tú go mbeidh na seirbhísí agus na táirgí a chuirfidh an Stiúrthóireacht ar fáil ar ardcháilíocht, agus go mbeidh cumarsáid agus comhar éifeachtach sa Stiúrthóireacht féin agus ar fud na hArd-Stiúrthóireachta agus le seirbhísí eile de chuid na hArdrúnaíochta.

    Cuirfidh tú comhairle ardleibhéil i ndáil le beartais agus nósanna imeachta ar fáil don Chomhairle Eorpach, don Chomhairle, do Coreper agus dá nUachtaránachtaí agus don Ardrúnaí faoi ghnéithe uile na sainchomhad a thagann faoi chuimsiú na Stiúrthóireachta. Beidh tú rannpháirteach i gcruinnithe agus, i gcás inarb iomchuí, i seisiúin eolais agus/nó i gcaibidlíocht d’fhonn teacht ar chomhréitigh agus réitigh a aimsiú. Sa chomhthéacs sin, tabharfaidh tú cúnamh don uachtaránacht sa chaibidlíocht agus áiritheoidh tú go mbeidh cumarsáid agus comhar éifeachtach ann le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais i réimsí atá faoi chuimsiú shainordú an Stiúrthóra.

    Saineoidh tú na cuspóirí atá le baint amach, agus cinnteoidh tú go mbainfear amach iad trí chlár oibre na Stiúrthóireachta a bhunú agus faireachán iomchuí a chinntiú i ndáil le cur i bhfeidhm na gcuspóirí sin.

    Beidh freagracht ort freisin as gníomhaíochtaí anailíse beartais a thionscnamh agus a mhaoirsiú d’fhonn comhairle a chur ar fáil maidir le cinntí a dhéanamh sna réimsí atá faoi shainchúram na Stiúrthóireachta.

    Beidh tú in ann obair a phleanáil agus a eagrú ar bhealach solúbtha, faoi réir uaireanta oibre agus sceideal cruinnithe i réimse gníomhaíochta na Stiúrthóireachta. Beidh tú féin is an fhoireann in ann leas a bhaint as socruithe oibre na hArdrúnaíochta, lena n-áirítear teilea-obair.

    Bíonn gá le misin thar lear ó am go chéile (thart ar chúig huaire sa bhliain), laistigh den Aontas, de ghnáth.

    An té atá uainn

    Táimid ag lorg bainisteoir a bhfuil taithí aige nó aici ar cheapadh beartais an Aontais agus ar phróiseas reachtach an Aontais chomh maith le heolas maith ar shaincheisteanna institiúideacha an Aontais. Is buntáiste é eolas ar na réimsí a chumhdaítear leis an stiúrthóireacht agus eolas ar ról agus ar fheidhmiú na Comhairle.

    Mar bhainisteoir de chuid na hArdrúnaíochta, beifear ag súil go gcuirfidh tú comhairle orthu siúd atá i gceannas agus ar na geallsealbhóirí, go ndéanfaidh tú an fhoireann agus na hacmhainní airgeadais a bhainistiú, agus go ndéanfaidh tú ionadaíocht ar an Ardrúnaíocht. Leagtar amach an méid sin sa phróifíl chothrománach do bhainisteoirí na hArdrúnaíochta (1).

    Ina theannta sin, beidh an méid a leanas ag teastáil ón té a cheapfar:

    cumas smaoineamh agus pleanáil go straitéiseach, fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn a thuar agus a shainaithint, agus réitigh agus comhréitigh inoibrithe a mholadh,

    an cumas spiorad foirne láidir a chur chun cinn, agus an cumas baill foirne a threorú, a spreagadh agus a chumhachtú i dtimpeallacht idirnáisiúnta ilchultúrtha, agus béim láidir á leagan ar fhorbairt foirne,

    scileanna taidhleoireachta, tuiscint maidir le cathain is féidir a bheith solúbtha nó cathain is gá seasamh go diongbháilte, agus an cumas aird a thabhairt ar mhionsonraí gan dearmad a dhéanamh ar an bpictiúr foriomlán,

    an cumas dea-chaidrimh oibre a chur chun cinn agus a chothabháil le réimse idirghabhálaithe inmheánacha agus seachtracha,

    cumas comhaontuithe nó spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach trí chomhairle spriocdhírithe a chur ar fáil do gheallsealbhóirí agus trí éascú éifeachtach agus cuiditheach a dhéanamh ar phléití,

    an cumas obair fhoriomlán na Stiúrthóireachta a eagrú chun spriocdhátaí tábhachtacha a chomhlíonadh agus ualach oibre cothrom a chinntiú i measc na foirne, agus pleanáil comharbais,

    an cumas athruithe a bhainistiú agus tacaíocht a thabhairt don fhoireann nuair a bhíonn athrú ann,

    sárscileanna cumarsáide, lena n-áirítear scileanna cumarsáide idirphearsanta.

    Ós rud é go bhfuil beartas soghluaisteachta ag an Ardrúnaíocht dá bainisteoirí, a bhfuiltear ag súil go mbeidh taithí leathan acu, ba cheart go mbeadh na hiarrthóirí toilteanach agus ábalta dul i mbun oibre i réimsí éagsúla gníomhaíochta le linn a ngairmréimeanna san Ardrúnaíocht.

    BEARTAS EARCAÍOCHTA

    Caithfidh na coinníollacha iontrála a leanas a bheith á gcomhlíonadh ag na hiarratasóirí tráth a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh:

    (a)

    Coinníollacha ginearálta

    caithfidh siad a bheith ina náisiúnaigh de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,

    caithfidh a gcearta iomlána mar shaoránaigh a bheith á dteachtadh acu,

    caithfidh gach oibleagáid a chuirtear orthu faoi na dlíthe a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu.

    (b)

    Coinníollacha sonracha

    is gá céim ollscoile a bheith acu (2),

    taithí ghairmiúil ábhartha 15 bliana, ar a laghad, agus freagrachtaí bainistíochta agus eagrúcháin á bhfeidhmiú go hiarbhír ar feadh 3 bliana, ar a laghad, as sin. Mheasfaí 3 bliana a bheith caite i bpost a raibh freagrachtaí suntasacha comhordúcháin ag dul leis a bheith coibhéiseach leis an taithí bhainistíochta,

    ós rud é gurb iad an Béarla agus an Fhraincis a úsáidtear go forleathan don chumarsáid laistigh den Ardrúnaíocht agus le hinstitiúidí eile, tá eolas sármhaith ar cheann amháin den dá theanga sin agus eolas maith ar an teanga eile ag teastáil. Bheadh eolas ar theangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais ina bhuntáiste.

    NB:

    Ní mór don té a cheapfar a bheith sásta páirt a ghlacadh in oiliúint bhainistíochta na hArdrúnaíochta.

    AN NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN

    Chun na hiarrthóirí rathúla a roghnú, cabhróidh coiste comhairleach roghnúcháin leis an údarás ceapacháin. Beidh ionad measúnaithe ag an gcoiste comhairleach roghnúcháin, a bheidh á reáchtáil ag comhairleoirí seachtracha earcaíochta. Na tuarascálacha i dtaca le poist den chineál céanna a chuirfidh an t-ionad measúnaithe le chéile, scoirfidh siad de bheith bailí 2 bhliain tar éis an dáta a ndearnadh na cleachtaí ábhartha nó ar críochnaíodh an creatchonradh idir an Ardrúnaíocht agus an t-ionad measúnaithe atá i gceist — cibé dáta is luaithe.

    Déanfaidh an coiste comhairleach roghnúcháin cáilíochtaí, taithí agus spreagthacht na n-iarratasóirí go léir a mheas agus a chur i gcomparáid le chéile ar dtús, ar bhonn a n-iarratas. Bunaithe ar an measúnú comparáideach sin, déanfaidh an coiste comhairleach roghnúcháin gearrliosta de na hiarrthóirí is oiriúnaí, dar leis, chun cuireadh a fháil chuig an gcéad agallamh. Toisc gur ar mheasúnú comparáideach na n-iarratas a bhíonn an chéad roghnú sin bunaithe, ní hionann ceanglais an fholúntais seo a chomhlíonadh agus ráthaíocht go bhfaighfear cuireadh chuig an gcéad agallamh. As measc na n-iarrthóirí a chuirfear faoi agallamh, déanfaidh an coiste comhairleach na hiarrthóirí a réamhroghnú chun freastal ar an ionad measúnaithe agus chun freastal, ina dhiaidh sin, ar an dara hagallamh leis an gcoiste comhairleach roghnúcháin.

    Seo a leanas an phleanáil shealadach maidir leis an nós imeachta roghnúcháin:

    táthar ag súil go gcuirfear na hiarrthóirí a roghnófar chun agallaimh ar an eolas faoi dheireadh mhí Iúil 2022,

    tá sé beartaithe go mbeidh an chéad bhabhta agallamh ar siúl sa chéad leath de mhí Mheán Fómhair 2022,

    meastar go gcuirfear na himeachtaí san ionad measúnaithe ar siúl sa dara leath de mhí Mheán Fómhair 2022,

    tá sé beartaithe go mbeidh an dara babhta agallamh ar siúl faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair/sa chéad leath de mhí Dheireadh Fómhair 2022.

    NB:

    Is sceideal táscach amháin é an sceideal thuas agus is féidir é a mhodhnú.

    AN BUNÚS DLÍ

    Foilsítear an post seo in institiúidí uile an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de na hinstitiúidí, i gcomhréir le hAirteagal 29, mír 1 agus mír 2, de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (3).

    CONAS IARRATAS A DHÉANAMH

    Is é an 13 Iúil 2022, 12.00 meán lae (am na Bruiséile), an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.

    Ní ghlacfar le hiarratais ach le ríomhphost agus ní mór iad a sheoladh chuig “applications.management@consilium.europa.eu” (4) tráth nach déanaí ná an spriocdháta agus an sprioc-am deiridh. Ní chuirfear aon iarratas déanach san áireamh.

    Ní mór an seoladh ríomhphoist thuasluaite a úsáid i gcás aon chomhfhreagras a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin (ní mór an teideal seo a leanas a bheith luaite sa bhosca ina luaitear ábhar an ríomhphoist: CONS/AD/179/22 LIFE.5).

    Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart do na hiarrthóirí a sheiceáil go grinn an gcomhlíonann siad na ceanglais a liostaítear faoi “Beartas Earcaíochta” thuas, chun nach n-eisiafar as an nós imeachta roghnúcháin go huathoibríoch iad.

    Chun go mbeidh an t-iarratas bailí, ní mór na doiciméid seo a leanas a bheith sa chomhad iarratais, i bhfoirm pdf (NB: ní ghlacfar le doiciméid faoi ghlas, le doiciméid atá cosanta ag pasfhocal ná le doiciméid a shínítear go leictreonach):

    (a)

    an fhoirm iarratais agus í comhlánaithe agus dátaithe mar is cuí (comhad le teideal “XXX (DO SHLOINNE) — Foirm iarratais.pdf”); chun an fhoirm iarratais leictreonach (EN nó FR) a íoslódáil, cliceáil ar an nasc cuí thíos nó cóipeáil agus greamaigh isteach i do bhrabhsálaí í (5):

    https://www.consilium.europa.eu/media/53249/gsc-application_form_senior_management_en.docx

    https://www.consilium.europa.eu/media/53248/gsc-application_form_senior_management_fr.docx

    (b)

    curriculum vitae mionsonraithe, i mBéarla nó i bhFraincis, de rogha i bhformáid an Europass (https://europa.eu/europass/), lena gcumhdófar gairmréim iomlán an iarratasóra agus ina sonrófar, inter alia, cáilíochtaí an iarratasóra, cur amach an iarratasóra ar theangacha, taithí an iarratasóra agus na cúraimí atá air nó uirthi faoi láthair (an comhad le hainmniú “XXX (DO SHLOINNE) — CV.pdf”);

    (c)

    litir inspreagtha, i mBéarla nó i bhFraincis (comhad le hainmniú “XXX (DO SHLOINNE) – Motivation letter.pdf”);

    (d)

    cóipeanna de dhioplómaí lena ndeimhnítear oideachas agus cóipeanna de dhoiciméid agus de theastais a bhaineann le taithí ghairmiúil agus iad grúpáilte le chéile in aon doiciméad pdf amháin. Ní leor an curriculum vitae a luaitear faoi (b) amháin a chur isteach. Ní mór gur tríú páirtí a d’eisigh na doiciméid tacaíochta (an comhad le hainmniú “XXX (DO SHLOINNE) — Doiciméid tacaíochta.pdf”).

    Mura gcuirtear na doiciméid sin san áireamh, beidh an t-iarratas neamhbhailí.

    Ní mór gach doiciméad tacaíochta a luaitear faoi (d), a uimhriú (Iarscríbhinn 1, Iarscríbhinn 2, etc.) agus a ghrúpáil mar a luaitear thuas.

    Ní fhéachfar ar aon iarratas a gheofar tríd an bpost, nó trí réitigh stórála sonraí néalbhunaithe nó trí ardán comhroinnte comhad.

    An t-iarrthóir a chuirfear ar an ngearrliosta, iarrfar orthu bundoiciméid na gcóipeanna thuas a thabhairt ar láimh.

    Cuirfear ríomhphost chuig iarrthóirí lena dheimhniú go bhfuarthas a n-iarratas. Mar sin féin, d’fhéadfadh deacrachtaí teicniúla a bhaineann le seoladh ríomhphost a bheith ann. Dá bhrí sin, mura bhfaigheann iarrthóir ríomhphost lena dheimhniú go bhfuarthas an t-iarratas, iarrtar ar iarrthóirí teagmháil a dhéanamh le applications.management@consilium.europa.eu. Ós rud é go dtosóidh an coiste comhairleach roghnúcháin ar a chuid oibre go luath i ndiaidh dháta deiridh na n-iarratas, ba cheart aon chomhfhreagras faoin iarratas a bheith faighte a dhéanamh an tseachtain tar éis an dáta sin.

    CUIMSIÚ AGUS ÉAGSÚLACHT

    Tá an Ardrúnaíocht tiomanta don chuimsiú agus don éagsúlacht. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an ráiteas ábhartha le do thoil: https://www.consilium.europa.eu/ga/general-secretariat/jobs/diversity-and-inclusion/.

    ATHSCRÚDÚ AR IARRATAIS

    Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais ar ghearáin, achomhairc agus tarchuir chuig an Ombudsman Eorpach, féadfaidh tú dul i gcomhairle le:

    https://www.consilium.europa.eu/media/56643/complaint-ga.pdf.

    COSAINT SONRAÍ

    Tá na rialacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin seo leagtha amach sa ráiteas príobháideachais:

    https://www.consilium.europa.eu/media/56667/jobs-data-protection-083r00-ga.pdf.


    (1)  https://www.consilium.europa.eu/media/53261/gsc-manager-profile-ga.pdf

    (2)  Ceanglaítear le hAirteagal 5(3)(c) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) nach mór do na hiarratasóirí an méid seo a leanas a bheith acu ar a laghad:

    (i)

    leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma nuair is 4 bliana nó níos mó atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile, nó

    (ii)

    leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana ar a laghad nuair is 3 bliana ar a laghad atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile.

    (3)  Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle, (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), téacs comhdhlúite atá ar fáil ag

    https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20220101.

    (4)  Tá an seoladh ríomhphoist nasctha le bosca ríomhphoist feidhmiúil nach féidir leis ach teachtaireachtaí ag a bhfuil an rogha íogaireachta “Normal” a phróiseáil; ní féidir ríomhphoist a sheoltar, ag a bhfuil roghanna eile íogaireachta (e.g. “Personal”, “Private”, “Confidential” nó poist chriptithe), a phróiseáil. Dá bhrí sin, roghnaigh an rogha íogaireachta “Normal”, le do thoil. Ní ceadmhach do ríomhphost a bheith níos mó ná 25 MB. Má sháraíonn do ríomhphost, mar aon leis na ceangaltáin, an t-uasmhéid sin, déan na ceangaltáin a roinnt agus a sheoladh i gcúpla ríomhphost, le do thoil.

    (5)  Má theastaíonn tuilleadh eolais uait agus/nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: applications.management@consilium.europa.eu


    Top