EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C:2014:074A:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, CA 074, 13 Márta 2014


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.CA2014.074.gla

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

57
13 Márta 2014


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2014/C /01

Fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/276/14 — Riarthóirí (AD 5)

1

ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.

5

 

6

 

11

 

19

 

21

 

26

 

27

 

30

(PL)

35

 

41

(DE/EN/FR)

42

 

43

 

46

 

47

 

48

 

55

 

56

 

60

 

62

 

65

 

73

(DE/EN/FR)

74

 

 


 

(1)   Faoin tagairt C 74 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

13.3.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/276/14

RIARTHÓIRÍ (AD 5)

(2014/C 74 A/01)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéal a thiomsú óna n-earcófar riarthóirí (1).

Is é is aidhm don chomórtas seo painéal a thiomsú chun poist fholmha d'oifigigh in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh.

Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 60 A an 1 Márta 2014 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais an doiciméad sin agus cuideoidh sé leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.

AN CLÁR ÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

IONAD MEASÚNAITHE

VI.

PAINÉAL

VII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

I.   CÚLRA

Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo: 137

II.   DUALGAIS

Is é grád AD 5 an grád ag a dtéann céimithe i gceann ghairmréim an riarthóra sna hinstitiúidí Eorpacha. Is féidir go ndéanfaidh na riarthóirí a earcófar ag an ngrád sin, agus iad faoi mhaoirseacht, trí mhórchineál cúraimí sna hinstitiúidí, mar atá, beartais a cheapadh, tacaíocht phraiticiúil a thabhairt agus acmhainní a bhainistiú. Is é is mó atáimid a lorg, iarrthóirí a bhfuil cumas forbartha gairme iontu.

Is é ról ginearálta na riarthóirí tacaíocht a thabhairt do lucht déanta cinntí agus misean a n-institiúide nó a gcomhlachta á chur i gcrích acu.

Ag seo príomhdhualgais riarthóirí (d'fhéadfadh na dualgais bheith éagsúil ó institiúid go chéile):

cláir agus pleananna gníomhaíochta a cheapadh, a chur i ngníomh agus monatóireacht agus rialú a dhéanamh orthu,

acmhainní a bhainistiú, acmhainní daonna, airgeadais agus fisiciúla go háirithe,

cuidiú ó bhéal agus i scríbhinn a thabhairt do lucht déanta cinntí,

nótaí anailísithe beartas a dhréachtú,

cumarsáid sheachtrach maille le tuairisciú agus cumarsáid inmheánach,

bheith ag plé le gníomhaithe seachtracha agus leis na Ballstáit,

comhordú agus comhairliúchán a dhéanamh idir sheirbhísí agus idir institiúidí maidir le beartais,

meithleacha atá comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit agus ó na hinstitiúidí agus de ghníomhaithe seachtracha eile a chomhordú,

conarthaí a dhréachtú, glaonna ar thograí agus glaonna ar thairiscintí a ullmhú agus bheith ar choistí measúnaithe a dhéanann monatóireacht ar nósanna imeachta roghnúcháin agus ar dhámhachtain tograí.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Coinníollacha ginearálta

(a)

Bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach.

(b)

Do chearta mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.

Coinníollacha sonracha

2.1

Cáilíochtaí

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh.

Mic léinn atá sa bhliain dheireanach de chúrsa ollscoile, féadfaidh siad páirt a ghlacadh sa chomórtas ar choinníoll go mbeidh an dioplóma bainte amach acu faoin 31 Iúil 2014 ar a dhéanaí.

2.2

Taithí oibre

Ní theastaíonn aon taithí oibre.

2.3

Eolas ar theangacha (2)

Teanga 1

Príomhtheanga:

sáreolas ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Teanga 2

Dara teanga (nach ionann agus teanga 1):

eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis

I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an AE.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhísí, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí.

Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánaí, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Is dearbhú é sin ar an méid a bhfuiltear ag súil leis faoi láthair maidir le leibhéal oideachais agus inniúlachtaí gairme iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh máistreacht ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin mar theanga oibre. Mar sin, ligeann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d'institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.

Ar na cúiseanna céanna, moltar an teanga chumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, an teanga ina scríobhtar na hiarratais san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais ar aon dul le chéile.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.

Tá na bearta seo gan dochar d'fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Is ar ríomhaire a dhéanfar na trialacha iontrála agus is é EPSO a eagróidh iad. Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhaomhfaidh a mbeidh iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.

1.

Cuireadh

Tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh má bhailíochtaigh tú d'iarratas in am (féach Roinn VII).

Tabhair do d'aire:

1.

Is ionann d'iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

2.

Chun na trialacha a dhéanamh, ní mór duit dáta a chur in áirithe; tá sé sár-riachtanach sin a dhéanamh roimh an spriocam a chuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlachtaí ginearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas:

Triail (a)

réasúnaíocht bhriathartha

marcálfar an triail seo as 20 pointe

Triail (b)

réasúnaíocht uimhriúil

marcálfar an triail seo as 10 bpointe

an pasmharc: 5 phointe

Triail (c)

réasúnaíocht theibí

marcálfar an triail seo as 10 bpointe

 

pasmharc: 15 phointe don dá thriail, d'iomlán (a) agus (c)

Triail (d)

breithiúnas suíomhúil

marcálfar an triail seo as 40 pointe

an pasmharc: 24 pointe

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 1 i gcás thrialacha (a), (b) agus (c)

Teanga 2 i gcás thriail (d)

V.   IONAD MEASÚNAITHE

1.

Cuireadh

Tabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe duit

má ghnóthaigh tú an pasmharc sna trialacha iontrála go léir,

má ghnóthaigh tú (3) ceann de na marcanna is fearr d'iomlán thrialacha (a), (c) agus (d) agus

más léir, i ndiaidh an scrúdaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarratas ar líne (4), go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

Triail díbeartha atá i dtriail (b) ach ní chuirfear marcanna na trialach sin le marcanna na dtrialacha eile chun a chinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun an ionaid mheasúnaithe.

Tabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe do thuairim is dhá oiread go leith líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo atá luaite san fhógra seo agus foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

2.

Ionad measúnaithe

Ag seo na trialacha lena measúnófar d'inniúlachtaí (5) ginearálta san ionad measúnaithe (agus is é an bord roghnúcháin a fhaomhfaidh a mbeidh sna trialacha sin):

(e)

cás-staidéar

(f)

gníomhaíocht i ngrúpa

(g)

cur i láthair ó bhéal

(h)

agallamh struchtúrtha

Tabharfar cuireadh duit an cás-staidéar (6) (ar cuid dhílis é den ionad measúnaithe) agus trialacha eile an ionaid mheasúnaithe a dhéanamh, trialacha is gnách a bheidh ar siúl sa Bhruiséil ar feadh lae nó lae go leith.

Measúnófar gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta mar atá léirithe sa tábla thíos:

 

Cás-staidéar

Gníomhaíocht i ngrúpa

Cur i láthair ó bhéal

Agallamh struchtúrtha

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

x

 

x

 

Cumarsáid

x

 

x

 

Cáilíocht agus torthaí

x

 

x

 

Foghlaim agus forbairt

 

x

 

x

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

x

x

 

 

Buanseasmhacht

 

 

x

x

Obair bhuíne

 

x

 

x

Cumas ceannaireachta

 

x

 

x

3.

Teanga an ionaid mheasúnaithe

Teanga 2

4.

Marcáil

marcálfar gach ceann de na trialacha inniúlachtaí ginearálta as 10 bpointe

an pasmharc:

 

3 phointe do gach inniúlacht agus

 

50 pointe as 80 d'iomlán na 8 n-inniúlacht ghinearálta

VI.   PAINÉAL

1.

Painéal

Cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal

má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí (7) a ghnóthaigh na pasmharcanna agus ceann de na marcanna foriomlána is fearr d'iomlán thrialacha an ionaid mheasúnaithe (féach líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, Roinn I)

agus más léir, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ar fad.

Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, go dtí go sroichfear an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad.

Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe (8) a rinne aon iarrthóir ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.

2.

Rangú

Tiomsófar an painéal in ord aibítre.

VII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Clárú ar líne

Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa Treoirleabhar maidir le clárúchán go háirithe.

Spriocdháta (an bailíochtú san áireamh): 15 Aibreán 2014 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile

2.

Comhad iarratais

Má bhíonn tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun an ionaid mheasúnaithe, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d'iarratas a thabhairt leat (9) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) chun an ionaid mheasúnaithe.

Sonraí praiticiúla: féach pointe 2.1.7 de na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte.


(1)  Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

(2)  Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR) — íosleibhéal: teanga 1 = C1, teanga 2 = B2

(http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp)

(3)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh go léir chun an ionaid mheasúnaithe.

(4)  Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula dtiomsófar an painéal (féach Roinn VI.1 agus Roinn VII.2).

(5)  Tá cur síos ar na hinniúlachtaí sin i bpointe 1.2 de na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte.

(6)  Ar chúiseanna eagrúcháin, d'fhéadfadh an cás-staidéar bheith ar siúl in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit, is cuma cá mbeidh trialacha eile an ionaid mheasúnaithe ar siúl.

(7)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin ar fad ar an bpainéal.

(8)  Is é EPSO a dhéanfaidh na dearbhuithe a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus is é an Bord Roghnúcháin a dhéanfaidh iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha.

(9)  Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.


Top