EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Tugtar sainmhíniú ar phrionsabal na coimhdeachta in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Féachtar leis an bprionsabal a áirithiú go nglacfar cinntí ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach agus go ndéanfar seiceálacha leanúnacha lena dheimhniú go bhfuil údar maith le gníomh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) i bhfianaise na ndeiseanna atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil.
Go sonrach, is é an prionsabal é nach ngníomhaíonn an tAontas Eorpach (ach amháin sna réimsí a dtagann sé faoina dhlínse eisiach), mura bhfuil sé níos éifeachtaí ná gníomhú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil.
Tá dlúthcheangal idir an prionsabal sin agus prionsabal na comhréireachta, lena n–éilítear nár cheart do ghníomh AE ar bith dul thar an méid atá riachtanach chun aidhmeanna na gconarthaí a bhaint amach. I bprionsabal gaolmhar eile, prionsabal na tabhartha, sonraítear go gcoinneofar réimsí beartais ar bith nach mbeidh comhaontaithe go sainráite sna conarthaí ag gach Ballstát AE ina réimse.
Tá dhá phrótacal ábhartha curtha i gceangal le Conradh Liospóin:
Má sháraítear prionsabal na coimhdeachta, féadfaidh Coiste na Réigiún nó na Ballstáit gníomh arna ghlacadh leis a chur ar aghaidh go díreach chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
FÉACH FREISIN