EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Coiste Polaitiúil agus Slándála

Is é an Coiste Polaitiúil agus Slándála ná coiste de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh (AE) a phléann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a luaitear in Airteagal 38 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Tá ionadaithe ó na 28 mBallstát AE ann agus is é a chúram oibre ná:

  • faireachán a dhéanamh ar an staid idirnáisiúnta i limistéir atá cumhdaithe ag an gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES);
  • cuir le sainmhíniú beartas;
  • faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beartas gan dochar a dhéanamh do chumhachtaí Ardionadaí AE do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí, téann an coiste i mbun rialaithe pholaitiúil agus stiúrtha straitéisigh ar oibríochtaí bainistíochta géarchéime. Mar sin, féadfaidh údarú a bheith ag an gcoiste chun cinntí a dhéanamh faoi rialú polaitiúil agus faoi stiúradh straitéiseach oibríochta. Faigheann an coiste cúnamh ó na grúpaí seo a leanas: Meitheal um Chúrsaí Polaitiúla-Míleata (MPM), Coiste um Ghnéithe Sibhialtacha den Bhainistíocht ar Ghéarchéimeanna (CIVCOM), Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC) agus Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh (EUMS).

FÉACH FOSTA

Top