EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C:2012:193:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 193, 30 Meitheamh 2012


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.C_2012.193.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

55
30 Meitheamh 2012


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2012/C /01

Conclúidí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2012 maidir leis an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuáil Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht na Talmhaíochta

1

 


 

(1)   Faoin tagairt C 193 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

30.6.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


Conclúidí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2012 maidir leis an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuáil “Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht na Talmhaíochta”

2012/C 193/01

Déanann COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH an méid a leanas,

AG MEABHRÚ DI NA NITHE SEO A LEANAS:

na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010 maidir le “Eoraip 2020 — Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach”,

na Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2010 maidir le “Tionscnamh Suaitheanta de chuid Eoraip 2020 ‘Aontas na Nuálaíochta’: Luas chlaochlú na hEorpa a ghéarú le nuálaíocht i saol atá ag athrú go tapa”,

na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 4 Feabhra 2011 ina n-iarrtar go mbeidh sineirgí idir an AE agus na Ballstáit lena áirithiú go gcuirfí nuálaíocht lena mbaineann sochar sochaíoch ar an margadh níos gasta,

na Conclúidí ón gComhairle an 6 Nollaig 2011 maidir le “Comhpháirtíocht i dtaighde agus i nuálaíocht”,

na Conclúidí ón gComhairle an 19 Nollaig 2011 maidir leis an “Treochlár d’Eoraip a bheadh tíosach ar acmhainní”,

na Conclúidí ón gComhairle maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha um Nuáil de chuid na Comhairle (“Iomaíochas”) an 30-31 Bealtaine 2012,

an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Nuálaíocht don Fhás Inbhuanaithe: Bithgheilleagar don Eoraip” agus Dearbhú Chóbanhávan maidir le bithgheilleagar gníomhach, Márta 2012,

an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Fís 2020 — An Creatchlár um Thaighde agus um Nuálaíocht”,

1.

IS DÍOL SÁSAIMH DI an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuáil “Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht na Talmhaíochta”, atá dírithe ar thalmhaíocht agus ar fhoraoiseacht iomaíoch, inbhuanaithe a chothú;

2.

IS MAITH IS EOL DI na dúshláin agus na deiseanna a ghabhann leis an éileamh breise atá ar tháirgí talmhaíochta ar fud an domhain agus ar an éileamh atá, dá bhrí sin, ar bhreis aschuir talmhaíochta; AGUS IS MAITH IS EOL DI FREISIN an dúshlán atá ann cur leis an inbhuanaitheacht agus leis an tíosacht ar acmhainní agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar shaincheisteanna comhshaoil i ndáil le táirgeadh talmhaíochta i gcoitinne;

3.

LEAGANN SÍ BÉIM ar acmhainn na hearnála agraibhia agus foraoiseachta san Eoraip cuidiú, ar bhealach gníomhach, le réiteach a fháil ar na dúshláin sin, agus ar an teacht isteach breise a bheadh ann d’fheirmeoirí na hEorpa leis an bhforbairt atá ag teacht ar an mbithgheilleagar;

4.

CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá sé tairbhe a bhaint as na mórdheiseanna atá ann d’earnáil agraibhia na hEorpa agus don earnáil réamhtheachtach agus iartheachtach tríd an nuáil a chothú i gcás táirgí, próiseas agus seirbhísí sa slabhra bia iomlán agus ar an gcaoi sin timpeallacht a chruthú inar fusa a bheadh sé rath praiticiúil tráchtála a bhaint as smaointe teoiriciúla agus sa tslí sin iomaíochas na hearnála talmhaíochta a neartú agus cur ar chumas na bhfeirmeoirí breis ioncaim a thuilleamh;

5.

LEAGANN SÍ BÉIM ar an ngá atá ann an bhearna a líonadh idir taighde agus nuáil agus cur i bhfeidhm an taighde agus na nuála sin go praiticiúil i gcúrsaí talmhaíochta, ionas go gcuirfí leis an dtáirgeacht ar bhealach inbhuanaithe agus ionas go mbeadh leas inbhuanaithe á bhaint as acmhainní, agus;

6.

TACAÍONN SÍ le haidhm na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil dlús a chur leis an malartú eolais agus leis an aistriú teicniúil ó réimse na heolaíochta chuig an gcleachtas feirmeoireachta, agus aiseolas a chur ar fáil go córasach do réimse na heolaíochta maidir leis na riachtanais atá acu siúd a bhíonn i mbun feirmeoireachta i dtaca le cleachtais, agus ar an gcaoi sin nasc a chruthú idir an talmhaíocht, an bithgheilleagar, an eolaíocht agus dreamanna eile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;

7.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil sé tábhachtach na gníomhairí ábhartha go léir, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a thabhairt le chéile chun aidhmeanna na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil a bhaint amach agus chun bealaí nua a chur ar na súile do na Ballstáit inar féidir na hionstraimí agus na tionscnaimh atá ann cheana a shruthlíniú, a shimpliú agus a chomhordú ar bhealach níos fearr;

8.

CUIREANN SÍ I bhFÁTH go bhfuil míniú difriúil ar an nuáil i mBallstáit éagsúla, agus go bhféadfadh sé gur nuáil theicneolaíoch, neamhtheicneolaíoch nó shóisialta a bheadh i gceist agus go bhféadfadh sé a bheith bunaithe ar chleachtais nua nó ar chleachtais thraidisiúnta agus dá bhrí sin gur cheart na héagsúlachtaí sin a chur san áireamh agus gníomhaíochtaí nuálacha á gcur i gcrích;

9.

AITHNÍONN SÍ an breisluach a bhaineann leis an gcur chuige ó bhonn aníos dá bhforáil an Coimisiún, bunaithe ar ghrúpaí oibríochtúla agus ag brath ar shruthlíniú éifeachtach ar bheartais an Aontais agus ar rannpháirtíocht na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí;

10.

CUIREANN SÍ I bhFÁTH go mbeidh an Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuáil ag brath go príomha ar shásraí seanbhunaithe agus dá bhrí sin nár ghá struchtúir nua a chruthú, ach go gcuirfidh sé le héifeachtúlacht na sásraí sin atá ann cheana i gcás an Bheartais Forbartha Tuaithe agus i gcás Chreat an AE maidir le Taighde agus Nuáil, agus sa tslí sin go seachnófar ualach neamhriachtanach riaracháin agus ATHDHEARBHAÍONN SÍ nach mór aghaidh a thabhairt ar chur chun feidhme na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil ar bhealaí córa polaitiúla agus riaracháin lena n-áirítear trí Choistí na gClár;

11.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE go gcuirfidh an bord stiúrtha ardleibhéil, ar a bhfuil ionadaithe de chuid na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí agus a roghnaíodh ar bhealach trédhearcach, comhairle straitéiseach ar fáil agus go dtabharfaidh sé treoir don Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuáil trí phlean straitéiseach cur chun feidhme a bhunú, AGUS AITHNÍONN SÍ an taithí a fuarthas tríd an gComhpháirtíocht Eorpach trialach um Nuáil maidir le hAosú Gníomhach agus Folláin agus a luadh sa Teachtaireacht agus dá bhrí sin gur beag rialú is ceart a dhéanamh ar an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuáil;

12.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún bearta nithiúla a chur i bhfeidhm chun plean straitéiseach cur chun feidhme na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil a ullmhú sa tslí is go mbeidh na geallsealbhóirí uile rannpháirteach agus go mbeidh toradh ar leith air agus go dtabharfar faoi nuáil shonrach san earnáil agraibhia, agus TÁ SÍ AG SÚIL le tacú leis an bPlean Straitéiseach Cur Chun Feidhme “Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht na Talmhaíochta”, lena gcuirfear comhairle straitéiseach ar an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuáil.


Top