Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop)

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle — An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop)

ACHOIMRE

San Aontas Eorpach (AE), tá timpeall is 75 milliún duine a bhfuil leibhéil ísle cáilíochtaí acu nó nach bhfuil cáilíocht ar bith acu, rud a fhágann go bhfuil trí oiread an seans ann go mbeidh na daoine sin dífhostaithe i gcomparáid leo siúd a bhfuil cáilíochtaí arda acu.

D'fhonn cabhrú leo cur lena gcuid scileanna agus poist a fháil, chruthaigh AE gníomhaireacht ar leith chun tacú le beartais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna AE agus cabhrú le tíortha AE iad a chur i ngníomh.

CAD IS AIDHM LE CEDEFOP?

Is é is aidhm le Cedefop, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, tacú leis an gCoimisiún Eorpach i ndáil le cur chun cinn an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus i ndáil le comhbheartas i leith an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a fhorbairt agus a chur chun feidhme trína chuid gníomhaíochtaí eolaíochta agus teicneolaíochta.

Oibríonn Cedefop go dlúth leis an gCoimisiún, tíortha AE, fostóirí agus ceardchumainn, mar aon le taighdeoirí agus cleachtóirí i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna. Soláthraíonn sé an fhaisnéis is déanaí dóibh ar fhorbairtí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint mar aon le deiseanna díospóireachta faoi bheartas.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad na príomhchúraimí atá air:

  • doiciméid a thiomsú i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus cur le forbairt an taighde sa réimse sin, agus é ag soláthar sonraí staidrimh agus anailís ar bheartais chun tacú le déanamh beartais i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus cur leis an bhfeasacht ar luach an réimse sin;
  • faisnéis a scaipeadh tríd an suíomh gréasáin, na foilseacháin, na staidéir, na comhdhálacha agus na seimineáir dá chuid;
  • tacú le cur chuige comhpháirteach i leith comhar AE a neartú maidir le forbairt bheartais i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna;
  • díospóireacht a spreagadh ar fhorbairt an mhargaidh saothair agus ar riachtanais i leith scileanna agus cáilíochtaí de réir mar a thagann siad chun cinn.

Obair

Tá ceithre phríomh-cheannteideal i gceist:

  • 1.

    anailís ar bheartas : tá an sainchúram ar Cedefop tuairisciú ar an dul chun cinn a dhéanann tíortha AE i dtreo spriocanna beartais comhaontaithe i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a bhaint amach agus ar mhaoiniú an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna;

  • 2.

    an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt: déanann sé monatóireacht agus athbhreithniú ar threochtaí agus ar fhorbairtí beartais a bhaineann leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil (i.e. foghlaim tráth ar bith sa saol). Cuireann sé sonraí agus anailís ar fáil do lucht cinnteoireachta agus tairgeann sé deiseanna maidir le comhroinnt eolais agus malartú an dea-chleachtais san oideachas agus san oiliúint;

  • 3.

    riachtanais i leith scileanna a shainaithint: déanann sé anailís ar éagothroime a d'fhéadfadh a theacht chun cinn sa mhargadh saothair AE. Ina theannta sin, fiosraíonn sé riachtanais scileanna agus inniúlachta in earnálacha roghnaithe agus lorgaíonn sé cur chuige comhchoiteann AE chun monatóireacht a dhéanamh ar na riachtanais athraitheacha i leith scileanna;

  • 4.

    cáilíochtaí a thuiscint: déanann sé cion maidir le ceapadh ionstraimí coiteanna agus prionsabal coiteann AE san oideachas agus san oiliúint d'fhonn cabhrú le daoine dul chun cinn a dhéanamh agus tabhairt faoi ghairm nua beag beann ar aois. Mar shampla, scaipeann sé faisnéis ar ionstraimí AE amhail an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF), an Córas Creidiúna Eorpach don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint (ECVET) agus an Europass.

Líonraí

Bíonn Cedefop i mbun oibre le dhá phríomhlíonra:

  • ReferNet líonra a sholáthraíonn faisnéis ar chórais agus beartais náisiúnta ghairmoideachais agus ghairmoiliúna sna tíortha AE móide an Íoslainn agus an Iorua;
  • Skillsnet lena dtugtar le chéile taighdeoirí agus saineolaithe ard-oilte ó gach cearn den domhan chun cur i láthair agus díospóireacht a dhéanamh maidir le modhanna taighde agus anailíse ar riachtanais nua agus riachtanais athraitheacha i leith scileanna.

CÚLRA

Tá Cedefop ar cheann de ghníomhaireachtaí díláraithe AE. Bunaíodh é i 1975, agus bogadh ó Bheirlín go Thessaloniki é i 1995.

In 2015, rinne sé ceiliúradh ar chion 40 bliain a bheith déanta aige maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint san Eoraip, agus ar 20 bliain a bheith caite aige sa Ghréig.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

GNÍOMH

Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle an 10 Feabhra 1975 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CEE) Uimh. 337/75

16.2.1975

-

IO L 39, 13.2.1975, lgh. 1-4

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CEE) Uimh. 1946/93

26.7.1993

-

IO L 181, 23.7.1993, lgh. 11-12

Rialachán (CE) Uimh. 1131/94

1.9.1994

-

IO L 127, 19.5.1994, lch. 1

Rialachán (CE) Uimh. 251/95

1.3.1995

-

IO L 30, 9.2.1995, lgh. 1-2

Rialachán (CE) Uimh. 354/95

1.1.1995

-

IO L 41, 23.2.1995, lch. 1

Rialachán (CE) Uimh. 1655/2003

1.10.2003

-

IO L 245, 29.9.2003, lgh. 41-43

Rialachán (CE) Uimh. 2051/2004

21.12.2004

-

IO L 355, 1.12.2004, lch. 1-3

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le meastóireacht sheachtrach ar an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (COM(2008) 356 final, 13.6.2008)

Nuashonraithe 30.09.2015

Top