EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Inimircigh a smuigleáil ar tír, ar muir nó san aer — prótacal na Náisiún Aontaithe

ACHOIMRE AR:

Chinneadh 2006/616/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2006/617/CE ón gComhairle maidir le conclúid phrótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh smuigleáil inimirceach (ar tír, ar muir nó san aer), ar prótacal é lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN NA CINNTÍ SEO?

Déantar síniú phrótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh smuigleáil inimirceach ar tír, ar muir, nó san aer, ag an Aontas Eorpach (AE), a fhaomhadh go foirmiúil sa mhéid is go mbaineann sé le hinniúlacht AE. Tá sé mar aidhm ag an bprótacal seo a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta cosc a chur ar smuigleáil inimirceach agus í a chomhrac, comhar a chur chun cinn idir na stáit sínithe agus cearta na n-inimirceach smuigleáilte a chosaint.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do na stáit sínithe na gníomhartha seo a leanas a bhunú mar chionta coiriúla nuair a dhéantar iad d’aon ghnó le haghaidh gnóthachan airgeadais nó ábhar:

  • smuigleáil inimirceach, .i. duine a thabhairt isteach i stát go neamhdhleathach, ar neamhnáisiúnach nó neamhchónaitheoir buan an stáit sin é/í;
  • nuair a dhéantar é le haghaidh smuigleáil inimirceach, doiciméid chalaoiseacha taistil nó aitheantais a chur amach, a fháil, a chur ar fáil nó a bheith i seilbh duine;
  • ag cur ar chumas duine fanacht i stát gan na riachtanais is gá a chomhlíonadh maidir le bheith i láthair go dleathach ann;
  • ag déanamh iarrachta na cionta seo a dhéanamh, ag glacadh páirte iontu agus ag déanamh iad a thionscnamh.

Ní mór do na tíortha sínithe na himthosca seo a leanas a chur san áireamh mar cuireann siad le déine an ghnímh choiriúil (.i. imthosca géaraitheacha):

  • saol nó sábháilteacht na n-inimirceach i dtrácht a chur i mbaol;
  • íde mídhaonna nó táireach a ghearradh ar na hinimircigh sin, agus dúshaothrú san áireamh freisin.

Ní ceart íospartaigh smuigleáil na n-inimirceach a chur faoi dhliteanas maidir le himeachtaí coiriúla.

Raon an iarratais

Baineann an prótacal le:

  • cosc, imscrúdú agus ionchúiseamh na gcionta thuas (más rud é gur cineálacha trasnáisiúnta iad agus go bhfuil grúpa coiriúil eagraithe páirteach iontu);
  • cearta íospartaigh na gcionta seo a chosaint.

Bearta in aghaidh smuigleáil inimirceach ar muir

  • Má bhíonn stát in amhras go bhfuil árthach gan náisiúntacht ag smuigleáil inimirceach, féadfar dul ar bord an árthaigh agus é a chuardach.
  • Má bhíonn tír in amhras go bhfuil árthach le clárúchán eachtrach ag smuigleáil inimirceach, ní mór di an tír ina bhfuil an t-árthach cláraithe a chur ar an eolas (bratstát) agus deimhniú cláraithe a iarraidh chomh maith le húdarú chun gníomhú. Más cinnte go bhfuil amhras ann, féadfaidh an tír iarrthach:
    • dul ar bord an árthaigh agus é a chuardach, agus bearta cuí a thógáil maidir leis an árthach agus leis na daoine agus an lastas ar bord; agus
    • sábháilteacht agus cóireáil dhaonnúil na ndaoine ar bord a chinntiú.
  • Mura bhfuil aon gharbhaol eile ann, ní féidir a thuilleadh beart a thógáil gan cead sainráite a fháil ón mbratstát.

Comhar idirnáisiúnta

Ní mór do thíortha iarracht a dhéanamh chun a rialuithe teorann a neartú agus tá sé de chead acu cead isteach a dhiúltú d’aon duine a mbíonn páirt acu i smuigleáil inimirceach. Na tíortha a bhfuil comhtheorainneacha acu nó atá suite ar bhealaí in úsáid ag grúpaí coiriúla, ní mór dóibh faisnéis ar leith a mhalartú amhail:

  • pointí imeachta agus cinn scríbe in úsáid ag na smuigléirí;
  • na bealaí agus na modhanna iompair a úsáidtear;
  • modhanna agus slite chun:
    • daoine a cheilt agus a iompar;
    • mí-úsáid a bhaint as doiciméid taistil nó aitheantais.

Tíortha a bhfuil saineolas ábhartha acu, ní mór dóibh cúnamh teicniúil a chur ar fáil do thíortha a bhíonn ina dtíortha tionscnaimh nó idirthurais d’inimircigh go minic.

Cosc, cosaint, cúnamh agus filleadh

Is gá go ngníomhódh tíortha i roinnt slite chun smuigleáil a chosc agus chun déileáil le híospartaigh na smuigleála araon. Cuirtear na rudaí seo a leanas san áireamh:

  • Feachtais phoiblí mhúscailte feasachta agus cláir fhorbartha agus comhar ag leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta chun cúiseanna an smuigleáil inimirceach a chomhrac, go háirithe bochtaineacht agus tearcfhorbairt.
  • Bearta chun cearta na n-inimirceach a chosaint ar íospartaigh smuigleála iad, mná agus páistí ach go háirithe.
  • Cosainta chur ar fáilin aghaidh an fhoréigin a d’fhéadfadh a bheith gearrtha ar inimircigh agus cúnamh a thabhairt dóibh siúd a bhfuil a saolta nó a sábháilteacht i mbaol toisc gur smuigleáladh iad.
  • Saoránaigh, nó daoine atá i dteideal buanchónaí ina gcríocha féin, agus a smuigleáladh, a thabhairt ar ais chuig a dtíortha féin.

CÚLRA

Leagtar amach le Treoir 2002/90/CE agus le Cinneadh Réime 2002/946/CGB sainmhíniú coitianta do shárú maidir le himirce mhí-rialta a éascú agus íosrialacha maidir le pionóis agus le dliteanas daoine dlítheanacha.

GNÍOMH

Cinneadh 2006/616/CE ón gComhairle an 24 Iúil 2006 ar chonclúid, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, an Phrótacail in aghaidh smuigleáil inimirceach ar tír, ar muir nó san aer, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta maidir le forálacha an Phrótacail, a mhéid a thagann forálacha an Phrótacail seo faoi raon Airteagal 179 agus 181(a) den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach (IO L 262, 22.9.2006, lgh. 24-33)

Cinneadh 2006/617/CE ón gComhairle an 24 Iúil 2006 ar chonclúid, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, an Phrótacail in aghaidh smuigleáil inimirceach ar tír, ar muir nó san aer, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta maidir le forálacha an Phrótacail, a mhéid a thagann forálacha an Phrótacail faoi raon Cuid III, Teideal IV den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach (IO L 262, 22.9.2006, lgh. 34-43)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2002 ar neartú an chreata choiriúil chun cosc a chur ar éascú a dhéanamh ar an teacht isteach, ar an idirthuras agus ar chónaí neamhúdaraithe (IO L 328, 5.12.2002, lgh. 1-3)

Treoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena leagtar amach sainmhíniú maidir le héascú a dhéanamh ar an teacht isteach, ar an idirthuras agus ar chónaí neamhúdaraithe (IO L 328, 5.12.2002, lgh. 17-18)

Treoir 2004/81/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gcead cónaithe eisithe do náisiúnaigh tríú tíortha ar íospartaigh iad de gháinneáil ar dhaoine nó a ghlac páirt i ngníomhaíocht chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla (IO L 261, 6.8.2004, lgh. 19-23)

Nuashonraithe 04.02.2016

Top