EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C:2009:063A:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, CA 63, 18 Márta 2009


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

52
18 Márta 2009


Clár

Leathanach

 

V   Fógraí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2009/C /01

Fógra comórtas oscailte
EPSO/AST/91/09 – CÚNTÓIRÍ (*) (AST 3) SA RÉIMSE SEACHPHRIONTÁIL (OFFSET)
EPSO/AST/92/09 – CÚNTÓIRÍ (*) (AST 3) SA RÉIMSE RÉAMHPHRIONTÁIL (PREPRESS)

1

 


 

(1)   Faoin tagairt C 63 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógraí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

18.3.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE

(2009/C 63 A/01)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú trialacha iontrála chomh maith le comórtais oscailte ar bhonn trialacha chun painéal a chruthú.

EPSO/AST/91/09 – CÚNTÓIRÍ  (1) (AST 3) SA RÉIMSE ‘SEACHPHRIONTÁIL’ (OFFSET)

EPSO/AST/92/09 – CÚNTÓIRÍ  (1) (AST 3) SA RÉIMSE ‘RÉAMHPHRIONTÁIL’ (PREPRESS)

Is é is aidhm don chomórtas EPSO/AST/91/09 painéal a chruthú chun folúntais i bpoist i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus i gCoiste na Réigiún a líonadh.

Is é is aidhm don chomórtas EPSO/AST/92/09 painéal a chruthú chun folúntais i bpoist i bParlaimint na hEorpa, sa Chomhairle, sa Choimisiún Eorpach, i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus i gCoiste na Réigiún a líonadh.

Ní mór do na hiarrthóirí a bheith ar an eolas faoi na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le comórtais oscailte. Tá na forálacha sin foilsithe san Iris Oifigiúil C 47 A an 26 Feabhra 2009 agus ar shuíomh gréasáin EPSO. Is cuid dhílis iad na forálacha ginearálta sin den fhógra comórtais seo agus tá rialacha iontu a bhaineann leis an nós imeachta comórtais agus na modhanna clárúcháin.

INNEACHAR AN DOICIMÉID

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

COMÓRTAS OSCAILTE

VI.

PAINÉIL

VII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

I.   CÚLRA

1.

Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo i ngach comórtas

EPSO/AST/91/09 = 5

EPSO/AST/92/09 = 21

2.

Nótaí

Ós rud é go bhféadfaí na trialacha a eagrú ag an am céanna, ní féidir leis na hiarrthóirí cur isteach ach ar cheann amháin den dá chomórtas seo. Caithfear an rogha seo a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir athrú tar éis an spriocdháta le haghaidh clárúcháin.

II.   DUALGAIS

EPSO/AST/91/09 (AST 3) : SEACHPHRIONTÁIL – Cuspóir ginearálta an phoist: priontáil

1.

Dualgais priontála

1.1

doiciméid a phriontáil agus a ullmhú, ag baint úsáide as seachphriontáil go háirithe, i bhformáid bheag nó i bhformáid mheánach

1.2

doiciméid a chur i gcrích, a chur le chéile, a stápláil agus a cheangal

1.3

innealra priontála agus baillchríche a réiteach ionas go bhfeidhmeoidh siad

1.4

obair cothabhála rialta (doiciméid chlóbhuailte a láimhseáil agus a iompar, an t-innealra a ghlanadh go rialta, etc.)

1.5

rialú agus cothabháil rialta an trealaimh theicniúil

1.6

na seachphlátaí a shocrú agus a ullmhú ag baint úsáide as an gcóras ‘ríomhaire go pláta’

1.7

comhaid (idir chomhaid PDF agus chomhaid eile) a fháil, a sheiceáil agus a tharchur

1.8

rialú cáilíochta agus seiceáil profaí

2.

Dualgais riaracháin

2.1

maoirseacht a dhéanamh ar an obair agus ar an bpleanáil

2.2

comhaid nó plátaí aonair a bhainistiú agus a chartlannú

2.3

bileoga sonraí agus bileoga staidrimh a nuashonrú

EPSO/AST/92/09 (AST 3) : RÉAMHPHRIONTÁIL – Cuspóir ginearálta an phoist: speisialtóir ríomhghrafaice

1.

Dualgais ríomhghrafaice/grafaice

1.1

obair ríomhghrafaice chasta a dhéanamh i dteangacha éagsúla an AE (obair a éilíonn eolas ar rialacha na clógrafaíochta trí na teicníochtaí ríomhairithe ar MAC/PC, amhail QuarkXPress, InDesign, Illustrator, Acrobat, Photoshop agus cláracha eile a úsáid)

1.2

obair grafaice (tionscadail a bhunú, etc.)

1.3

cuidiú le cartlannú na gcomhad a bhainistiú agus le cóipeanna cúltaca a dhéanamh

1.4

cothabháil rialta an trealaimh

1.5

cuidiú le nuashonrú na gclár le haghaidh leagan amach na leathanach agus le haghaidh tarchuir na gcomhad

1.6

comhaid (idir chomhaid PDF agus chomhaid eile) a fháil, a sheiceáil agus a tharchur

1.7

rialú cáilíochta agus seiceáil profaí

1.8

doiciméid bhunaidh páipéir a scanadh

1.9

socrú na seachphlátaí chun iad a ullmhú ag baint úsáide as an gcóras ‘ríomhaire go pláta’

2.

Dualgais riaracháin

2.1

maoirseacht a dhéanamh ar an obair agus ar an bpleanáil

2.2

comhaid nó plátaí aonair a bhainistiú agus a chartlannú

2.3

bileoga sonraí agus bileoga staidrimh a nuashonrú

Tá sonraí maidir leis an bpróifíl ghinearálta atá á lorg ag na hinstitiúidí ar fáil in Alt 1.2 de na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le comórtais oscailte.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh le haghaidh clárúcháin ar líne, ní mór don iarrthóir na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhall:

III. 1.   Coinníollacha ginearálta

a)

É a bheith ina shaoránach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

b)

É a bheith i dteideal a láncheart mar shaoránach.

c)

Aon oibleagáid a cheanglaíonn an dlí air i dtaca le seirbhís mhíleata a chomhall.

d)

Na riachtanais charachtair a theastaíonn chun na dualgais i gceist a chomhall.

III. 2.   Coinníollacha sonracha

2.1.

Cáilíocht

a)

Leibhéal oideachais tríú leibhéal agus cáilíocht bainte amach ag an deireadh.

nó b)

Leibhéal oideachais meánscoile, agus cáilíocht bainte amach ag an deireadh a thabharfadh rochtain ar oideachas tríú leibhéal, mar aon le taithí ghairmiúil 3 bliana ar a laghad ábhartha do dhualgais an phoist seo. Ní féidir an taithí ghairmiúil 3 bliana seo a chur san áireamh i mblianta na taithí gairmiúla atá riachtanach faoi 2.2 thíos.

2.2.

Taithí ghairmiúil

 

Taithí ghairmiúil 3 bliana ar a laghad sa réimse ábhartha. Caithfear an taithí seo a bheith faighte:

a)

tar éis na céime/cáilíochta atá riachtanach faoi 2.1.a)

nó b)

tar éis na céime/cáilíochta agus sa bhreis ar an taithí ghairmiúil atá riachtanach faoi 2.1.b)

2.3.

Eolas ar theangacha

a)

Teanga 1

Príomhtheanga:

eolas an-mhaith ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: (BG) an Bhulgáiris, (CS) an tSeicis, (DA) an Danmhairgis, (DE) an Ghearmáinis, (EL) an Ghréigis, (EN) an Béarla, (ES) an Spáinnis, (ET) an Eastóinis, (FI) an Fhionlainnis, (FR) an Fhraincis, (GA) an Ghaeilge, (HU) an Ungáiris, (IT) an Iodáilis, (LT) an Liotuáinis, (LV) an Laitvis, (MT) an Mháltais, (NL) an Ollainnis, (PL) an Pholainnis, (PT) an Phortaingéilis, (RO) an Rómáinis, (SK) an tSlóvaicis, (SL) an tSlóivéinis nó (SV) an tSualainnis.

agus

 

b)

Teanga 2

Dara teanga (de riachtanas éagsúil ó theanga 1):

eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

A.

Na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh

Na hiarrthóirí a dheimhnigh, le linn clárúcháin ar líne, gur chomhall siad coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

B.

Trialacha

 

 

Triail a)

Triail b)

1.

Leagan amach

Sraith de cheisteanna ilroghnacha chun eolas ar an Aontas Eorpach, ar a chuid institiúidí agus ar a chuid beartas a mheasúnú.

Sraith de cheisteanna ilroghnacha chun cumas ginearálta na n-iarrthóirí maidir lena scileanna réasúnaíochta briathartha agus uimhríochta a mheasúnú.

2.

Teanga

Teanga 2

3.

Marcáil

As 10

Ní bhainfear marcanna toisc freagraí míchearta.

As 20

Ní bhainfear marcanna toisc freagraí míchearta.

4.

Pas

5

10

5.

Am ceadaithe

+/- 20 nóiméad

+/- 50 nóiméad

V.   COMÓRTAS OSCAILTE

V.1.   Trialacha scríofa

A.

Na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh

Na hiarrthóirí (2) a fhaigheann na marcanna is fearr (féach thíos) sna trialacha iontrála mar aon le pasmharc i ngach ceann de na trialacha sin agus a chomhallann, i bhfianaise na ndearbhuithe a rinne siad le linn dóibh clárú ar líne, na coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III:

EPSO/AST/91/09 = 30

EPSO/AST/92/09 = 126

B.

Trialacha

1.

Leagan amach, marcáil agus am ceadaithe

a)

Triail ina bhfuil sraith de cheisteanna ilroghnacha chun saineolas na n-iarrthóirí sa réimse ábhartha a mheasúnú.

As 40 (pas: 20)

Am ceadaithe: 1 uair

b)

Triail ar ábhar de rogha an iarrthóra sa réimse ábhartha, chun na nithe seo a leanas a mheas:

eolas an iarrthóra,

a chumas tuisceana, anailíse agus achoimrithe agus

a chumas scríbhneoireachta.

As 40 (pas: 20)

Am ceadaithe: 2 uair

c)

Nóta gearr a scríobh, i bpríomhtheanga an iarrthóra, ina gcuirfear in iúl argóintí agus conclúidí na trialach scríofa (b). Is é is aidhm don triail seo máistreacht an iarrthóra ar a phríomhtheanga a scrúdú, i dtaobh cháilíocht na scríbhneoireachta mar aon lena cur i láthair.

As 10 (pas: 8)

Am ceadaithe: 30 nóiméad

2.

Teanga

Trialacha (a) agus (b): teanga 2

Triail (c): teanga 1

V.2   Béaltriail

A.

Iarrthóirí incháilithe

Na hiarrthóirí (2) a fhaigheann na marcanna is fearr (féach thíos) sna trialacha scríofa mar aon le pasmharc i ngach ceann de na trialacha sin agus a chomhallann, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta a ghabhann lena n-iarratas na, coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III:

EPSO/AST/91/09 = 10

EPSO/AST/92/09 = 42

B.

Triail

1.

Leagan amach, marcáil agus am ceadaithe

Agallamh leis an mbord roghnúcháin ionas go mbeifear in ann na nithe seo a leanas a mheas:

inniúlacht an iarrthóra na dualgais atá sonraithe i Roinn II a chomhlíonadh;

saineolas an iarrthóra sa réimse ábhartha;

eolas an iarrthóra ar an Aontas Eorpach, ar a chuid Institiúidí agus ar a chuid beartas;

inspreagthacht an iarrthóra agus a chumas dul i dtaithí ar obair an tseirbhísigh Eorpaigh i dtimpeallacht ilchultúrtha.

As 50 (pas: 25)

Am ceadaithe: +/- 30 nóiméad

2.

Teanga

Reachtálfar an t-agallamh sa teanga atá sonraithe ag an iarrthóir san iarratas mar dhara teanga ach déanfar a eolas ar an bpríomhtheanga a mheas freisin.

3.

Láthair

Mura dtugtar a mhalairt le fios, is sa Bhruiséil a thionólfar an bhéaltriail.

VI.   PAINÉIL

1.

Ainmniúchán ar na painéil

Cuireann an bord roghnúcháin ainmneacha na n-iarrthóirí (2) a ghnóthaigh na marcanna is fearr sna trialacha scríofa agus don bhéaltriail le chéile agus an pasmharc sa dá thriail sin (féach Roinn I.1) ar na painéil.

2.

Aicmiú

Painéil curtha le chéile de réir comórtais, de réir grúpaí fiúntais (4 ghrúpa ar a mhéid) agus in ord aibítre i ngach grúpa fiúntais.

VII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Clárúchán ar líne

Ní mór do na hiarrthóirí clárú go leictreonach tríd an nós imeachta a shonraítear ar shuíomh na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne a leanúint.

Spriocdháta: 21 Aibreán 2009 ag 12 (meán lae), am na Bruiséile

2.

An t-iarratas a sheoladh

Iarrfar ar na hiarrthóirí dá dtagraítear faoi Roinn V.1.A, a n-iarratais leictreonacha a phriontáil agus a sheoladh, trí mheán a gcuntas EPSO agus na doiciméid tacaíochta ábhartha ina dteannta, chuig an seoladh seo a leanas:

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

C 80

Comórtas oscailte EPSO/AST/.../09 (Uimhir an chomórtais)

1049 An Bhruiséil/Brussels

An BHEILG/BELGIUM

Modhanna: Féach Alt 2.4 de na forálacha ginearálta agus sonracha is infheidhme maidir le comórtais oscailte.

Spriocdháta: cuirfear an spriocdháta in iúl do na hiarrthóirí, trí mheán a gcuntas EPSO, sa litir ina dtabharfar cuireadh dóibh iarratas a chur isteach.


(1)  Is ionann gach tagairt don fhirinscne agus tagairt don dá inscne, fireann agus baineann.

(2)  I gcás ina bhfaighfidh roinnt iarrthóirí ar an áit dheireanach an marc céanna, cuirfidh an bord roghnúcháin ainm gach iarrthóra ar an bpainéal.


Top