Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cabhair de minimis le haghaidh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 — cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le cabhair de minimis a dheonaítear do sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta

Airteagal 107 CFAE — Cabhair ó stáit

Airteagal 108 CFAE — Cabhair ó stáit

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • In Airteagal 1071 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) leagtar síos na bearta ar cabhair Stáit iad.
  • Ceanglaítear le hAirteagal 108(3) CFAE, mar phrionsabal ginearálta, fógra maidir le Státchabhair a thabhairt don Choimisiún Eorpach ionas gur féidir leis a mheas an bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
  • Comhlánaítear le Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 an rialachán ginearálta maidir le cabhair de minimis, i.e. méideanna beaga Státchabhrach*, Rialachán (AE) 1407/2013 — (féach an achoimre). Foráiltear leis an dá rialachán go bhféadfar cúnamh faoi bhun tairseach áirithe a dhíolmhú ón gceanglas maidir le fógra a thabhairt.
  • Tá feidhm ag an rialachán seo go sonrach, áfach, maidir le cabhair a dheonaítear do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ar seirbhísí iad a fhreastalaíonn ar riachtanais shóisialta amhail sláinte agus cúram fadtéarmach, cúram leanaí, rochtain ar an margadh saothair agus lánpháirtiú ann, tithíocht shóisialta agus cúram agus cuimsiú sóisialta grúpaí leochaileacha. Leis an rialachán seo méadaítear cinnteacht dhlíthiúil agus laghdaítear an t–ualach riaracháin maidir le cúiteamh a dheonú do sheirbhísí beaga lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/1588 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE maidir le cineálacha áirithe Státchabhrach (féach an achoimre) féadfaidh an Coimisiún riail de minimis*a chur san áireamh in aon rialachán arna ghlacadh aige. Faoin riail sin, meastar nach Státchabhair iad méideanna beaga cabhrach toisc nach mbeidh aon tionchar acu ar iomaíocht agus/nó ar thrádáil idir Ballstáit AE; dá réir sin, níl siad faoi réir an cheanglais maidir le fógra dá bhforáiltear in Airteagal 108(3) CFAE.
  • Comhlánaítear le Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 an rialachán ginearáltade minimis agus tá feidhm aige maidir le cabhair a dheonaítear d’eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch. Ní gá fógra a thabhairt i leith cabhair dá leithéid mura rachaidh méid iomlán na cabhrach de minimis a deonaíodh d’eagraíocht a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta os cionn €500,000 thar aon tréimhse 3 bliana fhioscacha agus má chomhlíontar na coinníollacha maidir le carnadh. I gcodarsnacht leis sin, níl i gceist leis an uasteorainn do chabhair dhíolmhaithe atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013, ach €200,000.

Faireachán

  • Má tá sé beartaithe ag Ballstát cabhar de minimis a dheonú faoin rialachán seo, mí mór dó fógra a thabhairt don eagraíocht lena mbaineann i scríbhinn maidir le:
    • méid beartaithe na cabrach;
    • na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta dá ndeonaítear an chabhair;
    • tréith de minimis na cabhrach.
  • Sula ndeonófar an chabhair, ní mór don Bhallstát dearbhú a fháil ón eagraíocht lena mbaineann, i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach, faoi aon chabhair de minimis eile a fuarthas faoin rialachán seo nó faoi rialacháin de minimis eile le linn an 2 bhliain fhioscacha roimhe sin agus le linn na bliana fioscaí reatha. Ní mór don Bhallstát a sheiceáil nach gcuirfear méid iomlán na cabhrach de minimis arna deonú don ghnóthas os cionn na huasteorann €500,000 leis an tsuim nua.
  • Mar rogha air sin, féadfaidh Ballstáit clár lárnach a chur ar bun don chabhair de minimis a dheonaítear ar a gcríoch.

Maolú faoi cheangal ama i gcomhthéacs phaindéim COVID-19

Le Rialachán (AE) 2020/1474 leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ionas go mbeadh gnóthais nach raibh deacracht acu ar an 31 Nollaig 2019 ach a tháinig chun bheith ina ngnóthais a raibh deacrachtaí acu sa tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 mar thoradh ar ráig COVID-19 fós incháilithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ar feadh tréimhse teoranta ama.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Bhí an tréimhse cur i bhfeidhm le dul in éag ar dtús ar an 31 Nollaig 2018. Mheas an Coimisiún nár tháinig athrú suntasach ar na cúinsí is bonn leis an rialachán agus dá réir sin ghlac sé Rialachán (AE) 2018/1923, lenar cuireadh síneadh leis an tréimhse cur chun feidhme ar feadh 2 bhliain eile go dtí an 31 Nollaig 2020. Le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/1474 cuireadh síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 go dtí an 31 Nollaig 2023.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Riail de minimis. Riail lena ndíolmhaítear fóirdheontais bheaga ón oibleagáid fógra a thabhairt ina leith roimh ré don Choimisiún lena imréiteach faoi rialacha Státchabhrach AE.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2012 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le cabhair de minimis a dheonaítear do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO L 114, 26.4.2012, lgh. 8–13)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — comhrialacha maidir le hiomaíocht, le cánachas agus le comhfhogasú reachtaíochta — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 2 — Cabhracha arna ndeonú ag Stáit — Airteagal 107 (sean–Airteagal 87 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 91-92)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — comhrialacha maidir le hiomaíocht, le cánachas agus le comhfhogasú reachtaíochta — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 2 — Cabhracha arna ndeonú ag Stáit — Airteagal 108 (sean–Airteagal 88 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 92-93)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar chineálacha áirithe Státchabhrach cothrománaí (códú) (IO L 248, 24.9.2015, lgh. 1–8)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le cabhair de minimis (IO L 352, 24.12.2013, lgh. 1–8)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 26.10.2021

Top