Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú Bhonn — déileáil le truailliú na Mara Thuaidh ag ola agus ag substaintí dochracha eile, lena n–áirítear aerthruailliú mar gheall ar loingseoireacht

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú maidir le comhar faoi dhéileáil le truailliú na Mara Thuaidh ag ola agus ag substaintí dochracha eile (Comhaontú Bhonn)

Cinneadh 84/358/CEE — tabhairt i gcrích Chomhaontú Bhonn

Cinneadh (AE) 2021/176 — tabhairt i gcrích na leasuithe ar Chomhaontú Bhonn a mhéid a bhaineann le leathnú raon feidhme a chur i bhfeidhm agus maidir le haontachas na Spáinne leis an gcomhaontú

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

  • Cuirtear ar bun leis an gcomhaontú córas comhair i measc a pháirtithe conarthacha chun déileáil le truailliú na Mara Thuaidh ag ola agus ag substaintí dochracha eile.
  • Le Cinneadh 84/358/CEE cuirtear an comhaontú i gcrích thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (AE anois).
  • In 2019, d’aontaigh na páirtithe conarthacha le haontachas na Spáinne agus le raon feidhme an chomhaontaithe a leathnú go haerthruailliú ó longa arna rialú faoi Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (Coinbhinsiún MARPOL) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta. Le Cinneadh (AE) 2021/176 tugann an tAontas Eorpach leathnú raon feidhme an chomhaontaithe agus aontachas na Spáinne i gcrích.

PRÍOMHPHOINTÍ

Páirtithe conarthacha

Is iad na páirtithe conarthacha le Comhaontú Bhonn, faoi mar a leasaíodh le déanaí in 2021, rialtais na Beilge, na Danmhairge, na hÉireann, na Fraince, na Gearmáine, na hIorua, na hÍsiltíre, na Ríochta Aontaithe, na Spáinne, agus na Sualainne, chomh maith leis an Aontas Eorpach.

Farraigí atá clúdaithe sa chomhaontú

Baineann an comhaontú le mórcheantar na Mara Thuaidh agus a bhealaí isteach leathana – ceann de na limistéir farraige is gnóthaí ar domhan. Ó aontachas na Spáinne leis an gcomhaontú, clúdaítear ann:

  • muirghéag na Mara Thuaidh, ó dheas ó leithead 61° 0'00.00" N;
  • Skagerrak, an teorainn oirthearach a chinntear soir ón Skaw de réir leithead 57° 44'43.00" N;
  • Bá na Bioscáine, atá teorantach ó dheas agus siar leis an líne atá sainithe i gCuid I den iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú;
  • uiscí eile, ina gcuimsítear Muir Éireann, an Mhuir Cheilteach, an Mhálainn, an Mhaoil Mhór, an Mhaoil Bheag, cuid den Mhuir Ioruach, agus codanna den Atlantach thoir thuaidh, atá teorantach siar agus ó thuaidh leis an líne atá sainithe i gCuid II den iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú.

Raon feidhm an chur i bhfeidhm

Ag baint leas as comhaontú roimhe seo a síníodh in 1969 inar clúdaíodh truailliú ó dhoirteadh amhola, clúdaítear i gComhaontú Bhonn 1984 chomh maith doirteadh substaintí dochracha eile atá ag truailliú na farraige nó ar baol dóibh an fharraige a thruailliú i limistéar na Mara Thuaidh.

In 2019, chinn na páirtithe conarthacha go ndéanfadh siad an comhaontú a leasú chun comhar maidir le faireachán i ndáil le ceanglais Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL a chlúdach. In Iarscríbhinn VI tugtar isteach teorainneacha níos doichte ar shulfar le haghaidh breoslaí muirí i limistéir rialaithe astaithe ocsaídí sulfair (ina gcuimsítear an Mhuir Thuaidh). I dTreoir (AE) 2016/802 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe ionchorpraítear na príomhathruithe ar an dlí idirnáisiúnta maidir le haerthruailliú ó longa a chosc i ndlí AE (féach an achoimre).

Réimsí oibre

Aontaíonn na páirtithe conarthacha go ndéanfaidh siad an méid seo a leanas:

  • comhoibriú go gníomhach eatarthu féin;
  • treorlínte a fhorbairt agus a leagan síos i gcomhar lena chéile le haghaidh gnéithe praiticiúla, oibriúcháin agus teicniúla gníomhaíochta comhpháirtí;
  • faisnéis a mhalartú maidir leis an méid seo a leanas:
    • an eagraíocht náisiúnta a dhéileálann leis an gcineál truaillithe atá clúdaithe sa chomhaontú;
    • an t–údarás inniúil atá freagrach as tuarascálacha a fháil agus a sheoladh maidir le truailliú dá leithéid agus as déileáil le ceisteanna faoi bhearta cúnaimh fhrithpháirtigh;
    • na hacmhainní náisiúnta atá acu as truailliú dá leithéid a sheachaint nó déileáil leis, a d’fhéadfadh siad a chur ar fáil i gcomhair cúnamh idirnáisiúnta;
    • bealaí úra ar a bhféadfaí truailliú dá leithéid a sheachaint agus faoi bhearta éifeachtacha úra chun déileáil leis;
    • mórtheagmhais truaillithe den chineál sin ar dhéileáil siad leo.

Tuairisciú teagmhas agus cúnamh frithpháirteach

  • Aontaíonn na páirtithe conarthacha go dtabharfaidh siad fógra dá chéile maidir le taisme ar bith nó cás ar bith ina mbeadh ola nó substaintí dochracha ar bith eile sa Mhuir Thuaidh ar dócha dóibh a bheith ina mbagairt thromchúiseach ar an gcósta nó ar leas gaolmhar ar bith eile de chuid an pháirtí chonarthaigh eile. Le chéile, d’fhorbair siad formáid chaighdeánach fógraí chun teagmhais truaillithe a thuairisciú.
  • Féadfaidh páirtí a mbeadh teagmhas truaillithe os a chomhair cúnamh a iarraidh ar na páirtithe eile. Mar riail ghinearálta, cúitíonn na páirtithe conarthacha iarrthacha na páirtithe a chuidíonn leis as costais birt ar bith a dhéanfaí.

Cur chun feidhme

Cuireann na páirtithe conarthacha an comhaontú i gcrích trí:

  • a gcriosanna freagrachta a choinneáil faoi fhaireachas le haghaidh bagairtí um thruailliú muirí, lena n–áirítear a bhfaireachas aeir agus satailíte a chomhordú;
  • foláireamh a thabhairt dá chéile maidir le bagairtí ar bith;
  • cuir chuige oibriúcháin chomhchoiteanna a ghlacadh ionas go mbeidh siad ábalta brath ar a chéile chun na caighdeáin riachtanacha maidir le cosc agus glanadh suas a bhaint amach;
  • tacaíocht a thabhairt dá chéile (nuair a iarrtar é sin) in oibríochtaí freagartha;
  • taighde agus forbairt a roinnt;
  • bearta comhpháirteacha a dhéanamh.

Buiséad agus rúnaíocht

Ranníocann gach páirtí conarthach 2.5 % i gcomhair chaiteachas bliantúil an chomhaontaithe agus roinntear fuílleach an chaiteachais i measc na bpáirtithe conarthacha (seachas in AE) i gcomhréir lena n–olltáirgeacht náisiúnta.

Tá rúnaíocht an chomhaontaithe bunaithe i Londain.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig Comhaontú Bhonn 1984 i bhfeidhm ar an 28 Meitheamh 1984.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú maidir le comhar faoi dhéileáil le truailliú na Mara Thuaidh ag ola agus ag substaintí dochracha eile (Comhaontú Bhonn) (IO L 188, 16.7.1984, lgh. 9-16)

Cinneadh 84/358/CEE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1984 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le comhar faoi dhéileáil le truailliú na Mara Thuaidh ag ola agus ag substaintí dochracha eile (IO L 188, 16.7.1984, lgh. 7-8)

Cinneadh (AE) 2021/176 ón gComhairle an 5 Feabhra 2021 maidir le tabhairt i gcrích leasuithe ar an gComhaontú maidir le comhar faoi dhéileáil le truailliú na Mara Thuaidh ag ola agus ag substaintí dochracha eile (Comhaontú Bhonn) a mhéid a bhaineann le leathnú raon feidhme chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin agus maidir le haontachas Ríocht na Spáinne leis an gComhaontú sin (IO L 54, 16.2.2021, lgh. 1-2)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lgh. 58-78)

Nuashonraithe 26.04.2021

Top