Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tionscnamh geografach deochanna biotáilleacha

D'fhonn tomhaltóirí a chosaint agus earnáil na ndeochanna biotáilleacha* a fhorbairt, tá creat dlíthiúil cruthaithe ag an Aontas Eorpach (AE) lena n-áirithítear rialacha aonfhoirmeacha ar fud AE maidir le deochanna biotáilleacha a mhargú.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle

ACHOIMRE

D'fhonn tomhaltóirí a chosaint agus earnáil na ndeochanna biotáilleacha* a fhorbairt, tá creat dlíthiúil cruthaithe ag an Aontas Eorpach (AE) lena n-áirithítear rialacha aonfhoirmeacha ar fud AE maidir le deochanna biotáilleacha a mhargú.

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN SEO?

Leagtar síos ann rialacha maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha maille le cosaint sonraí geografacha. Tá feidhm aige maidir le gach deoch bhiotáilleach, cibé an ndéantar í a tháirgeadh i dtír AE nó tír neamh-AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • In Iarscríbhinn II den rialachán seo, dírítear aird ar 46 chatagóir éagsúil deochanna biotáilleacha a bhfuil cáilíochtaí éagsúla acu nach mór a bheith ag an deoch bhiotáilleach ionas go gcuirfear san áireamh í i gcatagóir ar leith. Má tá cáilíochtaí ó chatagóirí éagsúla ag an deoch bhiotáilleach, féadfar í a dhíol faoi ainmníocht cheann amháin nó níos mó de na catagóirí.
  • Tá feidhm ag na rialacha ginearálta a bhaineann le cur i láthair agus lipéadú ar earraí bia maidir le deochanna biotáilleacha. Tá rialacha sonracha maidir le lipéadú agus cur i láthair leagtha síos sa rialachán seo, áfach, amhail lipéadú a dhéanamh ar amhábhair arna n-úsáid, paraiméadair an téarma “cumasc' a líniú”, an tréimhse aibithe a chur in iúl, cosc a chur ar chapsúil luaidhe-bhunaithe a úsáid mar ghléis dúnta, agus a áirithiú go dtugtar lipéadú i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla AE.
  • Leis an sonra geografach, sainaithnítear deoch bhiotáilleach mar cheann a thionscnaíonn i gcríoch thíre, nuair atá cáilíocht áirithe, clú áirithe nó saintréith áirithe eile na dí biotáillí sin inchurtha i leith a tionscnaimh gheografaigh.
  • D'fhonn sonra geografach a chlárú, ní mór do thíortha AE agus tíortha neamh-AE araon iarratas a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach. Ní mór go n-áireofaí leis an iarratas comhad teicniúil ina mbeidh roinnt píosaí faisnéise, amhail tuairisc ar an deoch bhiotáilleach, sainmhíniú ar an limistéar geografach lena mbaineann, cur síos ar an modh a ndéantar an deoch bhiotáilleach, riachtanais ar bith a leagfar síos le forálacha Eorpacha, forálacha náisiúnta nó forálacha réigiúnacha, agus ainm agus seoladh teagmhála an iarrthóra.
  • Mura bhfuil na saintréithe atá sonraithe sa chomhad teicniúil ag an deoch bhiotáilleach a thuilleadh, féadfaidh an Coimisiún Eorpach clárú sonra gheografaigh a chur ar ceal.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Deochanna biotáilleacha: deochanna meisciúla a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine. De réir sainmhínithe, tá cáilíochtaí orgánaileipteacha ar leith acu agus tá neart íosta alcóil 15 % iontu. Déantar iad a tháirgeadh trí dhriogadh, trí mhaothú nó trí bhlastáin a chur leo, nó trí dheoch bhiotáilleach a mheascadh le deoch eile, le halcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó le driogáití áirithe.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

20.2.2008

-

IO L 39, 13.2.2008, lgh. 16-54

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008

20.1.2009

-

IO L 354, 31.12.2008, lgh. 34-50

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a ionchorprú sa téacs bunaidh. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo le haghaidh cuspóirí tagartha amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 936/2009 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2009 lena gcuirtear i bhfeidhm na comhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha maidir le deochanna biotáilleacha áirithe a aithint go frithpháirteach (IO L 264, 8.10.2009, lgh. 5-6)

Nuashonraithe 02.10.2015

Top