EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha maidir le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí idir díoltóirí agus tomhaltóirí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2019/771 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, agus cosaint ardleibhéil á soláthar do thomhaltóirí. Déantar amhlaidh trí rialacha comhchoiteanna áirithe a leagan síos i ndáil le conarthaí idir díoltóirí agus tomhaltóirí.

Clúdaítear iontu sin:

  • comhréireacht na n–earraí leis an gconradh;
  • réitigh mura bhfuil comhréireacht ann;
  • bealaí chun na réitigh sin a fheidhmiú;
  • ráthaíochtaí tráchtála.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an reachtaíocht seo maidir le conarthaí díolachán* idir tomhaltóir agus díoltóir le haghaidh soláthar earraí*.

Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir leo seo a leanas:

  • soláthar ábhair dhigitigh*seirbhísí digiteacha*, mura bhfuil siad sin cuimsithe nó idirnasctha leis na hearraí féin, atá riachtanach chun go gcomhlíonfaidh siad a bhfeidhmeanna agus go soláthraítear iad faoin gconradh díolachán (earraí lena bhfuil gnéithe digiteacha);
  • meán fisiceach ar bith a úsáidtear go heisiach chun ábhar digiteach a iompar (e.g. CDanna, DVDanna, etc.).

Ní mór do na díoltóirí a áirithiú go gcloíonn earraí a sheachadtar chuig an tomhaltóir leis an gconradh díolacháin tríd an méid seo a leanas:

  • cloí leis an méid ar aontaíodh leis faoin gconradh, e.g. go dtagann sé leis an gcur síos, leis an gcineál, leis an méid, leis an gcáilíocht agus go bhfuil na gnéithe leis arna n–éileamh leis an gconradh, go bhfuil sé oiriúnach do na cuspóirí ar aontaíodh leo etc.; agus
  • cloí le critéir oibiachtúla comhréireachta, i.e.
    • a bheith oiriúnach do na haidhmeanna a n–úsáidtear earraí cosúla dóibh de ghnáth
    • a bheith comhfhreagrach leis an sampla nó leis an tsamhail a taispeánadh don tomhaltóir
    • iad a sheachadadh leis na hoiriúintí, treoracha agus pacáistiú a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún agus
    • na cáilíochtaí agus na gnéithe a bheith leo a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún.

Tá díoltóirí freagrach as aon easpa comhréireachta a éiríonn follasach laistigh de 2 bhliain ón seachadadh. Le linn na chéad bhliana, ní chaithfidh an tomhaltóir a chruthú go raibh an locht ann tráth an tseachadta.

Maidir le hearraí lena bhfuil gnéithe digiteacha:

  • ní mór do dhíoltóirí na nuashonruithe a theastaíonn ionas go mbeidh siad comhréireach don tréimhse a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leis le réasún a chur in iúl agus a sholáthar don tomhaltóir, mura soláthraítear gné dhigiteach na n–earraí ar bhonn leanúnach, agus sa chás sin ba cheart nuashonruithe a sholáthar le linn thréimhse an tsoláthair;
  • tá díoltóirí freagrach as aon easpa comhréireachta a éiríonn follasach laistigh de 2 bhliain ón seachadadh, mura soláthraítear an ghné dhigiteach ar feadh tréimhse níos faide, agus sa chás sin beidh an díoltóir freagrach le linn thréimhse an tsoláthair.

Má bhíonn na hearraí lochtach (“easpa comhréireachta”), beidh tomhaltóirí i dteideal na réiteach seo a leanas:

  • an rogha go ndéanfaí na hearraí a dheisiú nó go gcuirfí earraí eile ina n–ionad, saor in aisce, faoi cheann am réasúnta gan mór-mhíchaoithiúlacht ar bith. Féadfaidh an díoltóir an réiteach malartach a thabhairt má bhíonn an ceann a roghnaíodh indéanta nó má bhíonn costais dhíréireacha don díoltóir ag baint leis;
  • laghdú díréireach ar an bpraghas;
  • foirceannadh an chonartha, ach amháin i gcás go nach bhfuil ach locht beag i gceist.

Maidir le ráthaíochtaí tráchtála:

  • tá siad ina gceangal ar an ráthóir faoi na coinníollacha a bheidh leagtha síos sa ráiteas ráthaíochta agus san fhógraíocht ghaolmhar, cibé acu is tairbhiúil don tomhaltóir;
  • ní mór iad a chur ar fáil don tomhaltóir i dteanga shimplí inléite ar bhealach a mbeidh fáil orthu le húsáid amach anseo;
  • áirítear leo:
    • deimhniú go bhfuil an tomhaltóir i dteideal, de réir an dlí, réiteach ón díoltóir as lochtanna ar bith saor in aisce
    • ainm agus seoladh an ráthóra
    • an nós imeachta maidir leis an ráthaíocht a chur chun feidhme agus maidir le téarmaí na ráthaíochta.

Féadfaidh tíortha AE:

  • earraí athláimhe a dhíoltar ag ceant poiblí, agus ainmhithe beo a eisiamh ón reachtaíocht;
  • gnéithe de dhlí ginearálta na gconarthaí nó an ceart um dhamáistí a rialú i gcásanna nach bhfuil siad sin clúdaithe sa treoir;
  • deis a thabhairt do thomhaltóirí réiteach sonrach a roghnú má éiríonn easpa comhréireachta na n–earraí follasach laistigh de 30 lá ón seachadadh, nó na rialacha sonracha maidir le ráthaíochtaí i gcás lochtanna ceilte a choimeád.

Maidir le tíortha AE:

  • ní mór nach gcuirfidh siad bearta i bhfeidhm, lena n–áirítear foráil amháin nó níos mó atá níos déine nó nach bhfuil chomh dian maidir le cosaint tomhaltóirí, agus atá éagsúil ó na cinn sa treoir;
  • tá cead acu teorainneacha ama níos faide a chur i bhfeidhm ná na cinn sin sa treoir;
  • féadfaidh siad a shonrú chun leas a bhaint as cearta tomhaltóirí ní mór don tomhaltóir an díoltóir a chur ar an eolas laistigh de 2 mhí ón locht a fháil;
  • a áirithiú go bhfuil modh dóthanach agus éifeachtach ann chun comhlíonadh na reachtaíochta a áirithiú;
  • tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina gcearta faoin treoir agus an dóigh a bhféadfaí iad sin a fhorfheidhmiú;
  • na bearta atá leagtha mach sa reachtaíocht a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 1 Iúil 2021.

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 12 Meitheamh 2024 maidir le cur chun feidhme na treorach.

Aisghairm

Le Treoir (AE) 2019/771 aisghairfear Treoir 1999/44/CE (Díolacháin agus Ráthaíochtaí do Thomhaltóirí — CSGD) agus cuirfear in ionad na treorach sin í ón 1 Eanáir 2022.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Ní mór do thíortha AE na rialacha a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.

CÚLRA

  • Féachtar leis an treoir cothromaíocht a fháil idir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus méadú ar an iomaíochas gnó, agus aird á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta. Tá sí ina cuid den straitéis maidir le margadh aonair digiteach a sholáthraíonn creat fairsing chun comhtháthú na gné digití sa mhargadh aonair a spreagadh.
  • Forlíontar leis an reachtaíocht Treoir (AE) 2019/770 lena leagtar síos rialacha maidir le hábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar, lena n–áirítear ábhar digiteach a sholáthraítear ar mheán fisiceach (amhail DVDanna, CDanna, méaróga USB agus cártaí cuimhne).
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Conradh díolachán: conradh i gcás go n–aistríonn an díoltóir úinéireacht earraí chuig tomhaltóir mar mhalairt ar phraghas.
Earraí:
  • míreanna sochorraithe fisiceacha ar bith, lena n–áirítear uisce, gás agus leictreachas nuair a dhíoltar iad i méid teoranta nó i gcainníocht shocraithe;
  • míreanna sochorraithe fisiceacha ar bith a chuimsítear in ábhar digiteach nó i seirbhís dhigiteach nó atá idirnasctha le hábhar digiteach nó le seirbhís dhigiteach ar bhealach go gcuirfí cosc ar earraí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh mar gheall ar easnamh an ábhair dhigitigh nó na seirbhísí digití sin (“earraí lena bhfuil gnéithe digiteacha”).
Ábhar digiteach: sonraí a chruthaítear agus sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach.
Seirbhís dhigiteach:
  • seirbhís trínar féidir le tomhaltóirí sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a rochtain i bhfoirm dhigiteach, nó
  • seirbhís trínar féidir sonraí a chomhroinnt agus trínar féidir idirghníomhú leo ar bhealach eile i bhfoirm dhigiteach a uaslódálann nó a chruthaíonn an tomhaltóir nó úsáideoirí eile na seirbhíse sin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n–aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lgh. 28-50)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lgh. 1-27)

Rialachán (AE) 2017/1128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 168, 30.6.2017, lgh. 1-11)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/1128 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 1999/44/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltais agus maidir le ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lgh. 12-16)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 10.09.2019

Top