This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Bearta trádála eisceachtúla do thíortha agus do chríocha a bhfuil baint acu le próiseas cobhsaíochta agus comhlachais an Aontais Eorpaigh
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Roghanna trádála
Táirgí de thionscnamh na mBalcán Thiar agus a chlúdaítear i gCaibidlí 7 agus 8 d’ Ainmníocht Chomhcheangailte* an Aontais Eorpaigh (torthaí agus glasraí), féadfar iad a allmhairiú isteach san Aontas an dleachtanna custaim* nó muirir a mbeadh an éifeacht choibhéiseach acu agus gan srianta cainníochtúla* nó bearta a mbíonn éifeacht choibhéiseach ag baint leo. Áirítear leis na fabhair eisceachtúla freisin cuóta fíona domhanda de 30 000 hl ar féidir le gach tír nó críoch é a úsáid tar éis ídiú a gcuóta náisiúnta faoina gcomhaontú déthaobhach arna thabhairt i gcrích leis an Aontas Eorpach.
Coinníollacha maidir le teidlíocht
Chun leas a bhaint as na bearta fabhracha, ní mór do thíortha agus do chríocha:
Ba cheart do thairbhithe dul i mbun athchóirithe eacnamaíocha éifeachtacha freisin agus i gcomhar le tíortha eile lena mbaineann an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais, go háirithe limistéar saorthrádála réigiúnach a chruthú.
Féadfaidh an Coimisiún Eorpach a mholadh go gcuirfí fabhair trádála ar fionraí go hiomlán nó go páirteach mura gcomhlíonann tír nó críoch a n–oibleagáidí.
Leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nósanna imeachta chun taraif-chuótaí* a chur chun feidhme maidir le táirgí talmhaíochta. Faoi láthair, baineann an córas le fíon ó fhíonchaora úra nach mó ná 15 % de réir toirte, seachas fíon súilíneach a bhfuil díolúine ann maidir le cuóta de 30 000 hl roinnte idir tíortha agus críocha éagsúla na mBalcán Thiar. Tá sciar an chuóta sin in aghaidh na tíre leagtha síos sna prótacail ar fhíon a síníodh le gach ceann acu nuair a shínigh siad a gcomhaontuithe cobhsaíochta agus comhlachais faoi seach leis an Aontas Eorpach.
Féadfaidh an Coimisiún bearta cosanta a ghlacadh má chuireann allmhairí táirgí talmhaíochta isteach go mór ar mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 4 Eanáir 2010 Le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 códaítear Rialachán (CE) 2007/2000 (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) agus cuirtear in ionad an Rialacháin sin iad.
CÚLRA
Chun breis faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála i gcás tíortha agus críocha atá rannpháirteach i bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis (leagan códaithe) (IO L 328, 15.12.2009, lgh. 1-9)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1464 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle maidir le lamháltais trádála a deonaíodh don Chosaiv* tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile (IO L 209, 12.8.2017, lgh. 1-4)
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta i dtáirgí talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán Uimh. 1037/2001 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671-854)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custam an Aontais (athmhúnlú) (IO L 269, 10.10.2013, lgh. 1-101)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lgh. 1-675)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 01.02.2019