EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Orduithe Cúirte lena ndéanfar sócmhainní coiriúla nó fianaise choiriúil a chalcadh — aitheantas thar lear

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Réime 2003/577/JHA — orduithe um chalcadh a fhorghníomhú thar lear

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH RÉIME SEO?

  • Bunaítear rialacha leis maidir le haitheantas agus forghníomhú ag AE d’ordú um chalcadh arna eisiúint ag údarás breithiúnach thír AE eile in imeacht coiriúil. Cumhdaítear ann freisin fianaise a chalcadh.
  • Feidhmítear é i gcomhar le Cinneadh Réime 2006/783/JHA maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d'orduithe coigistíochta maidir lena sócmhainní a bhaint de choirpigh fiú nuair atá siad coinnithe i dtír AE eile.
  • Ó mhí na Bealtaine 2017 i leith, cuirfear Treoir 2014/41 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla in ionad rialacha an Chinnidh Réime seo ina ndéileáiltear le fianaise a chalcadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cad is ordú um chalcadh ann?

Ordú sealadach atá ann ó údarás breithiúnach chun chosc a chur ar choirpigh maoin, doiciméid nó sonraí a chur i bhfolach, a dhíol nó a úsáid i ngníomhaíocht choiriúil.

Tá feidhm ag an gcinneadh seo maidir le horduithe um chalcadh a eisítear chun:

  • eilimintí a fháil a d’fhéadfaí a úsáid mar fhianaise in imeacht coiriúil; nó
  • orduithe coigistíochta ina dhiaidh sin chun deireadh a chur go buan le ciontóirí ó thairbhe a bhaint as a n-iompar coiriúil agus cosc a chur ar sciúradh nó ath-infheistiú maoine coiriúla, rud a d’fhéadfadh cur le tuilleadh coiriúlachta.

Cionta

Ní theastaíonn seiceáil a dhéanamh le haghaidh coiriúlacht dhúbailte do líon cionta tromchúiseacha — i.e. gur coir é an cion sa tír AE a eisíonn an t-ordú (an tír eisiúna) agus an tír a fhorghníomhaíonn é (an tír fhorghníomhaitheach). Ní mór don chion, áfach, a bheith inphionóis sa tír eisiúna le pianbhreith phríosúin ar feadh tréimhse 3 bliana ar a mhéad. Áirítear iad seo a leanas ar na cionta:

  • rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil,
  • sceimhlitheoireacht,
  • éilliú agus calaois,
  • gáinneáil ar dhaoine,
  • ciníochas,
  • éigniú.

Aithint agus forghníomhú

Cuireann údarás breithiúnach na tíre eisiúna deimhniú chuig údarás breithiúnach na tíre forghníomhaithí chun forghníomhú an ordaithe a iarraidh. Ní mór don tír fhorghníomhaitheach:

  • an t-ordú a aithint gan tuilleadh foirmiúlachta agus na bearta is gá a dhéanamh chun é a fhorghníomhú láithreach;
  • cloí leis na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta arna leagan amach ag an stát eisiúna maidir leis an ordú a chalcadh, mura bhfuil siad i gcodarsnacht le bunphrionsabail an dlí sa stát forghníomhaitheach.

Neamh-aithint nó neamhfhorghníomhú

D’fhéadfadh an stát forghníomhaitheach diúltú an t-ordú a aithint nó a fhorghníomhú sna cásanna seo a leanas:

  • níor táirgeadh an deimhniú, tá sé neamhchríochnaithe nó ní thagann sé go follasach leis an ordú um chalcadh;
  • tá díolúine nó pribhéid ann faoi dhlí na tíre forghníomhaithí faoi nach féidir an t-ordú um chalcadh a fhorghníomhú;
  • is léir láithreach ón bhfaisnéis a tugadh sa deimhniú go sáródh cúnamh breithiúnach ar bith an prionsabal dlí nach féidir imeachtaí úra a thabhairt má tá breithiúnas deiridh tugtha cheana maidir leis na fíricí céanna.
  • ní cion é an gníomh ar a bhfuil an t-ordú um chalcadh bunaithe faoi dhlí na tíre forghníomhaithí ach amháin má:
    • tá sé liostaithe i measc na gcionta tromchúiseacha dá bhfuil an forghníomhú uathoibríoch
    • baineann sé le cánacha nó dleachtanna, custam agus malartú.

Forghníomhú a chur siar

Féadfar forghníomhú an ordaithe a chur siar sna cásanna seo a leanas:

  • d’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh d’imscrúdú coiriúil atá ar siúl;
  • d’fhéadfadh sé gur cuireadh an mhaoin nó an fhianaise lena mbaineann faoi ordú um chalcadh in imeachtaí coiriúla cheana;
  • tá an mhaoin faoi réir ordaithe in imeacht eile sa stát forghníomhaitheach. Mar sin féin, ní mór tús áite a thabhairt d’ordú dá leithéid thar orduithe náisiúnta um chalcadh ar bith amach anseo maidir le himeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Páirtithe leasmhara

Ní mór do thíortha AE a chinntiú go bhfuil rochtain ag páirtí leasmhara ar bith a bhaineann leis an ordú um chalcadh, lena n-áirítear tríú páirtithe dlisteanacha, ar na leigheasanna dlí lena leasanna dlisteanacha a chosaint, gan gá a bheith leis an ordú a chur ar fionraí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tháinig sé i bhfeidhm an 2 Lúnasa 2003. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 2 Lúnasa 2005.

CÚLRA

Coigistíocht agus calcadh sócmhainní

GNÍOMH

Cinneadh Réime 2003/577/JHA ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le forghníomhú orduithe lena ndéantar maoin nó fianaise a chalcadh san Aontas Eorpach (OJ L 196, 2.8.2003, lgh. 45-55)

Ceartúchán ar Chinneadh Réime 2003/577/JHA ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le forghníomhú orduithe lena ndéantar maoin nó fianaise a chalcadh san Aontas Eorpach (IO L 196, 2.8.2003) (IO L 374, 27.12.2006, lch. 20)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh Réime 2006/783/JHA ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2006 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar orduithe coigistíochta (IO L 328, 24.11.2006, lch. 59-78)

Tuarascáil ón gCoimisiún bunaithe ar Airteagal 14 de Chinneadh Réime 2003/577/JHA ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le forghníomhú orduithe lena ndéantar maoin nó fianaise a chalcadh san Aontas Eorpach (COIM(2008) 885 leagan deireanach an 22.12.2008)

Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lgh. 1-36)

Nuashonraithe 25.01.2016

Top