Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sábháilteacht mhuirí: an Cód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta (ISM) le haghaidh loingseoireachta

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 maidir leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta a chur i bhfeidhm san AE

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

  • Faoin rialachán seo, ionchorpraítear an “Cód idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta” ( Cód ISM) san Aontas Eorpach (AE).
  • Go háirithe, is é cuspóir an rialacháin ná a chinntiú go gcloínn cuideachtaí loingseoireachta leis an gCód ISM, rud a dhéantar trí
    • chórais bainistíochta sábháilteachta a chur ar bun agus ar chur i bhfeidhm ar longa agus ar an gcladach, agus trí chothabháil cheart a dhéanamh ar na córais sin; agus
    • iad a bheith faoi rialú ag rialtais bhratstáit (i.e. tír chláraithe an tsoithigh) agus stáit an chalafoirt (i.e. tír an chalafoirt ar a dtugann soitheach cuairt nó ina dtéann sé ar ancaire).

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon

Baineann an rialachán leis na cineálacha long seo a leanas agus lena gcuideachtaí oibriúcháin:

  • lastlonga agus longa paisinéirí, a bhfuil bratach de thír AE ar foluain acu, agus a théann ar thurais idirnáisiúnta;
  • lastlonga agus longa paisinéirí nach bhfágann a n-uiscí intíre, beag beann ar a mbratach;
  • lastlonga agus longa paisinéirí a fhágann nó a thagann isteach chuig calafoirt de chuid AE, mar chuid de sheirbhís rialta loingseoireachta, beag beann ar a mbratach;
  • aonaid shoghluaiste eischósta druileála ag feidhmiú faoi údarás thír AE.

Ní bhaineann an rialachán le:

  • longa cogaidh, le longa trúpaí ná le longa eile ar le tír AE iad nó a fheidhmítear ag tír AE, nach n-úsáidtear iad ach ar sheirbhís neamhthráchtála rialtais;
  • longa nach gcuirtear ag gluaiseacht trí mheáin mheicniúla, longa adhmaid de stíl bhunúsach, luaimh nó báid phléisiúir, ach amháin más rud é go bhfuil breis is dhá phaisinéir déag á n-iompar acu chun críocha tráchtála;
  • soithigh iascaireachta;
  • lastlonga agus aonaid shoghluaiste eischósta druileála nach bhfuil ach olltonnáiste de níos lú ná 500 tonna orthu;
  • longa paisinéirí, ach amháin báid farantóireachta paisinéirí róró (rolladh ann/rolladh as), i limistéir áirithe mhuirí, mar atá sainmhínithe in Airteagal 4 de Threoir 2009/45/CE.

Deimhniú agus fíorú

Ní mór do thíortha AE cloí le Cuid B den Chód ISM.

Eisceachtaí

Má mheasann tír AE go bhfuil sé deacair do chuideachtaí áirithe cloí le rialacha áirithe den Cód ISM do longa ar leith nach bhfágann a n-uiscí intíre, féadfar na cuideachtaí sin a dhíolmhú ó na rialacha trí bhearta comhionanna a chur i bhfeidhm.

Sa chás sin, bíonn ar an tír AE an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas. Mura bhfuil údar leis an eisceacht atá beartaithe, caithfidh an tír na bearta sin a leasú nó gan iad a ghlacadh.

Pionóis

Ní mór do thíortha AE córas éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur ar bun chun déileáil le sáruithe ar an rialachán.

Tuarascálacha

Ní mór do thíortha AE tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Chód ISM a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach dhá bhliain. Bunaithe ar an tuarascáil dhébhliantúil seo, ullmhaíonn an Coimisiún tuarascáil chomhdhlúite do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 24 Márta 2006.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta a chur i bhfeidhm sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3051/95 ón gComhairle (IO L 64, 4.3.2006, lgh. 1-36)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 336/2006. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus le truailliú ó longa a chosc (IO L 324, 29.11.2002, lgh. 1-5). Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le comhrialacha agus comhchaighdeáin le haghaidh eagraíochtaí imscrúdaithe agus suirbhé long agus gníomhaíochtaí áirithe na n-údarás muirí (IO L 131, 28.5.2009, lgh. 47-56). Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lgh. 57-100). Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh long paisinéirí (Athmhúnlú) (IO L 163, 25.6.2009, lgh. 1-140). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 14.03.2016

Top